An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1923) Ar Aghaidh (CUID II. FORALACHA IDIR-DHA-LINN.)

20 1923

ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1923

CUID I.

GENERALTA.

Míniú

1. —San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs rud éigin eile:—

Cialluíonn an focal “Có-Choiste” an Có-Choiste Arachais um Shláinte Náisiúnta.

Cialluíonn an focal “Coimisinéirí Arachais” Coimisinéirí Arachais na hÉireann.

Cialluíonn an focal “an lá ceaptha” pé lá a cheapfaidh na Coimisinéirí Arachais agus nach déanaí é ná an chéad lá d'Iúl, naoi gcéad déag a trí fichead.

Foluíonn an focal “Ciste” súncálana agus creidiúna, agus nuair a bhaineann sé le brainse foluíonn sé scar an bhrainse i gCiste an Chumainn gur brainse dhe é

Nuair a bhaineann an focal “Briotáineach” le Cumann no le brainse, cialluíonn sé Cumann no brainse 'na bhfuil a phríomhoifig sa Bhreatain Mhóir.

Nuair a bhaineann an focal “Éireannach” le Cumann no le brainse, cialluíonn sé Cumann no brainse 'na bhfuil a phríomhoifig i Saorstát Éireann.

Cialluíonn an focal “na hAchtanna” na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1921.

An tAcht um Arachas Náisiúnta, 1911, an tAcht um Arachas Náisiúnta, 1913, agus an tAcht um Arachas Sláinte Naisiúnta, 1918, gairmtear díobh fé seach Acht 1911, Acht 1913, agus Acht 1918, agus léireofar tagairtí d'aon fhorálacha áirithe in sna hAchtanna san mar thagairtí do sna forálacha san mar a leasuíodh iad le haon achtachán a tháinig ina ndiaidh.

Tuigfear go bhfoluíonn an focal “an Bhreatain Mhór” Tuaisceart na hÉireann.