13 1923

Uimhir 13.


ACHT UM AM SAMHRAIDH, 1923.


ACHT CHUN FORÁIL DO DHÉANAMH CHUN GO mBEIDH AN tAM I SAORSTÁT ÉIREANN CHUN TOSAIGH AR AM IARTHAIR NA hEUROIPE AR FEADH TRÉIMHSE ÁIRITHE DEN BHLIAIN. [19adh Abrán, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Am do chur uair chun tosaigh ar feadh ama shamhraidh,

1. —(1) Beidh an t-am i Saorstát Éireann uair chun tosaigh ar am Iarthair na hEuróipe chun crícheanna generálta ar feadh tréimhse an ama shamhraidh.

(2) In aon chás ina bhfuil tagairt do phonc ama in aon achtachán, Ordú i gComhairle, Ordú, rialachán, riail, fo-dhlí, cairt, fógra no scríbhinn ar bith eile, tuigfear, ar feadh tréimhse an ama shamhraidh agus gan dochar dá bhforáltar 'na dhiaidh seo, gurb é am an t-am dá dtagartar ná an t-am fé mar a socruítear é chun crícheanna generálta leis an Acht so.

(3) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so cur isteach ar úsáid ama Iarthair na hEuróipe chun crícheanna réalt-eolais, méteoraíochta, no mairnéalachta, ná cur isteach ar léiriú aon scríbhinne a luadhann no a thagrann do phonc ama i dtaobh aon chríche dhíobh so.

Teoranta tréimhse ama Shamhraidh.

2. —Chun crícheanna an Achta so isé rud é tréimhse an ama shamhraidh ná an tréimhse a thosnóidh ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an chéad lae tar éis an tríú Sathairn den Abrán, no, má sé Domhnach Cásca an lá san, ar maidin an chéad lae tar éis an dara Sathairn den Abrán, agus a chríochnóidh ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an chéad lae tar éis an tríú Sathairn de Mheadhon Fhoghmhair.

Am Iarthair na hEuróipe do mhíniú.

3. —San Acht so cialluíonn an abairt “am Iarthair na hEuróipe” meadhon-am Greenwich.

Gearr-Theideal agus Buaine.

4. —(1) Féadfar an t-Acht um Am Samhraidh, 1923 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfaidh an t-Acht so i bhfeidhm go dtí an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhí na Nodlag, naoi gcéad déag, a trí fichead, agus go dtí san amháin, mara mbeartóidh an t-Oireachtas a mhalairt.