An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reacht-shaoirse.) Ar Aghaidh (CUID III. Modh agus Costaisí na dToghachán.)

12 1923

ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923

CUID II.

Claru.

Clár bliantúil.

8. —(1) Ullamhófar aon chlár amháin de thoghthóirí gach bliain agus, lasmuich de dháilcheanntair Phríomh-scoile, an chéad chlár atá le hullamhú fén Acht so beidh sé ina chlár de thoghthóirí a bhí cáilithe an 15adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, agus an clár a bheidh le hullamhú gach bliain eile ina dhiaidh sin beidh sé ina chlár de thoghthóirí a bhí cáilithe an 15adh lá den tSamhain roimhe sin.

(2) An chéad chlár a hullamhófar fén Acht so tiocfa sé i bhfeidhm ar thosnú an 1adh lá de Mheitheamh 1923, no pé dáta ina dhiaidh sin a shocróidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil le hOrdú, agus fanfa sé i bhfeidhm go dtí an 1adh lá de Mheitheamh, 1924, agus lasmuich de dháilcheanntair Phríomh-scoile, gach clár a déanfar ina dhiaidh sin tiocfa sé i bhfeidhm ar thosnú an 1adh lá den Mheitheamh a thiocfaidh i ndiaidh an dáta thástála 'na ndéanfar an clár san ina thaobh agus fanfa sé i bhfeidhm go dtí an 1adh lá den chéad Mheitheamh ina dhiaidh sin.

(3) Má theipeann ar an oifigeach clárathachta toisc cúis ar bith aon bhliain clár nua do dhéanamh dá líomatáiste no d'aon chuid dá líomatáiste an clár a bheidh i bhfeidhm an uair ba cheart don chlár nua teacht i bhfeidhm leanfa sé i bhfeidhm mar chlár don líomatáiste no don chuid de líomatáiste le n-ar bhain an teip. Bainfidh an fo-alt so le teip i dtaobh an chéad chláir a hullamhófar fén Acht so chó maith le teip i dtaobh aon chláir ina dhiaidh sin.

Oifigigh agus líomatáistí clárathachta.

9. —(1) Beidh ina líomatáiste clárathachta gach contae riaracháin nách buirg chontae agus gach buirg chontae agus gach dáilcheanntar Príomh-scoile agus beidh oifigeach clárathachta ann do gach líomatáiste clárathachta.

(2) An té is Cléireach Coróinneach agus Síochána do chontae riaracháin nách buirg chontae isé a bheidh in' oifigeach clárathachta don chontae riaracháin sin agus an té is Cléireach Coróinneach agus Síochána do bhuirg chontae isé a bheidh in' oifigeach clárathachta don bhuirg chontae sin.

(3) Isé a cheapfaidh agus a dhíolfaidh an t-oifigeach clárathachta do dháilcheanntar Phríomh-scoile ná cólucht rialuithe na Príomh-scoile.

Leas-oífigigh Clárathachta

10. —(1) Féadfaidh aon duine ionaid, a bheidh moltá de thurus na huaire ag an Aire um Rialtas Áitiúil, aon cheann de dhualgaisí agus de chomhachtanna an oifigigh chlárathachta do chó-líona agus d'fheidhmiú, agus bainfidh forálacha an Achta so le haon duine ionaid den tsórt san chó fada agus théidheann aon dualgaisí no comhachta a bheidh aige le có-líona no le feidhmiú fé mar a bhaineann sé leis an oifigeach clárathachta.

(2) I gcás oifig an oifigigh chlárathachta do bheith folamh no i gcás mí-chumas gníomhachta an oifigigh chlárathachta, féadfaidh aon duine a cheapfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil go haimseartha chuige sin comhachta agus dualgaisí an oifigigh chlárathachta d'fheidhmiú agus do chó-líona.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le dáilcheanntair Phríomhscoile.

Dualgaisí Clárathachta.

11. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta an clár bliantúil do chur le chéile agus ainmneacha na muintire a bheidh i dteideal vótála mar thoghthóirí Dála, no mar thoghthóirí Seanaid, sa líomatáiste clárathachta a bheidh fé do chur ar an gclár do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no féachaint chuige go ndéanfar amhlaidh, agus beart do dhéanamh do réir aon treoracha, generálta no speisialta, a thabharfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil uaidh i dtaobh na socruithe a bheidh le déanamh ag an oifigeach clárathachta chun a dhualgaisí clárathachta do chó-líona.

(2) Féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, le hórdú, na fuirmeacha a bheidh le húsáid chun crícheanna clárathachta do leaga amach maille le haon táillí clárathachta a bheidh le glaca 'na thaobh agus atharú do dhéanamh ar na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so chun an t-Acht so do chur i lán-éifeacht no chun aon Acht a dhéanfaidh leasú no éinní eile ar an Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do chur in éifeacht.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le dáilcheanntair Phríomh-scoile.

Costaisí Clárathachta.

12. —(1) Aon chostaisí fé n-a raghaidh oifigeach clárathachta go dleathach i gcó-líona a dhualgaisí i dtaobh clárathachta, maraon le gach éileamh ceart réasúnta mar gheall ar dhuadh, ar chúramuíocht agus ar aire i gcó-líona na ndualgaisí sin, lasmuich de dhualgaisí a chó-líonfaidh an t-oifigeach clárathachta féin (costaisí dá ngoirtear san Acht so “costaisí clárathachta”), beidh a ndíol:—

(a) i gcás contae riaracháin, ar chomhairle chontae na contae sin;

(b) i gcás buirge contae, ar Chomhairle na buirge contae sin.

(2) Díolfar na costaisí clárathachta as Ráta na mBocht mar mhuirear ar an gcontae iomlán i gcás Comhairle chontae riaracháin, agus as an ráta no as an gciste as a ndíoltar costaisí generálta na Comhairle i gcás Comhairle bhuirge contae, no as ráta no ciste ar bith eile a mholfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil ar iarratas na Comhairle.

(3) Féadfaidh an t-Aire Airgid scála de chostaisí clárathachta do chur le chéile, scála a bheidh ionchurtha i mbaint le gach aicme no le haon aicme no aicmí de sna costaisí seo, agus féadfa sé an scála d'atharú mar agus nuair is oiriúnach leis é.

Aon chostaisí fé n-a raghaidh an t-oifigeach clárathachta agus gur d'aicme chostais iad le n-a mbainfidh an scála, tuigfear iad do bheith curtha suas go dleathach má's rud é ná raghaidh siad thar an méid mórbhach a bheidh socair leis an scála no dá réir, agus sa mhéid go raghaid thar an méid sin tuigfear nár chuathas fútha go dleathach mara ndéanfaidh an Chomhairle agus an t-Aire Airgid an bhreis do cheadú go speisialta sara raghfar fé sna costaisí no ina dhiaidh sin.

Má eiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca go dleathach no go neadhleathach a chuathas fé aon chostaisí fé n-ar chuaidh an t-oifigeach clárathachta agus gur costaisí iad d'aicme ná baineann an scála léi, cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire um Rialtas Áitiúil, agus ní bheidh dul thar breith an Aire ar an gceist.

(4) Aon táillí no aon tsuimeanna eile a ghlacfaidh an t-oifigeach clárathachta i dtaobh a dhualgaisí mar oifigeach clárathachta, lasmuich de shuimeanna a híocfar leis an oifigeach san mar gheall ar a chostaisí clárathachta, tabharfaidh an t-oifigeach san cuntas ionta agus íocfa sé iad chun creidiúna don chiste no don ráta as a n-íoctar costaisí an oifigigh sin.

(5) As airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas íocfar le comhairle aon chontae no aon bhuirge, i gcabhair don chiste no don ráta as a n-íocfaidh an chomhairle aon chostaisí clárathachta do réir an Achta so, leath an mhéide a íocfaidh an chomhairle ar an gcuma san.

(6) Má iarrann oifigeach clárathachta aon líomatáiste clárathachta roimh-íoc i gcuntas costaisí clárathachta féadfaidh an chomhairle, dar cóir costaisí clárathachta an líomatáiste sin d'íoc, má's oiriúnach leo é, an roimh-íoc san do dhéanamh leis an oifigeach san i pé méid agus fé pé coiníollacha a mholfaidh an chomhairle, agus má eitíonn an chomhairle sin aon roimh-íoc no aon chuid de roimh-íoc ar a ndéanfaidh an t-oifigeach clárathachta aon iarratas den tsórt roimh-ráite, má eitíd é do dhéanamh leis féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, ar iarratas an oifigigh chlárathachta, a órdú don chomhairle go ndéanfaidis leis an oifigeach clárathachta pé roimh-íoc is cóir dar leis an Aire roimhráite, ach gan é do bheith thar méid an roimh-íoca ar ar dhin an t-oifigeach clárathachta iarratas mar roimh-ráite agus déanfaidh an chomhairle roimh-íoc leis an oifigeach clárathachta láithreach do réir an órduithe sin.

(7) Gach clódóireacht a theastóidh chun crícheanna clárathachta, féachfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil chuige go ndéanfar í ag pé daoine agus ar pé fiacha is dó leis is cóir, agus beidh costas na clódóireachta san ina chuid de chostas clárathachta an líomatáiste chlárathachta, no an roinnt líomatáistí clárathachta gur n-a gcóir a dineadh an chlódóireacht san, agus ocfar leath de chostas na clódóireachta san as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas, agus íocfar an leath eile dhe ag an gComhairle ar a mbeidh íoc na gcostaisí clárathachta gur cuid díobh costas na clódóireachta san: Ach socróidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil aon cheist i dtaobh conus a roinnfar ar na líomatáistí clárathachta costas aon chlódóireachta a dineadh i gcóir breis agus aon líomatáiste chlárathachta amháin.

(8) Ní bhainfidh an t-alt so le dáilcheanntair Phríomh-scoile.

Contaethe atá roinnte ina dTreana

13. —I gcás aon chontae riaracháin atá roinnte ina Treana féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, le hordú, an chontae do roinnt ina gcó-uimhir sin de líomatáistí clárathachta, agus aon oiriúnuithe le n-a mbeidh gá, de dheascaibh na roinne, do dhéanamh ar an Acht so, agus beidh Cléireach Coróinneach agus Síochána aon Treana in' oifigeach clárathachta do pé cuid de sna líomatáistí seo a ordóidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil.

Tuarastail Chléireacha Coróinneach agus Síochána.

14. —D'ainneoin na teorann atá órduithe in aon reacht dá bhfuil i bhfeidhm fé láthair féadfar tuarastail Chléireacha Coróinneach agus Síochána do mhéadú, le hórduithe a dhéanfaidh an t-Aire Airgid, oiread agus samhluítear don Aire is cóir tar éis na dualgaisí breise a chuireann an t-Acht so ar na hoifigigh seo d'áireamh: Ach an ceangal a bheidh ar Chléireach Coróinneach agus Síochána i dtaobh cuntas do thabhairt i suimeanna nách costaisí clárathachta agus a ghlacfa sé mar oifigeach clárathachta ní shroisfe sé aon mhéadú tuarastail den tsórt san.

Clár do Dháil cheanntair Phríomh-scoile.

15. —(1) Déanfaidh cólucht rialuithe gach Príomh-scoile atá ina dáilcheanntar Príomh-scoile, déanfaid, do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, féachaint chuige go gcimeádfar, sa bhfuirm sin a órdóidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, clár de dhaoine a bheidh i dteideal vótála mar thoghthóirí Dála no mar thoghthóirí Seanaid i ndáilcheanntar na Príomh-scoile, agus cuirfid an clár ar fáil i gcóir na dtoghthóirí sin, agus, má iarrann duine ar bith é, leigfid don duine sin an clár d'iniúcha agus sleachta do thógaint as ar gach tráth réasúnta.

(2) Isé bheidh sa chéad chlár a hullamhófar fén Acht do gach dáilcheanntar Príomh-scoile, ná clár de thoghthóirí do bhí cáilíochtuithe ar an 15adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, agus tiocfa sé i bhfeidhm ar an 1adh lá de Mheitheamh, 1923, no ar pé dáta ina dhiaidh sin a shocróidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil le hOrdú.

Isé bheidh i ngach clár a hullamhófar ina dhiaidh sin ná clár de thoghthóirí do bhí cáilíochtuithe ar an 15adh lá de Shamhain agus tiocfa sé i bhfeidhm ar an 15adh lá den Mheitheamh 'na dhiaidh sin.

(3) Féadfaidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil atharuithe do dhéanamh o am go ham ar na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so fé mar a bheidh riachtanach chun an t-Acht so do chur i lán-éifeacht, no chun aon Acht, le n-a ndéanfar leasú no éinní eile ar an Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, do chur in éifeacht.

(4) Féadfaidh cólucht rialuithe aon Phríomh-scoile den tsórt san, i dtaobh duine a fuair céim sa Phríomh-scoil roimh rith an Achta so ach ná raibh i dteideal vótála de bhua na céime sin, féadfaid a órdú ná beidh ceart clárathachta aige mara ndéanfa sé éileamh chuige sin.

(5) Ní éileoidh cólucht rialuithe aon Phríomh-scoile den tsórt san aon táille i dtaobh aon duine do chlárú mar thoghthóir sa dáilcheanntar gurb í an Phríomh-scoil sin é.

Ath-chomhairc.

16. —(1) Aon bhreith a thabharfaidh an t-oifigeach clárathachta ar aon éileamh no ar aon agóid a bhreithneoidh sé fén Acht so, no ar chur no ar dhiúlta do chur aon mhairc in aghaidh aon ainmne ar an gclár, luighfidh ath-chomharc 'na taobh sa Chúirt Chontae ag a bhfuil údarás sa líomatáiste clárathachta, agus déanfar rialacha cúirte chun an nós-imeachta ar aon athchomhairc den tsórt san do shocrú agus chun aon achtacháin a bhaineann le cúirteanna contae agus le n-a nós-imeachta do chur i mbaint leo agus in oiriúint dóibh:

Ach lasmuich de dháilcheanntair Phríomh-scoile ní luighfidh ath-chomharc más rud é nár ghlac an t-éilitheoir no an t-agóidire an chaoi, mar a foráltar sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ar éisteacht d'fháil ón oifigeach clárathachta ar an éileamh no ar an agóid, no i dtaobh cur no diúltú do chur aon mhairc den tsórt san roimh-ráite:

Agus fós, ní chun na Cúirte Contae a déanfar ath-chomharc fén alt so i mBuirg Chontae Bhaile Atha Cliath ná i ndáilcheanntar Príomh-scoile ná i gContae riaracháin Bhaile Atha Cliath ach, i mBuirg Chontae Bhaile Atha Cliath agus i ndáilcheanntar Príomh-scoile, chun na n-abhcóidí athfhéachana i gcóir Chathair Bhaile Atha Cliath agus, i gContae riaracháin Bhaile Atha Cliath, chun an abhcóide ath-fhéachana i gcóir Chontae Bhaile Atha Cliath.

(2) In aon chontae ina mbeidh údarás na Cúirte Contae á fheidhmiú de thuras na huaire ag beirt no níos mó breithiún Cúirte Contae deighleálfaidh pé duine de sna breithiúin sin, no a bhreitheamh conganta, go n-órdóidh Ard-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraighe dho é, deighleálfa sé leis na hathchomhairc i dtaobh breitheanna an oifigigh chlárathachta, no roinnfear na hath-chomhairc sin ar na breithiúin sin agus ar a mbreithiúin chonganta do réir mar órdófar.

(3) Chun crícheanna an Achta so féadfar rialacha agus órduithe Cúirteanna Contae agus scálanna Cúirteanna Contae de tháillí, de chostaisí, agus de mhuirearacha do dhéanamh fé altanna a naoi déag is trí fichid, a trí is cheithre fichid agus a ceathair is cheithre fichid den Acht um Oifigigh agus Cúirteanna Contae (Éirinn) 1877; ach na forálacha atá sna haltanna san i dtaobh breithiúin Chúirteanna Contae no an Breacathóir do thabhairt toile no do dhéanamh teisteasú, ní bhainfid leis na nithe seo.

(4) Aon bhreith a thabharfaidh an Chúirt Chontae no Abhcóide Ath-fhéachana, fé mar a bheidh, ar aon ath-chomharc den tsórt san i dtaobh breithe an oifigigh chlárathachta luighfidh ath-chomharc 'na taobh ar aon phonc dlí sa Chúirt Aith-éisteachta do réir rialacha na Cúirte Uachtaraighe, ach ní luighfidh aon ath-chomharc i dtaobh breithe na Cúirte Aith-éisteachta.

(5) Éinne go mbeidh a ainm ar an gclár de thurus na huaire ní dochar dá cheart vótála aon ath-chomharc a bheith ar fionnraoi fén alt so, agus aon vóta a caithfear do réir an chirt sin beidh sé chó maith agus bheadh sé dá mba ná beadh athchomharc den tsórt san ar fionnraoi, agus an bhreith a tabharfar ar an ath-chomharc ina dhiaidh sin ní bhainfe sé leis an vóta san.

(6) Fógrófar don oifigeach clárathachta, ar an gcuma a forálfar le rialacha cúirte, breith na cúirte Contae no Abhcóide Aithfhéachana no na Cuirte Aith-éisteachta ar aon ath-chomharc fén alt so, agus déanfaidh an t-oifigeach clárathachta, i gclár na dtoghthóirí, pé atharuithe a bheidh riachtanach chun an bhreith do chur in éifeacht.

(7) Tuigfear an t-oifigeach clárathachta do bheith páirteach in imeachta aon ath-chomhairc fén alt so.

(8) Más dó le hÁrd-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraighe ó aithris bhreithimh aon Chuirte Contae no na n-Abhcóidí no an Abhcóide Aith-fhéachana do Chathair no do Chontae Bhaile Atha Cliath ná fuil ar chumas an Bhreithimh, no na n-Abhcóidí no an Abhcóide Aith-fhéachana, gnó na Cuirte do dhéanamh ar luas cóir toisc nách foláir deighleáil le ath-chomhairc fén Acht so, féadfaidh Seanascal Shaorstáit Éireann, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, Abhcóide 'na bhfuil seasamh seacht mblían ar a luighead aige do cheapa chun gníomhú mar bhreitheamh conganta no mar Abhcóide Aith-fhéachana conganta, fé mar a ráineoidh, ar feadh pé aimsir agus fé pé coiníollacha a órdóidh Seanascal Shaorstáit Éireann ar an gcomhairle roimhráite.

Aon bhreitheamh conganta no aon Abhcóide Aith-fhéachana conganta a ceapfar amhlaidh beidh aige gach comhacht agus gach príbhléid agus féadfa sé có-líona do dhéanamh ar aon dualgas dá mbaineann, fén Acht so no ar aon chuma eile, leis an mbreitheamh, leis na hAbhcóidí Aith-fhéachana no leis an Abhcóide Aith-fhéachana dar ceapadh é ina chongantóir.

Íocfar le breitheamh conganta no le hAbhcóide Aith-fhéachana conganta, as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas, pé luach saothair agus pé liúntaisí taistil a lomhálfaidh an t-Aire Airgid.

(9) Chun crícheanna an ailt seo agus go dtí go gcinnfidh an t-Oireachtas a mhalairt ciallóidh na habairtí “Cúirt Chontae,” “Cúirt Uachtarach” agus “Cúirt Aith-éisteachta” na Cúirteanna a fheidhmíonn sa líomatáiste clárathachta, fé sna hachtanna atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, comhachtanna agus údaráis Chúirte Contae no Chúirte Uachtaraighe no Chúirte Aith-éisteachta fé seach, pé ainm no ainmneacha a tugtar ortha fé seach.