|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 11. | ||
| [EN] |
ACHT UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (SÍNE AIMSIRE), 1923. | |
ACHT CHUN A CHUMASÚ GO SÍNFÍ NA hAIMSEARA ATÁ AG UDARAIS ÁITIÚLA CHUN OIBREACHA PUIBLI DO DHEANAMH AGUS ATA TEORUITHE LE hACHTANNA SPEISIALTA DO DHIN PÁIRLI-MINT NA RÍOCHTA AONTUITHE A BHÍ ANN LE DÉANAÍ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEO-SAN. [29adh Márta, 1923.] |
DE BHRÍ, le mórán Achtanna Speisialta do dhin Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí, gur bronnadh comhachtanna ar Údaráis Áitiúla áirithe i Saorstát Éireann chun oibreacha úsáide puiblí do dhéanamh: | ||
AGUS DE BHRÍ, ina lán de sna cásanna san, gur coisceadh na hUdaráis Áitiúla le nithe a bhí lasmuich dá smacht ar na hoibreacha roimh-ráite do dhéanamh laistigh den am a teoruíodh chuige sin leis na hAchtanna Speisialta agus go bhfuil na comhachtanna a bronnadh leis na hAchtanna san tar éis dul in éag no go raghaid in éag go luath: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go ndéanfaí agus go gcríochnófaí na hoibreacha úsáide puiblí roimh-ráite agus chuige sin go ndéanfaí an aimsir a teoruíodh leis na hAchtanna Speisialta san do shíne chun go bhféadfar na comhachtanna do bronnadh leo san d'fheidhmiú: | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Aimsir chun comhactanna do chur i bhfeidhm do shíne. |
1. —(1) In aon chás 'nar bronnadh aon chomhachtanna ar Údarás Áitiúil le hAcht Speisialta agus, de bhua an Achta Speisialta san, ná fuil na comhachtanna san infheidhmithe ach ar feadh tréimhse aimsire a bhí caithte laistigh de thrí bhliana roimh rith an Achta so, no a bheidh caithte laistigh de bhliain tar éis rithte an Achta so, beidh sé dleathach don Aire, má iarrann an t-Údarás Áitiúil sin é, an tréimhse aimsire roimhráite do shíne le hOrdú fé n-a Shéala go dtí aon dáta nách déanaí ná dhá bhliain tar éis rithte an Achta so. |
| [EN] | (2) Má dhineann agus nuair a dhéanfaidh an t-Aire Ordú fén Acht so chun aon tréimhse aimsire mar roimh-ráite do shíne, beidh feidhm ag an Acht Speisialta, le n-ar teoruíodh an tréimhse aimsire sin, fé is dá ndintí an tréimhse shínithe aimsire a ainmneofar san Ordú san do chur in ionad na tréimhse aimsire atá luaidhte san Acht Speisialta san. | |
| [EN] |
Tabharfar caoi chun aithris chúise do dhéanamh. |
2. —Sara ndéanfaidh an t-Aire Ordú fén Acht so tabharfa sé do gach n-aon 'na mbeidh suim aige in abhar an Orduithe sin caoi réasúnta chun aithris chúise do dhéanamh leis 'na thaobh agus, chuige sin, déanfaidh an t-Údarás Áitiúil a bheidh ag lorg an Orduithe, déanfa sé, sa bhfuirm agus sa tslí agus ar na huaire a órdóidh an t-Aire, pé fógraí a órdóidh an t-Aire d'fhoillsiú sna páipéirí nuachta san agus sna háiteanna san, agus iad do thabhairt do sna daoine sin, a órdóidh an t-Aire. |
| [EN] |
Orduithe do leaga fé bhráid an Oireachtais. |
3. —Gach Ordú a dhéanfaidh an t-Aire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach agus mara ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh gach Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche 'na dhiaidh sin a bheidh aon Tigh den dá Thigh ina shuidhe, rún do rith chun an t-Ordú san do chur ar neamh-ní, beidh feidhm ag an Ordú san fé is dá n-achtófaí san Acht so é, ach ní oibreoidh aon rún den tsórt san chun dochair do dhleathacht éinní a déanfar roimis sin fén Ordú san. |
| [EN] |
Mínithe. |
4. —San Acht so |
| [EN] | sé chialluíonn an abairt “an t-Aire” ná an t-Aire um Rialtas Áitiúil; | |
| [EN] | cialluíonn agus foluíonn an abairt “Acht Speisialta” aon Acht áitiúil no Acht pearsanta a dhin Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na bEireann a bhí ann le déanaí agus aon Acht a dhin an Pháirlimint roimh-ráite ag daingniú Ordú Sealadach a dhin an Bórd um Rialtas Áitiúil in Éirinn, agus fós cialluíonn agus foluíonn sé aon Acht Puiblí no Acht Generálta a dhin an Pháirlimint roimh-ráite agus a rialuíonn feidhmiú na gcomhachtanna no aon cheann de sna comhachtanna a bronnadh le haon Acht áitiúil no Acht pearsanta den tsórt san no le haon Acht le n-a ndaingnítear Ordú Sealadach mar roimh-ráite pe'ca tá no ná fuil an t-Acht Puiblí no an t-Acht Generálta san incorpálta san Acht áitiúil no san Acht pearsanta san no san Acht san le n-a ndaingnítear Ordú Sealadach; | |
| [EN] | cialluíonn agus foluíonn an abairt “Údarás Áitiúil” Comhairle Chontae, Comhairle Chontae-Bhuirge, Comhairle Bhaile-Cheanntair, Comhairle Thuath-Cheanntair agus Coimisinéirí Baile. | |
| [EN] |
Gearr Theideal |
5. —Féadfar an t-Acht um Údaráis Áitiúla (Síne Aimsire), 1923 , do ghairm den Acht so |