An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM GHIÚISTÍSÍ DÚITHCHE (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL.)

6 1923

ACHT UM GHIÚISTÍSÍ DÚITHCHE (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923

AN CHÉAD SCEIDEAL.

“Bheirim-se......................................mo mhóid go dtabharfad seirbhís mhaith mhacánta uaim do Shaorstát Éireann in oifig Ghiúistís Dúithche gan fabhar ná páirt, gan mailis ná droch-aigne; go bhféachfad chuige agus go n-abharód go ndéanfar an tsíocháin do chimeád agus do choinneáil; go gcoiscfead chó fada lem' chumas gach cionta i gcoinnibh an chéanna; go ndéanfad mo dhícheall, do réir mo thuisgiona agus m'eolais, an fhaid a bhead i seilbh na hoifige roimh-ráite, ar dhualgaisí uile na hoifige do chó-líona go macánta do réir dlí maidir le feidhmiú Barántas agus gach ní eile agus ná bainim anois agus, an fhaid a bheidh seilbh na hoifige roimh-ráite agam, ná ceanglód agus ná bainfead le haon chumann politíochta ná le haon chumann sicréideach.

A Dhia dem' neartú.”