1 1923

Uimhir 1.


ACHT AN ÁRD-SCRÚDÓRA, 1923.


ACHT CHUN SOCRÚ I gCÓIR OIFIG ÁRD-SCRÚDÓRA AGUS NITHE EILE A BHAINEANN LÉI. [12adh Eanair, 1923.]

DE BHRÍ go bhforáiltear le hAirtiogal 62 de Bhun-reacht Shaorstáit Éireann go gceapfaidh Dáil Éireann Árd-Scrúdóir chun gníomhuithe ar son Shaorstáit Éireann agus go smachtóidh an t-Árd-Scrúdóir sin díoluíocht agus go scrúdóidh sé cúntas gach airgid a riarfar ar órdú no fé údarás an Oireachtais agus go dtabharfa sé tuairisc do Dháil Éireann ar uairibh áirithe a cinnfear le dlí :

AGUS DE BHRÍ go bhforáiltear le hAirtiogal 63 den Bhunreacht roimh-ráite ná cuirfear an t-Árd-Scrúdóir as oifig ach mar gheall ar dhroch-iompar no mí-chumas a luadhfar agus ar rúin a rithfidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann agus gan dochar don bhforáil sin go socrófar le dlí téarmaí agus coiníollacha sealbhuíochta oifige an Árd-Scrúdóra agus ná beidh sé 'na bhall den Oireachtas agus ná beidh aon oifig ná ionad eile sochair aige :

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS :—

Ard-Scrúdóir do cheapa.

1. —Ó aimsir rithte an Achta so agus tar a héis beidh sé dleathach do Dháil Éireann duine a bheidh in‘Árd-Smachtóir ar Fháltas agus Caiteachas Stát-Chiste Shaorstáit Éireann agus in‘Árd-Scrúdóir ar Chuntaisí Puiblí do cheapa ó am go ham le rún a rithfidh mór-áireamh de sna baill a bheidh láithreach agus ag vótáil agus an t-Árd-Scrúdóir a bheidh mar theideal air sin agus is mar sin aithneofar é agus gníomhóidh sé thar ceann Shaorstáit Éireann.

Tuarastal agus Pinsean an Ard Scrúdóra.

2. —(1) Díolfar leis an Árd-Scrúdóir tuarastal Míle agus Cúig Céad Púnt sa mbliain, agus beidh muirear agus díol an tuarastail sin ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no a thora fáis

(2) Gan dochar d'fhorálacha an ailt seo aon duine a bheidh tar éis oifig an Árd-Scrúdóra do chó-líona díolfar leis ar scarúint leis an oifig sin do pinsean a bheidh ionann le leath an tuarastail go raibh teideal aige chuige as an oifig sin aige díreach roimh scarúint leis an oifig sin do, má bhí sé i seilbh na hoifige sin ar feadh tréimhse nách lú ná cúig bliana déag agus a bheidh ionann le dhá dtrian an tuarastail roimh-ráite sin aige, ma bhí sé i seilbh na hoifige sin ar feadh tréimhse nách lú ná fiche bliain.

(3) Ní díolfar leis an Árd-Scrúdóir aon phinsean den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt roimhe seo, mara mbeidh sé trí fichid bliain d'aois ar a luighead, no mara mbeidh easláinte éigin bhuan ag gabháil do ná fágfaidh ar a chumas a oifig do chólíona go cuibhe, easláinte a deimhneofar ag pé daoine agus ar pé slí a éileoidh an t-Aire Airgid.

(4) Ní choiscfidh éinní san alt so ar an Árd-Scrúdóir, má's rogha leis é, in ionad an phinsin a bheadh indíolta leis fén alt so, an tsuim aois-liúntais sin d'fháil 'na mbeadh teideal aige chuige do réir dlí lasmuich don Acht so, mar gheall ar iomláine na tréimhse a bheidh tabhartha aige i mbuan-tSeirbhís Shíbhialta an Stáit agus chun na críche sin tuigfear seirbhís mar Árd-Scrúdóir a bheith ina seirbhís i mbuan-tSeirbhís Shíbhialta an Stáit.

Sealbhuíocht Oifige an Ard-Scrúdóra.

3. —(1) Imeoidh an t-Árd-Scrúdóir as oifig ar shlánú a dheich mblian is trí fichid do, agus ní aistreofar as a oifig é sara mbeidh an t-aos san slán aige mara ndéanfaidh an t-Oireachtas amhlaidh ar rúin ionanna rithte ag Dáil Éireann agus ag Seanad Éireann fé seach, agus ansan féin ní aistreofar é ach mar gheall ar dhrochiompar no mí-chumas a luadhfar go soiléir sna rúin sin.

(2) Le linn é do bheith i seilbh a oifige, ní bheidh ar chumas an Árd-Scrúdóra aon oifig no aon bheart eile sochair a bheith ar sheilbh aige, ná bheith iontoghtha ná bheith 'na bhall d'aon Tigh den Oireachtas.

Fuireann a Roinne.

4. —Ceapfaidh an t-Aire Airgid ó am go ham na hoifigigh, na cléirigh agus na daoine eile i Roinn an Árd-Scrúdóra agus rialóidh sé uimhreacha, tuarastail agus coiníollacha fostuíochta na ngrád no na n-aicmí fé seach ina roinnfear na hoifigigh, na cléirigh, agus na daoine eile sin.

Féadfaidh Príomh-Oifigeach gníomhú thar ceann an Ard-Scrúdóra i gcásanna áirithe.

5. —Éinní go mbeidh a dhéanamh órduithe don Árd-Scrúdóir ag an dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, lasmuich de dheimhniúchán agus tuairisceoireacht ar chuntaisí do Dháil Éireann, féadfaidh príomh-oifigeach den Roinn é do dhéanamh ach údarás do bheith aige chuige ón Árd-Scrúdóir.

Rialóidh an t-Ard-Scrúdóir gnó a Roinne.

6. —Beidh lán-chomhacht ag an Árd-Scrúdóir órduithe agus rialacha do dhéanamh ó am go ham chun gach gnó laistig dá Roinn do sheola agus duine ar bith de sna hoifigigh, de sna cléirigh, no de sna daoine eile a bheidh inti d'árdú, do chur ar fionnraí no do bhrise, agus fós, fé mhola an Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh agus fuirmeacha do leaga amach chun ranna agus daoine do stiúrú le linn iad do bheith ag déanamh agus ag tabhairt a gcuntaisí dho le scrúdú.

Dualgaisí an Ard-Scrúdóra.

7. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an Árd-Scrúdóir smachtú do dhéanamh ar dhíoluíocht agus scrúdú do dhéanamh ar chuntas gach airgid a riarfar ar órdú no fé údarás an Oireachtais ar pé uaire agus ar pé cuma a leagfar amach le dlí ó am go ham.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an Árd-Scrúdóir leis tuairisc do thabhairt do Dháil Éireann i dtaobh na nithe sin agus ar na puintí aimsire agus na huaire sin a leagfar amach le dlí no a héileofar le rún ó Dháil Éireann ó am go ham.

(3) Mara bhforálfaidh agus go dtí go bhforálfaidh an t-Oireachtas a mhalairt, sealbhóidh agus feidhmeoidh an t-Árd-Scrúdóir gach comhacht agus co-líonfaidh gach dualgas dá leagtar amach leis an Acht so no dá ndintear a bhronna no a chur air le haon Acht a dhin Páirlimint na Ríochta Aontuithe a bhí ann le déanaí agus go bhfuil feidhm dlí aige i Saorstát Éireann agus atá curtha in oiriúint do chúrsai Shaorstáit Éireann leis no fén Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimhir a 2 de 1922), agus go mór mór leis na hAchtanna um Ranna an Stát-Chiste agus an Scrúdúcháin, 1866 agus 1921 (29 agus 30 Vict. c. 39, agus 11 agus 12 Geo. V., c. 52).

Gearr-Theideal.

8. —Féadfar Acht an Árd-Scrúdóra, 1923 , do ghairm den Acht so.