Ar Aghaidh (Sceideal dá dTagartar san Acht san roimhe seo.)

1 1933


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1933.


ACHT CHUAN CHORCAIGHE, 1933.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR CHOMHACHTA CHOIMISINÉIRÍ CHUAN CHORCAIGHE MAIDIR LE RÁTAÍ, DLEACHTA AGUS ÉILITHE AGUS CHUN SLÍ NÍOS FEARR AGUS NÍOS CAOTHÚLA DO CHEAPADH CHUN CUNTAISÍ NA gCOIMISINÉIRÍ SIN DO CHOIMEÁD AGUS D'INIÚCHADH. [30adh Márta, 1933.]

Roimhrá.

DE BHRÍ go ndearnadh, leis na Cork Harbour Acts, 1820 to 1917, comhachta do bhronnadh ar Choimisinéirí Chuan Chorcaighe chun port, cuan agus abha Chorcaighe do choinneáil i dtreo, d'fheabhsú agus do bhuan-choimeád;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, le halt 54 den Cork Harbour Act, 1820, agus le halt 6 den Cork Harbour Amendment Act, 1866, a údarú do Choimisinéirí Chuan Chorcaighe rátaí agus diúitéthe do bhunú agus d'fhorchur a bheadh le n'íoc ar aon earraí, áirnéis, earraí ceannaíochta no gréithre (ach amháin gual) d'easportáil as port Chorcaighe agus d'iomportáil chuige, pé rátaí agus diúitéthe dob oiriúnach leis na Coimisinéirí, ach gan na rátaí agus na diúitéthe sin do dhul thar suim de thrí pingne ar gach dhá scilling d'airgead fartha na n-earraí, na háirnéise, na n-earraí ceannaíochta no na ngréithre sin;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, le halt 6 den Cork Harbour Act, 1883, a údarú do Choimisinéirí Chuan Chorcaighe ráta no dleacht d'éileamh, d'fháil agus do thógaint ná raghadh thar trí pingne an tonna in aghaidh gach tonna guail no cuilm a hiomportálfaí in aon árthach no dí-ládálfaí laistigh den phort;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, leis na Cork Harbour Acts, 1820 to 1917, comhachta iomdha eile do bhronnadh ar Choimisinéirí Chuan Chorcaighe chun rátaí, muirear, custum, dleachta, cíosanna agus airgid agus fáltaisí eile d'fhorchur, do ghearradh, agus d'fháil;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, le halt 29 den Cork Harbour Act, 1877, socrú chun cuntaisí Choimisinéirí Chuan Chorcaighe d'iniúchadh;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach an socrú san do dhéanamh atá san Acht so chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála d'ath-scrúdú na rátaí, na n-éilithe, na gcustum, na ndleacht, na gcíosanna agus an airgid agus na bhfáltaisí eile a húdaruítear, leis na Cork Harbour Acts, 1820 to 1917, agus leis an Acht so, do Choimisinéirí Chuan Chorcaighe a fhorchur, a ghearradh agus a fháil;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach údarás chun rátaí d'éileamh alos earraí mar a socruítear leis an Acht so do thabhairt do Choimisinéirí Chuan Chorcaighe in ionad an údaráis chun na rátaí sin d'éileamh atá acu fén alt san 54 den Cork Harbour Act, 1820, agus fén alt san 6 den Cork Harbour Act, 1883;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach an socrú san do dhéanamh atá san Acht so chun cuntaisí Choimisinéirí Chuan Chorcaighe do choimeád agus d'iniúchadh;

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas;

AGUS DE BHRÍ go ndearna Coimisinéirí Chuan Chorcaighe, agus iad ag bunú an Bhille i gcóir an Achta so, forálacha ailt 57 den Cork Harbour Act, 1903, do chólíonadh;

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS :—

Léiriú.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí Chuan Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “an port” port, cuan agus abha Chorcaighe laistigh den achar atá fútha fé láthair agus fós na céibheanna, na piaranna agus na háiteanna calaíochta atá ionta agus foluíonn sí gach áit atá laistigh de dhlighinse na gCoimisinéirí;

cialluíonn an abairt “Acht 1820” an Cork Harbour Act, 1820;

cialluíonn an abairt “Acht 1866” an Cork Harbour Amendment Act, 1866;

cialluíonn an abairt “Acht 1877” an Cork Harbour Act, 1877;

cialluíonn an abairt “Acht 1883” an Cork Harbour Act, 1883;

cialluíonn an abairt “Ordú 1889” an Cork Harbour Order, 1889;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “ioncum an chuain” na rátaí, na héilithe, na custuim, na dleachta, na cíosanna agus an t-airgead agus na fáltaisí eile is féidir a thógaint agus a fháil i bhfuirm ioncuim ón bport no alos an phuirt fé sna Cork Harbour Acts, 1820 to 1917, agus fén Acht so.

Rátaí d'athscrúdú.

2. —(1) Má chítear don Aire aon uair—

(a) o iarratas ar n-a chur chuige i scríbhinn ag na Coimisinéirí; no

(b) o chúis ar n-a plé leis i scríbhinn ag aon chólucht ionadathach de thrádálaithe no ag aon tigh gnótha no ag aon duine is duine ceart chun na críche dar leis an Aire; no

(c) mar gheall ar aon réasún eile—

gur cheart, do réir chúrsaí an cháis an uair sin, gach ceann no aon cheann de sna rátaí d'ath-scrúdú, do mhaolú, d'atharú no do leigint ar lár no tuilleadh rátaí d'údarú, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, más oiriúnach leis é agus d'ainneoin aon teorann reachtúla no eile bheidh ann, ordú do dhéanamh aon uair, fé réir aon choinníollacha is oiriúnach dar leis agus a fhorchuirfe sé leis an ordú san, ordú le n-a ndéanfar gach ceann no aon cheann de sna rátaí sin roimhráite no foras gearrtha na rátaí sin d'athscrúdú, do mhaolú, d'atharú no do leigint ar lár no le n-a ndéanfar comhachta éilimh na gCoimisinéirí do leathnú tré n-a thuilleadh rátaí do chur leo, agus féadfaidh an lá o n-a mbeidh éifeacht ag an ordú san do cheapadh agus as san amach déanfar do réir an orduithe sin go dtéighidh in éag no go dtí go gceiliúrfar no go n-atharófar é le hordú eile ón Aire ar n-a dhéanamh do réir an ailt seo.

(2) Ní déanfar aon ordú fén alt so go dtí

(a) go gcuirfidh na Coimisinéirí fé ndeár fógra puiblí do thabhairt (fógra bhéarfaidh na Coimisinéirí ar an Aire do cheangal ortha san do dhéanamh), i pé fuirm agus i pé slí ordóidh an tAire, i dtaobh é bheith beartuithe an t-ordú do dhéanamh, agus

(b) go mbreithneoidh an tAire aon chúiseanna pléidhfear leis de dhruim an fhógra san.

(3) Chun crícheanna an ailt so cialluíonn agus foluíonn an focal “rátaí” na rátaí, na héilithe, na custuim, na dleachta, na cíosanna agus an t-airgead agus na fáltaisí eile is féidir a thógaint no a fháil i bhfuirm ioncuim ón bport no alos an phuirt fé sna Cork Harbour Acts, 1820 to 1917, agus fén Acht so.

Rátaí ar earraí.

3. —Ar an Acht so do theacht i bhfeidhm agus as san amach, athghairmtear leis seo alt 54 d'Acht 1820 agus alt 6 d'Acht 1866 agus alt 6 d'Acht 1883 (ach amháin sa mhéid go n-athghairmeann san alt 24 d'Acht 1877) agus scuirfidh na rátaí, na diúitéthe no na dleachta a húdaruítear leo san do ghearradh agus ina ionad san féadfaidh na Coimisinéirí, fé réir forálacha an Achta so, suimeanna do ghearradh, d'éileamh agus do thógaint alos na n-earraí luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a cuirfear ar bord luinge, aistreofar o luing go luing no tógfar as luing laistigh den phort, suimeanna ná raghaidh thar na rátaí uile is fé seach a luaidhtear sa sceideal san, agus, maidir le gach earra ná luaidhtear sa sceideal san, féadfaidh na Coimisinéirí, fé réir mar adubhradh, ráta do ghearradh, d'éileamh agus do thógaint a bheidh có-ionann leis an ráta bheidh iníoctha de thurus na huaire alos earraí atá, dar leis na Coimisinéirí, cosúil leis an earra san chó fada agus a théigheann saghas, pacáil agus cáilíocht, agus beidh gach ráta den tsórt san iníoctha ag únaer no consighné na n-earraí sin leis na Coimisinéirí no le pé duine no daoine cheapfaid chun an ráta san do bhailiú agus d'fháil:

Ach ní dhéanfaidh éinní atá san alt so dochar ná deifir do chomhachta na gCoimisinéirí chun aon rátaí, dleachta no suimeanna airgid do ghearradh, do bhailiú no do bhaint amach, a bheidh inghearrtha no dlite le linn an Achta so do theacht i bhfeidhm ach féadfar an céanna do ghearradh, do bhailiú agus do bhaint amach sa tslí chéanna agus fé réir na gcoinníollacha céanna 'na bhféadfaí agus gur fé n-a réir a féadfaí san do dhéanamh dá mba ná rithfí an tAcht so.

Forálacha atá ann cheana do chur i mbaint.

4. —Na forálacha agus na comhachta uile agus fé seach de sna Cork Harbour Acts, 1820 to 1917, i dtaobh rátaí, éilithe, custum, dleachta, cíosanna agus airgid agus fáltaisí eile fhéadfaidh na Coimisinéirí do thógaint no do bhaint amach i bhfuirm ioncuim, bainfid fé seach, ach amháin sa mhéid go n-athghairmtear iad leis an Acht so no go bhfuilid bunoscionn leis an Acht so, bainfid leis na rátaí, na héilithe, na custuim, na dleachta agus na cíosanna agus leis an airgead agus na fáltaisí eile a húdaruítear do sna Coimisinéirí leis an Acht so no fé do thógaint no do bhaint amach.

Cuntaisí

5. —(1) Ullamhóidh na Coimisinéirí cuntaisí i pé fuirm, agus bhéarfaid ionta pé mion-inste ordóidh an tAire o am go ham, agus ullamhóid cuntaisí in aghaidh na tréimhse ón 31adh lá d'Iúl roimh an Acht so do rith go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin agus as san amach in aghaidh gach bliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag.

(2) Beidh na cuntaisí nuair a bheid ullamhuithe amhlaidh mar adubhradh le feiscint ag an bpuiblíocht chun a scrúduithe gach tráth réasúnta ar íoc scillinge ar gach scrúdú den tsórt san.

(3) Laistigh de thrí mhí tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag gach bliain no laistigh den lá is fiche tar éis iniúchta na gcuntas do chríochnú, pe'ca tréimhse acu san is sia, cuirfidh na Coimisi néirí chun an Aire dhá chóip de sna cuntaisí iniúchta atá le coimeád fén alt so.

(4) Má theipeann agus pé uair a theipfidh ar na Coimisinéirí dhá chóip de sna cuntaisí iniúchta do chur chun an Aire laistigh den tréimhse luaidhtear chuige sin san alt so dlighfear pionós ná raghaidh thar fiche púnt agus a bheidh ionbhainte amach i gCúirt dlighinse achmaire do chur ortha in aghaidh gach seachtaine no coda de sheachtain a theipfidh ortha amhlaidh tar éis na tréimhse roimhráite.

(5) Athghairmtear leis seo alt 17 d'Ordú 1889.

Iniúchóir do cheapadh.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, duine ceart oiriúnach (dá ngairmtear an t-iniúchóir san Acht so) do cheapadh chun cuntaisí na gCoimisinéirí do scrúdú agus d'iniúchadh agus féadfaidh, leis an ordú san, méid na n-íocaíocht a íocfaidh na Coimisinéirí leis an iniúchóir mar thuarastal agus mar chostaisí (más ann dóibh) do shocrú.

(2) Is amach as ioncum an chuain, mar chuid den chestas a bhainfidh leis an ngnó do choinneáil i dtreo, a íocfaidh na Coimisinéirí leis an iniúchóir méid na n-íocaíocht a socrófar amhlaidh mar adubhradh.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, an t-iniúchóir do chur as oifig agus, leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin, ceapfaidh duine ceart oiriúnach chun bheith mar iniúchóir in áit agus in ionad an iniúchóra do cuireadh as oifig amhlaidh mara bhfeictear do nách gá toisc aon réasúin speisialta iniúchóir do cheapadh.

(4) Athgairmtear leis seo alt 29 d'Acht 1877.

Cuntaisí d'iniúchadh.

7. —(1) Beidh sé de dhualgas ar rúnaí na gCoimisinéirí nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúchadh cuntaisí á dhéanamh teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit cheaptha agus a chuid leabhra cuntais, cruthúnachtaí, admhálanna, agus scríbhinní eile go léir do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin maraon le gach eolas a bheidh aige agus a theastóidh ón iniúchóir agus, má cheanglann an t-iniúchóir ortha san do dhéanamh, beidh sé de dhualgas leis ar gach Coimisinéir agus ar gach oifigeach agus seirbhíseach (lasmuich den rúnaí) do sna Coimisinéirí teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit do ceapadh don scrúdú agus don iniúchadh agus gach scríbhinn agus eolas a bheidh acu, fé seach, agus a theastóidh ón iniúchóir do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an iniúchóir nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúchadh á dhéanamh fén alt so cuntaisí na gCoimisinéirí do scrúdú agus gach íocaíocht, éileamh agus lomháil do rinne éinne agus do muirearadh ar chistí na gCoimisinéirí agus is dóich leis an iniúchóir a bheith contrárdha don dlí do nealomháil agus do bhualadh amach as na cuntaisí sin agus an céanna do chur mar fhormhuirear ar an té do rinne no d'údaruigh an íocaíocht, an t-éileamh no an lomháil do nea-lomháladh agus do buaileadh amach amhlaidh, agus a dheimhniú ansan an céanna do bheith dlite ón duine sin.

(3) Ar iarratas i scríbhinn chun an iniúchóra laistigh de dheich lá tar éis críochnú aon scrúduithe agus iniúchta bheidh déanta aige fén alt so, iarratas o éinne ar ar ghoill aon nea-lomháil no formhuirear do rinne an t-iniúchóir le linn an scrúduithe agus an iniúchta san, inneosaidh an t-iniúchóir i scríbhinn na réasúin do bhí aige leis an nea-lomháil no leis an bhformhuirear san agus bhéarfaidh láithreach cóip den ráiteas san don té ar ar ghoill an ní sín.

(4) Einne ar ar ghoill aon nea-lomháil no formhuirear, féadfaidh, laistigh de lá is fiche tar éis an iniúchta do chríochnú, i gcás gan ráiteas ag tabhairt réasún an iniúchóra i dtaobh na nca-lomhála no an fhormhuirir sin d'iarraidh laistigh de dheich lá tar éis an iniúchta do chríochnú, no laistigh de cheithre lá déag o am tugtha ráitis na réasún san, i gcás an ráitis sin d'iarraidh laistigh den aimsir roimhráite—

(a) féadfaidh, tar éis fógra do thabhairt i scríbhinn don iniúchóir go bhfuil sé chun a dhéanta san, athchomharc do dhéanamh chun an Aire i scríbhinn agus deighleálfaidh an tAire leis an gcás (le n-a n-áirmhítear, ach san fé réir forálacha an ailt seo, costaisí an athchomhairc) mar is gá do réir cirt, agus más léir don Aire gur go dleathach do rinneadh aon nea-lomháil no formhuirear áirithe ach, an ní dob abhar do, go ndeachthas fé i slí fhágfadh é bheith cóir agus cothrom an nea-lomháil no an formhuirear do mhaitheamh féadfaidh a ordú go ndéanfar an céanna do mhaitheamh i bpáirt no go hiomlán agus ní bheidh dul thar breith an Aire maidir le haon athchomharc den tsórt san ná ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina taobh chun aon chúirte ná ní fhéadfaidh aon chúirt í d'athscrúdú, no

(b) in ionad an athchomhairc sin do dhéanamh chun an Aire féadfaidh, tar éis fógra do thabhairt i scríbhinn don iniúchóir go bhfuil sé chun a dhéanta san, rit certiorari d'iarraidh ar an Ard-Chúirt chun an lomháil, an nea-lomháil, no an formhuirear san d'aistriú isteach sa Chúirt sin ar pé slí bheidh socair le rialacha cúirte agus, ar aistriú na lomhála, na nea-lomhála, no an fhormhuirir sin, déanfaidh an Chúirt an t-ordú san i dtaobh an chéanna (le n-a n-áirmhítear, ach san fé réir forálacha an ailt seo, ordú maidir le costaisí) is gá do réir cirt.

(5) Ar aon imeachta fén bhfo-alt san roimhe seo, féadfaidh an tAire no an Ard-Chúirt, pe'ca aca é, má chítear don Aire no don Chúirt sin breith an iniúchóra do bheith ceart, a ordú go n-íocfaidh an duine bheidh ag déanamh athchomhairc no ag cur na riteach certiorari sin ar aghaidh, pe'ca aca é, costaisí an iniúchóra, no má chítear don Aire sin no don Ard-Chúirt breith an iniúchóra bheith mí-cheart, a ordú costaisí an duine bheidh ag déanamh athchomhairc no ag cur na riteach certiorari sin ar aghaidh, pe'ca aca é, d'íoc amach as ioncum an chuain, ach ní déanfar in aon chás aon ordú i gcoinnibh an iniúchóra chun costaisí an duine d'íoc a bheidh ag déanamh athchomhairc no ag cur na riteach certiorari sin ar aghaidh.

(6) Aon chostaisí (agus na costaisí idir atúrnae agus cliaint d'aireamh) fé n-a raghaidh an t-iniúchóir maidir le haon imeachta ar aon athchomharc no rit certiorari fén alt so agus ná bainfidh an t-iniúchóir den té bheidh ag déanamh athchomhairc no ag cur na riteach certiorari sin ar aghaidh íocfar leis an iniúchóir iad amach as ioncum an chuain.

(7) Aon tsuim a dheimhneoidh an t-iniúchóir fén alt so do bheith dlite ar dhuine ar bith déanfaidh an duine sin (fé réir an Aire no na hArd-Chúirte do dhéanamh aon chlaochló, neambríochainte no atharuithe ar an deimhniú) í d'íoc leis an iniúchóir laistigh de lá is fiche tar éis an iniúchta do chríochnú, no, i gcás ráitis d'iarraidh ag tabhairt réasún an iniúchóra i dtaobh na lomhála, na nea-lomhála no an fhormhuirir sin, laistigh de cheithre lá déag o dháta sheachadtha an ráitis sin, no, i gcás athchomhairc do dhéanamh chun an Aire sin no imeachta do bhunú tré rit certiorari, laistigh de cheithre lá déag o dháta na breithe ar an athchomharc no ar na himeachta san, agus beidh gach lomháil a rinne an t-iniúchóir, agus do nea-lomháil an tAire no an Chúirt sin, ina suim a bheidh dlite ar an té d'íoc no d'údaruigh an íocaíocht dob abhar don lomháil sin, agus íocfar leis an iniúchóir í laistigh de cheithre lá déag o dháta na breithe ón Aire no ón gCuirt sin, agus aon tsuim is iníoctha leis an iniúchóir fén bhfo-alt so agus ná híocfar amhlaidh do réir an fho-ailt seo, féadfaidh an t-iniúchóir í do bhaint amach mar fhiacha síbhialta le haicsean no le himeacht eile in aon chúirt dlighinse inniúla, agus déanfaidh an t-iniúchóir gach suim a híocfar leis no a bhainfc sé amach fén bhfo-alt so do chur chun críche, ar í d'fháil do, sa tslí ordóidh an tAire agus aon chostaisí agus caiteachaisí ar thaobh an iniúchóra in imeachta chun aon tsuime den tsórt san do bhaint amach ná bainfidh an t-iniúchóir den chosantóir in aon imeachta den tsórt san íocfar leis an iniúchóir iad amach as ioncum an chuain.

(8) Gach éinne ar a gcuirfear mar cheangal leis an alt so no dá réir teacht i láthair an iniúchóra no aon scríbhinn do thaisbeáint no aon eolas do thabhairt don iniúchóir agus ar a dteipfidh déanamh amhlaidh no a dhiúltóidh do dhéanamh amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná mí.

(9) Gach éinne ar a gcuirfear mar cheangal leis an alt so no dá réir aon scríbhinn a thaisbeáint no aon eolas do thabhairt don iniúchóir, déanfaidh, má cheanglann an t-iniúchóir san air, aon scríbhinn a thaisbeánfaidh no aon ráiteas a bhéarfaidh don iniúchóir d'fhíorú fé mhionn (agus údaruítear leis seo don iniúchóir daoine do chur fén mionn san) agus éinne dhéanfaidh, ar n-a cheistniú fé mhionn ag iniúchóir no i láthair iniúchóra fén alt so, fianaise bhréagach do thabhairt uaidh go toiliúil, beidh sé ciontach i mionn bréagach, agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

Costaisí an Achta.

8. —Na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí uile bhaineann agus a ghabhann leis an ullmhú i gcóir an Achta so agus leis an Acht so d'fháil agus do rith no mar gheall air sin ar aon tslí eile íocfaidh na Coimisinéirí iad as aon chistí no airgead is leo.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar chun gach críche Acht Chuan Chorcaighe, 1933 , do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna Chuan Chorcaighe, 1820 go 1933, do ghairm de sna Cork Harbour Acts, 1820 to 1917, agus den Acht so le chéile.