Ar Aghaidh (SCEIDEAL “A.”)

3 1925

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 3 (Príobháideach) de 1925.


ACHT CHUAN AGUS PHORT DHÚN DEALGAN, 1925.


RIAR NA nALT.

Alt.

1.

Athghairm Acht 1855 agus an Dundalk Harbour Order, 1903.

2.

Ionchorparú an Lands Clauses Consolidation Act, 1845, agus an Commissioners Clauses Act, 1847.

3.

Ionchorparú an Harbours Docks and Piers Clauses Act, 1847.

4.

Ní bheidh ar na Coimisinéirí bád tárrthála, etc., do sholáthar.

5.

Léiriú téarmaí.

6.

Ionchorparú codanna áirithe de 8 and 9 Vict., c. 20, a bhaineann le seilbh shealadach ar thailte.

7.

Teoranna an phuirt.

8.

Isiad na Coimisinéirí a chuirfidh an tAcht so i bhfeidhm.

9.

Cáilíocht na gCoimisinéirí.

10.

Cáilíocht lucht na gCoimisinéirí do thogha.

11.

Liostaí deimhnithe d'únaerí loingeas.

12.

Ní bheidh níos mó ná vóta amháin ag éinne.

13.

Ait agus am an toghacháin.

14.

Einne a thabharfidh faillí ina oifig mar Choimisinéir stadfa sé de bheith ina Choimisinéir.

15.

Na céad Choimisinéirí.

16.

Beidh Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Chomhairle Bhailecheanntair Dhún Dealgan agus Cathaoirleach Chomhairle Chontae Lughbhaidh fé seach ina gCoimisinéirí.

17.

Rialacháin i dtaobh cruinnithe na gCoimisinéirí.

18.

Ceiliúra rún.

19.

Ionchorparú na gCoimisinéirí.

20.

Oibreacha atá ann do dhílsiú sna Coimisinéirí.

21.

Fanfidh na dintiúirí, na có-aontuithe, na connartha, etc., i bhfeidhm, agus beidh na fiacha, etc., ar na Coimisinéirí nua.

22.

Íocfar fiacha leis na Coimisinéirí agus íocfid a bhfiacha.

23.

Féadfar riaráiste custum, etc., do bhaint amach.

24.

Ní maolófar aicsin, etc.

25.

Cosaint do chirt chun aicsin.

26.

Ní dhéanfidh an athghairm difir do chearta atá ann fé láthair.

27.

Déanfidh oifigigh fé Acht 1855 cuntas do thabhairt uatha.

28.

Cimeádfar na hoifigigh atá ann fé láthair.

29.

Leabhair, etc., do leanúint de bheith mar fhianaise.

30.

I dtaobh forálacha i Reachtanna ar mhaithe leis na seana-Choimisinéirí,

31.

Comhacht do sna Coimisinéirí chun céibh-éadan nua do dhéanamh, chun céibheanna atá ann fé láthair d'athdhéanamh agus do mhéadú, chun míntíreach do dhéanamh de thailte lathaighe agus bancánachtaí coinneála do dhéanamh agus chun tailte, céibheanna, etc., do thógaint.

32.

Ní tógfar céibh an Dundalk and Newry Steam Packet Co., Ltd., gan cead.

33.

Beidh ceart céad-cheannaigh Chéibh na Long Ghaile ag na Coimisinéirí.

34.

Chun praghas Chéibh na Long Ghaile do shocrú.

35.

Tuairisc na n-oibreacha a húdaruítear.

36.

Claona i leataoibh agus suas no síos.

37.

An tréimhse chun na hoibreacha do chríochnú.

38.

Féadfar bóithre, camraí, cúrsaí uisce, etc., do stopa, do chlaona no do mhéadú, etc.

39.

Dílseoidh tailte dá ndéanfar míntíreach, bancánachtaí, etc., sna Coimisinéirí.

40.

Comhacht chun dul isteach ar bhóithre agus ar thailte agus iad d'úsáid agus do shealbhú chun crícheanna sealadacha.

41.

An tréimhse chun tailte do cheannach go héigeanta.

42.

Tailte chun crícheanna nea-ghnáthacha.

43.

Rátaí tonnáiste.

44.

Custuim as úsáid bháid tharraingthe.

45.

An modh chun tonnáiste do dhéanamh amach.

46.

Rialacha chun rátaí tonnáiste do ghearra.

47.

Rátaí céibhe.

48.

Comhacht chun suim bhliantúil do chur in ionad rátaí tonnáiste agus céibhe ar scór tráiléirí gaile agus árthach iascaigh.

49.

Má úsáideann an Dundalk and Newry Steam Packet Company, Ltd., a gcéibh ar aon tslí eile ach d'árthaigh dá gcuid féin no fé chairt acu, féadfidh na Coimisinéirí rátaí céibhe d'éileamh ar a shon san.

50.

Rátaí is iníoctha ar earraí a luaidhtear i Sceideal “A.”

51.

Rátaí ar earraí ná luaidhtear sa Sceideal.

52.

Rátaí ar úsáid stóraisí, duganna, éadtromán ceangail, fánóg, etc.

53.

Rátaí ar úsáid chrann tógála.

54.

Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála rátaí d'atharú.

55.

Comhacht chun éadtromáin cheangail, etc., do chur síos.

56.

Féadfidh na Coimisinéirí iasachtaí d'fháil ar chreidiúint chustum agus maoine eile atá dílsithe ionta.

57.

Súncáil in iasacht a chruinneoidh na Coimisinéirí le bheith ina urrús iontaobhais.

58.

Conus airgead ar iasacht d'aisíoc nuair ná beidh aon am ceaptha chuige sin.

59.

Beidh tosaíocht ag morgáistí fé Acht 1855.

60.

Cosaint do chirt fhiach-éilitheoirí breithiúntais.

61.

Féadfar glacadóir do cheapa chun féachaint chuige go n-íocfar riaráiste.

62.

Féadfar costaisí morgáistí d'íoc amach as cistí generálta.

63.

Ciste fiach-luíoduithe chun airgead a gheobhfar ar iasacht fén Acht so d'íoc.

64.

Conus a caithfar an t-airgead a gheobhfar ar iasacht.

65.

Conus a caithfar ioncum.

66.

Féadfar airgead d'fháil ar iasacht in ionad airgid a híocadh.

67.

Comhacht chun iasacht d'fháil ar creidiúint airgid thirm.

68.

Féadfar ciste fiach-luíoduithe do chur chun iasachtaí d'aisíoc.

69.

Nuair a bheidh na fiacha íoctha is chun an cuan, etc., do choinneáil i dtreo a cuirfar ioncum a thiocfidh isteach ina dhiaidh sin.

70.

Ciste cúil i gcóir deisiúcháin nea-ghnáthaigh.

71.

Scrúdú cuntaisí.

72.

Iniúchóir do cheapa.

73.

Iniúcha cuntaisí na gCoimisinéirí.

74.

Teoranta údarás an mháistir chuain.

75.

Comhacht chun tomhaiseoirí agus meáthóirí do cheapa.

76.

Ní tógfar fánáin, etc., gan údarás o sna Coimisinéirí agus ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.

77.

Pionós mar gheall ar gan éadtromán mara do cheangal d'ancaire árthaigh.

78.

Pionós ar dhaoine a choiscfidh feidhmiú an Achta so.

79.

Pionós ar dhaoine a choiscfidh slí shaor-loingseoireachta an chuain.

80.

Pionós mar gheall ar gan earraí do chur ar bord luinge.

81.

Pionós mar gheall ar fhallaí, céibheanna, etc., do dhamáistiú.

82.

Féadfidh na Coimisinéirí a ordú go mbunófar próiseachtaí mar gheall ar chráitisí, etc.

83.

Daoine a ciontófar i ndamáiste do dhéanamh íocfid méid an damáiste.

84.

Lictéirí, báirsí, etc., do bheith fé cheadúnas.

85.

Lictéirí, báirsí, etc., do bheith uimhrithe agus cláruithe.

86.

Pionós ar únaerí lictéirí, báirsí, etc., nea-cheadúnuithe.

87.

Cosaint do sna sean-fho-dhlithe.

88.

Leigheas i gcoinnibh árthach.

89.

Comhacht chun athchomhairc.

90.

Ní bheidh an cuan, etc., saor o fhorálacha Achtanna Generálta.

91.

Cosaint do chearta Iarla Roden.

92.

Chun Cuideachta Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt do chosaint.

93.

Chun Alice Gertrude Williamson do chosaint.

94.

Chun Sir Somhairle O Ceallaigh, ag trádáil do fén ainm T. and J. Connick and Company, do chosaint.

95.

Chun B. O'Rourke and Company Limited, do chosaint.

96.

Cosaint do chearta daoine eile.

97.

Cosaint do chearta an Stáit.

98.

Chun an tAire Puist agus Telegrafa do chosaint.

99.

Comhacht chun tailte do chimeád.

100.

Comhacht chun na Tailte Lathaighe Thuaidh do dhíol mar a déanfar agus nuair a déanfar míntíreach díobh chun crícheanna an ghnótha.

101.

Comhacht do sna Coimisinéirí chun céibheanna, etc., atá ann fé láthair do mhéadú no d'fheabhsú agus chun céibheanna, duganna, etc., nua do dhéanamh.

102.

Aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála le hoibreacha áirithe.

103.

Comhacht don Aire chun suirbhéireachtaí, etc., do dhéanamh.

104.

Comhacht don Aire chun oibreacha a tréigfar no a raghaidh gan mhaitheas d'aistriú.

105.

Má dintar míntíreach de thailte áirithe, is leis an Stát iad.

106.

Socrú i gcoinnibh contabhartha do loingseoireacht.

107.

E de dhualgas ar na Coimisinéirí éadtromáin tárrthála, etc., do chimeád.

108.

E de dhualgas ar na Coimisinéirí soillse do bheith ar taisbeáint acu le linn oibreacha do bheith acu dhéanamh, etc.

109.

Cáblaí, píopaí no sranganna fé uiscí taoide no trasna ortha.

110.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

111.

Costaisí an Achta.

112.

Athghairm ar an méid de 30 agus 31 Vict., c. 183, agus de 36 agus 37 Vict., c. 174, atá bunoscionn le tailte d'aistriú ó Chuideachta Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt.

113.

Gearr-theideal.

Sceideal “A.”

Sceideal “B.”

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 3 (Príobháideach) de 1925.


ACHT CHUAN AGUS PHORT DHÚN DEALGAN, 1925.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]


ACHT CHUN COMHACHTA DO BHRONNA AR CHOIMISINÉIRÍ CHUAN DHÚN DEALGAN CHUN CUAN AGUS PORT DHÚN DEALGAN AGUS A SLÍ LOINGSEOIREACHTA SAN D'FHORCHIMEÁD AGUS D'FHEABHSÚ, AGUS CHUN CÉIBHEANNA DHÚN DEALGAN D'FHÁIL AGUS CÉIBH-ÉADAN NUA DO DHÉANAMH, AGUS CHUN COMHACHT DO THABHAIRT CHUN MÍNTÍREACHTA ÁIRITHE DO DHÉANAMH, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [18adh Meitheamh, 1925.]

DE BHRÍ leis an Local and Personal Act of the 3rd and 4th Victoria Chapter 119 dar teideal “An Act for regulating, preserving, improving and maintaining the River, Port and Harbour of Dundalk in the County of Louth in Ireland,” gur ceapadh Coimisinéirí áirithe chun na crícheanna san do chur in éifeacht agus fós chun comhachta uile agus fé seach an Achta san do chur í bhfeidhm, agus gur tugadh comhacht agus údarás dóibh chun diúitéthe agus rátaí áirithe a luaidhtear san Acht san do ghearra agus chun suim £120,000 d'fháil ar iasacht ar chreidiúint na rátaí agus na ndiúitéthe sin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuarthas suimeanna áirithe ar iasacht ar urrús na rátaí agus na ndiúitéthe sin agus ar urrús maoine eile a dílsíodh sna Coimisinéirí, agus, fé chomhachta an Achta san a luadhadh, gur dhin na Coimisinéirí falla no bancánacht fharaige o sna céibheanna ag Dún Dealgan fan an taoibh theas den abhainn go dtí no in aice le Puinte an tSaighdiúra agus gur chasadar céad-chúrsa no céad-chainéal na habhann san idir na puintí roimhráite agus gur chuireadar suas éadtromáin mhara agus postaí festiúcháin agus gur dhíríodar agus gur dhoimhníodar an cainéal a théigheann chun na gcéibheanna san:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh, le “The Dundalk Harbour and Port Act 1855” (dá ngairmtear “Acht 1855” san Acht so) Coimisinéirí áirithe, maraon le daoine eile a bhí le togha ina dhiaidh sin mar chomharbaí fé mar a luaidhtear san Acht san, do cheapa agus comhacht do thabhairt dóibh chun Acht 1855 do chur i bhfeidhm, agus údarás agus comhacht do thabhairt dóibh chun cúrsa na habhann do dhíriú agus chun gearra no cainéal nua do dhéanamh agus chun bancánachtaí áirithe agus oibreacha eile do dhéanamh agus chun rátaí agus diúitéthe áirithe a luaidhtear san Acht san do ghearra agus chun aon tsuim ná raghadh thar suim £49,000 d'fháil ar iasacht ar chreidiúint na rátaí agus na ndiúitéthe sin, agus gur hathghairmeadh an tAcht san a luadhadh den 3rd and 4th Victoria Cap. 119:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil na Coimisinéirí sin tar éis suim £35,000 d'fháil ar iasacht ar urrús na rátaí agus na ndiúitéthe sin agus ar urrús maoine eile a dílsíodh sna Coimisinéirí, agus, fé chomhachta Acht 1855, gur dhineadar oibreacha áirithe ach nár dhineadar an gearra no an cainéal nua san ná na bancánachtaí sin:

AGUS DE BHRÍ, ar bheith aibidh do sna súncála i stuic ionfhuascailte a dhin na Coimisinéirí ar scór ciste fhiachluíoduithe chun aisíoctha na suime sin a luadhadh, £35,000, a fuarthas ar iasacht fé Acht 1855, go mbeid dóthanach chun an tsuim sin do lán-íoc:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go ndeonfí do sna Coimisinéirí comhachta chun aon tsuim ná raghaidh thar suim £150,000 d'fháil ar iasacht ar ús o am go ham, i dteanta an airgid a fuarthas ar iasacht fé Acht 1855, agus san o aon duine no Corparáid a bheidh toilteannach chun í do roimh-íoc agus ar chreidiúint na gcustum uile agus fé seach go n-údaruítear leis an Acht so iad do ghearra agus ar chreidiúint cistí agus maoine eile a dílsíodh sna Coimisinéirí sin fén Acht so no fé aon Acht eile, agus chun aisíoc aon airgid den tsórt san do chur in áirithe tríd na custuim, na cistí agus an mhaoin sin no aon cheann acu do shanna mar urrús do sna daoine a roimh-íocfidh an t-airgead san no a thabharfidh uatha ar iasacht é, no d'aon iontaobhaí do sna daoine sin, go n-aisíocfar an t-airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh:

AGUS DE BHRÍ gur tugadh comhacht do sna Coimisinéirí, le hAcht 1855, chun dul isteach ar thailte áirithe agus iad do thógaint agus d'úsáid, tailte go bhfuil a dtuairisc i leabhar eolais áirithe a lóisteáladh le Cléireach Síochána Chontae Lughbhaidh, agus fós chun gach ceann no aon cheann de sna céibheanna agus de sna calaidh a bhí ann an uair sin agus de sna góilíní a bhain leo laistigh den phort agus den chuan san do cheannach:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh “The Harbours, Docks and Piers Clauses Act 1847” (ach amháin Ailt 25 agus 26 dhe i dtaobh na rátaí a thógfadh na gnóthóirí) d'ionchorparú leis an Acht san sa mhéid nár hatharuíodh leis an Acht san é:

AGUS DE BHRÍ go bhfuair na Coimisinéirí, do réir agus de bhua Acht 1855 agus do réir agus de bhua “The Harbours, Docks and Piers Clauses Act 1847” a hionchorparuíodh leis an Acht san, tailte agus áitribh áirithe a luaidhtear sa Sceideal “B” a ghabhann leis an Acht so, ach ná fuaradar aon cheann de sna céibheanna ná de sna calaidh ná de sna góilíní a bhain leo agus a húdaruíodh amhlaidh dóibh a cheannach, ach amháin góilín no dug áirithe fén uimhir 8 sa Sceideal “A” d'Acht 1855, agus go bhfuil deire leis an aimsir a ceapadh leis an Acht san chun iad do cheannach go héigeanta:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh na forálacha d'Acht 1855 a bhaineann le píolóideacht d'athghairm leis an 10 and 11 George V Chapter 104 dar teideal “Pilotage Orders Confirmation (No. 2) Act 1920”:

AGUS DE BHRÍ, le hOrdú Sealadach den 3 Edward VII. dar teideal “Pier and Harbour Provisional Orders (No. 4)” agus dá ngairmtear “The Dundalk Harbour Order 1903,” gur dineadh atharuithe áirithe ar mhodh measta diúitéthe tonnáiste do chur in ionad an mhodha a horduítear le hAcht 1855:

AGUS DE BHRÍ gur éifeachtúla-de a déanfí feabhsú ar Phort Dhún Dealgan na hoibreacha a húdaruítear le hAcht 1855, sa mhéid nár tugadh chun críche iad, do thréigint agus na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do chur ina n-ionad, agus go bhfuil sé oiriúnach comhachta breise bheith ag na Coimisinéirí chun slí loingseoireachta na habhann, na faraige agus na báighe laistigh dá n-údarás d'fhorchimeád agus d'fheabhsú, agus tuille comhacht do dheona chun port agus cuan Dhún Dealgan do chur ar aghaidh agus chun iad d'fhorchimeád go cuibhe agus chun míntíreach do dhéanamh de thailte lathaighe agus chun na bancánachtaí coinneála atá riachtanach agus a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh agus chun céibheanna do cheannach agus chun crícheanna eile agus fós chun tuille airgid do sholáthar chun na gcrícheanna roimhráite, agus go bhfuil sé oiriúnach cuid de chomhachta agus d'fhorálacha Acht 1855 d'atharú, do leasú agus do leathnú, agus tuille comhacht do thabhairt; agus gurb é slí is saoráidighe chun na nithe sin do dhéanamh ná tré Acht 1855 d'athghairm (sa mhéid ná fuil sé athghairmthe cheana féin) agus cuid dá fhorálacha d'ath-achtú agus comhachta breise do thabhairt agus fós tríd an Dundalk Harbour Order 1903 d'athghairm:

AGUS DE BHRÍ gur lóisteáladh go cuibhe le Cléireach Síochána Chontae Lughbhaidh plean agus gearrtha ar a dtaisbeántar línte, suidhimh agus leibhéil na gcéibheanna nua, na míntíreach, na mbancánacht agus na n-oibreacha eile atá beartuithe agus pleananna ar a dtaisbeántar na tailte is féidir a thógaint go héigeanta chun crícheanna no fé chomhachta an Achta so agus fós leabhar eolais do sna pleananna san agus ainmneacha na ndaoine atá ina n-únaerí no in ainm bheith ina n-únaerí, ina léasuithe no in ainm bheith ina léasuithe, agus ina sealbhairí ar na tailte sin ann agus go ngairmtear na pleananna, na gearrtha agus an leabhar eolais lóisteálta de sna pleananna, de sna gearrtha agus den leabhar eolais sin fé seach san Acht so:

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás an Oireachtais:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Athghairm Acht 1855 agus an Dundalk Harbour Order, 1903.

1. —Tosnóidh feidhm an Achta so agus beidh éifeacht aige an tríú Máirt tar éis rithte an Achta so agus ón lá san amach, agus ar an lá san agus ón lá san amach athghairmfar agus athghairmtear leis seo Acht 1855, sa mhéid ná fuil sé athghairmthe cheana féin, agus an Dundalk Harbour Order 1903.

Ionchorparú anLands Clauses Consolidation Act, 1845, agus an Commissioners Clauses Act,1847.

2. —Beidh The Lands Clauses Consolidation Act 1845 agus The Commissioners Clauses Act 1847 (ach amháin pé forálacha de sna hAchtanna san a hatharuítear go soiléir leis an Acht so) ionchorparuithe leis an Acht so agus ina gcuid den Acht so agus léireofar na hAchtanna san fé is dá n-úsáidtí an focal “Ard-Chúirt Bhreithiúnais” no “Cúirt Uachtarach Bhreithiúnais” in ionad “Superior Courts” no “Court of Exchequer,” an focal “Breitheamh Dúithche” in ionad “Justices” agus “two Justices,” an focal “Aire Tionnscail agus Tráchtála” in ionad “Board of Trade,” agus an focal “Siosón den Chúirt Chuarda” in ionad “Quarter Sessions.”

Ionchorparú anHarbours, Docks and Piers Clauses Act, 1847.

3. —Sa mhéid ná hatharuítear go soiléir le forálacha an Achta so é beidh The Harbours, Docks and Piers Clauses Act 1847 (ach amháin ailt 25 agus 26 dhe i dtaobh na rátaí a thógfidh na gnóthóirí) ionchorparuithe leis an Acht so agus ina chuid den Acht so; agus i léiriú an Achta san ciallóidh an focal “the harbour, dock or pier” an port, na piaranna, na céibheanna, na calaidh, na míntíreachtaí, na bancánachtaí, na bóithre, na bealaigh isteach, na leataobhacha agus na hoibreacha a dílsítear sna Comisinéirí leis an Acht so no a húdaruítear dóibh leis an Acht so do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo fé seach, no d'fháil de bhua comhachtanna an Achta so; ciallóidh an focal “the undertakers” “na Coimisinéirí” agus folóidh an focal “the harbour master,” maidir leis an gcuan, an máistir cuain a buanuítear in oifig leis an Acht so.

Ní bheidh ar na Coimisinéirí bád tárrthála, etc., do sholáthar.

4. —Ach éinní atá san Acht so no sa Harbours, Docks and Piers Clauses Act 1847 ní údaróidh sé ná ní léireofar é mar ní a údaruíonn a chur fhiachaint ar na Coimisinéirí aon bhád tárrthála no gunna mór agus roiceudaí no fuireann dóibh sin fé seach, no aon tomhas taoide no barómeter, do sholáthar agus do choinneáil i dtreo.

Léiriú téarmaí.

5. —Maidir leis na focail agus na habairtí uile agus fé seach le n-a gcuirtar bríonna tríd na hAchtanna a hionchorparuítear i bpáirt no go hiomlán leis seo no tré Acht 1855, isiad na bríonna céanna fé seach atá leo san Acht so mara bhfuil rud éigin san abhar no sa chó-théacs buiniscionn leis an léiriú san.

Agus—

Cialluíonn an focal “na Coimisinéirí” Coimisinéirí Chuan agus Phort Dhún Dealgan.

Foluíonn an focal “custuim” gach custum, ráta, diúité agus éileamh is iníoctha leis na Coimisinéirí pe'ca maidir le loingeas, le hearraí, no le hárthaighe abhann é no le héinní eile.

Cialluíonn an focal “Ceathrú Shiosóin” Siosón na Cúirte Cuarda.

Ionchorparú codanna áirithe de 8 and 9 Vict., c. 20 a bhaineann le seilbh shealadach ar thailte.

6. —Gach alt sa Railway Clauses Consolidation Act 1845 a bhaineann le seilbh shealadach ar thailte in aice an bhóthair iarainn le linn an bóthar iarainn do bheith á dhéanamh, ach amháin alt 32 den Acht san, beidh sé ionchorparuithe leis an Acht so agus ina chuid den Acht so; agus i mbaint leis an Acht so dhóibh léireofar na clásanna san fé is dá mb'é an focal “Commissioners” a húsáidfí ar fuaid na gclás so in ionad an fhocail “Company” agus fé is dá mb' iad na focail “quays” “sloblands” no “embankments” a húsáidfí in ionad an fhocail “railway.”

Teoranna an phuirt.

7. —Chun crícheanna an Achta so sriocfidh teoranna phort agus chuan Dhún Dealgan agus tógfid isteach abha, port agus cuan Dhún Dealgan laistigh den spás a bhíonn clúduithe le huisce le linn lán-taoide rabharta idir droichead Dhún Dealgan agus líne samhluithe a tarraingeofí díreach o cheann na mara de Rinn Dhún Ana i mbaile fearainn agus i bparóiste Dhún Ana i gcontae Lughbhaidh go dtí ceann na mara de Rinn Chuailgne i mbaile fearainn Bhaile an Teampaill i bparóiste Cháirlinne sa chontae sin (ach amháin an líomatáiste laistigh de theoranna chuan Ath na gCasán mar a mínítear é sa Piers and Harbours Orders Confirmation Act (No. 3) of the 2 and 3 George V.); agus laistigh de sna teoranna san beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí an port agus an cuan san agus an tslí isteach ionta do dhoimhniú, do ghlana, do sciomar, do charta, do regleáil, d'fheabhsú, do bhainistí agus do choinneáil i dtreo ar pé slí agus pé méid is oiriúnach leo; agus ní údaróidh éinní atá san Acht so ná ní léireofar é mar ní a údaruíonn aon chustum d'éileamh ar son ná ar scór aon árthaigh ná tiocfidh laistigh de sna teoranna san.

Isiad na Coimisinéirí a chuirfidh an tAcht so i bhfeidhm.

8. —Na Coimisinéirí agus a gcomharbaí a ceapfar agus a bheidh cáilithe mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, isiad a bheidh ina gCoimisinéirí chun an tAcht so d'fheidhmiú, agus féadfid agus déanfid na comhachta uile agus fé seach a bronntar ortha leis an Acht so d'fheidhmiú.

Cáilíocht na gCoimisinéirí.

9. —Gach éinne a bheidh le linn an toghacháin sin—

(a) ina chomhnaí laistigh de bhailecheanntar Dhún Dealgan no laistigh de chúig mhíle o thigh cúirte an bhaile sin mar a tomhaisfí iad i líne díreach ar mhapa shuirbhéireachta ordonáis na hÉireann; agus

(b) i bhfeidhm-sheilbh tailte no tithe a bheidh rátuithe chun fóirithin na mbocht do réir luacháil bhliantúil £20 glan laistigh den bhailecheanntar san agus rátaí íoctha aige in aghaidh gach bliana den dá bhliain a chuaidh díreach roimh dháta an toghacháin sin, rátaí a bhí dlite ar scór tailte no tithe dob' fhiú £20 glan sa bhliain agus a bhí suidhte mar adubhradh, lasmuich de pé rátaí a tháinig chun bheith iníoctha laistigh den trí mhí a chuaidh díreach roimh dháta an toghacháin sin

fé réir forálacha an Achta so beidh sé cáilithe le togha mar Choimisinéir:

Ach ní héileofar gur in aon áitreabh amháin a bheidh seilbh ag éinne den tsórt san chun bheith cáilithe mar adubhradh bliain ar bith ach féadfa sé bheith cáilithe mar sin má bhíonn sé i seilbh roinnt áitreabh díreach i ndiaidh a chéile laistigh den bhailecheanntar san.

Cáilíocht lucht na gCoimisinéirí do thogha.

10. —Beidh teideal ag na daoine seo a leanas, agus ní hag aon daoine eile, chun vótáil i dtoghachán na gCoimisinéirí:—

Sa chéad áit:—Gach duine a bheidh le linn an toghacháin sin i bhfeidhm-sheilbh tailte no tithe a bheidh rátuithe chun fóirithin na mbocht do réir luacháil bhliantúil £20 glan laistigh den bhailecheanntar agus rátaí íoctha aige in aghaidh gach bliana den dá bhliain a chuaidh díreach roimh dháta an toghacháin sin, rátaí a bhí dlite ar scór tailte na tithe dob' fhiú £20 glan sa bhliain agus a bhí suidhte mar adubhradh, lasmuich de pé rátaí a tháinig chun bheith iníoctha laistigh den trí mhí a chuaidh díreach roimh dháta an toghacháin sin:

Ach ní héileofar gur in aon áitreabh amháin a bheidh seilbh ag aon duine den tsórt san chun bheith cáilithe mar adubhradh bliain ar bith ach féadfa sé bheith cáilithe mar sin má bhíonn sé i seilbh roinnt áitreabh díreach i ndiaidh a chéile laistigh den bhailecheanntar;

Sa dara háit:—Gach duine a bheidh cláruithe ag Port Dhún Dealgan mar únaer ar 100 tonna cláruithe ar a luíod de loingeas an phuirt sin;

Sa tríú háit:—Gach duine a bheidh ina chomhnaí laistigh de chúig mhíle o thigh cúirte Dhún Dealgan agus a bheidh, dá cheart féin, i seilbh suime caipitiúla £100 ar a luíod i stoc aon chuideachtan loingseoireachta no aon chuideachtan árthaigh ghaile a bheidh bunuithe i bport Dhún Dealgan no a bheidh ag trádáil ón bport san;

agus i léiriú an ailt seo folóidh an focal “duine,” “cuideachta fhiachais theoranta,” “cuideachta thrádála” agus “páirtnéireacht thrádála”: agus féadfidh aon chuideachta fhiachais theoranta den tsórt san vótáil tré aon stiúrthóir no tré n-a rúnaí no tré oifigeach eile dhóibh dar tugadh go cuibhe údarás fé shéala: agus féadfidh aon chuideachta thrádála no páirtnéireacht thrádála den tsort san vótáil tré dhuine dá mbaill no dá bpáirtnéirí dar tugadh go cuibhe údarás i scríbhinn.

Liostaí deimhnithe d'únaerí loingeas.

11. —An 15adh lá d'Eanair no roimhe sin gach bliain déanfidh rúnaí na gCoimisinéirí no neachtar acu an té a bheidh de thurus na huaire ag cólíona dualgaisí rúnaí na gCoimisinéirí liost deimhnithe de long-únaerí cláruithe gur leo 100 tonna loingeas no níos mó agus a bheidh cláruithe i bport Dhún Dealgan d'fháil ón oifigeach custum a bheidh i bhfeighil chlár na loingeas i dTigh an Chustuim i bport Dhún Dealgan, agus gheobha sé o rúnaí gach cuideachtan loingseoireachta no cuideachtan árthaigh ghaile a bheidh bunuithe i bport Dhún Dealgan no a bheidh ag trádáil ón bport san liost deimhnithe de sna daoine uile gur leo suim chaipitiúil £100 ar a luíod i stoc na cuideachtan san agus a bheidh ina gcomhnaí laistigh de chúig mhile o thigh cúirte Dhún Dealgan, agus an dá liost san mar a bhíodar an 31adh lá de Mhí na Nodlag roimhe sin; agus na daoine go mbeidh a n-ainmneacha ar na liostaí sin isiad san fé seach na daoine a bheidh i dteideal vótáil sa chéad toghachán eile do Choimisinéirí ina dhiaidh sin mar long-únaerí cláruithe no mar únaerí ar stoc i gcuideachtana loingseoireachta no i gcuideachtana árthaigh ghaile.

Ní bheidh níos mó ná vóta amháin ag éinne.

12. —Ní bheidh teideal ag éinne chun níos mó ná aon vóta amháin in aon toghachán do Choimisinéirí.

Ait agus am an toghacháin.

13. —I ngach toghachán do Choimisinéirí déanfar an vótaíocht in oifig na gCoimisinéirí agus beidh an vótaíocht ar oscailt óna naoi a chlog ar maidin go dtí n-a sé a chlog tráthnóna.

Einne a thabharfidh faillí ina oifig mar Choimisinéir stadfa sé de bheith ina Coimisinéir.

14. —Gach Coimisinéir a bheidh, ar feadh trí mí tar éis a cheaptha no a thofa, gan an dearbhú a héilítear leis an Commissioners Clauses Act 1847 do dhéanamh agus do shighniú agus gan gníomhú i bhfeidhmiú an Achta so, no a bheidh ar feadh sé mí as láthair o chruinnithe uile na gCoimisinéirí, tuigfar gur dhiúltuigh sé do ghníomhú.

Na céad Choimisinéirí.

15. —Ocht nduine dhéag an méid Coimisinéirí a bheidh ann chun an tAcht so do chur i bhfeidhm; agus isiad céad Choimisinéirí a bheidh ann chun an tAcht so do chur i bhfeidhm ná Liam Twibill, Tomás Mac Gaoithín, Sir Tomás Mac Ardghail, Bearnárd O hAdhmaill, Séarlas Mac Giolla Fhionntáin, Séarlas Cúipéir, Séamus Guin, Pádraig O Daighre, Pádraig O Conaill, Séamus Mac Cuarta, Eireamhón Lockington, Eamonn Mac Liam, Bearnárd Mag Aonghusa, Maitiú O Néill, Liam O Conghaile, agus an bheirt is cathaoirleach agus leas-chathaoirleach de thurus na huaire ar Chomhairle Bhailecheanntair Dhún Dealgan agus an té is cathaoirleach de thurus na huaire ar chomhairle chontae Lughbhaidh agus, lasmuich den bheirt is cathaoirleach agus leas-chathaoirleach de thurus na huaire ar Chomhairle Bhailecheanntair Dhún Dealgan agus den té is cathaoirleach de thurus na huaire ar chomhairle chontae Lughbhaidh raghaid as oifig ar na tráthanna agus sa tslí a horduítear leis an Commissioners Clauses Act 1847 agus déanfidh na toghthóirí a bheidh cáilithe mar a luaidhtear san Acht so a gcomharbaí do thogha sa tslí adeirtar sa Commissioners Clauses Act 1847.

Beidh Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Chomhairle Bhailecheanntair Dhún Dealgan agus Cathaoirleach Chomhairle Chontae Lughbhaidh fé seach ina gCoimisinéirí.

16. —I dteanta na gCoimisinéirí a hainmnítear leis an Acht so no a bheidh tofa dá réir agus a bheidh ag gníomhú i bhfeidhmiú an Achta so, de thurus na huaire, beidh ina gCoimisinéirí, chun gníomhú i bhfeidhmiú an Achta so, an bheirt is cathaoirleach agus leas-chathaoirleach de thurus na huaire ar Chomhairle Bhailecheanntair Dhún Dealgan agus an té is cathaoirleach de thurus na huaire ar chomhairle chontae Lughbhaidh agus na daoine is comharbaí o am go ham do gach cathaoirleach den tsórt san agus don leas-chathaoirleach san Chomhairle Bhailecheanntair Dhún Dealgan, leanfidh gach duine acu de bheith ina Choimisinéir chun gníomhú i bhfeidhmiú an Achta so ar feadh pé aimsir a fhanfa sé ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach fé seach ar an gcomhairle bhailecheanntair sin no ina chathaoirleach ar an gcomhairle chontae fé seach. Ní bhainfidh forálacha alt 9 den Acht so le cathaoirleach ná le leas-chathaoirleach Chomhairle Bhailecheanntair Dhún Dealgan ná le n-a gcomharbaí fé seach ná le cathaoirleach chomhairle chontae Lughbhaidh ná le n-a chomharbaí, faid a bheid i seilbh a n-oifigí mar chathaoirleach agus mar leas-chathaoirleach den tsórt san fé seach ar Chomhairle Bhailecheanntair Dhún Dealgan agus mar chathaoirleach ar chomhairle chontae Lughbhaidh, agus feidhmeoidh siad san agus gach duine fé leith acu na cirt agus an t-údarás céanna a fheidhmeoidh éinne eile de sna Coimisinéirí.

Ríalacháin i dtaobh cruinnithe na gCoimisinéirí.

17. —Beidh a gcéad chruinniú ag na Coimisinéirí in Oifig an Chuain, Sráid na Céibhe, Dún Dealgan, an tríú Máirt tar éis rithte an Achta so ar a ceathair a chlog tráthnóna, agus tosnóid ar an Acht so do chur i bhfeidhm sa tslí a foráltar sa Commissioners Clauses Act 1847 agus beidh a gcruinnithe ina dhiaidh sin acu i pé áit agus pé tráthanna is oiriúnach leo o am go ham; agus beidh cruinniú cinn bliana ag na Coimisinéirí an chéad Dardaoin i mí na Márta gach bliain.

Ceiliúra rún.

18. —Nuair a bheidh aon rún no gníomh eile rithte no déanta in aon chor ag aon chruinniú a bheidh ag na Coimisinéirí ní ceiliúrfar ná ní hatharófar é ag aon chruinniú nua ina dhiaidh sin, mara gcuirtar síos i leabhar imeachta an chruinnithe a bheidh ann díreach roimhe sin fógra fé láimh chúigear no níos mó de sna Coimisinéirí go bhfuiltar chun an ceiliúra no an t-atharú san do dhéanamh, agus mara gcuiridh an rúnaí cóipeanna den bhfógra san ag triall ar na Coimisinéirí go léir lá is fiche ar a luíod roimh an gcruinniú nua, no mara socruítear ar an gceiliúra no ar an atharú san le móráireamh a bheidh có-dhéanta de thrí cheathrú ar a luíod de sna Coimisinéirí a bheidh i láthair ag an gcruinniú nua san, no maran mó an méid Coimisinéirí a bheidh i láthair ag an gcruinniú nua san ná an méid a bhí i láthair nuair a ritheadh an rún san no a dineadh an gníomh san.

Ionchorparú na gCoimisinéirí.

19. —Na Coimisinéirí a bheidh ag gníomhú de thurus na huaire i bhfeidhmiú an Achta so beid ina gCorparáid go síor-chomharbas, fén ainm “Coimisinéirí Chuan Dhún Dealgan” agus, mar chorparáid, beidh séala corparáide acu, agus beidh comhacht acu chun tailte do cheannach agus do chimeád, agus beid ina bhforchimeádaithe do chuan agus do phort Dhún Dealgan fé réir na bhforálacha atá san Acht so.

Oibreacha atá ann do dhílsiú sna Coimisinéirí.

20. —O thosach feidhme an Achta so agus díreach ina dhiaidh sin agus fé réir mar a foráltar ina dhiaidh seo anso, dílseoidh gach piara, solus, éadtromán mara agus obair eile, agus gach talamh, tionóntachán, ionoighreachta, foirgint, agus éasáid, agus gach ceart gnás-bhunuithe agus eile, agus gach comhacht agus príbhléid, de gach aon tsaghas riamh, ar a mbeidh no chun a mbeidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, greim no seilbh no teideal do réir dlí no cothruim ag na Coimisinéirí a ceapadh fé Acht 1855 no ag éinne ar iontaoibh dóibh, agus gach ráta no airgead a bheidh dlite no ag teacht dlite do sna Coimisinéirí sin agus gach urrús, leabhar, cuntas, scríbhinn, rud-arfionnraí, éifeacht agus maoin leis na Coimisinéirí sin, dílseoid agus dílsítear iad leis seo go maith agus go héifeachtúil sna Coimisinéirí, agus beid dá gcuid féin ag na Coimisinéirí, a ceapadh leis an Acht so no dá bhua, ach amháin sa chás ina bhforáltar agus mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so, chun iad do bheith ar seilbh acu féin agus ag á gcomharbaí chun crícheanna an Achta so, agus chun na n-estát agus na dtéarmaí céanna agus na leasanna céanna eile, pé cinn iad, a bhí ionta ag na seana-Choimisinéirí no ag éinne ar iontaoibh dóibh fé Acht 1855 no a leanfadh acu ionta dá mba ná déanfí Acht 1855 d'athghairm, ach san mar sin féin fé réir pé muirir, leasanna agus fiachaisí fé n-a mbeidh na háitreibh chéanna fé seach díreach roimh thosach feidhme no le linn tosach feidhme an Achta so.

Fanfidh na dintiúirí, na có-aontuithe, na connartha, etc., i bhfeidhm, agus beidh na fiacha, etc., ar na Coimisinéirí nua.

21. —Gach leithliú, árachas, léas, aistriú, deontas, morgáiste, breithiúntas, banna, cumhnant, có-aontú, connra, mola, urrús, agus instruimid eile a dineadh, a críochnuíodh no fé n-ar chuathas ag no idir aon duine no daoine agus na Coimisinéirí a ceapadh fé Acht 1855 no a gcomharbaí sin, chun aon duine no daoine den tsórt san agus chun na gCoimisinéirí sin no chun éinne no ceachtar acu, no leo san no ina bhfabhar no dhóibh, beid agus fanfid agus leanfid, agus faisnéistear leis seo iad do bheith agus d'fhanúint agus do leanúint, i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht, agus na Coimisinéirí a ceapadh leis an Acht so no dá bhua agus gach duine agus dream den tsórt san beid fé seach ceangailte leis an gcéanna agus beidh ortha fé seach an céanna do chríochnú agus do chólíona.

Íocfar fiacha leis na Coimisinéirí agus íocfid a bhfiacha.

22. —D'ainneoin athghairm Acht 1855, gach duine go mbeidh aon tsuim airgid dlite air, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, ag na Coimisinéirí a ceapadh fé Acht 1855 no ag á gcomharbaí sin no ag éinne thar a gceann, íocfa sé an céanna maraon leis an ús go léir (más ann do) a bheidh dlite no le teacht dlite ar son an chéanna leis na Coimisinéirí; agus na fiacha agus an t-airgead uile a bheidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, dlite o sna seana-Choimisinéirí no ortha no ionbhainte dhíobh, no go mbeidh ar na seana-Coimisinéirí iad d'íoc, no go mbeadh ortha iad d'íoc mara mbeadh athghairm Acht 1855, íocfidh na Coimisinéirí iad no beid ionbhainte dhíobh maraon leis an ús go léir (más ann do) a bheidh dlite no le teacht dlite ar son an chéanna.

Féadfar riaráiste custum, etc., do bhaint amach.

23. —Gach custum no cíos a bheidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, dlite agus iníoctha, no ag teacht dlite agus iníoctha, do sna seana-Choimisinéirí no leo, beid iníoctha leis na Coimisinéirí a ceapadh leis an Acht so, no dá bhua, agus féadfidh na Coimisinéirí sin iad do bhailiú agus do bhaint amach, fé mar a féadfar aon chustuim no cíosanna a deontar leis an Acht so do bhailiú no do bhaint amach.

Ní maolófar aicsin, etc.

24. —Ní dhéanfidh athghairm Acht 1855 maolú, scur, nea-mbríochaint, ná oibriú docharach ar aon aicsean, cúiseamh, cúis dlí, athchomharc ná fógra athchomhairc, ná ar aon ordú ná breith o aon Bhreitheamh Dúithche ná ar éinní nea-chríochnuithe i láthair aon Bhreithimh Dhúithche, ná ar aon ghabháil earraí, dul isteach, feidhmiú, eadarscán, mola ná imeacht eile ar bith a tosnuíodh, a bhí ar siúl no a gearradh, a tugadh, a dineadh, no a bunuíodh ag na seana-Choimisinéirí no ar a son no ina gcoinnibh, no maidir leis an bport, leis an bpiara no leis na hoibreacha eile laistigh dá n-údarás, roimh thosach feidhme an Achta so; ach ina ionad san is amhlaidh a leanfidh an céanna ar siúl agus a ragha sé in éifeacht i bhfabhar no i gcoinnibh no i dtaobh na gCoimisinéirí a bheidh ag gníomhú fén Acht so agus san ar gach, slí díreach mar a leanfadh an céanna ar siúl agus a raghadh sé in éifeacht i bhfabhar no i gcoinnibh no i dtaobh na seana-Choimisinéirí dá mba ná rithfí an tAcht so; agus gach fíneáil fé n-ar chuathas tré aon chionta no in aon chionta i gcoinnibh forálacha Acht 1855 no i gcoinnibh aon fho-dhlí no rialacháin de chuid no i dtaobh na seana-Choimisinéirí no an phuirt, an phiara, no na n-oibreacha eile laistigh dá n-údarás roimh thosach feidhme an Achta so, déanfar agus féadfar cúis dlí do bhunú mar gheall uirthi agus do bhaint amach, agus gach cionta a dineadh roimh thosach feidhme an Achta so i gcoinnibh forálacha Acht 1855 no i gcoinnibh aon fho-dhlí no rialacháin den tsórt san féadfar cúiseamh do dhéanamh ann, agus san i pé slí agus ar an gcuma gcéanna, chun gach intinne agus críche, ina mbunófí cúis dlí mar gheall ar an gcéanna agus ina mbainfí amach é agus ina ndéanfí cúiseamh ann fé seach dá mba ná déanfí Acht 1855 d'athghairm; óir, maidir leis na nithe roimhráite tuigtar gurb ionann ar gach slí na Coimisinéirí a bheidh ag gníomhú fén Acht so agus na Coimisinéirí a bhí ag gníomhú fé Acht 1855.

Cosaint do chirt chun aicsin.

25. —Ní tuigfar go ndineann éinní san Acht so dochar ná difir d'aon cheart ná cúis chun aicsin no chun cúise dlí ná d'aon leigheas a bhí ag na seana-Choimisinéirí i gcoinnibh aon duine no Corparáide, no a bhí ag aon duine no corparáid i gcoinnibh na gCoimisinéirí sin le linn tosach feidhme an Achta so; ach féadfar gach ceart, cúis agus leigheas den tsórt san d'fheidhmiú no do chur ar aghaidh ag na Coimisinéirí a bheidh ag gníomhú fén Acht so no ina gcoinnibh ar an gcuma gcéanna agus laistigh den aimsir chéanna ina ndéanfí an céanna d'fheidhmiú no do chur ar aghaidh ag na seana-Choimisinéirí no ina gcoinnibh dá mba ná rithfí an tAcht so.

Ní dhéanfidh an athghairm difir do chearta atá ann fé láthair.

26. —D'ainneoin athghairm Acht 1855 beidh gach ní a dineadh no a leigeadh a dhéanamh roimh thosach feidhme an Achta so agus fé Acht san 1855, beidh sé chó dleathach is dá mba ná déanfí an tAcht san d'athghairm; agus dá réir sin beidh athghairm an Achta san agus an tAcht so fé seach fé réir gach ní agus gan dochar do gach ní a dineadh no a leigeadh a dhéanamh amhlaidh agus fé réir gach cirt, fiachais, éilimh agus iarraidh, fé láthair agus san am le teacht, agus gan dochar dóibh, a bheadh ag baint le héinní agus le gach ní a déanfí no a leigfí a dhéanamh amhlaidh, no a thiocfadh dá bharr san, dá mba ná déanfí Acht 1855 d'athghairm agus an tAcht so do rith; agus maidir le gach ceart, fiachas, éileamh agus iarraidh den tsórt san, beidh na Coimisinéirí fén Acht so in ionad na gCoimisinéirí fé Acht 1855 chun gach intinne agus críche. Ach ní dhéanfidh aon chlás sábhála, fé leith agus níos déine ná so, san Acht so srian do chur le generáltacht an achtacháin seo.

Déanfidh oifigigh fé Acht 1855 cuntas do thabhairt uatha.

27. —Na hoifigigh agus na daoine go léir go mbeidh ar seilbh no fé n-a gcúram acu, le linn tosach feidhme an Achta so, aon airgead, leabhair, scríbhinní, páipéirí, scríbhneoireachtaí, urrúis, earraí, áirnéis no éifeachtaí eile fe aon cheann d'fhorálacha Acht 1855, no dá bhua, tabharfa siad cuntas sa chéanna agus tabharfa siad suas an céanna do sna Coimisinéirí a ceapadh fén Acht so no dá bhua, no do pé duine a cheapfidh na Coimisinéirí sin chun an céanna do ghlaca agus san ar an gcuma gcéanna agus fé réir an phróisis, na bpian agus na bpionós gcéanna mar gheall ar dhiúltú no ar fhaillí, is dá mba fé fhorálacha an Achta so a ceapfí na hoifigigh agus na daoine sin agus a gheobhaidís seilbh ar an airgead, na leabhair, na scríbhinní, na páipéirí, na scríbhneoireachtaí, na hurrúis, na hearraí, an áirnéis, no na héifeachtaí eile sin.

Cimeádfar na hoifigigh atá ann fé láthair.

28. —Na hoifigigh agus na daoine go léir a ceapadh fé Acht 1855 leanfid ina n-oifigí agus ina bhfostaíochtaí fé seach do réir a gceaptha fé seach go dtí go gcuirfar asta iad; agus beidh ag gach oifigeach agus duine den tsórt san na comhachta, na príbhléidí agus na búntáistí céanna a bheadh acu agus beidh siad-san agus gach urra ionchurtha fé sna coiníollacha, na pionóis, na hoblagáidí, na sriantachtaí agus na rialacháin chéanna fé n-a mbeidís ionchurtha dá mba fén Acht so a ceapfí na hoifigigh agus na daoine sin agus a cuirfí ceangal ar na hurraithe sin.

Leabhair, etc., do leanúint de bheith mar fhianaise.

29. —Gach leabhar agus scríbhinn eile, pé saghas iad, go n-údaruítear no go n-orduítear le hAcht 1855 iad do chimeád agus go ndineann an tAcht san fianaise dhíobh, glacfar leo mar fhianaise i ngach Cúirt dlí agus chothruim no in aon áit eile i gcoinnibh no i bhfabhar na gCoimisinéirí a ceapadh leis an Acht so no dá bhua.

I dtaobh forálacha i Reachtanna ar mhaithe leis na seana-Choimisinéirí.

30. —Gach foráil, comhacht, ceart agus príbhléid a deontar, a cosantar no a hachtuítear le haon Reacht (seachas Acht 1855) a bhaineann leis na seana-Choimisinéirí no a dhineann difir dóibh no atá chun tairbhe dhóibh agus nár hathghairmeadh o shoin, fé réir forálacha agus sriantachtaí an Achta so agus d'ainneoin athghairm Acht 1855 beidh feidhm agus éifeacht acu díreach fé is dá mba ná déanfí Acht 1855 d'athghairm, agus bainfid leis na Coimisinéirí a ceapadh leis an Acht so no dá bhua agus feidhmeoidh agus cuirfidh na Coimisinéirí sin i bhfeidhm iad agus déanfar amhlaidh ina gcoinnibh ar shlí chó hiomlán agus chó tairbheach, chun gach intinne agus críche, agus bhainfadh na forálacha, na comhachta, na cearta agus na príbhléidí céanna fé seach leis na seana-Choimisinéirí, no a fheidhmeodh no a chuirfadh na Coimisinéirí sin i bhfeidhm iad no a déanfí amhlaidh ina gcoinnibh, dá mba ná rithfí an tAcht so.

Comhacht do sna Coimisinéirí chun céibh-éadan nua do dhéanamh, chun céibheanna atá ann fé láthair d'athdhéanamh agus do mhéadú, chun míntíreach do dhéanamh de thailte lathaighe agus bancánachtaí coinneála do dhéanamh agus chun tailte, céibheanna, etc., do thógaint.

31. —Fé réir forálacha an Achta so féadfidh na Coimisinéirí, ar na tailte a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta agus 'na bhfuil a dtuairisc sa leabhar eolais lóisteálta, céibh-éadan nua do dhéanamh de chloich, de shuiment, d'adhmad no d'abhar oiriúnach eile agus céibheanna atá ann fé láthair d'athdhéanamh agus do mhéadú, agus míntíreach do dhéanamh de sna tailte lathaighe, de ghrinneall na habhann, agus den chladach, agus na bancánachtaí coinneála dhóibh do dhéanamh sna línte agus sna suidhimh a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta agus 'na dtugtar a dtuairisc ina dhiaidh seo anso (agus maidir le gach bancánacht, ar aon leibhéal nách aoirde ná 44 troithe os cionn an líne dhátum a taisbeántar ar na gearrtha lóisteálta); agus fé réir na bhforálacha adubhradh féadfidh na Coimisinéirí gach leataobh bóthair iarainn, cuainín, céibh, caladh, bóthar, bealach isteach, foirgint, stóras, fánán, plána fánaidh, fánóg, droichead, biordhorus, comhla uisce, dréin, líntéir, láithreán ládála, gléas ceangail, crann tógála, greamadóir, tochard, ancaire, slabhra ceangail, éadtromán mara, doilphín, fráma ceangail, post, taca, crann tomhais, siopa oibre, solus agus tigh soluis, bád dreidearachta, dreidire, bád tarraingthe, meaisín, obair agus áis atá riachtanach agus áiseach do dhéanamh, do leaga síos, do thógáil, do sholáthar agus do choinneáil i dtreo sa chuan no sa phort, sna céibheanna, sna calaidh, sna tailte lathaighe agus sna bancánachtaí no ortha no in aice leo, no aon rud acu san a bheidh riachtanach no oiriúnach i ndéanamh agus i gcoinneáil-i-dtreo na rudaí sin agus chuige sin; agus féadfid dul isteach ar na tailte, na céibheanna, na calaidh, na bóithre, na bealaigh isteach, na foirgintí, na leataobhacha bóthair iarainn, na hoibreacha agus an mhaoin eile go bhfuil a dtuairise sa leabhar colais lóisteálta, pé cinn is gá chun na gcrícheanna san, agus iad do thogaint agus d'úsáid; agus féadfid gach ceann no aon cheann de sna céibhcanna, na calaidh, na bóithre, na bealaigh isteach, na foirgintí, na leataobhacha bóthair iarainn agus na hoibreacha atá ann fé láthair, agus gach maoin no aon mhaoin eile atá ar na rudaí sin, agus iad uile laistigh den chuan agus den phort agus le feiscint ar na pleananna lóisteálta, do cheannach go héigeanta no ar aon tslí eile ach amháin mar a foráltar ina dhiaidh seo anso.

Ní tógfar céibh an Dundalk and Newry Steam Packet Co., Ltd.gan cead.

32. —D'ainneoin éinní san Acht so, ní bheidh sé dleathach do sna Coimisinéirí ach amháin mar a foráltar ina dhiaidh seo anso, an chéibh, an caladh ná na tailte atá anois i seilbh an Dundalk and Newry Steam Packet Company, Limited, agus dá ngairmtear Céibh Long Ghaile Dhún Dealgan agus atá marcálta ar an bplean lóisteálta fén ainm “Dundalk and Newry Steam Packet Company's Quay and Premises” do cheannach, do thógaint ná d'úsáid, ná baint leo ar aon tslí eile, gan cead i scríbhinn ón gCuideachtain sin agus séala na Cuideachtan san air mar dheimhniú ar a dhílse.

Beidh ceart céad-cheannaigh Chéibh na Long Ghaile ag na Coimisinéirí.

33. —Ach ní dhéanfidh an Dundalk and Newry Steam Packet Company Limited an Chéibh, an Caladh ná na tailte sin na Long Ghaile do dhíol le haon duine ná Corparáid seachas na Coimisinéirí, ná iad do thabhairt dóibh, mara dtairgidh ná go dtí go dtairgfidh an Chuideachta san iad do dhíol leis na Coimisinéirí agus go ndiúltóidh na Coimisinéirí d'iad do ghlaca no go mbeidh na Coimisinéirí ar feadh trí mí o am na tairisginte sin gan í do ghlaca agus, mar fhianaise ar an tairisgint sin do dhéanamh agus ar dhiúltú dhi no ar í bheith gan glaca ar feadh trí mí o am a déanta, is leor deimhniú fé láimh Bhreithimh Dhúithche á rá san; agus ar iarratas na Cuideachtan agus ar thaisbeáint pé fianaise is dó leis an mBreitheamh san is ceart agus is leor, deonfidh an Breitheamh san an deimhniú san dá réir sin.

Chun praghas Chéibh na Long Ghaile do shocrú.

34. —Tar éis don Chuideachtain sin an chéibh, an caladh agus na tailte sin na Long Ghaile, no aon chuid díobh, do thairisgint le díol, mar adubhradh, más mian leis na Coimisinéirí iad do cheannach agus ná có-aontóidh no Coimisinéirí agus an Chuideachta san i dtaobh a bpraghais, socrófar an praghas san le headarscán fé sna forálacha atá leagtha amach chuige sin sa Lands Clauses Consolidation Act 1845, agus in Achtanna leasúcháin, ach beidh costaisí an eadarscáin sin fé mar is toil leis na Moltóirí.

Tuairisc na n-oibreacha a húdaruítear.

35. —Ar na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so tá na hoibreacha so a leanas, eadhon:—

1. Míntíreach, ina bhfuil 2 ród 10 bpéirsí, no mar sin, do réir tomhais reachtúla, cuid de i mbaile fearainn Pháirceanna an Bhaile, i bparóiste Dhún Dealgan, i mbailecheanntar Dhún Dealgan, agus i gcontae Lughbhaidh, agus cuid de san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, i mbailecheanntar Dhún Dealgan, teoranta ar an taobh thiar le Bóthar Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt, ar an taobh theas le Céibh Sheoirse, agus ar an taobh thoir agus thoir thuaidh leis an mbancánacht bheartuithe dá ngairmtear Obair Uimh. 2 ina dhiaidh seo anso.

2. Bancánacht, 4.8 no mar sin de shlabhraí ar faid, do réir tomhais reachtúla, cuid di i mbaile fearainn Pháirceanna an Bhaile, i bparóiste Dhún Dealgan, i mbailecheanntar Dhún Dealgan, agus i gcontae Lughbhaidh, agus cuid di san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, i mbailecheanntar Dhún Dealgan, ag tosnú ag an gceann thoir de thaca theas an droichid bhóthair iarainn ar a dtéigheann Bóthar Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt os cionn abhann Dhún Dealgan, agus ag críochnú ag coirneul Chéibh Sheoirse os coinne clóis ghuail Mhaitiú Uí Néill, puínte atá caoga slat lastoir de chrosleibheul Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt agus an bhóthair dá ngairmtear Bóthar Naomh Helena agus a théigheann go Céibh Sheoirse.

3. Céibh-fhalla no céibh-éadan eile, 2 stad 3 slabhraí no mar sin ar faid, do réir tomhais reachtúla, agus leathnú céibheanna atá ann fé láthair, cuid de i mbaile fearainn Pháirceanna an Bhaile, i bparóiste Dhún Dealgan, i mbailecheanntar Dhún Dealgan agus i gcontae Lughbhaidh, agus cuid de san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, i mbailecheanntar Dhún Dealgan, ag tosnú ag puínte deiridh Obair Uimh. 2, 'na bhfuil a tuairisc tugtha cheana, agus ag críochnú ag puínte ag ceann thuaidh fánóige na mbád ag an gcéibh dá ngairmtear Céibh Mhic Liam, puínte atá 75 slata ón gceann thiar de Chéibh an Dundalk and Newry Steam Packet Company má tomhaistear siar.

4. Doimhniú cuid den chéibh-fhalla, 3.4 no mar sin de shlabhraí ar faid, do réir tomhais reachtúla, 'na ngairmtear Céibh Mhic Liam de chuid de agus Céibh Uí Ruairc de chuid eile dhe, cuid de i mbaile fearainn Pháirceanna an Bhaile, i bparóiste Dhún Dealgan, i mbailecheanntar Dhún Dealgan agus i gcontae Lughbhaidh, agus cuid de san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, i mbailecheanntar Dhún Dealgan, ag tosnú ag puínte deiridh Obair Uimh. 3, 'na bhfuil a tuairisc tugtha cheana, agus ag críochnú ag an gceann thiar de chéibh-fhalla an Dundalk and Newry Steam Packet Company.

5. Míntíreach ina bhfuil 270 acra no mar sin, do réir tomhais reachtúla, den líomatáiste dá ngairmtear na tailte lathaighe thuaidh, Cuan Dhún Dealgan, cuid de i mbaile fearainn an tSeiscinn Thuaidh, i mbailecheanntar Dhún Dealgan agus i gcontae Lughbhaidh, cuid de i mbaile fearainn an tSeiscinn Thuaidh, i dtuathcheanntar Dhún Dealgan agus i gcontae Lughbhaidh, cuid de san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, i mbailecheanntar Dhún Dealgan, agus cuid de san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, teoranta ar an taobh thiar le Bóthar Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt, ar an taobh theas agus ar an taobh thoir le bancánacht dá ngairmtear Obair Uimh. 6 ina dhiaidh seo anso, agus ar an taobh thuaidh go leathrannach le seana bhancánacht dá ngairmtear Bádhún Uí Chearnaigh no Dob, agus go leathrannach le Cuideachta Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt.

6. Bancánacht, 1 mhíle 7 stada agus 6 slabhraí no mar sin ar faid, do réir tomhais reachtúla, cuid de i mbaile fearainn an tSeiscinn Thuaidh i mbailecheanntar Dhún Dealgan agus i gcontae Lughbhaidh, cuid de i mbaile fearainn an tSeiscinn Thuaidh i dtuathcheanntar Dhún Dealgan agus i gcontae Lughbhaidh, cuid de san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, i mbailecheanntar Dhún Dealgan, agus cuid de san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, ag tosnú ag puínte ar an taobh thoir de thaca thuaidh an droichid ar a dtéigheann Bóthar Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt os cionn abhann Dhún Dealgan, agus ag dul soir fan an taoibh thuaidh, agus ag leanúint chúrsa abhann Dhún Dealgan go puínte ar Theora-Fhalla Thuaidh na habhann san 100 slat laistiar de rabhachán mara Uimh. 12, agus as san siar o thuaidh, agus ag críochnú ag puínte ar fhánaidh theas bhancánacht Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt, 130 slat o thaca thiar dhroichead Bhaile Mac Scanlán ar an mbóthar iarainn sin má tomhaistear siar.

7. Míntíreach, ina bhfuil 40 acra no mar sin do réir tomhais reachtúla, cuid de i mbaile fearainn an Phuínte, i dtuathcheanntar Dhún Dealgan agus i gcontae Lughbhaidh, agus cuid de san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, teoranta ar an taobh thuaidh agus ar an taobh thoir leis an mbancánacht dá ngairmtear Obair Uimh. 8 ina dhiaidh seo anso, agus ar an taobh thiar go leathrannach le fánóig phaiteanta agus le háitreabh Choimisinéirí Chuan Dhún Dealgan agus go leathrannach leis an áitreabh dá ngairmtear stáisiún bhaetéirí Phuínte an tSaighdiúra, agus ar an taobh thiar theas agus ar an taobh theas le tailte i mbaile fearainn an Phuínte dá ngairmtear Páirceanna Uí Lionnáin.

8. Bancánacht, 4 stada 7 slabhraí no mar sin ar faid, do réir tomhais reachtúla, cuid di i mbaile fearainn an Phuínte, i dtuathcheanntar Dhún Dealgan agus i gcontae Lughbhaidh, agus cuid di san áit sin de ghrinneall agus de chladach Chuan Dhún Dealgan atá lasmuich den pharóiste, ag tosnú ag puínte ar an taobh thoir d'fhánóig phaiteanta Choimisinéirí Chuan Dhún Dealgan, 86 slata ón gcúinne thoir thuaidh de gháirdíní an stáisiúin bhaetéirí sin má tomhaistear siar o thuaidh, agus ón áit sin ag dul o thuaidh ar dtúis, agus ansan soir, agus ansan o dheas agus siar o dheas, agus ag críochnú ag puínte ar mharc na lán-taoide 450 slat ón gcúinne thoir theas de gháirdíní an stáisiúin bhactéirí sin, má tomhaistear soir o dheas.

Claona i leataoibh agus suas no síos.

36. —Ag déanamh na n-oibreacha dhóibh a húdaruítear leis an Acht so, féadfidh na Coimisinéirí, fé réir forálacha an Achta so, claona i leataoibh o línte na n-oibreacha san a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta chó fada leis na teoranna claontaíochta a taisbeántar ansan, agus claona suas no síos o leibhéil na n-oibreacha san a taisbeántar ar na gearrtha lóisteálta chó fada le trí troithe: Ach ní déanfar aon chlaona a húdaruítear leis an Acht so i slí is go luíodófí spás intseolta an chuain gan cead roimh ré ón Aire Tionnscail agus Tráchtála, ná in aon tslí eile seachas mar a údaróidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála go soiléir.

An tréimhse chun na hoibreacha do chríochnú.

37. —Críochnófar laistigh de dheich mbliana tar éis rithte an Achta so an céibh-fhalla agus an leathnú céibheanna agus an doimhniú ar chuid den chéibh-fhalla a tuairiscítear in Oibreacha 3 agus 4 fé seach agus a húdaruítear le halt 35 den Acht so agus ar bheith caithte don tréimhse sin scuirfar d'fheidhmiú na gcomhacht a deontar do sna Coimisinéirí leis an Acht so chun an céibh-fhalla san do dhéanamh agus chun cuid den chéibhfhalla do dhoimhniú: Ach ní bhainfidh an teora aimsire sin le haon obair a dhéanfidh na Coimisinéirí ag dreidearacht no ag doimhniú an chuain agus na slí isteach ann no ag feabhsú an chéanna ar aon tslí eile, agus ag déanamh an phuirt sábhálta agus fairsing, ach féadfidh na Coimisinéirí an obair sin do thógaint ortha féin agus do dhéanamh aon uair.

Féadfar bóithre, camraí, cúrsaí uisce, etc., do stopa, do chlaona no do mhéadú, etc.

38. —Féadfidh na Coimisinéirí a chur fé ndeár aon bhóithre, bóithre móra, sráideanna, casáin, tunail, sruthanna, cúrsaí uisce, leataobhacha bóthair iarainn, camraí, dréineanna, píopaí, sranganna agus fearaistí, puiblí agus príobháideach, a bheidh san ionad atá beartuithe do sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so, no in aice leis, d'oscailt, do stopa, do bhrise, do thrasnú, d'atharú, do mhéadú, no do chlaona, no baint leo ar aon tslí eile (pe'ca go sealadach no go buan é) fé mar is dó leo is gá no is caothúil chun na hoibreacha beartuithe sin no aon cheann acu, no aon cheann de sna hoibreacha agus de sna háisí a bhaineann leo, do dhéanamh agus do chríochnú, no maidir leo, no chun aon chríche de chrícheanna a ngnótha; ach go ndéanfidh agus go soláthróidh na Coimisinéirí, in ionad na mbóthar, na mbóthar mór, na sráideanna, na gcasán, na dtunal, na sruth, na gcúrsaí uisce, na leataobhacha bóthair iarainn, na gcamraí, na ndréineanna, na bpíopaí, na sranganna no na bhfearaistí sin, sara stopaid iad no sara mbainid leo ar aon tslí eile, slite maithe dóthanacha chun trácht do chur agus d'athchur chun siúil no do sheola ar bhóithre, ar chasáin, ar bhóithre móra, ar shráideanna no ar leataobhacha bóthair iarainn, agus slite maithe dóthanacha chun an t-uisce agus an chamracht do bhreith chun siúil o sna tailte agus o sna háitreibh a bheidh teoranta no in aice leis na hoibreacha san, agus malairt sranganna agus fearaistí eile a bheidh go maith agus go dóthanach chun na gcrícheanna chun a bhfoghnann do ghnáth na sranganna agus na fearaistí a hatharófar no le n-a mbainfar amhlaidh, agus san go léir chó caothúil ar gach slí leis na bóithre, na bóithre móra, na sráideanna, na casáin, na tunail, na sruthanna, na cúrsaí uisce, na leataobhacha bóthair iarainn, na camraí, na dréineanna, na píopaí, na sranganna agus na fearaistí, puiblí agus príobháideach, a hosclófar, a brisfar, a trasnófar, a hatharófar, a méadófar, a claonfar, no le n-a mbainfar ar aon tslí eile fé mar adubhradh.

Más rud é, i bhfeidhmiú na gcomhacht a tugtar dóibh leis an Acht so, go dteastóidh o sna Coimisinéirí aon chuid de sna plásáin atá marcálta le 12a agus le 14 ar na pleananna lóisteálta agus ar a dtugtar mar thuairisc sa leabhar eolais “roadway electric wire and pole” agus “quay railway sidings roadway mooring posts electric lighting poles and wires water mains” fé seach tabharfidh na Coimisinéirí do T. & J. Connick & Company gach am ina dhiaidh seo lán-cheart saor chun gabháil thar na plásáin agus trasna na bplásán san a gheobhfar amhlaidh fan na mbóthar go léir atá ortha go háitreabh agus o áitreabh T. & J. Connick & Company go dtí an Céibh-Eadan atá ann anois no aon Chéibh-Eadan a bheidh ann chun gach críche, agus ní chuirfidh na Coimisinéirí cosc ná ní bhainfid leis na bóithre atá ann anois mara dtugtar do T. & J. Connick & Company saoráidí chó maith leo isteach is amach.

Dílseoidh tailte dá ndéanfar míntíreach, bancánachtaí, etc., sna Coimisinéirí.

39. —Na tailte lathaighe, an cladach agus na bancánachtaí (nách tailte lathaighe, cladach agus bancánachtaí atá dílsithe go dtí so sa Stát no in aon roinn den Stát, no atá ar seilbh chun úsáide no tairbhe na puiblíochta) go n-údaruítear do sna Coimisinéirí le halt 35 den Acht so míntíreach do dhéanamh díobh agus iad do thógáil, dílseoid agus dílseofar iad sna Coimisinéirí nuair a bheidh míntíreach déanta dhíobh agus a bheid tógtha amhlaidh; agus mara ndintar míntíreach amhlaidh ach de chodacha dhíobh no mara dtógtar amhlaidh ach codacha dhíobh, dílseoidh na codacha san agus dílseofar iad amhlaidh sna Coimisinéirí; agus maidir le talamh agus ithir ghrinnill agus chladaigh Abha Dhún Dealgan a bheidh clúduithe leis an gCéibh-éadan agus leis an méadú no leis an leathnú ar na Céibheanna atá ann fé láthair a húdaruítear le halt 35 den Acht so, no a bheidh fé sna rudaí sin, dílseoid, agus dílseofar iad, sna Coimisinéirí, ach cirt an Stáit do bheith ar cosnamh mar adubhradh, bíodh gur d'obair chuaillí oscailte amháin a bheidh an céibh-éadan san có-dhéanta: Ach ní oibreoidh éinní san Acht so chun díthe do leas aon duine ná daoine atá i dteideal chun aon chíosa no cíos-mhuirir as aon cheann de sna tailte lathaighe sin no de sna tailte clábair no de sna tailte seiscinn ar an gcéanna no in aice an chéanna, ná do leas aon duine ná daoine atá i dteideal chun aon cheartanna no leasanna sna tailte lathaighe sin no i dteideal chun aon éasáidí thórsa: Agus beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí connra agus có-aontú do dhéanamh chun na tailte lathaighe no an cladach san do shaora o aon chíos no cíos-mhuirear den tsórt san agus chun aon cheart, leas no éasáid den tsórt san do chur ar neamh-ní.

Comhacht chun dul isteach ar bhóithre agus ar thailte agus iad d'úsáid agus do shealbhú chun crícheanna sealadacha.

40. —Beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí, aon uair roimh dheire na dtréimhsí fé seach a ceaptar leis seo chun na hoibreacha do chríochnú, dul isteach ar aon bhóithre no tailte a taisbeántar ar an bplean san agus a tuairiscítear sa Leabhar Eolais sin, agus na bóithre sin do shealbhú go sealadach le linn na hoibreacha a húdaruítear leis seo do bheith ag dul ar aghaidh agus na tailte sin d'úsáid chun aon chríche acu so a leanas, sé sin le rá:—

Chun cré no ithir do thógaint asta;

Chun abhar a tóchadh do chur ortha;

Chun abhar do thógaint asta chun bancánachtaí agus oibreacha eile do thógáil no do dheisiú;

Chun bóithre do dhéanamh ortha go dtí na bancánachtaí agus na hoibreacha eile sin no uatha no le n-a dtaobh agus go dtí aon choireul ar na tailte sin no uatha.

An tréimhse chun tailte do cheannach go héigeanta.

41. —Na comhachta a bheidh ag na Coimisinéirí chun tailte do thógaint go héigeanta chun crícheanna an Achta so ní bheid infheidhmithe tar éis sé mblian o am rithe an Achta so.

Tailte chun crícheanna nea-ghnáthacha.

42. —I dteanta na dtailte atá fachta agus ar seilbh cheana ag na Coimisinéirí no a thógfidh na Coimisinéirí fé chomhachta an Achta so, féadfidh na Coimisinéirí le có-aontú, aon mhéid tailimh nách mó ná fiche acra do cheannach chun crícheanna nea-ghnáthacha a bhaineann le n-a ngnó.

Rátaí tonnáiste.

43. —Déanfidh máistir no únaer gach árthaigh a thiocfidh isteach sa phort na rátaí seo a leanas d'íoc agus beid iníoctha aige leis na Coimisinéirí no le pé duine, chun úsáide na gCoimisinéirí, go mbeidh údarás cuibhe aige o sna Coimisinéirí chun iad do ghlaca, sé sin le rá:—Ar gach árthach a thiocfidh isteach i bport Dhún Dealgan, suim ná raghaidh thar scilling ar gach tonna de thonnáiste ionrátuithe an árthaigh sin; agus isé rud é an tonnáiste ionrátuithe sin ná an cion san (nách mó ná caoga per cent.) de thonnáiste iomlán chláruithe an árthaigh sin a shocróidh na Coimisinéirí o am go ham.

Custuim as úsáid bháid tharraingthe.

44. —Féadfidh na Coimisinéirí custum d'éileamh ná raghaidh thar scilling an tonna de thonnáiste ionrátuithe (mar a mínítear é in alt 43 den Acht so) aon árthaigh a dhéanfidh úsáid d'aon bhád tarraingthe de chuid na gCoimisinéirí.

An modh chun tonnáiste do dhéanamh amach.

45. —Is do réir an tonnáiste chláruithe i gclár na luinge a déanfar amach tonnáiste no tuise gach árthaigh ar a mbeidh aon rátaí tonnáiste le n'íoc fén Acht so agus éilítear leis seo ar mháistir gach árthaigh fé leith no ar an té a bheidh i gceannas air an deimhniú san ar chlárú do thaisbeáint nuair a bheidh na rátaí sin á n-íoc leis an duine no leis na daoine go mbeidh údarás cuibhe acu chun na rátaí sin do bhailiú agus do ghlaca.

Rialacha chun rátaí tonnáiste do ghearra.

46. —(1) Ní íocfidh árthach a thiocfidh isteach i gCuan Dhún Dealgan fé bhallasta agus a imeoidh amach as fé bhallasta ach leath na rátaí agus na ndleacht is iníoctha fén Acht so ar aon tsaghas árthach trádála.

(2) Gach árthach, pe'ca ag trádáil isteach no amach do no ag teacht agus ag imeacht fé bhallasta, ní bheidh ach aon ráta amháin tonnáiste air ar scór aon teacht agus imeacht amháin den tsort san isteach i gCuan Dhún Dealgan agus amach as, pe'ca dhin an t-árthach san, más ag trádáil amach do, trádáil le haon phort ar an slí le linn bheith as láthair, no nár dhin.

(3) Gach árthach a thiocfidh isteach i gCuan Dhún Dealgan fé bhallasta agus a thrádálfidh amach, ar thrádáil mar sin do beidh air na rátaí agus na dleachta d'íoc is iníoctha de thurus na huaire ar árthaigh ag trádáil isteach.

Rátaí céibhe.

47. —Beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí o am go ham, agus gach am ina dhiaidh seo, i dteanta gach diúité agus ráta eile, pé saghas iad, suim d'iarraidh, d'éileamh, do ghearra, do thógaint agus do ghlaca, mar rátaí céibhe agus ar a son, ar agus o mháistir no máistrí, únaer no únaerí gach árthaigh, no ar agus o bhrócaer no consighné na n-earraí a bheidh á n-iompar ar gach árthach a thiocfidh isteach o am go ham sa phort no sa chuan san agus a úsáidfidh céibheanna na gCoimisinéirí in aon tslí, pé suim réasúnta a cheapfidh na Coimisinéirí o am go ham chuige sin agus ná raghaidh thar cúig pingne ar gach tonna d'earraí a tógfar ar bord an árthaigh sin no amach as ar na céibheanna san.

Comhacht chun suim bhliantúil do chur in ionad rátaí tonnáiste agus céibhe ar scór tráiléirí gaile agus árthach iascaigh.

48. —In ionad na rátaí tonnáiste agus céibhe is iníoctha leis na Coimisinéirí ar scór tráiléirí gaile no árthach eile áta bona fide ag gabháil don iascach, íocfidh máistir no únaer, agus beidh iníoctha ag máistir no ag únaer, gach tráileura ghaile no an árthaigh iascaigh sin, leis na Coimisinéirí (fé réir forálacha roimhe seo den Acht so), pé suim bhliantúil, mar mhalairt íoca, a cheapfidh na Coimisinéirí agus ná raghaidh thar scilling an tonna cláruithe iomlán ach isé méid is lú a héileofar ar son aon tráileura ghaile den tsort san no an árthaigh iascaigh sin ná cúig scillinge per annum.

Má úsáideann anDundalk and Newry Steam Packet Company, Ltd., a gcéibh ar aon tslí eile ach d'árthaigh dá gcuid féin no fé chairt acu, féadfidh na Coimisinéirí rátaí céibhe d'éileamh ar a shon san.

49. —Más rud é, tar éis do sna Coimisinéirí gach céibh do cheannach a údaruíonn an tAcht so dhóibh a cheannach go héigeanta, go ndéanfidh an Dundalk and Newry Steam Packet Company Limited an chéibh no an caladh, atá anois ar seilbh agus dá gcuid féin ag an gCuideachtain sin sa ghnó ghal-luinge atá acu, d'úsáid mar chéibh phuiblí, no ar aon tslí eile seachas chun úsáide agus mar chóiríocht do ghal-árthaigh a thiocfidh chun an phuirt sin agus a bheidh dá gcuid féin no fé chairt no in úsáid ag an gCuideachtain sin, íocfidh an Chuideachta san mar fhíneáil leis na Coimisinéirí ar son na húsáide sin na rátaí céibhe a dintar iníoctha tríd an Acht so ar son an úsáid chéanna do dhéanamh de chéibheanna na gCoimisinéirí: Ach má scuirtar den chéibh sin d'úsáid mar chéibh ghal-luinge, agus go ndílseoidh sí in aon duine no corparáid seachas an Dundalk and Newry Steam Packet Company Limited no na Coimisinéirí, ansan ní bheidh sé dleathach do sna Coimisinéirí aon rátaí céibhe ar an gcéibh sin no ar a scór d'éileamh ná do ghlaca.

Rátaí is iníoctha ar earraí a luaidhtear i Sceideal “A.”

50. —(1) Ar son na n-earraí uile a luaidhtear sa Sceideal “A” a ghabhann leis seo agus a cuirfar ar bord luinge no a tógfar as luing, no a glacfar no a seachadfar, laistigh de theoranta an chuain, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí aon tsuimeanna ná raghaidh thar na custuim uile agus fé leith a luaidhtear sa Sceideal san maidir leis na hearraí sin fé seach d'éileamh; agus maidir leis na hearraí sin uile ná beidh luaidhte sa Sceideal san, féadfidh na Coimisinéirí custum d'éileamh a bheidh có-ionann leis an gcustum a bheidh iníoctha de thurus na huaire ar scór earraí den tsaghas chéanna agus den cháilíocht chéanna agus iad pacálta ar an gcuma gcéanna agus beidh gach custum den tsórt san iníoctha ag únaer na n-earraí agus beidh sé ina nasc ortha.

(2) Na rátaí agus na custuim is iníoctha leis na Coimisinéirí fén alt so, éileofar iad gach tráth ar gach duine mar a chéile ar scór earraí den aon aicme no den aon tsaghas amháin agus íocfar gach ráta agus custum den tsórt san leis na Coimisinéirí ina n-oifigí i bport Dhún Dealgan no i pé áit eile a cheapfidh na Coimisinéirí o am go ham.

(3) Gach ráta agus custum is iníoctha ag éinne leis na Coimisinéirí fén alt so beid ina bhfiacha a bheidh ag na Coimisinéirí ar an duine sin agus beid ionbhainte amach ag na Coimisinéirí mar fhiacha síbhialta.

(4) I dteanta aon leighis eile chun aon rátaí no custuim is iníoctha ag éinne leis na Coimisinéirí fén alt so do bhaint amach féadfidh na Coimisinéirí aon earraí no maoin eile leis an duine sin do choinneáil mar urrús agus, mara n-íoctar na rátaí no na custuim sin, féadfid na hearraí agus an mhaoin a choinneoid amhlaidh do dhíol agus sochar an díola san do chur chun na rátaí no na custuim sin agus costaisí an díola san d'íoc.

Rátaí ar earraí ná luaidhtear sa Sceideal.

51. —Beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí o am go ham pé diúitéthe réasúnta is oiriúnach leo do dhéanamh amach agus do cheapa le n'íoc ar ládáil no ar dhí-ládáil, ar iomportáil no ar easportáil, aon earra ná luaidhtear ná ná háirítear sa Sceideal “A” a ghabhann leis seo, agus san do réir chothrom na ndiúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal san, i slí ná raghaidh aon diúité den tsórt san thar an dómhú cuid déag den luach fartha is iníoctha ar an earra san fé seach nuair a hiomportáltar isteach sa phort san é no a heasportáltar é amach as, agus nuair a bheidh na diúitéthe sin déanta amach agus ceaptha amhlaidh ag na Coimisinéirí tuigfar, chun gach intinne agus críche, gur cuma iad no diúitéthe a háireofí go speisialta san Acht so no sa Sceideal “A” a ghabhann leis seo.

Rátaí ar úsáid stóraisí, duganna,éadtromán ceangail, fánóg, etc.

52. —Ar son úsáid aon cheann dá gcuid stóraisí, céibheanna, caladh, duganna, leataobhacha bóthair iarainn, postaí ceangail, éadtromán ceangail, duganna deisiúcháin, tochard, fánóg, meaisíní meáchainte, agus gach gléis eile, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí pé custuim réasúnta a cheapfid agus a shocróid do réir a dtoile féin o am go ham d'éileamh ar únaer, no ar fheighilteoir, aon earraí a cuirfar ann, no a ládálfar, a dí-ládálfar no a méadhfar leis, agus ar mháistir aon árthaigh a úsáidfidh aon áis acu san.

Rátaí ar úsáid chrann tógála.

53. —Ar son úsáid aon cheann dá gcrainn tógála beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí cíos no custum d'éileamh ná raghaidh thar reul ar gach tonna guail a hiomparófar leis na crainn tógála san.

Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála rátaí d'atharú.

54. —(1) Déanfidh na Coimisinéirí scálaí na rátaí, na gcíos, na gcustum agus na ndiúitéthe go léir is inghearrtha acu fén Acht so do shocrú i slí is gur leor chun íoctha a gcaithteachais bhliantúla fén Acht so an t-ioncum bliantúil a bheidh acu as na rátaí, na cíosanna, na custuim agus na diúitéthe sin, agus nách mó ná san é.

(2) Má chítar don Aire Tionnscail agus Tráchtála aon uair—

(a) ón gCuntas bliantúil a thabharfidh na Coimisinéirí dho fén Acht so, no

(b) ar scrúdú do dhéanamh do tar éis aithris chúise ina thaobh d'fháil o sna Coimisinéirí no o Chomhlachas Tráchtála no o aon únaer luinge no cuideachta loingseoireachta no duine eile le n-a mbaineann an scéal.

go bhfuil méid an ioncuim bhliantúla a gheibheann na Coimisinéirí as na rátaí, na cíosanna, na custuim agus na diúitéthe is iníoctha leo fén Acht so agus é áirithe do réir mheánacht na dtrí mblian deiridh roimhe sin, go bhfuil sé ró-bheag no ró-mhór chun íoctha caithteachais bhliantúla na gCoimisinéirí fén Acht so agus é áirithe do réir mheánacht na dtrí mblian san adubhradh, féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála le hordú an scála de rátaí atá leagtha amach i Sceideal “A” den Acht so, agus aon scála de chustuim, de chíosanna no de dhiúitéthe a cheap na Coimisinéirí fén Acht so, d'atharú i slí is gur leor chun íoctha caithteachais bhliantúla na gCoimisinéirí fén Acht so méid an ioncuim bhliantúla a gheobhfar as na rátaí, na cíosanna, na custuim agus na diúitéthe sin, agus nách mó ná san é.

Comhacht chun éadtromáin cheangail, etc., do chur síos.

55. —Féadfidh na Coimisinéirí; agus údaruítear leis seo dhóibh o am go ham do réir a dtoile, éadtromáin cheangail, árthaighe ceangail, doilphíní agus éadtromáin mhara eile a bheidh go maith agus dóthanach, do chur síos, do shuidheamh agus do shocrú i pé páirteanna den phort is gá dar leis na Coimisinéirí, sé sin, cinn go bhféadfar gach árthach, ag teacht isteach sa phort san do no á fhágaint, d'acarú no do cheangal díobh le téada no le slabhraí chun bheith ar snámh no ina luí ar uisce faid is toil é, agus go bhféadfar in aice leo ualach na n-árthach san no aon chuid de d'fholamhú isteach i mbáid, i lictéirí, no in árthaighe eile, ar íoc rátaí no éilithe leis na Coimisinéirí ar son úsáid na n-éadtromán gceangail sin, pé rátaí no éilithe a cheapfidh agus a shocróidh na Coimisinéirí o am go ham do réir a dtoile, agus faisnéistear leis seo na hárthaighe a úsáidfidh na héadtromáin cheangail no na fearaistí ceangail eile sin agus a n-únaerí agus a n-ualaighe no aon taobh acu fé mar is toil leis na Coimisinéirí do bheith ionchurtha fé mhuirear íoc na rátaí no na n-éilithe sin díreach ar nós aon chustuim éile is inéilithe fén Acht so agus fé réir na bhforálacha atá sna hAchtanna atá ionchorparuithe leis seo.

Féadfidh na Coimisinéirí iasachtaí d'fháil ar chreidiúint chustum agus maoine eile atá dílsithe ionta.

56. —I dteanta an airgid a fuarthas ar iasacht fé Acht 1855 beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí o am go ham aon tsuim ná raghaidh thar suim £150,000 d'fháil ar iasacht, ar ús, o aon duine no corporáid a bheidh toilteannach chun í roimh-íoc, agus san ar chreidiúint na gcustum uile agus fé seach a húdaruítear leis an Acht so a ghearra agus ar chreidiúint na gcistí agus na maoine eile atá dílsithe sna Coimisinéirí sin fén Acht so no fé aon Acht eile; agus chun a chur in áirithe go n-íocfar, maraon le hús, aon airgead a gheobhfar ar iasacht de bhua forálacha no fé fhorálacha an Achta so, féadfidh na Coimisinéirí na custuim, na cistí agus an mhaoin sin no aon cheann acu do shanna do sna daoine a roimh-íocfidh no a thabharfidh ar iasacht aon airgead den tsórt san, no d'aon iontaobhaí do sna daoine sin, mar urrús ar íoc airgid a gheobhfar ar iasacht amhlaidh agus ar íoc úis air, agus beidh gach urrús den tsort san fé chó-shéala na gCoimisinéirí.

Súncáil in iasacht a chruinneoidh na Coimisinéirí le bheith ina urrús iontaobhais.

57. —Féadfidh iontaobhaí, mara dtoirmiscthear air é go soiléir leis an instruimid (más ann di) le n-ar bunuíodh an t-iontaobhas, aon airgead iontaobhais a bheidh ar láimh aige do shúncáil, pe'ca ar staid shúncála dho le linn na huaire no nách ea, in aon iasacht a chruinneoidh na Coimisinéirí fé fhorálacha agus chun crícheanna an Achta so, agus a bheidh fé urrús custum agus maoine na gCoimisinéirí sa tslí a foráltar leis an Acht so.

Conus airgead ar iasacht d'aisíoc nuair ná beidh aon am ceaptha chuige sin.

58. —Mara gceaptar aon am sa dintiúir morgáiste no sa tsanna in urrús chun an t-airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh d'íoc, féadfidh na Coimisinéirí aon uair an céanna d'íoc tar éis fógra sé mí roimh ré do thabhairt don pháirtí a bheidh i dteideal an t-airgead san d'fháil; agus beidh gach fógra den tsórt san i scríbhinn no i gcló, no i scríbhinn agus i gcló, agus tabharfar é go pearsanta don mhorgáistí no don bhfiach-éilitheoir sin no fágfar ina áit chomhnaithe é, no mara mbeidh aithne ag na Coimisinéirí ar an morgáistí no ar an bhfiach-éilitheoir sin, no maran féidir é d'fháil tar éis fiosrú dúthrachtach do dhéanamh, tabharfar an fógra san tré fhógrán san Iris Oifigiúil.

Beidh tosaíocht ag morgáistí fé Acht 1855.

59. —Gach morgáiste a dheon na Coimisinéirí go dtí so fé údarás Acht 1855 no ar aon tslí eile, agus gach ús atá dlite no a thiocfidh dlite air, agus gach ceann d'fhiacha breithiúntais no d'fhiacha eile na gCoimisinéirí, bainfid agus tuigfar go mbainid le gach custum agus suim airgid a húdaruítear do sna Coimisinéirí leis an Acht so a ghearra agus a fháil chun an tAcht so d'fheidhmiú, agus beidh acu pé tosaíochtaí den tsórt chéanna atá ag na morgáistí no ag na húrrúsanna eile sin anois do réir dlí chun na gcustum, agus chun na suimeanna airgid agus na maoine eile fé Acht 1855; agus na fiacha uile a bunófar fén Acht so chun na sean-fhiacha agus na sean-fhiachaisí sin d'íoc, faid a mhairfidh an céanna beidh tosaíocht acu ar aon mhorgáistí eile a bunófar de bhua an Achta so, agus beidh ag gach páirtí go bhfuil teideal acu chun na morgáistí sin an tosaíocht chéanna fé seach ar a chéile atá acu no a bheadh acu fén Acht san a luaidhtear dá mba ná déanfí an tAcht san d'athghairm.

Cosaint do chirt fhiach-éilitheoirí breithiúntais.

60. —Ní tuigfar ná ní léireofar éinní san Acht so mar ní a dhineann dochar ná difir do chirt, do leighseanna, do chomhachta agus do thosaíochtaí aon fhiach-éilitheoirí breithiúntais atá ag na Coimisinéirí fé Acht 1855, agus beidh ag aon fhiach-éilitheoir den tsórt san. maidir le n-a bhfiacha breithiúntais, an chéad tosaíocht eile tar éis na morgáistí atá ann anois, agus roimh aon mhorgáistí no urrúsanna a bunófar de bhua an Achta so.

Féadfar glacadóir do cheapa chun féachaint chuige go n-íocfar riaráiste.

61. —Má bhíonn aon uair suim £5,000 no breis, ar fad, dlite ar scór riaráiste colna agus úis, ag aon daoine is morgáistithe ar na custuim beidh teideal ag na morgáistithe sin glacadóir do sna custuim sin do bheith acu agus a éileamh go gceapfar é.

Féadfar costaisí mórgáistí d'íoc amach as cistí generálta.

62. —Féadfidh na Coimisinéirí na costaisí agus an caiteachas a bhainfidh le haon mhorgáistí d'íoc amach as aon chustuim a gheobhaid, no amach as an airgead a gheobhaidh na Coimisinéirí ar iasacht.

Ciste fiachluíoduithe chun airgead a gheobhfar ar iasacht fén Acht so d'íoc.

63. —(1) Déanfidh na Coimisinéirí gach bliain suim bhliantúil do chur i leataoibh agus i leithreas, as na custuim, mar chiste fhiach-luíoduithe le cur chun na suimeanna colna d'íoc a gheobhfar ar iasacht, no a hurrófar, le morgáiste na gcustum san de bhua an Achta so, suim a bheidh o dheire cúig mblian go deire deich mblian o thosach feidhme an Achta so, gan bheith níos lú ná punt per centum agus, o dheire na ndeich mblian san, gan bheith níos lú ná dhá phunt agus deich scillinge per centum, de sna suimeanna a gheobhfar ar iasacht o am go ham mar adubhradh.

(2) Laistigh de lá is fiche tar éis deire gach bliana gur ina haghaidh a héilítear leis an alt so aon tsuim do chur i leataoibh agus i leithreas mar chiste fhiach-luíoduithe, beidh sé de dhualgas ar na Coimisinéirí pé cuntas a héilítear leis an alt so do thabhairt don Aire Tionnscail agus Tráchtála i dtaobh na bliana san.

(3) Gach cuntas a tabharfar do réir an ailt seo beidh sé i pé fuirm agus deimhneofar é ar pé slí a ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus beidh mion-innste ann a thaisbeánfidh—

(a) an méid a cuireadh i leataoibh agus i leithreas mar chiste fhiach-luíoduithe den tsórt roimhráite i rith na bliana le n-a mbaineann an cuntas, agus

(b) an méid den chiste fhiach-luíoduithe (má bhí aon chuid de) a chuir na Coimisinéirí i rith na bliana san chun an t-airgead do fuarthas ar iasacht d'íoc, airgead gur cuireadh an ciste sin i leataoibh chun é aisíoc, agus

(c) cadé an saghas na hurrúsanna (más ann dóibh) ar a bhfuil an ciste fiach-luíoduithe no an t-ús air súncálta, agus

(d) na crícheanna chun ar cuireadh i rith na bliana le n-a mbaineann an cuntas aon chuid den chiste fhiachluíoduithe a shúncáil na Coimisinéirí no an t-ús ar an gcuid sin, agus

(e) an méid iomlán den chiste fhiach-luíoduithe (má bhí aon chuid de) a bhí súncálta i ndeire na bliana.

(4) Má bhíonn agus nuair a bheidh na Coimisinéirí gan cuntas do thabhairt don Aire Tionnscail agus Tráchtála laistigh den aimsir a luaidhtear san alt so, fé mar a héilítear ortha leis an alt so a thabhairt uatha, no má thugaid agus nuair a thabharfid uatha cuntas atá bréagach no a chuirfeadh duine amú in aon phonc táchtach agus a fhios san acu dlighfar iad do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche punt agus a féadfar a bhaint díobh i gcúirt údaráis achmair.

Conus a caithfar an t-airgead a gheobhfar ar iasacht.

64. —Gach airgead a gheobhfar ar iasacht fé chomhachta an Achta so i gcóir na bhfeabhsuithe, na n-oibreacha agus na gcrícheanna a húdaruítear leis an Acht so cuirfar é chun na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh agus chun an tAcht so do chur i bhfeidhm ar shlite eile.

Conus a caithfar ioncum.

65. —An t-airgead a gheobhaidh na Coimisinéirí o am go ham ar scór na gcustum a dintar iníoctha leis seo, cuirfar é:—

Sa chéad áit:—Chun íoctha an úis ar airgead a fuarthas ar iasacht fé Acht 1855 agus fén Acht so,

Sa dara háit:—Chun íoctha na suimeanna a héilítear leis an Acht so a chur i leataoibh chun ciste fiach-luíoduithe do dhéanamh, agus san ar na tráthanna agus sa tslí a foráltar anso roimhe seo,

Sa tríú háit:—Chun an port agus an cuan agus a slí loingseoireachta do choinneáil i dtreo agus do regleáil, agus chun pé íocanna agus rann-íocanna d'íoc a húdaruítear do sna Coimisinéirí d'íoc le halt 9 den Dundalk Pilotage Order 1920,

agus cuirfar an farasbár (más ann do) chun íoctha na bhfiacha morgáiste a bheidh dlite ar na Coimisinéirí de thurus na huaire.

Féadfar airgead d'fháil ar iasacht in ionad airgid a híocadh.

66. —Má íocann na Coimisinéirí aon uair, ar aon tslí eile seachas le n-a gciste fiach-luíoduithe, aon chuid d'aon airgead a fuaradar ar iasacht fén Acht so, féadfid an céanna no aon chuid de d'fháil ar iasacht arís ar urrús a gcustum agus a n-ioncuim eile.

Comhacht chun iasacht d'fháil ar creidiúint airgid thirm.

67. —I bhfeidhmiú na gcomhacht a bheidh acu fén Acht so chun iasachtaí d'fháil, féadfidh na Coimisinéirí o am go ham creidiúint do thógaint o aon bhanc no cuideachta bhancaereachta ar chuntas airgid thirm, a hosclófar agus a cimeádfar ag an mbanc no ag an gcuideachtain bhancaereachta san do réir ghnás bancaerí in Éirinn, in ainm na gCoimisinéirí no in ainm Oifigigh a cheapfid, agus san i méid na suime no aon choda den tsuim a húdaruítear dóibh leis an Acht so a fháil ar iasacht, agus féadfid morgáistí den tsórt roimhráite do dhéanamh agus do dheona in urrús ar mhéid na creidiúna san d'íoc, no ar na suimeanna a roimh-íocfar o am go ham ar an gcuntas airgid thirm sin d'íoc maraon le hús ortha.

Féadfar ciste fiach-luíoduithe do chur chun iasachtaí d'aisíoc.

68. —Féadfidh na Coimisinéirí aon uair, i pé ordú agus slí is ceart dar leo, iomlán aon chiste fhiach-luíoduithe a chuireadar i leataoibh, no aon chuid de, do chur chun no mar chabhair chun aisíoctha na n-iasachtaí airgid gur cuireadh an ciste fiachluíoduithe sin i leataoibh chun a n-aisíoctha: Ach má cuirtar cuid den chiste fhiach-luíoduithe chun aisíoc do dhéanamh mar adubhradh, déanfidh na Coimisinéirí suim chó mór leis an ús a thiocfidh as an gciste fiach-luíoduithe, no as an gcuid de a cuirfar amhlaidh, d'íoc isteach sa chiste fhiach-luíoduithe sin gach bliain ina dhiaidh sin agus í mhéadú sa tslí a horduíodh anso roimhe seo, go dtí go mbeidh íoc déanta sna hiasachtaí airgid go léir le n-a mbaineann an ciste fiach-luíoduithe sin; agus fós nuair a bheidh agus faid a bheidh an t-ioncum bliantúil as an gciste fiachluíoduithe chó mór le hús bliantúil na n-iasachtaí airgid sin a bheidh an uair sin gan aisíoc, féadfidh na Coimisinéirí, in ionad an t-ioncum bliantúil sin do shúncáil, an céanna do chur chun aisíoctha an úis sin, agus féadfid, ar feadh na dtréimhsí sin, scur de sna suimeanna bliantúla d'íoc isteach sa chiste fhiach-luíoduithe sin, sé sin, na suimeanna a héilítear a íoc isteach ann amhlaidh. Aon mhorgáistí, bannaí no stoc a deonadh no a tugadh amach ag na Coimisinéirí agus in no ar a súncálfid aon chiste fiachluíoduithe, beid ar nea-mbrí ipso facto ar dhéanamh na súncála san.

Nuair a bheidh na fiacha íoctha, is chun an cuan, etc., do choinneáil i dtreo a cuirfar ioncum a thiocfidh isteach ina dhiaidh sin.

69. —Ar bheith íoctha agus glanta d'iomlán na n-iasachtaí airgid a féadfar a fháil fén Acht so agus a fuarthas roimhe seo fé Acht 1855, déanfidh na Coimisinéirí (fé réir na forála ina dhiaidh seo anso i dtaobh deisiúcháin agus costaisí nea-ghnáthacha agus fé réir na gcostaisí réasúnta bainistí d'íoc) an t-ioncum a thiocfidh chun an chuain ina dhiaidh sin do chur agus do chaitheamh i gcoinneáil-i-dtreo, i bhfeabhsú agus i méadú an chuain agus na n-oibreacha a bhaineann leis, agus in íoc pé íocaíochtaí agus rann-íocanna a húdaruítear do sna Coimisinéirí a íoc, le halt 9 den Dundalk Pilotage Order 1920, agus i gcur forálacha an Achta so in éifeacht ar shlite eile, agus ní in aon tslí eile ná chun críche eile ar bith.

Ciste cúil i gcóir deisiúcháin nea-ghnáthaigh.

70. —Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh iomlán na n-iasachtaí airgid, a fuarthas agus a gheobhfar mar adubhradh, íoctha agus glanta mar adubhradh, agus fé réir íoc na gcostaisí agus gach saghas fo-chostaisí a bhaineann le hoibriú, le bainistí agus le coinneáil-i-dtreo an chuain agus na n-oibreacha san, agus fé réir pé íocaíochtaí agus rann-íocanna a húdaruítear do sna Coimisinéirí a dhéanamh, le halt 9 den Dundalk Pilotage Order 1920, féadfidh na Coimisinéirí pé suim is oiriúnach leo agus ná raghaidh thar £1,000 per annum do chur i leataoibh agus i leithreas go bliantúil agus gach bliain as a n-ioncum, agus méadóid an céanna do réir úis ar ús go dtí go mbeidh an tsuim a cuireadh i leataoibh agus i leithreas amhlaidh agus na méaduithe uirthi chó mór le suim cholna £10,000, agus déanfar na suimeanna a cuireadh i leataoibh agus i leithreas agus i méid amhlaidh do shúncáil in urrúsanna rialtais le Saorstát Éireann in ainm na gCoimisinéirí agus déanfidh na Coimisinéirí an tsuim sin agus na méaduithe uirthi agus an t-ús air sin uile do choinneáil agus do chur fé mar is gá o am go ham i ndeisiúchán nea-ghnáthach agus chun deisiúchán nea-ghnáthach do dhéanamh ar an gcuan agus ar na hoibreacha a bhaineann leis, no in íoc agus chun íoctha costaisí nea-ghnáthacha eile a bhaineann le bainistí, le feabhsú agus le méadú an chuain sin agus na n-oibreacha a bhaineann leis.

Scrúdú cuntaisí.

71. —(1) Na cuntaisí uile atá le cimeád fén Acht so no fé sna hAchtanna san a hionchorparuítear leis seo, beid ar oscailt chun a scrúduithe ag na Coimisinéirí, agus ag lucht rátaí d'íoc fén Acht so, o n-a deich a chlog go dtí n-a haon a chlog sa ló; agus laistigh de thrí mhí tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag sa bhliain 1925 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin foillseofar lánachmaireacht ar na cuntaisí i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta a léightear agus a foillsítear i mbailecheanntar Dhún Dealgan.

(2) Laistigh de dhá mhí tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag sa bhliain 1925 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin cuirfidh na Coimisinéirí chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála cóip de sna cuntaisí a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, agus bainfidh alt 16 den General Pier and Harbour Act 1861, Amendment Act, 1862, leis na cuntaisí sin ar gach slí díreach mar a bhaineann sé leis an gcuntas a luaidhtear san alt san.

(3) Mara ndinidh agus nuair ná déanfidh na Coimisinéirí lánachmaireacht ar a gcuntaisí d'fhoillsiú no cóip dá gcuntaisí do chur chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála do réir an ailt seo laistigh den tréimhse a luaidhtear chuige sin san alt so, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt, agus a bheidh ionbhainte amach i gcúirt údaráis achmair, do chur ortha in aghaidh gach seachtain no cuid de sheachtain a bheid, tar éis na tréimhse roimhráite, gan an ní sin do dhéanamh.

Iniúchóir do cheapa.

72. —(1) Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, duine ceart oiriúnach (dá ngairmtear “an t-iniúchóir” san Acht so) do cheapa chun cuntaisí na gCoimisinéirí do scrúdú agus d'iniúcha agus féadfa sé, leis an ordú san, méid na n-íocaíocht a íocfidh na Coimisinéirí leis an iniúchóir mar thuarastal agus mar chostaisí (más ann dóibh) do cheapa.

(2) Is amach as na rátaí agus as an ioncum eile a gheobhaidh na Coimisinéirí fén Acht so a íocfid leis an iniúchóir méid na n-íocaíocht a ceapfar amhlaidh mar adubhradh.

(3) Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, an t-iniúchóir do chur as oifig agus, leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin, mara mbeidh réasún speisialta ina choinnibh, ceapfa sé duine ceart oiriúnach chun bheith ina iniúchóir in áit agus in ionad an iniúchóra a cuireadh as oifig amhlaidh.

Iniúcha cuntaisí na gCoimisinéirí.

73. —(1) Beidh sé de dhualgas ar chléireach na gCoimisinéirí, nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúcha cuntaisí á dhéanamh fén Acht so, teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit cheaptha agus a chuid leabhra cuntais, cruthúnachtaí, admhálanna agus scríbhinní eile go léir do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin maraon le gach eolas a bheidh aige agus a éileoidh an t-iniúchóir, agus, má éilíonn an t-iniúchóir ortha é, beidh sé de dhualgas, leis, ar na Coimisinéirí agus ar gach oifigeach agus seirbhíseach (lasmuich den chléireach) do sna Coimisinéirí teacht i láthair an iniúchóra san am agus san áit a ceapadh don scrúdú agus don iniúcha agus gach scríbhinn agus eolas a bheidh acu fé seach agus a éileoidh an t-iniúchóir ortha do thaisbeáint agus do thabhairt don iniúchóir sa láthair sin.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an iniúchóir, nuair a bheidh aon scrúdú agus iniúcha á dhéanamh fén alt so, cuntaisí na gCoimisinéirí do scrúdú, agus gach íocaíocht, éileamh agus lomháil a dhin éinne agus a muirearadh ar chistí na gCoimisinéirí contrárdha don dlí, no is dó leis atá gan bunús, do nea-lomháil agus do bhuala amach as na cuntaisí sin, agus an céanna do chur mar fhormhuirear ar an té do dhin no d'údaruigh an íocaíocht, an t-éileamh no an lomháil a nea-lomháladh agus a buaileadh amach amhlaidh, agus a dheimhniú go bhfuil an céanna dlite ar an duine sin.

(3) Ar iarratas i scríbhinn chun an iniúchóra laistigh de dheich lá tar éis críochnú an scrúduithe agus an iniúchta, iarratas o éinne ar ar ghoill aon lomháil, nea-lomháil no formhuirear a dhin an t-iniúchóir, neosaidh an t-iniúchóir i scríbhinn na réasúin a bhí aige leis an lomháil, leis an nea-lomháil, no leis an bhformhuirear san, agus tabharfa sé cóip den ráiteas san don té ar ar ghoill an ní sin.

(4) Einne ar ar ghoill aon lomháil, nea-lomháil no formhuirear den tsórt san roimhráite, féadfa sé, laistigh de lá is fiche tar éis críochnú an iniúchta, athchomharc do dhéanamh ina choinnibh sin chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála ar an slí a ordóidh seisean, agus deighleálfidh an tAire leis an scéal (maraon le costaisí an athchomhairc) fé mar is gá do réir chirt, agus ní bheidh dul thar breith an Aire ar aon athchomharc a déanfar chuige fén alt so, agus ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina coinnibh in aon Chúirt ná ní fhéadfidh aon Chúirt í athscrúdú ach mar a foráltar i bhfo-alt (5) de seo.

(5) Einne ar ar ghoill aon lomháil, nea-lomháil no formhuirear den tsórt san roimhráite agus nár bhain feidhm as an gceart chun athchomhairc chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála a foráltar le fo-alt (4) den alt so, beidh sé dleathach do rit certiorari d'iarraidh ar an Ard-Chúirt Bhreithiúnais chun an lomháil, an nea-lomháil no an formhuirear san d'aistriú isteach sa Chúirt sin ar pé slí a foráltar le rialacha na hArd-Chúirte Breithiúnais agus, ar aistriú na lomhála, na nea-lomhála, no an fhormhuirir sin, tabharfidh an Chúirt sin breith ar an ngearán áirithe a dineadh; agus má chítar don Chúirt sin go raibh breith an iniúchóra earráideach, ordóid don pháirtí gur cheart do pé suim airgid a lomháladh, a nea-lomháladh no a formhuirearadh go hancheart d'íoc no do ghlana amach, ordóid do í d'íoc leis an bpáirtí go bhfuil teideal aige chúichi; agus féadfidh an Chúirt, leis, a ordú go n-íocfar mar is oiriúnach leis an gCúirt sin costaisí an té a bhí ag cur an certiorari sin ar aghaidh.

(6) Gach suim a dheimhneoidh an t-iniúchóir fén alt so, no a dheimhneoidh an tAire tar éis athchomhairc i gcoinnibh an iniúchóra, a bheith dlite ar éinne, íocfidh an duine sin í leis an iniúchóir laistigh de cheithre lá déag tar éis deimhniú na suime sin amhlaidh mar adubhradh no, má hiarradh ráiteas ar na réasúin a bhí ag an iniúchóir le lomháil, le nea-lomháil no le formhuirear den tsórt san roimhráite, íocfa sé amhlaidh laistigh de cheithre lá déag o dháta an ráitis sin no, má bhíonn athchomharc ar bun i gcoinnibh na lomhála, na nea-lomhála no an fhormhuirir sin, íocfa sé amhlaidh laistigh de cheithre lá déag tar éis na breithe ar an athchomharc, agus mara n-íoctar an tsuim sin féadfidh an t-iniúchóir í bhaint amach mar fhiacha síbhialta le haicsean no le himeacht eile in aon chúirt údaráis inniúla, agus ar a fáil don iniúchóir cuirfe sé gach suim den tsórt san sa tslí a ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

(7) Gach éinne ar a n-éilítear leis an alt so no dá réir teacht i láthair an iniúchóra no aon scríbhinn do thaisbeáint no aon eolas do thabhairt uaidh don iniúchóir, agus ná deanfidh amhlaidh no a dhiúltóidh d'é do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gCúirt é, fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná mí.

(8) Gach éinne ar a n-éilítear leis an alt so no dá réir aon scríbhinn do thaisbeáint no aon eolas do thabhairt don inúchóir, déanfa sé, má éilíonn an t-iniúchóir air é, deimhniú fé mhionn (mionn a húdaruítear leis seo don iniúchóir a chur air) ar aon scríbhinn a thaisbeánfa sé no ar aon ráiteas a thabharfa sé don iniúchóir, agus éinne a dhéanfidh, ar a cheistiú fé mhionn don iniúchóir no i láthair an iniúchóra fén alt so, fianaise bhréagach do thabhairt uaidh go toiliúil, beidh sé ciontach i mionn bréagach agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

Teoranta údarás an mháistir chuain.

74. —Na teoranta gur laistigh díobh a feidhmeofar na comhachta a bheidh ag an máistir cuain chun an port agus an cuan do regleáil, beid ar aon dul le teoranta an phuirt sin mar a mínítear leis an Acht so iad.

Comhacht chun tomhaiseoirí agus meáthóirí do cheapa.

75. —Féadfidh na Coimisinéirí líon dóthanach de dhaoine do cheapa agus do cheadúnú chun bheith ina dtomhaiseoirí agus ina meáthóirí fé mar a mheasfid riachtanach agus tugtar comhacht dóibh leis seo chuige sin.

Ní tógfar fánáin, etc., gan údarás o sna Coimisinéirí agus ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.

76. —Mara mbeidh údarás cuibhe aige o sna Coimisinéirí agus ón Aire Tionnscail agus Tráchtála, ní bheidh sé dleathach d'éinne aon ghabhlóga, fánáin, foirgintí ná oibreacha eile do thógaint laistigh den phort agus den chuan a luíodódh in aon tslí achar uachtarach uiscí an chéanna no a choiscfadh no a bhacfadh loingseoireacht no dul isteach gan chosc sna cuanta laistigh den chéanna no teoranta leis an gcéanna no a chuirfadh isteach in aon tslí ar theacht agus ar imeacht na taoide gan chosc no a luíodódh méid na n-uiscí taoide isteach sa phort no amach as no isteach chun na gcuan san, ná aon chumhangrachtaí eile in aon chor do dhéanamh a choiscfadh no a bhacfadh loingseoireacht no gabháil gan chosc sna cuanta san no chucha gan cead o sna Coimisinéirí agus ón Aire Tionnscail agus Tráchtála, ná aon ghníomh do dhéanamh a dhéanfadh dochar in aon tslí don phort no do sna cuanta san no d'iad d'úsáid agus do dhul isteach ionta gan chosc no do loingseoireacht gan chosc ionta fé seach; agus beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí o am go ham fé mar is gá aon chonstaic a choiscfadh loingseoireacht uiscí an phuirt agus an chuain in aon tslí do thógaint chun siúil agus d'aistriú no do chosc.

Pionós mar gheall ar ganéadtromán mara do cheangal d'ancaireárthaigh.

77. —Mara ndinidh máistir no ceann aon árthaigh a chaithfidh ancaire laistigh den abhainn, den phort no den chuan éadtromán mara do cheangal no do ghreamú no a chur fé ndeár éadtromán mara do cheangal no do ghreamú den ancaire sin, láithreach tar éis a chaithte amhlaidh, i slí is go mbeidh an t-éadtromán mara san ar snámh, agus go so-fheicse i dtreo go bhféadfar a fheiscint go soiléir agus go fuiriste cár caitheadh an t-ancaire sin, déanfidh an máistir no an ceann san aon tsuim ná raghaidh thar cúig púint do gheallbhruide agus d'íoc in aghaidh gach cionta den tsórt san, agus suim eile chúig bpunt do gheallbhruide agus d'íoc in aghaidh gach uair a chluig a bheidh an t-ancaire sin, tar éis fógra do bheith tugtha, gan an t-éadtromán mara san do bheith ceangailte dhe mar adubhradh: Ach ní dhéanfidh feidhmiú na bpionós san aon difir in aon tslí d'aon leigheas a bheidh ag aon duine no daoine i gcoinnibh an mháistir no an chinn sin mar gheall ar aon damáiste no díobháil a déanfar don duine no do sna daoine sin de dheascaibh na faillí sin roimhráite.

Pionós ar dhaoine a choiscfidh feidhmiú an Achta so.

78. —Má dhineann éinne aon uair na Coimisinéirí no éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh no daoine eile pé hiad féin, atá no a bheidh ar fostú de bhua an Achta so, do bhac, do chosc no do bhuaireamh agus iad ag có-líona a ndualgais, ar a chiontú i láthair Breithimh Dhúithche déanfidh éinne den tsórt san a chiontóidh amhlaidh suim ná raghaidh thar deich bpúint do gheallbhruide in aghaidh gach cionta den tsórt san.

Pionós ar dhaoine a choiscfidh slí shaorloingseoireachtaan chuain.

79. —Má dhineann éinne laistigh de theoranta phort agus chuan Dhún Dealgan aon abhar is deabhrathach a chuirfadh isteach no a dhéanfadh cosc ar shlí shaor-loíngseoireachta uiscí an phuirt agus an chuain sin do chaitheamh, d'fhágaint, do chur no do leaga síos, dlighfar, ar a chiontú i láthair Breithimh Dhúithche, pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach cionta den tsórt san.

Pionós mar gheall ar gan earraí do chur ar bord luinge.

80. —Má leagann éinne ar aon cheann de bhóithre, ar chéibh no ar fhallaí céibhe na gCoimisinéirí aon earraí no abhair chun a n-easportálta no chun a n-iompartha fan an chósta, agus ná cuirfe sé iad ar bord árthaigh éigin laistigh de dhá uair dhéag a'chluig ina dhiaidh sin, ar a chiontú i láthair Breithimh Dhúithche dlighfar únaer na n-earraí no na n-abhar san do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche scilling in aghaidh gach cionta den tsórt san, agus fé fhíneáil eile ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lá a bheid ar an mbóthar, ar an gcéibh no ar na fallaí céibhe sin; agus féadfidh na Coimisinéirí a chur fé ndeár go n-aistreofar na hearraí no na habhair sin agus go ndíolfar leor-chuid acu chun fíneála agus costaisí d'íoc: Ach ní bhainfidh éinní san alt so le hearraí ná le habhair a cuirfar i dtír ar aon chéibh as árthach.

Pionós mar gheall ar fhallaí, céibheanna, etc., do dhamáistiú.

81. —Má dhíthíonn no má dhíobhálann éinne go toiliúil aon pháirt d'fhallaí, de chéibheanna, de phiaranna, d'fhánáin no d'áiteanna calaíochta na gCoimisinéirí laistigh den phort agus den chuan no aon cheann de sna seideanna, de sna foirgintí, de sna crainn tógála no de sna háisí no de sna gléasa eile atá curtha isteach no leagtha anuas in no ar na fallaí no na céibheanna san chun úsáide agus chun áise do loingeas no do bháid, ar a chiontú i láthair Breithimh Dhúithche dlighfar gach duine a chiontóidh amhlaidh do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach cionta den tsórt san.

Féadfidh na Coimisinéirí a ordú go mbunófar próiseachtaí mar gheall ar chráitisí, etc.

82. —Féadfidh na Coimisinéirí i gcruinniú puiblí, agus tugtar comhacht dóibh chuige sin leis seo, más oiriúnach leo é, in aon chás is féidir dóibh fén Acht so no ar aon tslí eile do réir dlí a chur ar aghaidh i gcúirt údaráis achmair, féadfid a ordú go mbunófar próiseachtaí i láthair aon chúirte den tsórt san i dtaobh ciontaí a dineadh no dar leanadh in no ar an abhainn phuiblí, no in no ar uiscí no srutháin na habhann, an phuirt no an chuain sin, no in no ar na céibheanna, na calaidh, na bóithre, na bealaigh isteach, na piaranna, na bancánachtaí, no míntíreachtaí, na tailte no na hoibreacha atá teoranta leo san, no i dtaobh aon díobhála no damáiste a dineadh do shlí loingseoireachta na n-abhann, na n-uiscí no na sruthán san, agus san pe'ca bheidh milleán na díobhála no an damáiste sin ionchurtha i leith aon ghnímh a dineadh laistigh de theoranta na habhann, an phuirt no an chuain sin no ná beidh; agus aon fhíneáil no geallbhruide fé n-ar chuathas, fé fhorálacha an Achta so no aon Achta dá mbeidh ionchorparuithe leis sin, do bhaint amach agus costaisí aon imeacht den tsórt san d'íoc as na cistí is leis na Coimisinéirí.

Daoine a ciontófar i ndamáiste do dhéanamh íocfid méid an damáiste.

83. —Nuair a ciontófar éinne i ndamáiste do dhéanamh d'aon cheann de sna céibheanna, de sna fallaí, de sna piaranna, de sna fánáin no de sna háiteanna calaíochta sa chuan no sa phort, no d'aon cheann de sna hoibreacha agus de sna háisí atá ortha san no a ghabhann leo, féadfidh na Coimisinéirí roimh an gciontú san no dá éis, a ordú dá n-innealtóir no d'údarás no d'údaráis eile inniúil féachaint ar an damáiste no ar an díobháil a dineadh amhlaidh agus a thuairisciú cadé an tsuim airgid a theastóidh chun an damáiste no an díobháil sin do leigheas agus do dheisiú, agus féadfidh na Coimisinéirí an tsuim adéarfar sa tuairisc sin d'éileamh ar an té a ciontuíodh amhlaidh i dteanta aon fhíneála a cuireadh air, agus mara n-íoctar an céanna láithreach bainfar méid an chéanna den duine sin sa tslí a foráltar leis an Harbours, Docks and Piers Clauses Act, 1847, maidir le damáistí ná fuil forálta go speisialta ina dtaobh agus fíneála do bhaint amach.

Lictéirí, báirsí, etc., do bheith fé cheadúnas.

84. —Déanfidh únaer gach licteura, báirse no árthaigh dá shamhail sin a bheidh, laistigh de theoranta an phuirt no an chuain, ag carta no ag ládáil lasta, earraí no earraí tráchtála ar no o aon cheann de chéibheanna, de phiaranna, d'fhánáin no d'áiteanna calaíochta na gComisinéirí, no ag úsáid an chéanna in aon tslí, déanfa sé ceadúnas do thógaint amach i Mí Eanair gach bliain o sna Coimisinéirí do gach lictéir, báirse no árthach dá shamhail sin chun earraí d'iompar laistigh de theoranta an phuirt agus an chuain, agus íocfa sé leis na Coimisinéirí go bliantúil agus gach bliain as an gceadúnas san pé suim, nách mó ná fiche scilling, a cheapfidh na Coimisinéirí o am go ham, agus cimeádfidh gach únaer den tsórt san pé rialacha, maidir le hiompar earraí agus earraí tráchtála agus le n-a ládáil agus le n-a gcarta, agus có-líonfa sé pé fo-dhlithe agus rialacháin a dhéanfidh agus a ordóidh na Coimisinéirí o am go ham, agus déanfa sé do réir orduithe agus treoracha an mháistir chuain, an mháistir phiara no an oifigigh eile do sna Coimisinéirí, ag ceangal, ag ládáil agus ag dí-ládáil na lictéirí no na mbáirsí sin no na n-árthach san dá samhail do.

Lictéirí, báirsí, etc., do bheith uimhrithe agus cláruithe.

85. —Beidh uimhir péinteálta go so-fheicse ar gach lictéir no báirse acu san no árthach dá shamhail agus clárófar é leis na Coimisinéirí fé n-a uimhir agus fé n-a thonnáiste agus fé ainm a únaera agus cuirfar i ngach ceadúnas ainm únaera agus uimhir agus tonnáiste an licteura, an bháirse no an árthaigh dá shamhail a ceadúnuítear leis, agus beidh sé dleathach don mháistir chuain no don duine eile a bheidh ceaptha ag na Coimisinéirí tonnáiste gach licteura no báirse acu san no árthaigh dá shamhail do dhéanamh amach tríd an gcéanna do thomhas sa tslí a horduítear leis na Merchant Shipping Acts.

Pionós ar únaerí lictéirí, báirsí, etc., neacheadúnuithe.

86. —I gcás aon licteura, báirse no árthaigh dá shamhail ná fuil ceadúnuithe mar adubhradh no ná fuil a n-éilítear leis an Acht so cólíonta ar gach slí ag á únaer, má fachtar é ag carta no ag ládáil aon lasta, earraí no earraí tráchtála ar no o aon cheann de chéibheanna, de phiaranna, d'fhánáin, d'áiteanna calaíochta no d'oibreacha eile na gCoimisinéirí, no ag úsáid an chéanna in aon tslí, ar a chiontú i láthair Breithimh Dhúithche dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur ar an únaer in aghaidh gach cionta den tsórt san.

Cosaint do sna sean-fhodhlithe.

87. —Gach fo-dhlí a dhin na Coimisinéirí roimh an Acht so leanfa sí i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht go dtí go ndéanfidh na Coimisinéirí í d'atharú, do leathnú, do leasú no do chur ar neambrí, agus na fíneála a foráltar léi beid ionbhainte amach, ar chiontú i láthair Breithimh Dhúithche, sa tslí chéanna ina bhfuil fíneála a foráltar leis an Acht so ionbhainte amach.

Leigheas i gcoinnibh árthach.

88. —Nuair a hordófar do mháistir no d'únaer árthaigh aon fhíneáil a forchuirfar de bhua an Achta so d'íoc agus ná híocfar í san am agus sa tslí a hordófar leis an ordú, féadfidh an Breitheamh Dúithche a fhorchuirfidh aon fhíneáil den tsórt san, i dteanta aon chomhacht eile a bheidh aige chun íoc do bhaint amach go hainneonach, a ordú go ndéanfar an méid a bheidh gan íoc do thógaint tríd an árthach san, a tácla, a troscán agus a feisteas do ghabháil agus do dhíol.

Comhacht chun athchomhairc.

89. —Má ghoilleann ar éinne aon riail, fo-dhlí no ordú a dhin na Coimisinéirí no aon tsocrú no breith a dhin no a thug aon Bhreitheamh Dúithche maidir le haon riail, fo-dhlí no ordú den tsórt san, no maidir le haon fhíneáil no geallbhruide fé fhorálacha an Achta so no fé fhorálacha aon Achta atá ionchorparuithe leis, féadfidh an duine sin athchomharc do dhéanamh chun na céad Chúirte Cuarda eile a comórfar tar éis seirbheáil an fhógra dá bhforáltar ina dhiaidh seo anso; ach ní breithneofar aon athchomharc den tsórt san mara ndintar é laistigh de dhá mhí tar éis déanamh no tabhairt an orduithe, an tsocruithe no na breithe sin, ná mara dtugtar don pháirtí go dtabharfar an t-athchomharc sin ina choinnibh fógra deich lá i scríbhinn i dtaobh an athchomhairc sin, agus cineál agus fáthanna an athchomhairc curtha síos ann, ná mara dtéighidh an t-athchomharcóir, láithreach tar éis an fhógra san, i mbannaí maraon le beirt leor-urraithe, i láthair Breithimh Dhúithche no Feadhmannaigh Shíochána, go ndéanfa sé an t-athchomharc san do chur ar aghaidh go cuibhe agus go nglacfa sé leis an ordú a déanfar ina thaobh; agus nuair a cruthófar gur tugadh an fógra san agus gur chuathas sna bannaí sin beidh sé dleathach don Chúirt an t-athchomharc san d'éisteacht láithreach agus breith do thabhairt air, no é chur ar athló; agus beidh sé dleathach don Chúirt aon gheallbhruide no fíneáil do mhaolú agus a ordú go ndéanfar aon airgead a tógadh do thabhairt thar n-ais agus sásamh breise do mhola le tabhairt don pháirtí a díobháladh no costaisí do mhola d'aon cheann de sna páirtithe, pé sásamh no pé costaisí a mheasfidh an Chúirt a bheith réasúnta agus ceart; agus chun gach intinne agus críche gach socrú den tsórt san a dhéanfidh an Chúirt sin beidh sé gan aon dul thairis ach é ina cheangal agus ina shocrú deiridh.

Ní bheidh an cuan, etc., saor o fhorálacha Achtanna Generálta.

90. —Ní tuigfar ná ní tógfar éinní atá san Acht so do bheith ag saora an chuain ná na gCoimisinéirí o fhorálacha na Merchant Shipping Acts ná o fhorálacha aon Achta ghenerálta a bhaineann le cuanta no le dleachtanna ar loingseoireacht, pe'ca táid i bhfeidhm anois no a rithfar iad sa tsiosón so no in aon tsiosón eile den Oireachtas, ná o aon athscrúdú ná atharú a déanfar fé údarás an Oireachtais ar na custuim no ar na dleachtanna a húdaruítear leis an Acht so.

Cosaint do chearta Iarla Roden.

91. —Ní thabharfidh éinní atá san Acht so ná ní léireofar é mar ní a thugann údarás chun aon cheart, príbhléid, comhacht ná údarás dá bhfuil dílsithe in Iarla Roden, ina oighrí, no ina shannaithe, ná dá bhfuil ag an gcéanna, do dhocharú, do luíodú, d'atharú ná do bhaint den chéanna, ach amháin sa mhéid go mbaineann leis an talamh agus leis na hoibreacha a húdaruítear leis seo a cheannach agus a dhéanamh, ná chun aon duine ná daoine, ag a mbeadh cead a dhéanta mara mbeadh an tAcht so, do chosc ná do thoirmeasc ar aon bhancánacht no obair eile do dhéanamh no do thógáil chun na trághna no na tailte lathaighe timpall no in aice na habhann, an phuirt agus an chuain sin no laistigh díobh do dhréineáil no chun míntíreach do dhéanamh díobh díreach fé is dá mba ná rithfí an tAcht so; an fhaid ná déanfidh an bhancánacht ná an obair eile sin cur-isteach ar na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so a dhéanamh, ná ar shlí loingseoireachta na habhann, an phuirt agus an chuain sin, ná damáiste dhóibh ná cosc do chur leo.

Chun Cuideachta Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt do chosaint.

92. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so a leanas chun Cuideachta Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt (dá ngairmtear an “chuideachta bhóthair iarainn” ina dhiaidh seo anso) do chosaint mara gcó-aontuítear le n-a mhalairt:—

(1) Más mian leis na Coimisinéirí aon oibreacha do dhéanamh a bheidh no a bheadh ar thailte no ar mhaoin na cuideachtan bóthair iarainn no teoranta leis an gcéanna déanfid ar dtúis pleananna, gearrtha agus mion-innste i dtaobh na n-oibreacha a bheidh beartuithe a dhéanamh ag na Coimisinéirí do chur fé bhráid na cuideachtan bóthair iarainn, chun a gceaduithe go réasúnta:

(2) Más gá aon leataobhacha no oibreacha leis an gcuideachtain bhóthair iarainn d'atharú no d'ath-shuidheamh de bhárr oibreacha no obráidí na gCoimisinéirí déanfidh na Coimisinéirí an méid sin ar a gcostas féin do réir pleananna ar a gcó-aontófar idir an chuideachta bhóthair iarainn agus na Coimisinéirí:

(3) Beidh ag an gcuideachtain bhóthair iarainn agus ag á ngníomhairí, agus beidh infheidhmithe acu, na saoráidí céanna atá acu no is infheidhmithe acu fé láthair, no a gcó-mhaith sin de shaoráidí, maidir le trácht a ghabhann suas no anuas idir Céibh Sheoirse agus maoin na cuideachtan bóthar iarainn, saoráidí ar a n-áirítear na línte ráileacha ar na céibheanna d'úsáid gan íoc as ach amháin mar a foráltar ina dhiaidh seo anso agus fós an ceart, dóibh féin, dá ngníomhairí agus dá dtionóntuithe, chun saorúsáide an bhóthair idir Sráid na Céibhe agus an chéibh agus an ceart chun línte ráileacha do chur síos trasna an bhóthair sin mar cheangal idir maoin na cuideachtan bóthair iarainn ar gach taobh den bhóthar san agus chun an céanna d'úsáid gan íoc as: Ach ní bheidh teideal ag an gcuideachtain bhóthair iarainn chun saor-úsáide na línte ráileacha leis na Coimisinéirí ar an gcéibh sin chun deighleáil le trácht nár ghaibh no ná fuil le gabháil tré phort Dhún Dealgan agus ní bheidh teideal acu chun aon chúiteamh d'fháil o sna Coimisinéirí san abhar dar dineadh na línte ráileacha ar an bpáirt sin den chéibh sin atá le tógaint ag na Coimisinéirí fé chomhachta agus fé fhorálacha an Achta so:

(4) Iocfidh an chuideachta bhóthair iarainn leis na Coimisinéirí go bliantúil cion cothrom den chostas fé n-a raghfar go réasúnta chun na línte ráileacha ar an gcéibh sin a úsáidfid amhlaidh do chimeád i dtreo agus san do réir méid na húsáide a bhainfid asta; agus is tré eadarascán sa tslí a foráltar ina dhiaidh seo anso a socrófar costas an chimeád-i-dtreo san agus an cion a íocfidh an chuideachta bhóthair iarainn mara gcó-aontuítear ina dtaobh: Ach má dhineann na Coimisinéirí ina dhiaidh seo gléas do sholáthar chun bhaigíní do tharrac ar na línte ráileacha ar an gcéibh sin go dtí línte ráileacha na cuideachtan bóthair iarainn agus go ndéanfid an tarrac san, íocfidh an chuideachta bhóthair iarainn leis na Coimisinéirí ar son an tarraic sin a dhéanfidh na Coimisinéirí, ach ní níos mó ná san ná ar aon tslí eile, pé cion ar a gcó-aontófar de sna héilithe tarraic a gheibheann an chuideachta bhóthair iarainn ar son tarraic o thaobh na luinge go Stáisiún Sráid na Beairice no, mara gcó-aontuítear ina thaobh, pé cion a socrófar tré eadarascán sa tslí a foráltar ina dhiaidh seo anso:

(5) Aon difríocht a eireoidh fén alt so idir na Coimisinéirí agus an chuideachta bhóthair iarainn cuirfear í fé bhráid beirt mholtóirí a ceapfar, duine acu ag gach páirtí fé leith, agus tabharfidh na moltóirí sin breith uirthi. Bainfidh forálacha an Common Law Procedure Amendment (Ireland) Act, 1856, leis an eadarascán san, agus le ceapa na moltóirí sin agus beidh comhacht acu san chun pé costaisí is oiriúnach leo do mhola.

Chun Alice Gertrude Williamson do chosaint.

93. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so a leanas chun Alice Gertrude Williamson, a hoighrí, a seiceadúirí, a riarthóirí, agus a sannaithe (dá ngairmtear A. G. Williamson ina dhiaidh seo anso) agus daoine eile, únaerí no sealbhairí de thurus na huaire ar an gcéibh, ar na calaidh, ar na bóithre iarainn, ar na hoibreacha agus ar an maoin eile is le A. G. Williamson anois, do chosaint:—

1. Ní thabharfidh éinní atá san Acht so ná ní léireofar é mar ní a thugann údarás chun a údarú do sna Coimisinéirí aon cheann de sna comhachta, de sna cearta ná de sna príbhléidí, a tugtar no a bronntar do sna Coimisinéirí leis an Acht so, d'fheidhmiú i dtaobh an áitribh mara mbeidh éadan an áitribh fachta ag na Coimisinéirí tré n-a cheannach:

2. Má dhineann na Coimisinéirí, i bhfeidhmiú na gcomhacht a tugtar dóibh leis an Acht so, aon chuid d'áitreabh A. G. Williamson do thógaint go héigeanta no ar aon tslí eile, déanfid, roimh thosnú ar aon cheann de sna hoibreacha ar an gcéanna, falla teorann do thógáil ar chostas na gCoimisinéirí idir an chuid den áitreabh a tógadh amhlaidh agus an t-áitreabh a choinnigh A. G. Williamson, agus é déanta go ceart agus go substainteach d'obair chloiche fé chaipín éifeachtúil agus é seacht n-órlach déag ar a luíod ar leithead agus deich dtroithe ar a luíod ar aoirde. Is ar áitreabh A. G. Williamson a tógfar an falla teorann san agus ar bheith tógtha dho dílseoidh sé inti agus beidh sé dá cuid féin aici agus coinneoidh sí i dtreo sa cheart é. Cuirfidh na Coimisinéirí sa bhfalla teorann san ar a gcostas féin i pé áiteanna adéarfidh A. G. Williamson san trí geataí a bheidh déanta go substainteach agus tré n-a bhféadfar dul go dtí an chéibh agus ón gcéibh go háitreabh A. G. Williamson agus ní chuirfidh ná ní dhéanfidh na Coimisinéirí bac ná cur-isteach ar na geataí ná ar an slí sin chun an chéibh-éadain agus uaidh agus ar na céibheanna agus fan na gcéibheanna atá dá gcuid féin no ar seilbh ag na Coimisinéirí fé láthair no a bheidh dá gcuid féin no ar seilbh acu ina dhiaidh seo:

3. Leigfidh na Coimisinéirí d'A. G. Williamson gach aon uair ina dhiaidh seo, chun loingeas d'fheistiú agus chun iad do ládáil agus do charta, crainn tógála d'úsáid agus slí do bheith aici chun na gcéibh atá os cóir áitribh A. G. Williamson agus chun gach coda dhíobh fé mar a theastóidh uaithi go réasúnta roimh gach úsádaire eile do réir rialachán a dhéanfidh na Coimisinéirí le ceadú réasúnta A. G. Williamson. I gcás aighnis, is tré eadarascán a socrófar na rialacháin sin:

4. Má dhineann na Coimisinéirí, fé sna comhachta a bronntar leis an Acht so, cur isteach ar na línte ráileach a úsáideann A. G. Williamson fé láthair maidir leis an áitreabh no cur isteach in aon tslí ar na saoráidí ráileach atá ag A. G. Williamson fé láthair déanfidh na Coimisinéirí agus coinneoid i dtreo, i gceangal le ráileacha Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt agus Chuideachta Mhórbhóthair Iarainn an Tuaiscirt (Éirinn), líne ráileacha fan an chéibh-éadain ón gcéibh atá os cóir áitribh A. G. Williamson pe'ca tógfidh na Coimisinéirí an céanna chúcha féin no ná tógfid agus tabharfid d'A. G. Williamson gach aon uair ina dhiaidh seo lán-tsaoráidí chun gach aon tsaghas earraí d'iompar chun an áitribh agus chun gach coda dhe agus ón gcéanna pe'ca is fíor no nách fíor gur ghaibh na hearraí sin no go bhfuilid le gabháil tré phort Dhún Dealgan, agus A. G. Williamson san d'íoc aon chustum is iníoctha go dleathach ar scór na n-earraí sin:

5. Má thógann na Coimisinéirí éadan an áitribh chúcha féin fé chomhachta an Achta so beidh teideal ag A. G. Williamson chun an líne chas-ghléis agus an leataobh bóthair iarainn atá ann anois, ón líne ráileacha atá ann anois go dtí an stór atá marcálta le “A” ar na pleananna a lóisteáladh chun crícheanna an Achta so, do choinneáil i dtreo agus d'úsáid agus beidh teideal ag A. G. Williamson chun lán-úsáid an chéanna do bheith aici féin amháin. Aon atharú no athdhéanamh is gá a dhéanamh ar na seana-ráileacha cas-ghléis no ar an seana-leataobh bóthair iarainn de bharr oibreacha no obráidí na gCoimisinéirí déanfidh na Coimisinéirí ar a gcostas féin é do réir pleananna ar a gcó-aontófar idir A. G. Williamson agus na Coimisinéirí i slí is go mbeidh ag A. G. Williamson na saoráidí céanna atá aici anois ina dtaobh no a gcó-mhaith sin de shaoráidí: Ach beidh teideal ag na Coimisinéirí chun an céanna d'aistriú no d'athdhéanamh o am go ham ar a gcostas féin in aon tslí is dó leo is oiriúnach no is gá ach san i gcuma is go mbeidh ag A. G. Williamson saoráidí chó maith agus bhí aici cheana:

6. Más mian leis na Coimisinéirí aon oibreacha do dhéanamh a bheidh no a bheadh teoranta le tailte no le maoin A. G. Williamson san déanfid ar dtúis pleananna, gearrtha agus mion-innste i dtaobh na n-oibreacha a bheidh beartuithe a dhéanamh ag na Coimisinéirí do chur fé bhráid A. G. Williamson san chun a gceaduithe go réasúnta:

7. Aon difríocht a eireoidh fén alt so idir na Coimisinéirí agus A. G. Williamson san cuirfar í fé bhráid beirt mholtóirí a ceapfar, duine acu ag gach páirtí fé leith, agus tabharfidh na moltóirí sin breith uirthi, agus bainfidh forálacha an Common Law Procedure Amendment (Ireland) Act, 1856, leis an eadarascán san.

Chun Sir Somhairle O Ceallaigh, ag trádáil do fén ainm T. and J. Connick and Company, do chosaint.

94. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so a leanas chun Sir Somhairle O Ceallaigh, ag trádáil do fén ainm T. and J. Connick and Company, a gcomharbaí agus a sannaithe agus gach éinne eile, únaerí agus sealbhairí an áitribh dá ngairmtear Céibh Connick, atá anois dá chuid féin ag Sir Somhairle O Ceallaigh sin (dá ngairmtear T. and J. Connick and Company ina dhiaidh seo anso) do chosaint:—

1. D'ainneoin éinní atá san Acht so no a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta, beidh teideal ag T. and J. Connick and Company chun dhá dhroicheadán óna n-áitreabh os cionn agus trasna na céibhe no oibreacha eile leis na Coimisinéirí go dtí an céibh-éadan atá ann anois no go dtí aon cheann a bheidh ann d'úsáid, do choinneáil i dtreo agus do dheisiú agus beidh teideal acu chun lán-úsáid agus lán-únaeracht an chéanna do bheith acu féin amháin. Aon atharú no athdhéanamh is gá a dhéanamh ar na seana-dhroicheadáin de bharr oibreacha agus obráidí na gCoimisinéirí, déanfidh na Coimisinéirí ar a gcostas féin é do réir pleananna ar a gcó-aontófar idir T. and J. Connick and Company agus na Coimisinéirí i slí is go mbeidh ag T. and J. Connick and Company na saoráidí céanna atá acu anois ina dtaobh no a gcó-mhaith sin de shaoráidí: Ach beidh teideal ag na Coimisinéirí chun na droicheadáin d'aistriú no d'athdhéanamh o am go ham ar a gcostas féin in aon tslí is mian leo no is dó leo is gá ach saoráidí chó maith agus bhí acu cheana do thabhairt do T. and J. Connick and Company:

2. D'ainneoin éinní atá san Acht so no a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta ní chuirfidh ná ní dhéanfidh na Coimisinéirí bac ná cur-isteach ar na seana-gheataí ná ar an seana-shlí chun clósanna agus áitreabhacha eile T. and J. Connick and Company agus uatha chun an chéibh-éadain agus uaidh, agus déanfar oibreacha agus obráidí na gCoimisinéirí i slí is go mbeidh slí iomlán shaor aon uair ina dhiaidh seo chun clósanna agus áitreabhacha eile T. and J. Connick and Company agus uatha chun na céibhe ag aon phuínte no puíntí den éadan den chéanna atá leis an gcéibh:

3. Leigfidh na Coimisinéirí do T. and J. Connick and Company gach aon uair ina dhiaidh seo, chun loingeas d'fheistiú agus chun iad do ládáil agus do charta, crainn tógála d'úsáid agus slí do bheith acu chun na gcéibh atá os cóir clósanna agus áitreabhacha eile T. and J. Connick and Company fé mar a theastóidh uatha go réasúnta roimh gach úsádaire eile do réir rialachán a dhéanfidh no Coimisinéirí le ceadú réasúnta T. and J. Connick and Company agus, i gcás aighnis, is tré eadarascán a socrófar na rialacháin sin:

4. Más mian leis na Coimisinéirí aon oibreacha do dhéanamh a bheidh no a bheadh teoranta le tailte no le maoin T. and J. Connick and Company déanfid ar dtúis pleananna, gearrtha agus mion-innste i dtaobh na n-oibreacha a bheidh beartuithe a dhéanamh ag na Coimisinéirí do chur fé bhráid T. and J. Connick and Company chun a gceaduithe go réasúnta:

5. Aon difríocht a eireoidh fén alt so idir na Coimisinéirí agus T. and J. Connick and Company cuirfar í fé bhráid beirt mholtóirí a ceapfar, duine acu ag gach páirtí fé leith, agus tabharfidh na moltóirí sin breith uirthi. Bainfidh forálacha an Common Law Procedure Amendment (Ireland) Act, 1856, leis an eadarascán san agus le ceapa na moltóirí sin agus beidh comhacht acu san chun pé costaisí is oiriúnach leo do mhola.

Chun B. O'Rourke and Company Limited, do chosaint.

95. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so a leanas chun B. O'Rourke and Company Limited agus a gcomharbaí agus a sannaithe agus daoine eile, únaerí no sealbhairí de thurus na huaire ar an gcéibh, ar an gcaladh, ar na bóithre iarainn, ar na hoibreacha agus ar an maoin eile is le B. O'Rourke and Company Limited sin ag Cuan Dhún Dealgan anois, do chosaint:—

1. Leigfidh na Coimisinéirí do B. O'Rourke and Company Limited gach aon uair ina dhiaidh seo, chun loingeas d'fheistiú agus chun iad do ládáil agus do charta, crainn tógála d'úsáid agus slí do bheith acu chun na céibhe atá os cóir áitribh B. O'Rourke and Company Limited agus chun gach coda dhi fé mar a theastóidh uatha go réasúnta roimh gach úsádaire eile do réir rialachán a dhéanfidh na Coimisinéirí le haontú réasúnta B. O'Rourke and Company Limited. I gcás aighnis, is tré eadarascán a socrófar na rialacháin sin:

2. Má dhineann na Coimisinéirí, fé sna comhachta a bronntar leis an Acht so, cur isteach ar na línte ráileach a úsáideann B. O'Rourke and Company Limited fé láthair maidir leis an áitreabh no cur isteach in aon tslí ar na saoráidí ráileach atá ag B. O'Rourke and Company Limited fé láthair déanfidh na Coimisinéirí agus coinneoid i dtreo, i gceangal le ráileacha Chuideachta Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt agus Chuideachta Mhórbhóthair Iarainn an Tuaiscirt (Éirinn), líne ráileacha fan an chéibh-éadain ón gcéibh atá os cóir áitribh B. O'Rourke and Company Limited pe'ca tógfidh na Coimisinéirí an céanna chúcha féin no ná tógfid agus tabharfid do B. O'Rourke and Company Limited gach aon uair ina dhiaidh seo lán-tsaoráidí chun gach aon tsaghas earraí d'iompar chun an áitribh agus chun gach coda dhe agus ón gcéanna pe'ca is fíor no nách fíor gur ghaibh na hearraí sin no go bhfuilid le gabháil tré phort Dhún Dealgan agus íocfidh B. O'Rourke and Company Limited sin aon chustuim is iníoctha go dleathach ar scór na n-earraí sin.

Cosaint do chearta daoine eile.

96. —Ní dhéanfidh éinní atá san Acht so aon difir in aon tslí d'aon estát, éileamh, ceart, teideal ná leas atá ag éinne in aon chuid ná chun aon choda ná maidir le haon chuid den tráigh, den talamh lathaighe, ná den talamh eile a luíonn idir marc an láin mhara agus marc an íochtair thrágha mara laistigh de theoranta na habhann, an phuirt no an chuain sin; ach beidh agus fanfidh an céanna fé is dá mba ná rithfí an tAcht so, ach amháin maidir le pé ceart, teideal no leas ann a thógfidh na Coimisinéirí ann tré cheannach no ar aon tslí eile fé sna comhachta a luaidhtear anso; agus ar choiníoll ná déanfar ná ná tógfar aon bhancánacht ná obair eile ortha ná ar a dtaobhanna do dhéanfadh no do chuirfadh cur-isteach, damáistiú no bac ar na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh no ar shlí loingseoireachta na habhann, an phuirt no an chuain sin.

Cosaint do chearta an Stáit.

97. —Ní dhéanfidh éinní san Acht so aon difir d'aon mhaoin, réalta ná pearsanta, atá dílsithe i Saorstát Éireann, no in aon Aire do Shaorstát Éireann, no in aon bhord no cólucht a fheidhmíonn aon fheidhmeanna rialtais no riaracháin phuiblí, ná ní léireofar é mar ní a theorannuíonn no a dhocharuíonn cearta Shaorstáit Éireann no aon cheart, comhacht, príbhléid no dualgas atá dílsithe do réir dlí in aon Aire no aon oifigeach do Shaorstát Éireann, agus go sonnrách aon chomhachta chun aon oibreacha do thógáil, do dhéanamh, d'atharú no do leathnú ar aon mhaoin den tsórt san roimhráite ní léireofar iad mar nithe a bhronnann ar na Coimisinéirí aon cheart chun dul isteach in aon mhaoin den tsórt san no chun aon estát no leas inti, ach ní oibreoidh an t-alt so chun na Coimisinéirí do chosc ar na comhachta san d'fheidhmiú do réir an Achta so má bhíonn agus nuair a bheidh an ceart san, chun dul isteach mar adubhradh, fachta go cuibhe do réir dlí ag na Coimisinéirí.

Chun an tAire Puist agus Telegrafa do chosaint.

98. —Ní údaróidh éinní atá san Acht so aon chur isteach ar aon líne telegrafach leis an Aire Puist agus Telegrafa, mar a mínítear é leis na Telegraphs Acts, 1878, ná ar aon mhaoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa, ná ar aon cheann de chearta an Aire Puist agus Telegrafa fé sna Telegraphs Acts, 1863 to 1920; fé sna Electricity (Supply) Acts, 1882 to 1919, agus fén Electric Lighting (Clauses) Act, 1899; agus sa mhéid go mbaineann sé leis an Aire Puist agus Telegrafa bainfidh alt 14 den Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act, 1899, le haon oibreacha do dhéanamh no do chur síos, fén Acht so, trasna no fan aon tailimh, bóthair iarainn, canáile no slí loingseoireachta, fé thalamh no os cionn tailimh, díreach fé mar a bhaineann sé le hoibreacha do dhéanamh in no fé aon tsráid no droichead puiblí no fan no trasna a leithéide.

Comhacht chun tailte do chimeád.

99. —D'ainneoin éinní sna Lands Clauses Acts no in aon Acht no Achtanna eile contrárdha dho san, féadfidh na Coimisinéirí na tailte, na tithe agus an mhaoin a tuairiscítear i Sceideal “B” a ghabhann leis an Acht so do choinneáil, do chimeád agus d'úsáid ar feadh pé aimsir is oiriúnach leo, agus féadfid o am go ham iad do dhíol, do léasú, do mhalairtiú no scarúint leo in aon tslí eile ar pé cuma agus ar pé comaoin agus chun pé críche agus ar pé téarmaí agus coiníollacha is oiriúnach leo.

Comhacht chun na Tailte Lathaighe Thuaidh do dhíol mar a déanfar agus nuair a déanfar míntíreach díobh chun crícheanna an ghnótha.

100. —Féadfidh na Coimisinéirí o am go ham cuid den líomatáiste dá ngairmtear na Tailte Lathaighe Thuaidh, a tuairiscítear in Obair Uimh. 5, do dhíol fé mar a déanfar agus nuair a déanfar míntíreach de, pé cuid de a shocróidh na Coimisinéirí o am go ham do réir mar is toil leo a bheith nea-riachtanach chun port agus cuan Dhún Dealgan do choinneáil i dtreo agus d'fheabhsú, agus cuirfid sochar an díola san chun luíoduithe an airgid atá acu le fáil ar iasacht fé sna comhachta a bronntar ortha leis an Acht so, no chun leathnuithe no chun buanchimeádta na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so, no chun deisiúchán nea-ghnáith do dhéanamh ar an gcuan agus ar na hoibreacha a bhaineann leis, no chun íoctha costaisí neaghnáthacha eile a bhaineann le bainistí, le feabhsú no le leathnú an chuain sin agus na n-oibreacha a bhaineann leis.

Comhacht do sna Coimisinéirí chun céibheanna, etc., atá ann fé láthair do mhéadú no d'fheabhsú agus chun céibheanna, duganna, etc., nua do dhéanamh.

101. —Fé réir forálacha an Achta so, féadfidh na Coimisinéirí o am go ham agus gach aon uair ina dhiaidh seo aon chéibh, caladh, piara, fánán no áit chalaíochta atá ann cheana do leathnú, do mhéadú, d'atharú no d'fheabhsú agus féadfid duganna agus duganna glantóireachta, agus céibheanna, calaidh, piaranna, fánáin, áiteanna calaíochta, bóithre, bealaigh isteach agus oibreacha nua eile is gá chun áise don phuiblíocht do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo laistigh de theoranta an phuirt agus an chuain, pé cinn is oiriúnach leo; agus féadfid o am go ham iad do leathnú, do mhéadú, d'atharú no d'fheabhsú: Ach ní dhéanfidh na Coimisinéirí, fé sna comhachta atá san alt so, aon oibreacha a bheidh fé mharc an láin mhara le linn gnáth-thaoidí rabhartha marar cuireadh pleananna na n-oibreacha san fé bhráid an Aire Tionnscail agus Tráchtála ar dtúis agus gur cheaduigh seisean iad.

Aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála le hoibreacha áirithe.

102. —(1) I gcás aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do bheith le déanamh ar thailte taoide no os a gcionn no fútha, fé mharc láin mhara na ngnáth-thaoidí rabhartha, ní déanfar é ach le haontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus, gach obair den tsórt san a bheidh le déanamh amhlaidh fé mar adubhradh, is do réir pé pleananna agus gearrtha a cheadóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála a déanfar é agus fé réir pé sriantachtaí (más ann dóibh) agus rialachán a ordóidh an tAire sin sara dtosnófar ar an obair.

(2) Beidh gach atharú no leathnú ar aon obair den tsórt san roimhráite fé réir aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus is do réir pleananna agus gearrtha a cheadóidh sé sin a déanfar san.

(3) Maidir le haon obair den tsórt san roimhráite—

(a) má tosnuítear é gan aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála, no

(b) má dintar é ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na ngearrtha a cheaduigh an tAire i gcóir déanamh na hoibre sin, no

(c) má atharuítear no má leathnuítear é ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na ngearrtha a cheaduigh an tAire Tionnscail agus Tráchtála i gcóir atharú no leathnú na hoibre sin,

féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, ar chostas na gCoimisinéirí, an obair sin no aon chuid de no aon leathnú air, a dineadh mar adubhradh, d'aistriú agus beidh méid an chostais sin ina fhiacha a bheidh dlite ar na Coimisinéirí ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus féadfidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Comhacht don Aire chun suirbhéireachtaí, etc., do dhéanamh.

103. —Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála aon uair, ar chostas na gCoimisinéirí, suirbhéireacht agus scrúdú do dhéanamh—

(a) ar an ionad a bheidh beartuithe d'aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so, no

(b) ar aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so,

agus beidh méid aon chostais den tsórt san ina fhiacha a bheidh dlite ar na Coimisinéirí ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus féadfidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Comhacht don Aire chun oibreacha a tréigfar no a raghaidh gan mhaitheas d'aistriú.

104. —(1) Má thréigeann na Coimisinéirí aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so agus a dineadh ar aon tailte taoide no uisce taoide no ionta no os a gcionn no tríotha no trasna ortha, no má leigid do dul gan mhaitheas, féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, ar chostas na gCoimisinéirí—

(a) an obair sin no aon chuid de d'aistriú, agus

(b) ionad na hoibre sin do chur sa riocht ina raibh sé sarar dineadh an obair sin air.

(2) Beidh méid aon chostais den tsórt san roimhráite ina fhiacha a bheidh dlite ar na Coimisinéirí ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus féadfidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Má dintar míntíreach de thailte áirithe, is leis an Stát iad.

105. —Más rud é, le linn no tré aon cheann de sna hoibreacha do dhéanamh a húdaruítear leis an Acht so, go dtógfar isteach no go ngeobhfar isteach ón uisce aon chuid de thrágha no d'íochtar Chuan Dhún Dealgan no den bhfaraige lasmuich de bhéal an chuain sin, no go ndéanfar míntíreach di, cuid is le Saorstát Éireann do réir Airtiogal 11 den Bhunreacht, ní bheidh ag na Coimisinéirí ná ní fheidhmeoid aon cheart ar an gcuid sin ná maidir léi, ach an tógaint isteach no an ghabháil isteach no an míntíreach san do dineadh ar no de thailte is le Saorstát Éireann amhlaidh ragha sé go hiomlán chun tairbhe do Shaorstát Éireann, agus ní bheidh sé dleathach do sna Coimisinéirí na tailte a tógadh isteach no a gabhadh isteach no gur dineadh míntíreach díobh amhlaidh do thógaint chúcha féin ná dul isteach ná cur isteach ortha chun aon chríche ach amháin do réir deona na dtailte sin dóibh tré léas no tré cheadúnas fé fhorálacha Acht na dTailte Stáit, 1924 , no fé fhorálacha aon Achta le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an céanna.

Socrú i gcoinnibh contabhartha do loingseoireacht.

106. —Má díobháltar no má díthítear aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so no aon chuid d'aon obair den tsórt san, no má théigheann sé gan mhaitheas, déanfidh na Coimisinéirí éadtromáin mhara do chur síos no soillse do thaisbeáint no déanfid nithe eile chun cosc do chur, chó fada agus is féidir é, le contabhairt do loingseoireacht pé éadtromáin, soillse no nithe a hordófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no, neachtar acu, ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire agus iarrfid treoracha ar an údarás san i dtaobh cad a bheidh le déanamh agus féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur ar na Coimisinéirí in aghaidh gach mí a bheidh gan san d'iarraidh no a leanfid ag diúltú no ag déanamh faillí maidir le haon treoir do chólíona a tabharfar i dtaobh cad a bheidh le déanamh.

E de dhualgas ar na Coimisinéirí éadtromáin tárrthála, etc., do chimeád.

107. —Déanfidh na Coimisinéirí oiread éadtromán tárrthála agus téad agus is leor, agus iad i dtreo mhaith agus oiriúnach agus ullamh len' úsáid, do chimeád i gcomhnaí ar an bhfoircheann is sia amach de sna céibheanna áta ann cheana agus ar an bhfoircheann is sia amach den chéibh-fhalla no den éadan eile a húdaruítear leis an Acht so, agus fan na gcéibh agus an chéibhfhalla san no an éadain eile sin agus faideanna réasúnta eatorra, agus iad do réir aon éilithe a dhéanfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

E de dhualgas ar na Coimisinéirí soillse do bheith ar taisbeáint acu le linn oibreacha do bheith acu á dhéanamh, etc.

108. —(1) Beidh sé de dhualgas ar na Coimisinéirí ar feadh na haimsire go léir a beifar ag déanamh, ag atharú no ag leathnú aon oibre dá n-údaruítear leis an Acht so fé mharc an láin mhara soillse do thaisbeáint agus do chimeád ar lasa ar a gcostas féin gach oíche, o dhul-fé go heirghe na gréine, ag aon obair den tsórt san no in aice leis agus é á dhéanamh, á atharú no á leathnú, agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht, pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no a ceadófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no, neachtar acu, ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire.

(2) Beidh sé de dhualgas ar na Coimisinéirí soillse do thaisbeáint agus do chimeád ar lasa ar a gcostas féin gach oíche, o dhul-fé go heirghe na gréine, ar an bhfoircheann is sia amach de gach obair (ar bheith críochnuithe dho) a húdaruítear leis an Acht so, agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht, pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no a ceadófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no, neachtar acu, ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire.

(3) Má dhineann agus nuair a dhéanfidh na Coimisinéirí faillí ar aon cheann áirithe d'fhorálacha an ailt seo do chólíona dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt agus a bheidh ionbhainte amach i gcúirt údaráis achmair do chur ortha in aghaidh gach lae a leanfidh an fhaillí sin acu á dhéanamh.

Cáblaí, píopaí no sranganna fé uiscí taoide no trasna ortha.

109. —Aon cháblaí, píopaí no sranganna a bheidh le cur síos no le cur suas ag na Coimisinéirí fé aon uisce taoide no trasna air cuirfar iad chó doimhin fén uisce taoide sin no chó hárd os a chionn agus a éileoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus san d'ainneoin éinní atá san Acht so.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

110. —(1) Ní cheannóidh na Coimisinéirí ná ní thógfid chúcha féin, fé chomhachta an Achta, in aon líomatáiste áitiúil aon tigh ná tithe a bhí, ar an bhfichiú lá de Bhealtaine Míle Naoi gCéad a Ceathair Fichead no atá ón dáta san, no a bheidh ina dhiaidh seo ar seilbh, i bpáirt no go hiomlán, ag deichniúr is fiche no níos mó den lucht oibre mar thionóntaí no mar lóistéirí mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh na Coimisinéirí

(a) cead an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fháil i gcóir scéime chun áiteanna comhnaithe nua do sholáthar do pé méid daoine a bhí ina gcomhnaí sna tithe sin an fichiú lá san de Bhealtaine, no do pé méid no cion de sna daoine sin is dó leis an Aire is gá, tar éis fiosrúcháin, ag cuimhneamh do ar an méid daoine a bhí, ar an dáta san no dá éis sin, ina gcomhnaí sna tithe sin agus ag obair laistigh de mhíle uatha agus ar an méid cóiríochta chun comhnaithe atá folamh i ngar-chomhursanacht na dtithe sin no ar áit fhostaíochta na ndaoine sin agus ar gach ní a bhaineann leis an scéal; agus

(b) urrús do thabhairt, chun sástacht an Aire sin, ar an scéim do thabhairt chun críche.

(2) Féadfar cead an Aire sin i gcóir aon scéime fén alt so do thabhairt gan coiníoll no ar coiníoll agus tar éis don Aire sin aon scéim den tsórt san do cheadú féadfa sé o am go ham aon atharuithe ar an scéim do cheadú gan coiníoll no ar coiníoll.

(3) Beidh i ngach scéim fén alt so forálacha ag ordú na haimsire go dtabharfar an scéim chun críche laistigh di agus éileofar leis an scéim, i dtaobh na n-áiteanna comhnaithe a beifar ar aigne a sholáthar fén scéim, go mbeid críochnuithe agus oiriúnach chun comhnaí ionta sara gcuirfar as ionad na daoine a chomhnuíonn sna tithe gur dineadh an scéim ina dtaobh: Ach féadfidh an tAire sin déanamh d'éamais an éilimh dheiridh sin a luaidhtear fé réir pé coiníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.

(4) Aon fhorálacha d'aon scéim fén alt so no aon choiníollacha gur fé n-a réir a cheaduigh an tAire sin aon scéim no aon atharuithe ar aon scéim no gur fé n-a réir a dhin sé d'éamais an éilimh a luaidhtear thuas beid ionchurtha i bhfeidhm tré rit mandamus a gheobhaidh an tAire sin as an Ard-Chúirt.

(5) Má thógann na Coimisinéirí aon tigh no tithe chúcha féin no má dhinid a gcuid féin den chéanna chun crícheanna an Achta so, contrárdha do sna forálacha san roimhe seo, no má dhinid no má chuirid fé ndeár na daoine a chomhnuíonn in aon tigh no tithe do chur amach as an gcéanna contrárdha d'éilithe na scéime, féadfar fíneáil cúig céad punt do chur ortha in aghaidh gach tighe den tsórt san, agus féadfidh an tAire sin an fhíneáil sin do bhaint amach le haicsean san Ard-Chúirt, agus cuirfar an fhíneáil sin isteach i bPrímh-Chiste Shaorstáit Éireann agus beidh sí ina cuid den Chiste sin: Ach féadfidh an Chúirt an fhíneáil sin do luíodú más oiriúnach léi é.

(6) Chun aon scéim fén alt so do thabhairt chun críche féadfidh na Coimisinéirí leithreasú do dhéanamh ar aon tailte is leo de thurus na huaire no 'na bhfuil comhacht acu chun iad do thógaint chúcha féin agus féadfid pé tailte eile a theastóidh uatha do cheannach, agus chun críche aon cheannaigh den tsórt san beidh ailt 202, 203 agus 214 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar atáid leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, beid ionchorparuithe leis an Acht so agus bainfid leis na Coimisinéirí do cheannach tailte chun crícheanna aon scéime fén alt so agus san ar gach slí díreach fé is dá mbeadh na Coimisinéirí ina n-údarás sláintíochta do réir brí an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus gur cheann de chrícheanna an Achta san an scéim.

(7) Féadfidh na Coimisinéirí pé áruis chomhnaithe don lucht oibre is gá chun críche aon scéime fén alt so do thógaint ar aon tailte is leo no a ceannuíodh no a tógadh fén alt so no fé aon Ordú Sealadach a tugadh amach do réir an ailt seo agus féadfid na háruis chomhnaithe sin agus aon tailte a ceannuíodh no a tógadh mar adubhradh do dhíol, do leithliú no do chur ar cíos no deighleáil leo ar shlí eile, agus aon airgead go bhfuil údarás acu chun é chruinniú no chun é chur chun crícheanna generálta a ngnótha féadfid é chur chun na gcrícheanna san de chrícheanna an ailt seo chun ar féidir le ceart caipital do chur, no chun aon chríche acu san: Ach na tailte uile ar ar thóg no ar ar sholáthruigh na Coimisinéirí aon fhoirgintí do réir aon scéime fén alt so cuirfar iad i leithreas ar feadh tréimhse cúig mbliana fichead o dháta na scéime chun críche na n-árus comhnaithe sin agus cúlscríobhfar fógra an achtacháin seo ar gach leithliú no léas a déanfar maidir leis na tailte no leis na foirgintí sin: Agus fós féadfidh an tAire sin aon uair déanamh in éamais gach ceann no aon cheann d'éilithe an fho-ailt seo fé réir pé coiníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.

(8) Féadfidh an tAire sin a ordú go gcuirfar ar bun aon fhiosrúcháin is dó leis is gá maidir le haon scéim fén alt so, agus beidh ag cigirí an Aire sin, chun crícheanna aon fhiosrúcháin den tsórt san, gach comhacht atá acu chun crícheanna fiosrúchán a orduíonn an tAire sin fén Public Health (Ireland) Act, 1878.

(9) Iocfidh na Coimisinéirí leis an Aire sin suim a shocróidh an tAire sin, as aon Ordú Sealadach d'ullamhú agus do thabhairt amach do réir an ailt seo, agus aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire sin maidir le haon fhiosrúcháin fén alt so, agus ar a n-áirítear costaisí aon fhínnithe a ghairmfidh an cigire agus suim a shocróidh an tAire sin, agus ná raghaidh thar trí ghiní sa ló, as seirbhísí an chigire sin.

(10) Aon tithe a cheannuigh na Coimisinéirí no a thógadar chúcha féin chun aon cheann no maidir le haon cheann de chrícheanna an Achta so, pe'ca i bhfeidhmiú comhacht a bronnadh leis an Acht so no ar aon tslí eile a cheannuíodar no a thógadar chúcha féin iad, agus pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a dineadh amhlaidh, tithe a bhí ar seilbh ag daoine den lucht oibre laistigh de chúig bliana roimh rith an Achta so, tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur fé chomhachta an Achta so a thóg na Coimisinéirí chúcha féin iad agus go rabhdar, ar an bhfichiú lá san de Bhealtaine, ar seilbh ag oiread daoine den lucht oibre agus bhí i seilbh na dtithe sin ar an dáta ar ar thóg na Coimisinéirí chúcha féin iad: Ach maran féidir don Aire sin a fháil amach cá mhéid de sna daoine sin a bhí i seilbh na dtithe sin an uair sin tuigfar go raibh na tithe sin ar seilbh ag oiread daoine den tsórt san agus is dó leis an Aire sin a gheobhadh slí agus cóiríocht ionta.

(11) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an focal “líomatáiste áitiúil” aon bhailecheanntar no tuathcheanntar, buirg no contae-bhuirg; cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh a bheadh i seilbh mar árus comhnaithe fé leith; agus cialluíonn an focal “lucht oibre” meiceanóirí, ceárdaithe, oibritheoirí agus daoine eile a bhíonn ag obair ar phágh, hácaerí, tora-mhangairí, daoine ná bíonn ag obair ar phágh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin, agus daoine nách seirbhísigh tighis nách mó a meán-ioncum in aon chás ná tríocha scilling sa tseachtain agus muiríneacha aon daoine den tsórt san atá in aon-tigheas leo.

Costaisí an Achta.

111. —Na costaisí, na héilithe agus na caithteachaisí a bhaineann leis an Acht so d'iarraidh, d'fháil agus do rith agus a ghabhann leis na nithe sin íocfidh na Coimisinéirí iad as airgead a fuarthas no a gheobhfar no a cruinneofar de bhua an Achta so.

Athghairm ar an méid de 30 agus 31 Vict., c. 183, agus de 36 agus 37 Vict., c. 174, atá bunoscionn le tailte d'aistriú o Chuideachta Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt.

112. —O dháta aon leithliú no dílsiú o Chuideachta Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt do sna Coimisinéirí ar aon cheann de sna tailte a húdaruítear do sna Coimisinéirí leis an Acht so a thógaint chúcha féin, athghairmfar agus athghairmtar leis seo an méid den Dundalk and Greenore Railway Act 1867 agus den Dundalk Newry and Greenore Railway Act 1873 atá bunoscionn, no d'oibreoidh chun cosc do chur, leis na tailte sin, maraon leis na leataobhacha bóthair iarainn agus leis na háisí eile ortha, d'aistriú chun na gCoimisinéirí agus do dhílsiú ionta chun crícheanna an ghnótha a húdaruítear leis an Acht so, agus atá bunoscionn, no d'oibreoidh chun cosc do chur, leis an gcéanna do bheith ar seilbh, in úsáid, á choinneáil i dtreo, agus á bhainistí ag na Coimisinéirí, ach is chun na críche roimhráite amháin an athghairm sin agus ní níos sia ná san ná ar aon tslí eile; agus aistreofar agus aistrítear leis seo, o Chuideachta Bhóthair Iarainn Dhún Dealgan an Iubhair agus an Ghrianphuirt, chun na gCoimisinéirí, na comhachta chun an céanna do cheannach, do thógaint agus do chimeád: Ach scuirfidh an t-alt so de bheith i ngníomh tar éis deich mblian o am rithte an Achta so mara bhfeidhmighidh na Coimisinéirí lastigh den aimsir sin na comhachta chun aon cheann de sna tailte sin do thógaint go héigeanta.

Gearr-theideal.

113. —Nuair a beifar ag luadh an Achta so chun críche ar bith is leor an focal “ Acht Chuan agus Phort Dhún Dealgan, 1925 .” d'úsáid.

Na SCEIDIL da dtagartar anso roimhe seo.