|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 33 de 1999 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHISTE SEALBHAÍOCHTA SEALADACH DO DHLITEANAIS AOISLIÚNTAIS, 1999 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 33 de 1999 | ||||||||||
AN tACHT UM CHISTE SEALBHAÍOCHTA SEALADACH DO DHLITEANAIS AOISLIÚNTAIS, 1999 | ||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN CISTE SEALBHAÍOCHTA SEALADACH DO DHLITEANAIS AOISLIÚNTAIS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [16 Nollaig, 1999] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
An Ciste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais. |
1. —(1) Beidh arna bhunú, ar an Acht seo a rith, ciste ar a dtabharfar an Ciste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais, agus dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo, ar ciste é a mbeidh airgead, arna íoc isteach sa Státchiste, le híoc isteach ann faoin alt seo chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair an chostais a ghabhfaidh le híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus pinsin seirbhíse poiblí sa todhchaí agus faoi chomhair cibé dliteanais pinsin eile de chuid an Státchiste is dóigh leis an Aire is gá. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire an Ciste a bhainistiú agus a rialú. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais 1999, suim nach mó ná £4,300,000,000 a íoc isteach sa Chiste as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis. | |
[EN] | (4) Déanfar airgead sa Chiste a chur i gcuntais taisce in aon fhoras airgeadais nó a infheistiú i dtáirgí airgeadais gearrthéarma, ar nós deimhnithe taiscthe nó páipéir tráchtála, arna n-eisiúint ag aon duine a sheolann gnó laistigh den Stát nó lasmuigh de agus déanfar aon ioncam a gheofar i leith airgid a bheidh curtha i gcuntais taisce nó a bheidh infheistithe faoin bhfo-alt seo a íoc isteach sa Chiste nó a chur i gcuntais taisce nó a infheistiú faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (5) Ní íocfar airgead amach as an gCiste ach amháin de réir Acht den Oireachtas lena ndéantar foráil maidir le híocaíocht den sórt sin. | |
[EN] | (6) Déanfaidh an tAire cuntais an Chiste a ullmhú. | |
[EN] | (7) Déanfar aon chuntais dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a ullmhú i cibé foirm, ar cibé modh agus cibé tráthanna, ar tráthanna iad nach déanaí ná an 30 Aibreán tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad, a chinnfidh an tAire agus beidh siad faoi réir a n-iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. | |
[EN] | (8) Déanfaidh an tAire cóip d'achomaireacht de chuntais an Chiste arna n-iniúchadh amhlaidh maille le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an gcéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (9) San alt seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Leasú ar an gCead Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 . |
2. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Naisiúnta, 1990 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ábhair a cuireadh isteach le halt 213(6)(b) den Acht Airgeadais, 1999: |
[EN] | “(n) alt 213 den Acht Airgeadais, 1999, | |
[EN] | (o) fo-ailt (2), (4) agus (6) d'alt 1 den Acht um Chiste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais, 1999 .”. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
3. —Féadfar an tAcht um Chiste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais, 1999 , a ghairm den Acht seo. |