|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Idirdhealú: Forálacha Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID IV Forálacha Sonracha maidir le Comhionannas idir Earnálacha eile Daoine) |
AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Forálacha Sonracha maidir le Comhionannas Idir Mná agus Fir | |
Réamhráiteach | ||
[EN] |
Feidhm phrionsabail an chomhionannais maidir le fir agus mná araon. |
18. —(1) Chun críocha na Coda seo, seasann “A” agus “B” do 2 dhuine nach ionann gnéas dóibh ionas, nuair is bean í “A”, gur fear é “B”, agus vice versa. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (1), ní dhéanann aon ní san Acht seo difear d'oibriú na nAchtanna Léiriúcháin, 1937 go 1997, sa mhéid go bhforáiltear leo, mura léir a mhalairt d'intinn— | |
[EN] | (a) go ndéanfar focail lena ngabhann brí na firinscne a fhorléiriú mar fhocail lena ngabhann brí na baininscne freisin, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfar focail lena ngabhann brí na baininscne a fhorléiriú mar fhocail lena ngabhann brí na firinscne freisin. | |
Luach Saothair | ||
[EN] |
Teideal chun luach saothair chomhionainn. |
19. —(1) Beidh téarma sa chonradh faoina mbeidh A fostaithe á rá go mbeidh A tráth ar bith, faoi réir an Achta seo, i dteideal an ráta chéanna luach saothair, as an obair a bhfuil A fostaithe chun í a dhéanamh, is atá B, a bheidh, an tráth sin nó tráth iomchuí ar bith eile, fostaithe ag an bhfostóir céanna nó ag fostóir comhlachaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh. |
[EN] | (2) San alt seo— | |
[EN] | (a) folaíonn “fostaithe”, i dteannta fostaíochta faoi chonradh fostaíochta, fostaíocht faoi chonradh chun aon obair nó saothar a chur i gcrích go pearsanta, agus | |
[EN] | (b) i ndáil le tráth áirithe, is éard is tráth iomchuí ann tráth ar bith (lena n-áirítear tráth roimh thosach feidhme an Achta seo) le linn na 3 bliana a ghabhann roimh an tráth áirithe nó na 3 bliana a leanann é. | |
[EN] | (3) Chun críocha na Coda seo, i gcás gur fostóir comhlachaithe de chuid fhostóir A é nó í fostóir B, ní mheasfar A agus B a bheith fostaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh mura mbeidh na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta atá acu araon mar an gcéanna nó réasúnta inchomórtais lena chéile. | |
[EN] | (4) Más rud é, i gcás téarma conartha nó critéir a bhfuil feidhm aige maidir le fostaithe (lena n-áirítear A agus B)— | |
[EN] | (a) go bhfuil feidhm aige maidir le fostaithe uile fostóra áirithe nó le haicme áirithe de na fostaithe sin (lena n-áirítear A agus B), | |
[EN] | (b) gur de chineál é a fhágann nach ionann luach saothair na bhfostaithe sin a chomhlíonann an téarma nó an critéar agus luach saothair na bhfostaithe nach gcomhlíonann é, | |
[EN] | (c) gur de chineál é a fhágann gur mó go mór an cion d'fhostaithe atá faoi mhíbhuntáiste de dheasca an téarma nó an chritéir i gcás daoine den ghnéas céanna le A ná i gcás daoine den ghnéas céanna le B, agus | |
[EN] | (d) nach féidir é a chosaint ar bhonn tosca oibiachtúla nach bhfuil baint acu le gnéas A, | |
[EN] | ansin, chun críche fho-alt (1), measfar go gcomhlíonann A agus B araon nó, de réir mar a bheidh, nach gcomhlíonann A agus B araon an téarma nó an critéar, cibé cás acu as a dtagann an luach saothair is airde. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (4), ní choiscfidh aon ní sa Chuid seo ar fhostóir rátaí éagsúla luach saothair a íoc, ar fhorais seachas an foras inscne, le fostaithe éagsúla. | |
[EN] |
Téarma intuigthe maidir le luach saothair comhionann. |
20. —(1) I gcás duine a bheith fostaithe faoi chonradh nach bhfuil téarma a shásaíonn fo-alt (1) d'alt 19 ar áireamh ann (go sainráite nó faoi threoir comhaontaithe chomhchoitinn nó ar shlí eile), measfar go bhfuil téarma lena dtugtar éifeacht don fho-alt sin ar áireamh sa chonradh; agus, má tá an téarma intuigthe sin ar neamhréir le téarma sainráite, beidh sáraíocht aige ar an téarma sainráite. |
[EN] | (2) San alt seo tá le “fostaithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 19 . | |
Nithe Eile | ||
[EN] |
Clásal comhionannais a bhaineann le saincheisteanna inscne. |
21. —(1) Mura bhfuil agus a mhéid nach bhfuil clásal comhionannais inscne ar áireamh (go sainráite nó faoi threoir comhaontaithe chomhchoitinn nó ar shlí eile) i dtéarmaí conartha fostaíochta, measfar clásal den sórt sin a bheith iontu. |
[EN] | (2) Is éard is clásal comhionannais inscne ann foráil a bhaineann le téarmaí conartha fostaíochta, seachas téarma a bhaineann le luach saothair nó le cearta pinsin, a bhfuil d'éifeacht léi, i gcás— | |
[EN] | (a) A a bheith fostaithe in imthosca nach bhfuil difríocht ábhartha idir an obair a dhéanann A agus an obair a dhéanann B san fhostaíocht chéanna, agus | |
[EN] | (b) maidir le conradh fostaíochta A, gurb amhlaidh aon tráth (murach an clásal comhionannais inscne)— | |
[EN] | (i) go mbeadh téarma ann atá nó a thiocfaidh chun bheith ina théarma is lú fabhar do A ná téarma dá shamhail i gconradh fostaíochta B, nó | |
[EN] | (ii) nach mbeadh téarma ann atá ar comhréir le téarma i gconradh fostaíochta B a théann chun sochair do B, | |
[EN] | ansin go ndéileálfar le téarmaí chonradh fostaíochta A mar théarmaí a bheidh modhnaithe ionas nach lú fabhar do A an téarma áirithe sin nó, de réir mar a bheidh, ionas go bhfuil téarma dá shamhail iontu a théann chun sochair do A. | |
[EN] | (3) Ní oibreoidh clásal comhionannais inscne i ndáil le difríocht idir conradh fostaíochta A agus conradh fostaíochta B má chruthaíonn an fostóir go bhfuil an difríocht bunaithe dáiríre ar fhorais seachas an foras inscne. | |
[EN] | (4) Gan dochar do ghinearáltacht alt 8 (1), i gcás go dtairgfidh duine fostaíocht ar théarmaí áirithe do A agus, dá nglacfadh A leis an tairiscint ar na téarmaí sin, go mbeadh d'éifeacht leis an gclásal comhionannais inscne i gconradh fostaíochta A na téarmaí a mhodhnú i gceachtar slí de na slite a shonraítear i bhfo-alt (2), measfar gurb ionann an tairiscint a dhéanamh agus idirdhealú in aghaidh A ar an bhforas inscne i ndáil le coinníollacha fostaíochta A. | |
[EN] |
Idirdhealú neamhdhíreach ar an bhforas inscne. |
22. —(1) Más rud é, maidir le foráil (cibé acu is de chineál ceanglais, cleachtais nó eile í) a bhaineann le haon cheann de na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (e) d'alt 8(1) nó le comhaltas i gcomhlacht rialaitheach— |
[EN] | (a) go bhfuil feidhm aici maidir le A agus B araon, | |
[EN] | (b) gur de chineál í a fhágann gur mó go mór an cion daoine atá faoi mhíbhuntáiste de dheasca na forála i gcás daoine den ghnéas céanna le A ná i gcás daoine den ghnéas céanna le B, agus | |
[EN] | (c) nach féidir í a chosaint ar bhonn tosca oibiachtúla nach bhfuil baint acu le gnéas A, | |
[EN] | ansin, chun críocha an Achta seo, measfar idirdhealú a bheith á dhéanamh ag fostóir A nó, de réir mar a bheidh, ag an gcomhlacht rialaitheach in aghaidh A ar an bhforas inscne contrártha d'alt 8 nó, de réir mar is gá sa chás, d'alt 13. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon seirbhísí a sholáthar den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'alt 11(1) faoi réir na modhnuithe seo a leanas: | |
[EN] | (a) cuirfear na focail “le duine a mbeidh aon seirbhísí nó treoir den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'alt 11(1)” in ionad “le haon cheann de na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (e) d'alt 8(1)”; | |
[EN] | (b) déanfar an tagairt don fhostóir a fhorléiriú mar thagairt don ghníomhaireacht fostaíochta; agus | |
[EN] | (c) déanfar an tagairt d'alt 8 a fhorléiriú mar thagairt d'alt 11. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le páirteachas in aon chúrsa nó saoráid den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 12(1) faoi réir na modhnuithe seo a leanas: | |
[EN] | (a) déanfar an tagairt do mhíreanna (a) go (e) d'alt 8(1) a fhorléiriú mar thagairt do mhíreanna (a) go (c) d'alt 12(1); | |
[EN] | (b) déanfar an tagairt don fhostóir a fhorléiriú mar thagairt don duine a bheidh ag tairiscint an chúrsa nó na saoráide; agus | |
[EN] | (c) déanfar an tagairt d'alt 8 a fhorléiriú mar thagairt d'alt 12. | |
[EN] | (4) Maidir leis an tagairt i bhfo-alt (1)(b) do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste de dheasca forála, folaíonn sí ní amháin na daoine sin atá faoi mhíbhuntáiste amhlaidh de bhíthin a ngnéis ach na daoine sin freisin atá faoi mhíbhuntáiste amhlaidh faoi threoir a stádais pósta nó a stádais teaghlaigh. | |
[EN] | (5) Tá feidhm ag fo-alt (3) d'alt 8 chun críocha fho-alt (1) mar atá feidhm aige chun críocha fho-ailt (4) go (8) den alt sin. | |
[EN] |
Gnéaschiapadh san áit oibre etc. |
23. —(1) Más rud é, in áit ina bhfuil A fostaithe (dá ngairtear “an áit oibre” san alt seo), nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht A, go ndéanfaidh B gnéaschiapadh ar A agus— |
[EN] | (a) go bhfuil A agus B araon fostaithe san áit sin nó ag an bhfostóir céanna, | |
[EN] | (b) gur fostóir A atá in B, nó | |
[EN] | (c) gur cliant, custaiméir nó teagmhálaí gnó eile de chuid fhostóir A atá in B agus gur de chineál iad imthosca an chiaptha gur chóir le réasún go mbeadh bearta déanta ag fostóir A chun é a chosc, | |
[EN] | ansin, chun críocha an Achta seo, is é atá sa ghnéaschiapadh idirdhealú ag fostóir A, ar an bhforas inscne, i ndáil le coinníollacha fostaíochta A. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) ina fheidhm i ndáil leis an áit oibre agus le cúrsa fhostaíocht A, más rud é, i gcás go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha i míreanna (a) go (c) den fho-alt sin— | |
[EN] | (a) go ndéanann B gnéaschiapadh ar A, cibé acu san áit oibre nó nach ea nó i gcúrsa fhostaíocht A nó nach ea, agus | |
[EN] | (b) go ndéileáiltear ar bhealach éagsúil le A san áit oibre nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht A, nó go bhféadfaí le réasún coinne a bheith leis go ndéileálfaí amhlaidh le A, de bhrí go ndiúltaíonn A don ghnéaschiapadh nó de bhrí go nglacann sé nó sí leis, | |
[EN] | ansin, chun críocha an Achta seo, is é atá sa ghnéaschiapadh idirdhealú ag fostóir A, ar an bhforas inscne, i ndáil le coinníollacha fostaíochta A. | |
[EN] | (3) Chun críocha an Achta seo— | |
[EN] | (a) aon ghníomh dlúthchaidrimh fhisicigh ag B i leith A, | |
[EN] | (b) aon iarraidh ag B i gcomhair fabhar gnéis ó A, nó | |
[EN] | (c) aon ghníomh nó iompar eile de chuid B (lena n-áirítear, gan dochar don ghinearáltacht, briathra béil, gothaí nó táirgeadh, taispeáint nó scaipeadh focal scríofa, pictiúr nó ábhair eile), | |
[EN] | is gnéaschiapadh é ag B ar A más gníomh, iarraidh nó iompar atá ann nach bhfáiltíonn A roimhe nó roimpi agus go bhféadfaí le réasún a mheas gur ábhar coil, uiríslithe nó imeaglaithe é do A ó thaobh gnéis de nó ar shlí eile ar an bhforas inscne. | |
[EN] | (4) De réir chineál an ghnó atá ag fostóir A, folaíonn an tagairt i bhfo-alt (1)(c) do chliant, do chustaiméir nó do theagmhálaí gnó eile tagairt d'aon duine eile a bhféadfadh ionchas réasúnach a bheith ag fostóir A go mbeadh teagmháil ag A leis nó léi san áit oibre nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht A. | |
[EN] | (5) Más rud é, de bharr aon ghnímh nó iompair de chuid B, go ndéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a mheas de bhua fho-alt (1) idirdhealú a bheith á dhéanamh in aghaidh A ag duine eile (“an Fostóir”) ar fostóir A é nó í, is cosaint é don Fhostóir a chruthú gur ghlac an Fostóir cibé bearta is indéanta le réasún— | |
[EN] | (a) i gcás lena mbaineann fo-alt (2), chun féachaint chuige nach ndéileálfaí ar bhealach éagsúil le A san áit oibre nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht A agus, má déileáladh agus a mhéid a déileáladh amhlaidh leis nó léi, chun a cuid éifeachtaí a fhreaschur, agus | |
[EN] | (b) i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (cibé acu a bhaineann fo-alt (2) leis freisin nó nach mbaineann), chun B a chosc ar ghnéaschiapadh a dhéanamh ar A (nó ar aon aicme daoine ar duine díobh A). | |
[EN] | (6) San alt seo folaíonn “fostaithe”, i ndáil le pearsa aonair (cibé acu A nó B)— | |
[EN] | (a) aon seirbhís a chuireann gníomhaireacht fostaíochta ar fáil a lorg nó a úsáid, agus | |
[EN] | (b) a bheith páirteach in aon chúrsa nó saoráid den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 12(1), | |
[EN] | agus, dá réir sin, folaíonn aon tagairt d'fhostóir na pearsan aonair sin tagairt don ghníomhaireacht fostaíochta a mbeidh an tseirbhís á cur ar fáil aici nó, de réir mar a bheidh, don duine a mbeidh an cúrsa oiliúna á thairiscint aige nó aici. | |
[EN] | (7) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (6) i ndáil le A, beidh éifeacht le fo-alt (1) amhail is dá gcuirfí “contrártha d'alt 11 nó, de réir mar a bheidh, d'alt 12” in ionad na bhfocal “i ndáil le coinníollacha fostaíochta A”. | |
[EN] |
Gníomhaíocht dhearfach maidir le comhdheiseanna. |
24. —(1) Ní dochar forálacha an Achta seo do bhearta chun comhdheiseanna d'fhir agus do mhná a chur chun cinn, go háirithe trí dheireadh a chur le héagothromais láithreacha a dhéanann difear do dheiseanna ban i réimsí na rochtana ar fhostaíocht, ar ghairmoiliúint, ar ardú céime, agus coinníollacha oibre. |
[EN] | (2) San Acht Cosanta, 1954 , in alt 289(2) (Seirbhís Altranais an Airm a bheith teoranta do mhná) cuirfear an focal “daoine” in ionad an fhocail “mná”. | |
[EN] |
Idirdhealú i bhfostaíochtaí áirithe a eisiamh. |
25. —(1) Níl feidhm ag aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II maidir le hidirdhealú in aghaidh A i leith fostaíochta i bpost áirithe más idirdhealú é a thig as tosaíocht a thabhairt do B ar an bhforas, faoi threoir fo-alt amháin nó níos mó d'fho-ailt (2) go (4), gur cáilíocht ghairme, nó gurb ionann agus cáilíocht ghairme, é gnéas B le haghaidh an phoist áirithe sin. |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cáilíocht ghairme le haghaidh poist é gnéas B más rud é, ar fhorais fiseolaíochta (gan neart coirp ná teacht aniar a áireamh) nó ar fhorais fíre chun críche siamsaíochta— | |
[EN] | (a) go gceanglaíonn nádúr an phoist duine den ghnéas céanna le B a bheith ann, agus. | |
[EN] | (b) go mbeadh difríocht ábhartha i nádúr an phoist dá mba dhuine den ghnéas céanna le A a líonfadh é. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cáilíocht ghairme le haghaidh poist é gnéas B i gcás gur gá gur ag B a bheadh an post mar gur dóigh go mbeadh i gceist leis an bpost sin dualgais a chomhlíonadh lasmuigh den Stát in áit arb amhlaidh do na dlíthe nó do na gnásanna ann nach bhféadfadh, le réasún, duine den ghnéas céanna le A na dualgais sin a chomhlíonadh. | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cáilíocht ghairme le haghaidh poist é gnéas B— | |
[EN] | (a) i gcás gur cuid de dhualgais an phoist iad seirbhísí pearsanta agus gur gá daoine den dá ghnéas a bheith ag gabháil do na dualgais sin, nó | |
[EN] | (b) i gcás gur gá, mar gheall ar chineál na fostaíochta, cóiríocht chodlata agus sláintíochta a sholáthar ar bhonn comhchoiteann d'fhostaithe agus gur mhíréasúnach a bheith ag súil go soláthrófaí cóiríocht den chineál sin go leithleach nó nár phraiticiúil d'fhostóir soláthar den sórt sin a dhéanamh. | |
[EN] |
Eisceachtaí a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh agus pearsanta. |
26. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo neamhdhleathach é d'fhostóir cóir speisialta a shocrú nó a chur ar fáil a thugann sochair do mhná i ndáil le toircheas agus máithreachas (lena n-áirítear cothú ar an gcíoch) nó uchtáil. |
[EN] | (2) Níl feidhm ag an Acht seo maidir le hidirdhealú ar an bhforas inscne i bhfostaíocht arb é atá inti comhlíonadh seirbhísí de chineál pearsanta, ar nós aire a thabhairt do dhuine scothaosta nó do dhuine faoi éagumas i dteach an duine sin, i gcás gur toisc chinntitheach é gnéas an fhostaí. | |
[EN] |
An Garda Síochána agus an tseirbhís príosún. |
27. —(1) I gcás fostaíochta sa Gharda Síochána nó sa tseirbhís príosún— |
[EN] | (a) níl feidhm ag aon ní san Acht seo maidir le fear nó, de réir mar is gá sa chás, bean a shannadh do phost áirithe i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach— | |
[EN] | (i) ar mhaithe le príobháideacht nó modhúlacht, | |
[EN] | (ii) chun pearsana aonair foréigneacha a ghardáil, a choimhdeacht nó a smachtú nó chun círéibeacha nó corraíl fhoréigneach a chur faoi chois, nó | |
[EN] | (iii) laistigh den Gharda Síochána, chun pearsana aonair foréigneacha a dhí-armáil nó a ghabháil, chun sluaite foréigneacha a smachtú nó a scaipeadh nó chun gialla nó daoine eile a bheidh á gcoinneáil go neamhdhleathach a tharrtháil, nó | |
[EN] | (b) ní chuireann aon ní san Acht seo cosc le critéar airde amháin a fheidhmiú i gcás fear agus ceann eile a fheidhmiú i gcás ban, más de chineál iad na critéir a roghnaítear gur mar a chéile a bheag nó a mhór cion na mban sa Stát is dóigh a chomhlíonfaidh an critéar le haghaidh na mban agus cion na bhfear sa Stát is dóigh a chomhlíonfaidh an critéar le haghaidh na bhfear. | |
[EN] | (2) (a) Más rud é— | |
[EN] | (i) nach leor, i dtuairim an Aire, líon na bhfear nó líon na mban atá ag fónamh sa Gharda Síochána lena sannadh do phoist den sórt dá dtagraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1)(a), agus | |
[EN] | (ii) go bhforálfaidh an tAire amhlaidh le hordú faoin bhfo-alt seo, | |
[EN] | ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le cibé comórtais le haghaidh earcaíochta don Gharda Síochána a shonrófar san ordú. | |
[EN] | (b) Más rud é— | |
[EN] | (i) nach leor, i dtuairim an Aire, líon na bhfear nó líon na mban atá ag fónamh sa tseirbhís príosún lena sannadh do phoist den sórt dá dtagraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1)(a), agus | |
[EN] | (ii) go bhforálfaidh an tAire amhlaidh le hordú faoin bhfo-alt seo, | |
[EN] | ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le cibé comórtais le haghaidh earcaíochta don tseirbhís príosún a shonrófar san ordú. |