|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Dleachtanna Stampa) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Dleacht Stampa ar Ionstraimí) |
AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2), 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID 3 Ilghnéitheach | |
[EN] |
Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna. |
15. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim. |
[EN] |
Gearrtheideal agus forléiriú. |
16. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1998 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar Cuid 1 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid 2 (a mhéid a bhaineann le dleachtanna stampa) a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |
[EN] | (4) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] | (5) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (6) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. |