An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (CUID 3 Ilghnéitheach)

15 1998

AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2), 1998

CUID 2

Dleachtanna Stampa

Léiriú (Cuid 2).

5. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1891” an Stamp Act, 1891;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “an Chéad Sceideal” an Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann le hAcht 1891.

Tosach feidhme (Cuid 2).

6. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh éifeacht leis an gCuid seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an 23ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis.

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 11, 12 agus 14 maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1999, má tá ráiteas san ionstraim, i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí, á dheimhniú gur forghníomhaíodh an ionstraim de bhun conartha a fianaíodh i scríbhinn roimh an 23ú lá d'Aibreán, 1998.

(3) Measfar gurb ionann deimhniú mícheart a thabhairt chun críocha fho-alt (2) agus ráiteas mícheart a sheachadadh chun críocha alt 94 den Acht Airgeadais, 1983 .

Leasú ar an gCéad Sceideal.

7. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal—

(a) tríd an gCeannteideal atá leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a chur in ionad an Cheannteidil (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1997) “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities or a policy of insurance or a policy of life insurance”, agus

(b) trí na fomhíreanna atá leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a chur in ionad fhomhír (a) de mhír (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1997) den Cheannteideal “LEASE”.

Leasú ar alt 4 (instruments to be separately charged with duty in certain cases) d'Acht 1891.

8. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1891 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Without prejudice to the generality of paragraphs (a) and (b), where the consideration (other than rent) for the sale or lease of any property is partly attributable to residential property and partly attributable to property which is not residential property the instrument of conveyance or transfer or lease shall be chargeable to ad valorem stamp duty on the basis that it is a separate conveyance or transfer or lease of residential property to the extent that that consideration is attributable to residential property and also a separate conveyance or transfer or lease of property which is not residential property to the extent that that consideration is attributable to property which is not residential property.”.

Leasú ar alt 58 (direction as to duty in certain cases) d'Acht 1891.

9. —Leasaítear leis seo alt 58 d'Acht 1891 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1997):

“(1A) Where—

(a) any property which consists partly of an interest in residential property is sold to any person and the sale (hereinafter in this subsection referred to as the first-mentioned sale') does not form part of a larger transaction or of a series of transactions, or

(b) the sale to any person of property consisting in whole or in part of such an interest forms part of a larger transaction or of a series of transactions,

the consideration attributable to the first-mentioned sale and the aggregate consideration (other than rent) attributable to that larger transaction or series of transactions, as the case may be, shall be apportioned, on such basis as is just and reasonable, as between that interest in residential property and the other property or part concerned, and that aggregate consideration shall likewise be apportioned as between each other such interest (if any) comprised in that larger transaction or series of transactions and the other property or parts concerned, and notwithstanding the amount or value of the consideration set forth in any instrument—

(i) the consideration so apportioned to that interest shall be deemed to be the amount or the value of the consideration for the sale which is attributable to that interest and the consideration so apportioned to the aggregate of all such interests comprised in that larger transaction or series of transactions shall be deemed to be the amount or value of that aggregate consideration which is attributable to residential property, and

(ii) the consideration so apportioned to the other property or part or parts concerned shall be deemed to be the amount or value of the consideration for the sale, or of that aggregate consideration, as the case may be, which is attributable to property which is not residential property.”.

Leasú ar alt 77 (directions as to duty in certain cases) d'Acht 1891.

10. —Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1891 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1997):

“(6) Where—

(a) any property which consists partly of an interest in residential property is leased to any person and that lease (hereinafter in this subsection referred to as ‘the first-mentioned lease') does not form part of a larger transaction or of a series of transactions, or

(b) the lease to any person of property consisting in whole or in part of such an interest forms part of a larger transaction or of a series of transactions,

the consideration attributable to the first-mentioned lease and the aggregate consideration (other than rent) attributable to that larger transaction or series of transactions, as the case may be, shall be apportioned, on such basis as is just and reasonable, as between that interest in residential property and the other property or part concerned, and that aggregate consideration shall likewise be apportioned as between each other such interest (if any) comprised in that larger transaction or series of transactions and the other property or parts concerned, and notwithstanding the amount or value of the consideration set forth in any instrument—

(i) the consideration so apportioned to that interest shall be deemed to be the amount or the value of the consideration for the lease which is attributable to that interest and the consideration so apportioned to the aggregate of all such interests comprised in that larger transaction or series of transactions shall be deemed to be the amount or value of that aggregate consideration which is attributable to residential property, and

(ii) the consideration so apportioned to the other property or part or parts concerned shall be deemed to be the amount or value of the consideration for the lease, or of that aggregate consideration, as the case may be, which is attributable to property which is not residential property.”.

Leasú ar alt 49 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1969 .

11. —Leasaítear leis seo alt 49 den Acht Airgeadais, 1969

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fho-alt (2B) den alt seo, beidh aon ionstraim a thabharfaidh éifeacht do cheannach tí cónaithe nó árasáin ar é a thógáil díolmhaithe ó gach dleacht stampa.”,

(b) i bhfo-alt (2B) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1996) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) i mír (a):

“(i) go dtugann an ionstraim éifeacht do cheannach tí cónaithe nó árasáin ar é a thógáil, agus

(ia) go mbeidh an teach cónaithe nó an t-árasán lena mbaineann ar áitiú mar aon-áit nó mar phríomháit chónaithe ag an gceannaitheoir, nó má bhíonn níos mó ná ceannaitheoir amháin ann, ag aon duine amháin nó níos mó de na ceannaitheoirí nó ag duine éigin eile i gceart an cheannaitheora nó, má bhíonn níos mó ná ceannaitheoir amháin ann, ag duine éigin eile i gceart aon duine amháin nó níos mó de na ceannaitheoirí go dtí deireadh na tréimhse 5 bliana dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime nó dáta díola dá éis sin an tí cónaithe nó an árasáin sin (seachas díol nach ndéanfaí, ar leith ó alt 50 den Acht Airgeadais, 1979, an dleacht ad valorem iomlán a mhuirearú ar an gconradh lena aghaidh, dá mba thíolacas scríofa é, nó díol le cuideachta atá faoina rialú ag an díoltóir nó ag aon duine atá i dteideal leasa thairbhiúil sa teach cónaithe nó san árasán díreach roimh an díol nó le cuideachta a bheadh, i ndáil le bronntanas barúlach scaireanna sa chuideachta sin arna ghlacadh, díreach roimh an díol, ag aon duine a bhfuil teideal den sórt sin aige nó aici, faoi rialú an deontaí nó an chomharba de réir bhrí alt 16 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , is cuma cad iad na scaireanna is ábhar don bhronntanas barúlach), cibé teagmhas acu sin is túisce a tharlóidh, agus nach bhfaighidh aon duine, ach amháin de bhua teidil atá i dtosaíocht ar theideal an cheannaitheora, aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí cónaithe nó an árasáin sin, nó le haghaidh úsáid aon chuid de, le linn na tréimhse sin, agus”,

agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) Más rud é, i ndáil le hionstraim atá díolmhaithe ó dhleacht stampa de bhua fho-alt (1) agus aon tráth le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír (a)(ia), go bhfaigheann duine éigin, ar shlí seachas de bhua teidil atá i dtosaíocht ar theideal an cheannaitheora, aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí cónaithe nó an árasáin lena mbaineann, nó le haghaidh úsáid aon chuid de, tiocfaidh an ceannaitheoir, nó i gcás go bhfuil níos mó ná ceannaitheoir amháin ann, gach ceannaitheoir den sórt sin—

(i) chun bheith faoi dhliteanas, i gcomhpháirt agus go leithleach, fíneáil a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim is comhionann le méid na dleachta a mhuirearófaí ar an gcéad ásc dá ndéanfaí an teach cónaithe nó an t-árasán a thíolacadh nó a aistriú nó a léasú le hionstraim nár bhain an t-alt seo léi, mar aon le hús ar an méid sin arna mhuirearú de réir ráta 1 faoin gcéad sa mhí nó sa chuid de mhí ón dáta a fhaightear an cíos nó an íocaíocht i gcéaduair go dtí an dáta a íoctar an fhíneáil, agus

(ii) tabharfaidh an duine a fhaigheann an cíos nó an íocaíocht fógra i dtaobh na híocaíochta do na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh de 6 mhí tar éis dháta na híocaíochta, ar fhoirm a sholáthróidh siad, nó a cheadóidh siad, chun críocha an ailt seo, mura bhfuil a fhios ag an duine sin cheana féin go bhfuair na Coimisinéirí Ioncaim fógra den sórt sin cheana féin ó fhoinse eile.”.

Leasú ar alt 112 (dleacht stampa ar aistrithe talún foirgníochta) den Acht Airgeadais, 1990 .

12. —Leasaítear leis seo alt 112 den Acht Airgeadais, 1990

(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1993), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):

“(a) i gcás an díola sin, faoin gCeannteideal ‘CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities or a policy of insurance or a policy of life insurance’ sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, amhail is dá mba mhaoin chónaithe an mhaoin lena mbaineann ar mhéid is ionann agus a gcomhiomlán seo a leanas—

(i) aon chomaoin a íocadh i leith an talamh sin a dhíol, agus

(ii) aon chomaoin a íocadh, nó a íocfar, i leith an teach cónaithe nó an t-árasán a fhoirgniú ar an talamh sin;

(b) i gcás an léasaithe sin, faoi fhomhír (a) de mhír (3) den Cheannteideal ‘LEASE’ sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, amhail is dá mba mhaoin chónaithe an mhaoin lena mbaineann ar mhéid is ionann agus a gcomhiomlán seo a leanas—

(i) aon chomaoin (seachas cíos) a íocadh i leith an talamh sin a léasú, agus

(ii) aon chomaoin a íocadh, nó a íocfar, i leith an teach cónaithe nó an t-árasán a fhoirgniú ar an talamh sin.”,

agus

(b) i mír (a) d'fho-alt (3), trí “méid na comaoine comhiomláine is inmhuirearaithe faoi fho-alt (1)” a chur in ionad “méid na comaoine comhiomláine sin”.

Leasú ar alt 121 (formhuirir) den Acht Airgeadais 1997.

13. —Leasaítear leis seo alt 121 den Acht Airgeadais, 1997, i bhfo-alt (2), tríd an gcoinníoll a ghabhann leis a scriosadh.

Faoiseamh ó dhleacht stampa le haghaidh tithe nó árasán nua áirithe.

14. —(1) (a) Más rud é, i ndáil le hionstraim lena mbaineann an fo-alt seo—

(i) go dtugann an ionstraim éifeacht do cheannach tí cónaithe nó árasáin ar é a thógáil agus nach bhfuil feidhm ag alt 49 den Acht Airgeadais, 1969 , agus alt 112 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1990 , déileálfar, chun críocha dleachta ad valorem, leis an gcomaoin (seachas cíos) le haghaidh an díola amhail is gur laghdaíodh é de 75 faoin gcéad, agus

(ii) gur ionstraim í lena mbaineann alt 112 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1990 , bainfidh an t-alt sin leis an ionstraim sin amhail is dá gcuirfí na míreanna seo a leanas in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt sin agus amhail is nach mbeadh feidhm ag mír (b) d'alt 12:

“(a) i gcás an díola sin, faoin gCeannteideal ‘CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities, or a policy of insurance, or a policy of life insurance’ sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, amhail is dá mba mhaoin chónaithe an mhaoin lena mbaineann ar mhéid arb é an ceann is mó é de na méideanna seo a leanas—

(i) aon chomaoin a íocadh i leith an talamh sin a dhíol, agus

(ii) 25 faoin gcéad de chomhiomlán na comaoine ag fomhír (i) agus na comaoine a íocadh, nó a íocfar, i leith an teach cónaithe nó an t-árasán a fhoirgniú ar an talamh sin;

(b) i gcás an léasaithe sin, faoin gCeannteideal ‘LEASE’ sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, amhail is dá mba mhaoin chónaithe an mhaoin lena mbaineann ar mhéid arb é an ceann is mó é de na méideanna seo a leanas—

(i) aon chomaoin (seachas cíos) a íocadh i leith an talamh sin a léasú, agus

(ii) 25 faoin gcéad de chomhiomlán na comaoine ag fomhír (i) agus na comaoine a íocadh, nó a íocfar, i leith an teach cónaithe nó an t-árasán a fhoirgniú ar an talamh sin.”.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hionstraim ina bhfuil ráiteas, i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí, á dheimhniú—

(i) maidir leis an ionstraim—

(I) go dtugann sí éifeacht do cheannach tí cónaithe nó árasáin ar é a thógáil agus nach bhfuil feidhm ag alt 49 den Acht Airgeadais, 1969 , agus alt 112 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1990 , nó

(II) gur ionstraim í lena mbaineann alt 112 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1990 ,

agus

(ii) go mbeidh an teach cónaithe nó an t-árasán lena mbaineann ar áitiú mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe ag an gceannaitheoir, nó má bhíonn níos mó ná ceannaitheoir amháin ann, ag aon duine amháin nó níos mó de na ceannaitheoirí nó ag duine éigin eile i gceart an cheannaitheora nó, má bhíonn níos mó ná ceannaitheoir amháin ann, ag duine éigin eile i gceart aon duine amháin nó níos mó de na ceannaitheoirí go dtí deireadh na tréimhse 5 bliana dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime nó dáta díola dá éis sin an tí cónaithe nó an árasáin sin (seachas díol nach ndéanfaí, ar leith ó alt 50 den Acht Airgeadais, 1979 , an dleacht ad valorem iomlán a mhuirearú ar an gconradh lena aghaidh, dá mba thíolacas scríofa é, nó díol le cuideachta atá faoina rialú ag an díoltóir nó ag aon duine atá i dteideal leasa thairbhiúil sa teach cónaithe nó san árasán díreach roimh an díol nó le cuideachta a bheadh, i ndáil le bronntanas barúlach scaireanna sa chuideachta sin arna ghlacadh, díreach roimh an díol, ag aon duine a bhfuil teideal den sórt sin aige nó aici, faoi rialú an deontaí nó an chomharba de réir bhrí alt 16 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , is cuma cad iad na scaireanna is ábhar don bhronntanas barúlach), cibé teagmhas acu sin is túisce a tharlóidh, agus nach bhfaighidh aon duine, ach amháin de bhua teidil atá i dtosaíocht ar theideal an cheannaitheora, aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí cónaithe nó an árasáin sin, nó le haghaidh úsáid aon chuid de, le linn na tréimhse sin.”.

(2) Más rud é go bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir le hionstraim agus aon tráth le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír (b)(ii) den fho-alt sin, go bhfaigheann duine éigin, ar shlí seachas de bhua teidil atá i dtosaíocht ar theideal an cheannaitheora, aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí cónaithe nó an árasáin lena mbaineann, nó le haghaidh úsáid aon chuid de, tiocfaidh an ceannaitheoir, nó i gcás go bhfuil níos mó ná ceannaitheoir amháin ann, gach ceannaitheoir den sórt sin—

(a) chun bheith faoi dhliteanas, i gcomhpháirt agus go leithleach, fíneáil a íoc leis na Coimisinéirí is comhionann leis an difríocht idir méid na dleachta a mhuirearófaí ar an gcéad ásc dá ndéanfaí an teach cónaithe nó an t-árasán a thíolacadh nó a aistriú nó a léasú le hionstraim nár bhain fo-alt (1) léi agus méid na dleachta a muirearaíodh iarbhír mar aon le hús ar an méid sin arna mhuirearú de réir ráta 1 faoin gcéad sa mhí nó sa chuid de mhí ón dáta a fhaightear an cíos nó an íocaíocht i gcéaduair go dtí an dáta a íoctar an fhíneáil, agus

(b) tabharfaidh an duine a fhaigheann an cíos nó an íocaíocht fógra i dtaobh na híocaíochta do na Coimisinéirí, laistigh de 6 mhí tar éis dháta na híocaíochta, ar fhoirm a sholáthróidh siad, nó a cheadóidh siad, chun críocha an ailt seo, mura bhfuil a fhios ag an duine sin cheana féin go bhfuair na Coimisinéirí fógra den sórt sin cheana féin ó fhoinse eile.