An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 2 Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID 3 Cáin Bhreisluacha)

3 1998

AN tACHT AIRGEADAIS, 1998

Caibidil 2

Ilghnéitheach

Léiriú (Caibidil 2).

83. —Sa Chaibidil seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le ceadúnais tithe úrúcháin.

84. —Leasaítear leis seo an Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860—

(a) in alt 8 (arna leasú le halt 96 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus leis an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin), tríd an méid seo a leanas a scriosadh:

“Provided always, that no licence to sell foreign wine by retail to be consumed on the premises shall be granted for any refreshment house which, with the premises belonging thereto and occupied therewith, shall be under the value of eight pounds a year, nor for any refreshment house situated in any city, borough, town or place containing a population exceeding ten thousand according to the then last Parliamentary census, if such refreshment house, with the premises belonging thereto and occupied therewith, shall be under the value of fifteen pounds a year; and”,

agus

(b) in alt 13 (arna leasú le halt 50(2)(b) den Acht Airgeadais, 1989 ), trí “, and the net annual value of such house, according to the valuation thereof last made for poor law purposes under the laws then in force” a scriosadh agus trí “or not of the annual value required by this Act,” a scriosadh.

Leasú ar alt 21 (uaireanta gnó in áitreabh cláraithe) den Acht um Gheall-Chur, 1931 .

85. —Leasaítear leis seo alt 21(1) den Acht um Gheall-Chur, 1931 , amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1999, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní dhéanfar áitreabh cláraithe a oscailt nó a choimeád ar oscailt chun gnó a dhéanamh aon uair aon Lá Nollag, Aoine an Chéasta ná Domhnach Cásca agus i gcás aon lae eile—

(a) ón 1ú lá de Mheán Fómhair in aon bhliain go dtí an 31ú lá de Mhárta an bhliain dár gcionn, aon uair roimh a seacht a chlog ar maidin agus tar éis leathuair tar éis a sé a chlog tráthnóna an lae eile sin, agus

(b) ón 1ú lá d'Aibreán in aon bhliain go dtí an 31ú lá de Lúnasa sa bhliain sin, aon uair roimh a seacht a chlog ar maidin agus tar éis a deich a chlog tráthnóna an lae eile sin”.

Méadú sa dleacht ar dheimhniú clárúcháin áitribh geallghlacadóra.

86. —Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1931 , ar chlárú a dhéanamh, nó ar athnuachan a dhéanamh ar chlárú, faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 , ar aon áitreabh ina ndéantar gnó geallghlacadóireachta, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Nollaig, 1999, de réir ráta £300 in ionad an ráta a sonraíodh ag uimhir thagartha 5 i gCuid IV den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1992, agus dá réir sin ón dáta sin déanfar an tagairt, atá os coinne na huimhreach tagartha sin i gcolún 4 (an dáta feidhme), don 1ú lá de Nollaig, 1992, a fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá de Nollaig, 1999, agus déanfar an tagairt, atá os coinne na huimhreach tagartha sin i gcolún 5 (an ráta dleachta), do £200 a fhorléiriú mar thagairt do £300.

Leasú ar alt 43 (dleacht ceadúnais mheaisín cearrbhachais) den Acht Airgeadais, 1975 .

87. —(1) Leasaítear leis seo alt 43 den Acht Airgeadais, 1975 , i mír (aa) (a cuireadh isteach le halt 74(2) den Acht Airgeadais, 1980 ) d'fho-alt (7), trí “le hAointe, le Sathairn, le Domhnaigh agus le laethanta saoire” a chur in ionad “le Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire” sa chéad áit a bhfuil sé, agus trí “Aointe, Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire” a chur in ionad “Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire” sa dara háit a bhfuil sé.

(2) (a) Beidh feidhm ag fo-alt (1) le héifeacht ón 1ú lá de Bhealtaine, 1998, maidir le ceadúnas meaisín cearrbhachais, den chineál dá dtagraítear in alt 43(7)(aa) den Acht Airgeadais, 1975 , arna dheonú ar an dáta sin nó dá éis faoi alt 43(4) den Acht Airgeadais,1975.

(b) Maidir le ceadúnas meaisín cearrbhachais, den chineál dá dtagraítear in alt 43(7)(aa) den Acht Airgeadais, 1975 , arna dheonú roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, faoi alt 43(4) den Acht Airgeadais, 1975 , ar ceadúnas marthanach é ar an dáta sin, beidh feidhm ag fo-alt (1) le héifeacht ón dáta sin ar feadh iarmhéid na tréimhse a bhfanfaidh an ceadúnas sin i bhfeidhm ar a feadh.

Leasú ar alt 123 (rátaí dleachta) den Acht Airgeadais, 1992.

88. —(1) Leasaítear leis seo alt 123 den Acht Airgeadais, 1992, sa choinníoll (a cuireadh isteach le halt 88 den Acht Airgeadais, 1994) a ghabhann le mír (c) (a cuireadh isteach le halt 70 den Acht Airgeadais, 1993), trí “le hAointe, le Sathairn, le Domhnaigh agus le laethanta saoire poiblí” a chur in ionad “le Sathairn, le Domhnaigh agus le laethanta saoire poiblí”.

(2) (a) Beidh feidhm ag fo-alt (1) le héifeacht ón 1ú lá de Bhealtaine, 1998, maidir le ceadúnas meaisín siamsa, den chineál dá dtagraítear in alt 123(c) den Acht Airgeadais, 1992, arna dheonú ar an dáta sin nó dá éis faoi alt 122 den Acht Airgeadais, 1992.

(b) Maidir le ceadúnas meaisín siamsa, den chineál dá dtagraítear in alt 123(c) den Acht Airgeadais, 1992, arna dheonú roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, faoi alt 122 den Acht Airgeadais, 1992, ar ceadúnas marthanach é ar an dáta sin, beidh feidhm ag fo-alt (1) le héifeacht ón dáta sin ar feadh iarmhéid na tréimhse a bhfanfaidh an ceadúnas sin i bhfeidhm ar a feadh.

Hidreacarbóin.

89. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Airgeadais, 1988 ;

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Airgeadais, 1997.

(2) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra le mír 11(1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 4ú lá de Nollaig, 1997, de réir £361.36 an 1000 lítear in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 82 d'Acht 1997.

(3) Déanfar an lacáiste dleachta ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) d'alt 56 d'Acht 1988, a ríomh de réir £66.92 an 1,000 lítear maidir le hola éadrom hidreacarbóin mhianra a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi, an 4ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(4) Chun críocha an lacáiste dleachta ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra dá bhforáiltear i bhfo-alt (4) d'alt 82 d'Acht 1997, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin (4) amhail ar an agus ón 4ú lá de Nollaig, 1997, amhail is dá mba thagairt d'fho-alt (2) den alt seo an tagairt ann d'fho-alt (2) den alt sin 82.

Leasú ar alt 21 (diúité ar íle híodrocarbóin) den Acht Airgid, 1935 .

90. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Airgid, 1935

(a) i bhfo-alt (15)—

(i) sa mhíniú ar “mótar-fheithicil” (arna leasú le halt 84(6) den Acht Airgeadais, 1994) trí “lena n-áirítear aon fheithicil a bheidh ceaptha, déanta nó modhnaithe chun go mbeidh sí oiriúnach lena tarraingt ar bhóthar ag feithicil inneallghluaiste,” a chur isteach i ndiaidh “ar bhóithre,”, agus

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an léirithe ar “trealamh soghluaiste tollta toibreacha“(a cuireadh isteach leis an alt sin 84(6)):

“ciallaíonn an abairt ‘dabhach breosla’ aon dabhach i mótarfheithicil nó ar mhótarfheithicil a úsáidtear nó ar féidir é a úsáid chun breosla a sholáthar lena dhó in inneall na mótarfheithicle, chun críocha gluaiste, nó mótarfheithicle eile ar féidir léi tarraingt a chur ar fáil chun na gcríoch sin;”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):

“(16) Chun críocha an mhínithe ar ‘dabhach breosla’ i bhfo-alt (15) den alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur féidir dabhach a úsáid chun breosla a sholáthar lena dhó in inneall mótarfheithicle chun críocha gluaiste má tá aon easrais ón dabhach seachas—

(a) na heasrais sin atá i gceangal go buan agus d'aon toisc le córais chuisnithe, ocsaiginithe, inslithe teirmigh nó sainchóras eile sa mhótarfheithicil nó ar an mótarfheithicil, agus atá ann d'aon toisc chun breosla a sholáthar le haghaidh na gcóras sin, nó

(b) na heasrais sin atá ann d'aon toisc chun breosla a scardadh as tancaer bóthair ola chuig soitheach nó dabhach atá ar leithligh ón tancaer ola sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 731 (exemption from rates) den Merchant Shipping Act, 1894.

91. —Leasaítear leis seo alt 731 den Merchant Shipping Act, 1894, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

“Provided that no such exemption shall be allowed in respect of excise duty on any hydrocarbon oil.”.

Leasú ar mhír 8 d'Ordú 1975.

92. —Leasaítear leis seo mír 8 d'Ordú 1975 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (4) (a cuireadh isteach le Rialachán 17 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim agus Mál), 1992 (I.R. Uimh. 394 de 1992)):

“(4) Sa mhír seo, ciallaíonn ‘leann úll agus leann piorraí’ leann úll agus leann piorraí is mó ná 1.2% toirte ach nach mó ná 22% toirte a fhaightear ó ghiosáil sú úll nó sú piorraí agus gan aon deoch alcólach ná aon deoch ná substaint eile a bheith curtha leis—

(i) a chuireann dath orthu nó a thugann blas dóibh, agus

(ii) a athraíonn go suntasach, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, sainghné an táirge ón tsainghné a bheadh aige thairis sin.”

An dleacht ar bhiotáille a chur siar.

93. —Leasaítear leis seo mír 4 d'Ordú 1975 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3) arna leasú le Rialachán 4 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íoc na Dleachta Máil ar Bhiotáille agus ar Fhíon Déanta Allmhairithe agus ar Bheoir a Chur Siar), 1980 (I.R.Uimh. 405 de 1980):

“(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheadú, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur chun íocaíocht ar an dleacht a fháil, íocaíocht na dleachta a fhorchuirtear le fomhír (2) den mhír seo a chur siar go dtí lá nach déanaí ná—

(a) i gcás go mbeidh an dleacht iníoctha lá i mí na Nollag aon bhliain nach déanaí ná an 20ú lá den mhí sin, an lá deireanach den mhí sin an bhliain chéanna, nó

(b) in aon chás eile, an lá deireanach den mhí i ndiaidh na míosa ina mbeidh an dleacht iníoctha.”.

Táirgí tobac.

94. —(1) San alt seo agus i Sceideal 7

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 ;

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Airgeadais, 1997;

tá le “toitíní”, “todóga”, “tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh” agus “tobac eile chun a chaite ina dheatach” na bríonna céanna atá leo in Acht 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979), le Rialacháin 26 agus 29 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim agus Mál), 1992 (I.R. Uimh. 394 de 1992) agus le halt 86 d'Acht 1997.

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 d'Acht 1977 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 4ú lá de Nollaig, 1997, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i Sceideal 7 in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1977.

Leasú ar alt 103 (léiriú (Caibidil II)) den Acht Airgeadais, 1992.

95. —Leasaítear leis seo alt 103 (arna leasú le Rialachán 7(a) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim agus Mál), 1992 (I.R. Uimh. 394 de 1992)) den Acht Airgeadais, 1992, i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Comhphobal”:

“ciallaíonn ‘Comhphobal’ críoch an Chomhphobail arna míniú leis an gConradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus, go háirithe, le hAirteagal 227 den Chonradh sin ar leith ó na críocha náisiúnta seo a leanas:

(a) i gcás na Gearmáine, Oileán Heligoland agus críoch Büsingen,

(b) i gcás na hIodáile, Livigno, Campione d'Italia agus uiscí na hIodáile de Loch Lugano,

(c) i gcás na Ríochta Aontaithe, Oileáin Mhuir nIocht,

(d) i gcás na Gréige, Cnoc Athos,

(e) i gcás na Spáinne, na hOileáin Chanáracha, Ceuta agus Melilla,

(f) i gcás na Fraince, Ranna thar lear na Poblachta, agus

(g) i gcás na Fionlainne, Oileáin Áland;”.

Leasú ar alt 111 (doiciméid a bheidh i dteannta táirgí inmháil) den Acht Airgeadais, 1992.

96. —Leasaítear leis seo alt 111 (arna leasú le Rialachán 11 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim agus Mál), 1992 (I.R. Uimh. 394 de 1992) agus le halt 100 den Acht Airgeadais, 1995) den Acht Airgeadais, 1992—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ar leith ó tháirgí inmháil—

(a) dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 106, agus

(b) arna seoladh nó arna n-iompar ag díoltóir Stáit nó ag díoltóir nach díoltóir Stáit, nó thar a cheann, de réir fhorálacha alt 107,

beidh i dteannta táirgí inmháil i gcúrsa seachadadh—

(i) ó Bhallstát eile ar aon duine sa Stát,

(ii) ó aon duine sa Stát ar aon duine i mBallstát eile,

(iii) ón Stát trí Bhallstát eile ar áit chinn scríbe sa Stát,

(iv) tríd an Stát ó Bhallstát eile ar áit chinn scríbe sa Bhallstát sin,

(v) ó Bhallstát amháin tríd an Stát ar Bhallstát eile,

(vi) ar an Stát ó Bhallstát eile i gcás go bhfuil feidhm ag díolúine ó dhleacht máil faoi alt 113(1), agus

(vii) ón Stát ar Bhallstát eile faoi aon díolúine dá bhforáiltear i mír 1 d'Airteagal 23 den Treoir,

gach tráth le linn dóibh a bheith sa Stát i gcúrsa seachadadh den sórt sin, doiciméad (dá ngairtear ‘doiciméad a bheidh i dteannta táirgí inmháil’ sa Chaibidil seo).”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1995):

“(2B) I gcás ina ndéanfar táirgí inmháil a sheoladh faoi shocrú fionraí dleachta lena seachadadh ar dhuine sa Stát i gcás go mbeidh feidhm ag díolúine ó dhleacht máil faoi fho-alt (1) d'alt 113, glacfaidh an duine sin gach beart réasúnach chun a chinntiú go ndéanfar, de bhreis ar an doiciméad a bheidh i dteannta táirgí inmháil, deimhniú (ar a dtabharfar ‘an deimhniú díolúine’) a sheoladh in éineacht leis na táirgí inmháil sin agus go mbeidh sé ina dteannta i gcúrsa a seachadta.”.

Mar a dhéileálfar le caillteanais.

97. —Leasaítear leis seo alt 114 den Acht Airgeadais, 1992, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Maidir le caillteanais, seachas na caillteanais sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus le haon ghanntanais táirgí inmháil faoi shocrú fionraí dleachta, dlífear dleacht máil a chur orthu de réir an ráta a bheidh i bhfeidhm an tráth a tharla na caillteanais nó na ganntanais sin, arna shuíomh chun sástachta oifigigh, nó an tráth a tháinig na caillteanais nó na ganntanais sin ar iúl oifigigh, agus beidh dleacht iníoctha láithreach agus déanfaidh an duine a bheidh údaraithe chun na táirgí inmháil sin a tháirgeadh, a phróiseáil, a shealbhú, a iompar, a sheachadadh nó a ghlacadh (de réir mar a bheidh) í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an modh forordaithe.”.

Cúnamh frithpháirteach ginearálta.

98. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid II den Acht Airgeadais, 1992, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 116:

“116A.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach a bheidh údaraithe i scríbhinn ag na Coimisinéirí chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn ‘an Treoir ón gComhairle’ Treoir Uimh. 77/799/CEE an 19 Nollaig 1977 ón gComhairle1 , arna leasú le Treoir Uimh. 79/1070/CEE an 6 Nollaig 1979 ón gComhairle2 agus le Treoir Uimh. 92/12/CEE an 25 Feabhra 1992 ón gComhairle3 ;

(2)(a) Féadfaidh na Coimisinéirí agus oifigigh údaraithe aon fhaisnéis i dtaobh dleachtanna máil, is gá a nochtadh amhlaidh de bhua na Treorach ón gComhairle, a nochtadh d'údaráis inniúla Ballstáit eile.

(b) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí ná oifigeach údaraithe aon fhaisnéis a nochtadh de bhun na Treorach ón gComhairle mura deimhin leo go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit eile lena mbaineann faoi cheangal ag rialacha rúndachta i leith na faisnéise, nach lú déine ná na rialacha sin a bhaineann leis an bhfaisnéis sa Stát, nó go bhfuil geallta acu rialacha rúndachta den sórt sin a urramú.

(c) Ní cheadóidh aon ní san alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim ná d'oifigeach údaraithe a údarú faisnéis a bheidh nochta de bhua na Treorach ón gComhairle d'údaráis inniúla Ballstáit eile a úsáid ar shlí seachas chun críocha cánachais nó chun imeachtaí dlí a éascú i leith mainneachtana dlíthe cánach an Stáit sin a chomhlíonadh.”.

Cúnamh frithpháirteach chun éilimh a ghnóthú.

99. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid II den Acht Airgeadais, 1992, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 116A (arna chur isteach leis an Acht seo)—

“116B.—(1)(a) San alt seo—

ciallaíonn ‘an Treoir ón gCoimisiún’ Treoir Uimh. 77/794/CEE an 4 Samhain 1977 ón gCoimisiún1 ;

ciallaíonn ‘an Treoir ón gComhairle’ Treoir Uimh. 76/308/CEE an 15 Márta 1976 ón gComhairle2 , arna leasú le Treoir Uimh. 79/1071/CEE an 6 Nollaig 1979 ón gComhairle3 agus le Treoir Uimh. 92/12/CEE an 25 Feabhra 1992 ón gComhairle.

(b) Tá le focal nó abairt a úsáidtear san alt seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir ón gComhairle nó sa Treoir ón gCoimisiún, mura léir a mhalairt a bheith ar intinn, an bhrí san alt seo atá leis nó léi sa Treoir ón gComhairle nó sa Treoir ón gCoimisiún, de réir mar a bheidh.

(2) Maidir leis an méid dleachta máil a bheidh sonraithe in aon iarraidh arna déanamh go cuí de bhun na Treorach ón gComhairle ag údarás i mBallstát eile chun aon mhéid a ghnóthú sa Stát a bheidh éilithe ag údarás den sórt sin de bhun éilimh dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir ón gComhairle, beidh sé inghnóthaithe in aon chúirt dlínse inniúla ag an Aire Airgeadais agus, chun críocha an mhéid sin roimhe seo, measfar gurb é atá sa mhéid fiach a bheidh dlite don Aire sin, den duine ar ina aghaidh a dhéanann an t-údarás sin an t-éileamh, i leith dleachta nó cánach atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí nó fiach conartha shimplí a bheidh dlite den duine sin don Aire sin, de réir mar is cuí.

(3) Beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha síos—

(a) in Airteagail 4 go 12 agus 14 go 17 den Treoir ón gComhairle,

agus

(b) in Airteagail 2 go 21 den Treoir ón gCoimisiún,

i ndáil le héilimh i leith dleachta máil dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir ón gComhairle a éireoidh i mBallstát eile agus is ábhar d'imeachtaí dlí a bheidh tionscanta faoin alt seo.

(4) In aon imeachtaí dlí a thionscnófar faoin alt seo, déanfar aon doiciméad a bheidh san fhoirm atá sonraithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir ón gCoimisiún, agus a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe sa tslí atá sonraithe in Airteagal 11 den Treoir sin, a ghlacadh i bhfianaise gan cruthúnas ar aon séala nó síniú a bheidh air ná, maidir le haon duine a shínigh é, gurbh é an duine cuí é lena shíniú, agus beidh an doiciméad sin, go dtí go suífear a mhalairt, ina fhianaise leordhóthanach ar na fíorais a bheidh luaite ann.

(5)(a) Maidir le himeachtaí dlí a thionscnófar faoin alt seo chun aon suim a ghnóthú, déanfar iad a bhac má shásaíonn an cosantóir an chúirt go bhfuil imeachtaí dlí is iomchuí maidir lena dhliteanas i leith an éilimh, lena mbaineann na himeachtaí a thionscnófar amhlaidh, ar feitheamh nó ar tí a dtionscanta os comhair cúirte, binse nó comhlachta inniúil eile i mBallstát eile, ach féadfar aon bhac den sórt sin a bhaint mura ndéanfar na himeachtaí dlí sa Bhallstát sin a thabhairt ar aghaidh nó a thionscnamh faoi luas réasúnach.

(b) In aon imeachtaí dlí a thionscnófar faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a shuíomh go bhfuil breith chríochnaitheach ar an éileamh lena mbaineann na himeachtaí tugtha ina fhabhar ag cúirt, binse nó comhlacht dlínse inniúla eile i mBallstát eile, agus, i ndáil le haon chuid d'éileamh lena mbaineann na himeachtaí dlí sin, is cosaint é don chosantóir a shuíomh gur tugadh breith den sórt sin i ndáil leis an gcuid sin den éileamh.

(c) Ní ardófar aon cheist in aon imeachtaí dlí a thionscnófar faoin alt seo i dtaca le dliteanas an chosantóra i leith an éilimh lena mbaineann na himeachtaí ach amháin mar a fhoráiltear i mír (b) den fho-alt seo.

(d) Chun críocha an ailt seo, measfar imeachtaí dlí a bheith ar feitheamh fad is a fhéadfar achomharc a thionscnamh in aghaidh aon bhreithe sna himeachtaí agus, chun na gcríoch sin, measfar gur breith chríochnaitheach breith nach mbeidh aon ábhar achomhairc ina haghaidh nó a mbeidh ábhar achomhairc ina haghaidh laistigh de thréimhse a bheidh imithe in éag, gan achomharc a bheith tionscanta.”.

Leasú ar alt 87A (oibleagáid ceisteanna áirithe a fhreagairt, coinneáil agus gabháil) den Acht Airgeadais, 1995.

100. —Leasaítear leis seo alt 87A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1997) den Acht Airgeadais, 1995, trí “féadfaidh an comhalta sin an duine a ghabháil gan bharántas” a chur in ionad “féadfaidh an t-oifigeach sin an duine a ghabháil gan bharántas” i mír (b) d'fho-alt (3).

Samplaí a thógáil agus anailísiú (custaim agus mál).

101. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “gníomhaireacht” an tSaotharlann Stáit agus aon chomhlacht nó duine eile a bheidh ainmnithe ag an gCeimiceoir Stáit nó ag na Coimisinéirí chun críocha an ailt seo chun sampla a bheidh curtha ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht sin a anailísiú, a thástáil nó a scrúdú;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “oifigeach” oifigeach de chuid na gCoimisinéirí;

folaíonn “úinéir”, i ndáil le hearraí, duine atá i bhfeighil nó i seilbh na n-earraí;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí faoi fho-alt (14);

ciallaíonn “taifead” taifead i bhfoirm inléite nó taifead is féidir a léamh i bhfoirm inléite;

ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit” ceann na Saotharlainne Stáit nó an duine a bheidh de thuras na huaire ag feidhmiú go cuí fheidhmeanna an Cheimiceora Stáit nó duine a bheidh ceaptha faoi fho-alt (11) chun feidhmeanna an Cheimiceora Stáit faoin alt seo a chomhall.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le samplaí d'aon earraí a bheidh tógtha ag oifigeach faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál i gcás gur dóigh leis an oifigeach go bhféadfadh gur ghá, dá éis sin, go ndéanfadh gníomhaireacht aon cheann de na samplaí a anailísiú, a thástáil nó a scrúdú chun a chinneadh ar chóir aon imeachtaí a thionscnamh faoi na dlíthe sin nó, i gcás go mbeifear tar éis é sin a chinneadh, chun críche na n-imeachtaí sin.

(3) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2), déanfaidh an t-oifigeach—

(a) i gcás ina mbeidh an t-úinéir nó ionadaí an úinéara i láthair, a chur in iúl dó nó di cé na hearraí a bhfuil sé i gceist ag an oifigeach samplaí a thógáil ina leith, agus

(b) maidir leis na hearraí a bheidh i gceist, 2 shampla ar a laghad, más féidir, nó in aon chás eile aon sampla amháin díobh a thógáil, agus

(i) gach sampla díobh a shéalú, nó

(ii) i gcás iad a bheith pacáistithe cheana féin i gcoimeádán atá oiriúnach lena shéalú, an coimeádán ina bhfuil sé pacáistithe a shéalú, i ndáil le gach sampla den sórt sin, nó

(iii) más cuí é sna himthosca, gach sampla díobh a chur i gcoimeádán ar leithligh agus gach coimeádán díobh sin a shéalú.

(4) Déanfaidh an t-oifigeach lena mbaineann, roimh sampla nó coimeádán a shéalú faoi fho-alt (3)(b), a dheimhniú dó nó di féin go bhfuil an sampla nó an coimeádán (de réir mar a bheidh) i riocht oiriúnach i gcomhair séalú.

(5) Déanfar ceann amháin de na samplaí d'earraí lena mbaineann fo-alt (3)(b)

(a) i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(a) freisin, a thairiscint d'úinéir na n-earraí nó d'ionadaí an úinéara agus féadfaidh an duine sin an sampla a bheidh le tabhairt dó nó di a roghnú, agus

(b) in aon chás eile, a thabhairt d'úinéir na n-earraí, nó d'ionadaí an úinéara, ar iarraidh a bheith déanta—

(i) ag féachaint don chineál sampla atá ann, ar a n-áirítear é a bheith meatach ar shlí ar bith, laistigh de thréimhse réasúnach, nó

(ii) laistigh de 3 mhí,

ón uair a séalaíodh an sampla de réir fho-alt (3)(b), cibé acu is túisce a tharlaíonn, ach ní dhéanfar aon ní sa mhír seo a fhorléiriú mar ní a choisceann an sampla a thabhairt amhlaidh ar iarraidh a dhéanfar dá éis sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina mbaineann na samplaí le hearraí a mbeifear tar éis iad go léir a choinneáil nó a urghabháil faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál.

(6) I gcás ina gcinnfidh oifigeach go bhfuil sampla lena mbaineann fo-alt (3)(b) le hanailísiú, le tástáil nó le scrúdú ag gníomhaireacht de réir an ailt seo, déanfaidh oifigeach, a luaithe is indéanta, é a chur ar aghaidh nó a chur faoi deara go gcuirfear ar aghaidh é chuig gníomhaireacht.

(7) I gcás ina mbeidh sampla lena mbaineann an t-alt seo curtha ar aghaidh chuig an tSaotharlann Stáit lena anailísiú, lena thástáil nó lena scrúdú ag gníomhaireacht, féadfaidh an Ceimiceoir Stáit a chur faoi deara go ndéanfaidh—

(a) an tSaotharlann Stáit, nó

(b) gníomhaireacht a bheidh ainmnithe faoi fho-alt (10),

é a anailísiú, é a thástáil nó é a scrúdú, agus i gcás ina gcinnfidh an Ceimiceoir Stáit gur cóir feidhm a bheith ag mír (b) maidir le sampla, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta, é a chur ar aghaidh nó a chur faoi deara go gcuirfear ar aghaidh é chuig an ngníomhaireacht sin.

(8) I gcás ina ndéanfar sampla a thógáil, a shéalú, a thairiscint don úinéir nó d'ionadaí an úinéara, a stóráil, a thabhairt don úinéir nó d'ionadaí an úinéara, nó ina ndéanfar é a chur ar aghaidh nó ina gcuirfear faoi deara é a chur ar aghaidh chuig gníomhaireacht ag oifigeach, coimeádfaidh gach oifigeach den sórt sin taifead air sin, mar aon le taifead ar aon ní eile a fhorordófar chun críche an fho-ailt seo.

(9) Déanfaidh gach gníomhaireacht lena mbaineann an t-alt seo, ar shampla a fháil, a sheiceáil an bhfuil séala air nó ar an gcoimeádán ina bhfuil sé, agus, má tá séala air, go bhfuil an séala slán, agus coimeádfaidh sí taifead scríofa air sin mar aon le taifead ar an bhfáil, ar an stóráil agus ar aon ní eile a fhorordófar chun críche an fho-ailt seo.

(10) Féadfaidh an Ceimiceoir Stáit agus na Coimisinéirí araon comhlacht nó duine amháin nó níos mó a ainmniú i scríbhinn chun críche an ailt seo chun sampla a bheidh curtha ar aghaidh chuig an gcomhlacht sin nó chuig an duine sin, nó aicme de shamplaí sonraithe nó samplaí i gcoitinne, a anailísiú, a thástáil nó a scrúdú, agus beidh gach comhlacht nó duine den sórt sin ina ghníomhaireacht chun críocha an ailt seo.

(11)(a) Gan dochar d'fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo ag an gCeimiceoir Stáit tráth ar bith, féadfaidh an Ceimiceoir Stáit duine amháin nó níos mó a bheidh fostaithe sa tSaotharlann Stáit a údarú i scríbhinn chun na feidhmeanna sin a chomhall, agus leanfaidh aon údarú den sórt sin go dtí go ndéanfaidh an Ceimiceoir Stáit de thuras na huaire é a chúlghairm nó go scoirfidh an duine a bheidh údaraithe amhlaidh de bheith fostaithe sa tSaotharlann Stáit.

(b) Maidir le feidhmeanna na gCoimisinéirí gníomhaireacht amháin nó níos mó a ainmniú chun críocha an ailt seo, féadfaidh aon oifigeach, a bheidh údaraithe go cuí i scríbhinn chun na feidhmeanna sin a chomhall, na feidhmeanna sin a fheidhmiú.

(12) Más rud é, in aon imeachtaí faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál, go dtabharfar doiciméad ar aird a airbheartaíonn—

(a) gur ainmniú i scríbhinn é faoi fho-alt (10) nó gur deimhniú é arna shíniú ag an gCeimiceoir Stáit, ag duine de na Coimisinéirí nó ag duine arna údarú faoi fhomhír (a) nó (b) d'fho-alt (11) á rá gur gníomhaireacht chun críocha an ailt seo comhlacht nó duine i leith sampla shonraithe, i leith aicme de shamplaí sonraithe nó i leith samplaí i gcoitinne (de réir mar a bheidh),

(b) gur údarú i scríbhinn é faoi mhír (a)(b) d'fho-alt (11) nó gur deimhniú é arna shíniú ag an gCeimiceoir Stáit nó ag Coimisinéir á rá go bhfuil duine údaraithe chun na feidhmeanna dá dtagraítear sa mhír (a) nó (b) sin, de réir mar is cuí, a chomhall,

(c) gur deimhniú é ón tSaotharlann Stáit nó ó ghníomhaireacht eile á dheimhniú—

(i) go bhfuair an ghníomhaireacht a bheidh i gceist an sampla nó an coimeádán lena mbaineann agus nach raibh a shéala briste nó nach raibh aon séala air,

(ii) go ndearnadh an sampla lena mbaineann a anailísiú, a thástáil nó a scrúdú, de réir mar a bheidh, agus

(iii) cad iad na tátail, na torthaí nó na fíorais atá le baint as an anailísiú, as an tástáil nó as an scrúdú sin, de réir mar a bheidh,

ansin, go dtí go suífear a mhalairt, beidh an doiciméad sin ina fhianaise leordhóthanach ar na fíorais a bheidh ráite ann gan cruthúnas ar aon síniú nó séala a bheidh air ná, maidir le haon duine a shínigh é, gur duine cuí é nó í lena shíniú nó leis an séala air a fhíordheimhniú.

(13) I gcás ina mbeidh doiciméad eisithe faoi fho-alt (12), toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, go ndearnadh forálacha fho-ailt (6)(7), nó iad araon, de réir mar is cuí, a chomhlíonadh i leith an tsampla lena mbaineann.

(14) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo.

(15) In aon imeachtaí faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál, ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann fianaise a thabhairt ar aird go cuí, ar shlí seachas de réir na bhforálacha eile den alt seo, ar na nithe seo a leanas—

(a) sampla d'earraí a thógáil faoi na dlíthe sin, nó

(b) aon tátail, torthaí nó fíorais a bheidh bainte as aon anailísiú, tástáil nó scrúdú, de réir mar a bheidh, ar an sampla sin.

Samplaí a sheoladh ar aghaidh lena n-anailísiú.

102. —(1) San alt seo, tá le “gníomhaireacht”, “oifigeach”, “an Ceimiceoir Stáit” agus “na Coimisinéirí” an bhrí chéanna atá leo in alt 101 .

(2) Más rud é, faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó faoi na dlíthe a bhaineann le mál, go dtógfaidh oifigeach sampla agus go gcinnfear é a sheoladh chuig gníomhaireacht lena anailísiú, lena thástáil nó lena scrúdú, agus i gcás nach bhfuil feidhm ag forálacha alt 101 , féadfaidh oifigeach nó an Ceimiceoir Stáit é a chur ar aghaidh nó a chur faoi deara é a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht sin.

Imeachtaí a thionscnamh faoi na hAchtanna Custam, etc.

103. —D'ainneoin aon ní dá mhalairt sna hAchtanna Custam nó in áit eile, ní bheidh gá le hordú ó na Coimisinéirí Ioncaim chun go dtosóidh imeachtaí nó go leanfar d'imeachtaí faoi na hAchtanna sin.

1IO Uimh. L336 an 27 Nollaig 1977, lch. 15

2IO Uimh. L331 an 27 Nollaig 1979, lch.8

3IO Uimh. L76 an 23 Márta 1992, lch.1

1IO Uimh. L333 an 24 Nollaig 1977, lch. 11

2IO Uimh. L73 an 19 Márta 1976, lch. 18

3IO Uimh. L331 an 27 Nollaig 1979, lch. 10