|
||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1998
[EN] | ||||
[EN] |
Caibidil 5 Cáin Ghnóchan Caipitiúil | |||
[EN] |
Gnóchain chaipitiúla: rátaí muirir. |
65. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht— | ||
[EN] | (a) in alt 28, trí “20 faoin gcéad” a chur in ionad “40 faoin gcéad” i bhfo-alt (3), | |||
[EN] | (b) in alt 594, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e) d'fho-alt (2): | |||
[EN] | “(f) D'ainneoin fho-alt (3) d'alt 28, is é 40 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchain iomchuí a fhabhraíonn chuig duine”, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (c) i gCaibidil 2 de Chuid 22, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 649: | |||
| ||||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (1)— | |||
[EN] | (a) maidir le míreanna (a) agus (c), i ndáil le diúscairtí arna ndéanamh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis, agus | |||
[EN] | (b) maidir le mír (b), i ndáil le diúscairtí arna ndéanamh an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis. | |||
[EN] |
Leasú ar Chuid 27 (iontaobhais aonad agus cistí eischósta) den Phríomh-Acht. |
66. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, i gCuid 27, tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 2: | ||
[EN] | “CAIBIDIL 3 | |||
[EN] | Cistí eischósta:forálacha forlíontacha | |||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 538 (diúscairtí i gcás sócmhainní a chailleadh nó a scriosadh nó luach sócmhainní a bheith éirithe neamhbhríoch) den Phríomh-Acht. |
67. —(1) Leasaítear leis seo alt 538 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | ||
[EN] | “(2A) (a) Más rud é, mar thoradh ar dhíscaoileadh comhlachta chorpraithe, go dtiocfaidh maoin de chuid an chomhlachta chorpraithe chun bheith ina maoin de chuid an Stáit de bhua Chuid III den Acht Maoine Stáit, 1954 , agus go ndéanfaidh an tAire Airgeadais, de réir an Chuid sin den Acht sin, ceart an Stáit chun na maoine sin a tharscaoileadh i bhfabhar duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh scaireanna sa chomhlacht corpraithe, ansin, d'ainneoin alt 31 agus faoi réir mhír (c), maidir le haon chaillteanas inlamhála (dá ngairtear ‘caillteanas éilithe’ san fho-alt seo) a fhabhróidh chuig an duine de bhua éilimh arna dhéanamh faoi fho-alt (2) i leith na scaireanna sin ní bheidh sé inlamhála mar asbhaint ó ghnóchain inmhuirearaithe in aon bhliain mheasúnachta is luaithe ná an bhliain mheasúnachta ina ndiúscraíonn an duine an mhaoin agus féadfar aon choigeartuithe is gá a dhéanamh ar mhodh measúnachta nó measúnachta breise chun éifeacht a thabhairt don mhír seo. | |||
[EN] | (b) Beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le comhlacht corpraithe nach bhfuil aon scairchaipiteal aige amhail is dá bhfolódh tagairtí do scaireanna tagairtí d'aon leas sa chomhlacht corpraithe arna shealbhú ag comhaltaí an chomhlachta chorpraithe. | |||
[EN] | (c) Chun críocha mhír (a)— | |||
[EN] | (i) más rud é, i mbliain mheasúnachta, go ndéanfar páirtdiúscairt (de réir bhrí alt 534) ar mhaoin, ní inlamhála mar asbhaint ó ghnóchain inmhuirearaithe sa bhliain mheasúnachta sin ach an oiread sin den chaillteanas éilithe a mbeidh idir é agus méid an chaillteanais éilithe an chomhréir chéanna atá idir an margadhluach, nuair a bheidh sé faighte, den chuid den mhaoin a dhiúscraítear agus margadhluach iomlán na maoine sin nuair a bheidh sé faighte, | |||
[EN] | (ii) ciallóidh an bhliain mheasúnachta ina ndiúscraíonn duine maoin, i gcás an diúscairt, ar diúscairt í le fearchéile nó le banchéile an duine, a bheith ina diúscairt a bhfuil feidhm ag alt 1028(5) maidir léi, an bhliain mheasúnachta ina ndéanfaidh banchéile nó fearchéile an duine, de réir mar a bheidh, an mhaoin a dhiúscairt ina dhiaidh sin, i gcás gur diúscairt í an diúscairt ina dhiaidh sin nach bhfuil feidhm ag alt 1028(5) maidir léi.”. | |||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le ceart an Stáit chun maoine a tharscaoileadh an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 547 (diúscairtí agus fáltais a áirítear a bheith déanta ar mhargadhluach) den Phríomh-Acht. |
68. —(1) Leasaítear leis seo alt 547 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | ||
[EN] | “(1A) (a) D'ainneoin fho-alt (1), más rud é, de bhua alt 31 den Acht Maoine Stáit, 1954 , go ndéanfaidh an tAire Airgeadais ceart an Stáit chun maoine a tharscaoileadh i bhfabhar duine, measfar, chun críocha na nAchtanna Cánach Gnóchan Caipitiúil, fáil na maoine ag an duine a bheith ar chomaoin ar cóimhéid le méid (lena n-áirítear méid nialais) na híocaíochta airgid arna déanamh ag an duine mar cheann de théarmaí an tarscaoilte sin.”. | |||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainn a fháil an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis. | |||
[EN] |
Leasú ar Chaibidil 3 (sócmhainní a shealbhaítear i gcáil mhuiníneach nó ionadaitheach, oidhreachtaí agus socraíochtaí) de Chuid 19 den Phríomh-Acht. |
69. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil 3 de Chuid 19 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 577— | ||
| ||||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt a mheastar a bheith déanta an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis. | |||
[EN] |
Aisghairm ar alt 592 (ráta laghdaithe cánach gnóchan caipitiúil ar dhiúscairtí áirithe scaireanna ag pearsana aonair) den Phríomh-Acht. |
70. —(1) Aisghairtear leis seo alt 592 den Phríomh-Acht. | ||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 597 (sócmhainní gnó agus sócmhainní eile a athshuíomh) den Phríomh-Acht. |
71. —(1) Leasaítear leis seo alt 597 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c): | ||
[EN] | “(c) cáilmheas, | |||
[EN] | (d) aon sócmhainní airgeadais atá ar úinéireacht ag comhlacht daoine dá dtagraítear i mír (f) d'fho-alt (2); chun críocha na míre seo, ciallaíonn ‘sócmhainní airgeadais’ scaireanna de chuid aon chuideachta agus stoic, bannaí agus oibleagáidí de chuid aon rialtais, aon bhardais cathrach, aon chuideachta nó aon chomhlachta chorpraithe eile.”. | |||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 598 (gnó nó feirm a dhiúscairt ar “scor”) den Phríomh-Acht. |
72. —(1) Leasaítear leis seo alt 598 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1)— | ||
[EN] | (a) sa mhíniú ar “sócmhainní cáilitheacha”— | |||
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (i): | |||
[EN] | “(i) sócmhainní inmhuirearaithe gnó na pearsan aonair a bhí, ar leith ó mhaoin shochorraithe inláimhsithe, ar úinéireacht aige nó aici ar feadh tréimhse nár ghiorra ná 10 mbliana dar chríoch dáta na diúscartha agus arbh iad a shócmhainní nó a sócmhainní inmhuirearaithe gnó iad i gcaitheamh na tréimhse 10 mbliana dar chríoch dáta na diúscartha sin,”, | |||
[EN] | (ii) i mír (ii), trí “ar feadh tréimhse nár ghiorra ná 5 bliana, agus” a chur in ionad “ar feadh tréimhse nár ghiorra ná 5 bliana;”, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ii): | |||
[EN] | “(iii) talamh a úsáidtear chun críocha feirmeoireachta atá á seoladh ag an bpearsa aonair agus a bhí ar úinéireacht aige nó aici, agus a d'úsáid sé nó sí chun na críche sin, ar feadh tréimhse nár ghiorra ná 10 mbliana dar chríoch an t-aistriú ar leas sa talamh sin chun críocha téarmaí na Scéime a chomhlíonadh;”, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sócmhainní cáilitheacha”: | |||
[EN] | “ciallaíonn ‘an Scéim’ an scéim ar a dtugtar an Scéim um Luath-Scor ó Fheirmeoireacht a thug an tAire Talmhaíochta agus Bia isteach chun Rialachán (CEE) Uimh. 2079/92 an 30 Meitheamh 1992 ón gComhairle a chur i ngníomh* ;”. | |||
(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainn a dhiúscairt an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis. | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 652 (neamhfheidhm faoiseamh ar shócmhainní a athshuíomh i gcás diúscairtí iomchuí) den Phríomh-Acht. |
73. —(1) Leasaítear leis seo alt 652 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)— | ||
[EN] | “(3A) (a) San fho-alt seo— | |||
[EN] | tá le ‘rás con’, ‘rás-rian con’ agus ‘ceadúnas rás-riain chon’ na bríonna céanna faoi seach atá leo in alt 2 d'Acht Tionscail na gCon, 1958 ; | |||
[EN] | ciallaíonn ‘sócmhainní rás-riain chon údaraithe’ sócmhainní rás-riain chon ar rás-rian con údaraithe é i gcás go n-úsáidtear na sócmhainní ar mhaithe le saoráidí nó seirbhísí cuí a sholáthar chun rásaí con a sheoladh nó mar chóiríocht do dhaoine a bhaineann le rásaíocht chon, lena n-áirítear daoine den phobal; | |||
[EN] | ciallaíonn ‘rás-rian con údaraithe’ rás-rian con a mbeidh ceadúnas rás-riain chon deonaithe ina leith, agus nach mbeidh an ceadúnas sin cúlghairthe. | |||
[EN] | (b) Faoi réir mhír (c), ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le comaoin a fuarthas i leith diúscartha iomchuí más rud é— | |||
[EN] | (i) go mbeidh, i gcaitheamh tréimhse 5 bliana dar críoch tráth na diúscartha, na seansócmhainní, agus | |||
[EN] | (ii) go mbeidh na sócmhainní nua de réir bhrí alt 597, | |||
[EN] | ina sócmhainní rás-riain chon údaraithe. | |||
[EN] | (c) Beidh feidhm ag alt 597 i ndáil le sócmhainní rás-riain chon údaraithe— | |||
[EN] | (i) amhail is dá bhfolódh tagairtí i bhfo-ailt (4) agus (5) den alt sin do shócmhainní nua do scor de bheith á n-úsáid chun críocha trádála tagairt do shócmhainní nua do scor de bheith ina sócmhainní rás-riain chon údaraithe, agus | |||
[EN] | (ii) amhail is dá mba rud é nár achtaíodh fo-alt (11) (b). | |||
[EN] | (3B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le comaoin a fuarthas i leith diúscartha iomchuí arna cur i gcrích le hordú a rinneadh faoi alt 28 (1) den Acht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, 1997.”. | |||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo i leith diúscairtí iomchuí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis. | |||
[EN] |
74. Leasú ar alt 980 (asbhaint ón gcomaoin i leith sócmhainní áirithe a dhiúscairt) den Phríomh-Acht. |
74. — Leasaítear leis seo alt 980 den Phríomh-Acht, maidir le diúscairtí arna ndéanamh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis, trí “£150,000” a chur in ionad “£100,000” i bhfo-alt (3). | ||
[EN] |
Leasú ar alt 1028 (daoine pósta) den Phríomh-Acht. |
75. — Leasaítear leis seo alt 1028 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, trí fho-alt (4) a scriosadh. | ||