An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 3 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil 5 Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

3 1998

AN tACHT AIRGEADAIS, 1998

Caibidil 4

Cáin Chorparáide

Ráta cánach corparáide.

55. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1):

(a) i mír (a), trí “de Mhárta, 1997,” a chur in ionad “de Mhárta, 1997, agus”, agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) 36 faoin gcéad don chuid sin den bhliain airgeadais 1997 dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus

(c) 32 faoin gcéad don bhliain airgeadais 1998 agus do gach bliain airgeadais dá éis.”.

(2) Beidh éifeacht le Sceideal 6 chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Leasú ar alt 22 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) den Phríomh-Acht.

56. —Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1)—

(a) i mír (a), trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (I) agus (II):

“(I) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 30 faoin gcéad,

(II) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus sin roimh an lú lá d'Eanáir, 1998, 28 faoin gcéad, agus

(III) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 25 faoin gcéad.”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Chun críocha mhír (a)—

(i) más rud é go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, déanfar í a roinnt ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus an ceann eile ag tosú an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid chun críocha an ailt seo amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad, agus

(ii) más rud é go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi fhomhír (i) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, déanfar í a roinnt ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus an ceann eile ag tosú an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid chun críocha an ailt seo amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad.”.

Leasú ar alt 713 (ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Phríomh-Acht.

57. —(1) Leasaítear leis seo alt 713(3) den Phríomh-Acht—

(a) trí “a shonraítear in alt 21(1)” a chur in ionad “a shonraítear in alt 21(1)(b)”, agus

(b) trí “i leith na coda a shonraítear i bhfo-alt (6) de na brabúis neamhfhaoisimh” a chur in ionad “i leith na coda a shonraítear i bhfo-alt (5) de na brabúis neamhfhaoisimh”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1997.

Comhair chreidmheasa.

58. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 219:

“Ioncam comhar creidmheasa

219A.—(1) San alt seo, ciallaíonn ‘an tAcht’ an tAcht um Chomhar Creidmheasa, 1997.

(2) Beidh ioncam a eascraíonn chuig comhar creidmheasa—

(a) atá cláraithe sa cháil sin faoin Acht, nó

(b) a mheastar a bheith cláraithe amhlaidh de bhua alt 5(3) den Acht,

díolmhaithe ó cháin chorparáide, le héifeacht ó dháta cláraithe nó dáta cláraithe mheasta, de réir mar a bheidh, an chomhair creidmheasa faoin Acht.”.

(2) Aisghairtear leis seo alt 212 den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 449 (creidmheas i leith cánach coigríche nár creidiúnaíodh ar shlí eile) den Phríomh-Acht.

59. —Leasaítear leis seo alt 449 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “cáin choigríche iomchuí”—

(a) i mír (c), trí “agus” a scriosadh,

(b) i mír (d), trí “Sceideal 24, agus” a chur in ionad “Sceideal 24;”, agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) nach ndéileáiltear léi faoi Sceideal 24 mar cháin a laghdaíonn méid aon ioncaim;”.

Faoiseamh i leith cánachais dhúbailte.

60. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis, i Sceideal 24—

(a) trí—

“Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide trí bhíthin Creidmheasa i leith Cánach Coigríche

CUID I

Léiriú

1.(1) Sa Sceideal seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—”

a chur in ionad

“Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide trí bhíthin Creidmheasa i leith Cánach Coigríche

Léiriú

1. (1) Sa Sceideal seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—”,

(b) i mír 1(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cáin choigríche”:

“ciallaíonn ‘cáin choigríche’ —

(a) i gcás aon chríche a bhfuil feidhm dlí ag comhshocraíochtaí i ndáil léi, aon cháin is inmhuirearaithe faoi dhlíthe na críche sin agus ar féidir creidmheas a lamháil ina leith faoi na comhshocraíochtaí, agus

(b) in aon chás eile, aon cháin is inmhuirearaithe agus ar féidir creidmheas a lamháil ina leith de bhua fhomhír (3) de mhír 9A.”,

(c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9:

“CUID 2

Faoiseamh Aontaobhach

9A. (1) A mhéid is léir ó na forálacha seo a leanas den mhír seo, déanfar faoiseamh (dá ngairtear ‘faoiseamh aontaobhach’ sa mhír seo) ó cháin chorparáide i leith brabús, arb ionannas dóibh díbhinní, a thabhairt i leith cánach is iníoctha faoi dhlí aon chríche seachas an Stát tríd an gcáin sin a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach corparáide, d'ainneoin nach bhfuil aon chomhshocraíochtaí i bhfeidhm de thuras na huaire lena bhforáiltear d'fhaoiseamh den sórt sin.

(2) Is é a bheidh i bhfaoiseamh aontaobhach cibé faoiseamh a bheadh le tabhairt faoin Sceideal seo dá mbeadh comhshocraíochtaí, a mbeadh na forálacha atá i bhfomhíreanna (3) go (5) ar áireamh iontu, i bhfeidhm le rialtas na críche atá i gceist agus déanfar tagairt sa Sceideal seo do chreidmheas faoi chomhshocraíochtaí a fhorléiriú mar thagairt d'fhaoiseamh aontaobhach.

(3) Faoi réir Chuid 1 agus fhomhír (5), déanfar creidmheas i leith cánach arna híoc faoi dhlí críche seachas an Stát i ndáil le díbhinn iomchuí a bheidh íoctha ag cuideachta a chónaíonn sa chríoch le cuideachta a chónaíonn sa Stát, a lamháil in aghaidh cánach corparáide is inchurtha síos do na brabúis arb ionannas dóibh an díbhinn.

(4) Chun críocha fhomhír (3)—

(a) ciallaíonn ‘cáin arna híoc faoi dhlí críche seachas an Stát i ndáil le díbhinn iomchuí a bheidh íoctha ag cuideachta’—

(i) cáin a mhuirearaítear go díreach ar an díbhinn, cibé acu le muirear cánach, asbhaint cánach ag an bhfoinse nó ar shlí eile, agus nach n-iompródh an chuideachta ná an faighteoir iomlán na cánach sin dá mba rud é nár íocadh an díbhinn, agus

(ii) cáin arna híoc i leith a brabús, faoi dhlí na críche, ag an gcuideachta a íocann an díbhinn a mhéid atá an cháin sin inchurtha síos go cuí don chion de na brabúis arb ionannas dó an díbhinn,

(b) ciallaíonn ‘díbhinn iomchuí’ díbhinn arna híoc ag cuideachta a chónaíonn i gcríoch seachas an Stát le cuideachta a chónaíonn sa Stát, agus ar léi, go díreach nó go neamhdhíreach, nó ar fochuideachta í do chuideachta ar léi, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná 25 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a íocann an díbhinn; chun críocha na fomhíre seo, tá cuideachta ina fochuideachta do chuideachta eile más leis an gcuideachta eile, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná 50 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na chéad chuideachta.

(5) Ní lamhálfar creidmheas de bhua fhomhír (3)—

(a) i leith cánach arna híoc faoi dhlí críche i gcás go bhfuil comhshocraíochtaí ann le rialtas na críche,

(b) i leith aon chánach ar cáin choigríche iomchuí í de réir bhrí alt 449, nó

(c) i leith aon chánach a bhféadfar creidmheas a lamháil ina leith faoi alt 831.

(6) Más rud é—

(a) go bhféadfar faoiseamh aontaobhach a thabhairt i leith díbhinne, agus

(b) gur dealraitheach, maidir leis an measúnacht i leith cánach corparáide a bheidh déanta i leith na ndíbhinní, nach bhfuil sí déanta i leith mhéid iomlán an chéanna, nó go bhfuil sí mícheart ag féachaint don chreidmheas, más ann, a bheidh le tabhairt ar mhodh faoisimh aontaobhaigh,

féadfar cibé measúnacht a dhéanamh nó a leasú is gá chun a áirithiú go measúnófar méid iomlán na díbhinne agus go dtabharfar an creidmheas cuí, más ann, ina leith.

(7) Sa Sceideal seo, i dtaca leis an bhfeidhm atá aige maidir le faoiseamh aontaobhach, ní fholaíonn tagairtí do cháin is iníoctha nó atá arna híoc faoi dhlí críche lasmuigh den Stát ach tagairtí do chánacha a mhuirearaítear ar ioncam nó ar ghnóchain chaipitiúla agus atá ar aon dul le cáin chorparáide agus cáin ghnóchan caipitiúil.

Díbhinní a Íoctar idir Cuideachtaí Gaolmhara: Faoiseamh i leith Cánacha Éireannacha agus Cánacha Tríú Tíre

9B. (1) Más rud é go n-íocann cuideachta choigríche díbhinn le cuideachta Éireannach agus go bhfuil an chuideachta choigríche gaolmhar leis an gcuideachta Éireannach, ansin, chun creidmheas a lamháil faoi aon chomhshocraíochtaí in aghaidh cánach corparáide i leith na díbhinne, cuirfear an cháin seo a leanas i gcuntas, faoi réir Chuid 1, amhail is dá mba cháin í ab iníoctha faoi dhlí na críche ina gcónaíonn an chuideachta choigríche—

(a) aon cháin ioncaim nó cáin chorparáide is iníoctha sa Stát ag an gcuideachta choigríche i leith a brabús, agus

(b) aon cháin is iníoctha, faoi dhlí aon chríche eile, ag an gcuideachta choigríche i leith a brabús.

(2) Más rud é go mbeidh díbhinn faighte ag an gcuideachta choigríche ó thríú cuideachta agus go bhfuil an tríú cuideachta gaolmhar leis an gcuideachta choigríche agus bainteach leis an gcuideachta Éireannach, ansin, faoi réir fhomhír (4), déileálfar, chun críocha fhomhír (1), le haon cháin fholuiteach is iníoctha ag an tríú cuideachta, mar cháin arna híoc ag an gcuideachta choigríche i leith a brabús, sa mhéid go gcuirfí an cháin fholuiteach sin i gcuntas faoin Sceideal seo dá mbeadh an díbhinn íoctha ag cuideachta choigríche le cuideachta Éireannach agus gur foráladh le comhshocraíochtaí go gcuirfí cáin fholuiteach i gcuntas.

(3) Más rud é go mbeidh díbhinn faighte ag an tríú cuideachta ó cheathrú cuideachta agus go bhfuil an ceathrú cuideachta gaolmhar leis an tríú cuideachta agus bainteach leis an gcuideachta Éireannach, ansin, faoi réir fhomhír (4), déileálfar, chun críocha fhomhír (2), le cáin is iníoctha ag an gceathrú cuideachta ar a shamhail de chuma le cáin arna híoc ag an tríú cuideachta agus mar sin de i gcás cuideachtaí comhleanúnacha a bhfuil gach ceann acu gaolmhar leis an gceann roimhe sin agus bainteach leis an gcuideachta Éireannach.

(4) Tá fomhíreanna (2) agus (3) faoi réir na dteorainneacha seo a leanas—

(a) ní chuirfear aon cháin i gcuntas i leith díbhinne arna híoc ag cuideachta Éireannach ach amháin cáin chorparáide is iníoctha sa Stát agus aon cháin a bhfuil an chuideachta sin i dteideal creidmheasa ina leith faoin Sceideal seo, agus

(b) ní chuirfear aon cháin i gcuntas i leith díbhinne arna híoc ag cuideachta choigríche le cuideachta eile den sórt sin mura bhféadfaí í a chur i gcuntas faoin Sceideal seo dá mba chuideachta Éireannach an chuideachta eile.

(5) (a) Sa mhír seo—

ciallaíonn ‘cuideachta choigríche’ cuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘cuideachta Éireannach’ cuideachta a chónaíonn sa Stát;

ciallaíonn ‘cáin fholuiteach’, i ndáil le díbhinn, cáin arna hiompar ag an gcuideachta a íocann an díbhinn ar na brabúis iomchuí (de réir bhrí mhír (8)) a mhéid atá sí inchurtha síos go cuí don chion de na brabúis iomchuí arb ionannas dó an díbhinn.

(b) Chun críocha na míre seo—

(i) tá cuideachta gaolmhar le cuideachta eile más rud é, i gcás na cuideachta eile sin—

(I) gur léi, go díreach nó go neamhdhíreach, nó

(II) gur fochuideachta í do chuideachta ar léi, go díreach nó go neamhdhíreach,

méid nach lú ná 25 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta céadluaite,

(ii) tá cuideachta ina fochuideachta do chuideachta eile más leis an gcuideachta eile, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná 50 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta céadluaite,

agus

(iii) tá cuideachta bainteach le cuideachta eile más rud é, i gcás na cuideachta eile sin—

(I) gur léi, go díreach nó go neamhdhíreach, nó

(II) gur fochuideachta í do chuideachta ar léi, go díreach nó go neamhdhíreach,

méid nach lú ná 10 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta céadluaite.”,

agus

(d) i mír 10, trí—

“CUID 3

Ilghnéitheach

10. Ní lamhálfar creidmheas”

a chur in ionad

Ilghnéitheach

10. Ní lamhálfar creidmheas”.

Deonacháin chorparáideacha do charthanais cháilithe.

61. —Leasaítear leis seo Caibidil 3 de Chuid 15 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 486:

“Deonacháin chorparáideacha do charthanais cháilithe.

486A.—(1) San alt seo—

forléireofar ‘údarú’ de réir fho-alt (2);

ciallaíonn ‘carthanas cáilithe’ aon chomhlacht sa Stát is sealbhóir údarú atá i bhfeidhm;

forléireofar ‘deonachán cáilitheach’ de réir fho-alt (8).

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas chucu i cibé foirm a chinnfidh siad, nó i bhfoirm a bhfuil an éifeacht chéanna léi, ó chomhlacht sa Stát, agus ar an gcomhlacht do thabhairt cibé faisnéise do na Coimisinéirí Ioncaim a theastóidh uathu le réasún chun críche a bhfeidhmeanna faoin alt seo, doiciméad (‘údarú’) a eisiúint chuig an gcomhlacht á dhearbhú gur carthanas cáilithe an comhlacht chun críocha an ailt seo.

(3) Ní eiseofar údarú chuig comhlacht mura suífidh sé chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gur comhlacht daoine nó iontaobhas é arna bhunú chun críocha carthanúla amháin,

(b) gur chun críocha carthanúla amháin a chuirtear ioncam an chomhlachta chun feidhme,

(c) go raibh, roimh dháta déanta an iarratais lena mbaineann, faoi fho-alt (2), díolúine ó cháin tugtha dó chun críocha alt 207 go ceann tréimhse nach lú ná 3 bliana,

(d) go gcuireann sé cibé faisnéis eile ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim a éileoidh siad chun críocha a bhfeidhmeanna faoin alt seo, agus

(e) go gcomhlíonann sé cibé coinníollacha, más ann, a shonróidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ó am go ham chun críocha an ailt seo.

(4) Foilseoidh carthanas cáilithe cibé faisnéis ar cibé modh a cheanglóidh an tAire Airgeadais le réasún, lena n-áirítear cuntais iniúchta an charthanais ina mbeidh—

(a) cuntas ioncaim agus caiteachais nó cuntas brabúis agus caillteanais, de réir mar is cuí, dá thréimhse chuntasaíochta is déanaí, agus

(b) clár comhardaithe amhail ar an lá deiridh den tréimhse sin.

(5) D'ainneoin aon oibleagáidí maidir le rúndacht nó srian eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon reacht nó faoi aon reacht nó ar shlí eile, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ainm agus seoladh carthanais cháilithe a chur ar fáil d'aon duine.

(6) Faoi réir fho-alt (7), beidh éifeacht le húdarú go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana, a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim agus a shonróidh siad ann.

(7) Más rud é gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil scortha ag carthanas cáilithe d'fho-alt (3) nó (4) a chomhlíonadh, déanfaidh siad, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcarthanas, údarú an charthanais a tharraingt siar agus beidh feidhm ag an tarraingt siar agus beidh éifeacht léi ó cibé dáta, i ndiaidh dháta an fhógra, a bheidh sonraithe ann.

(8) Chun críocha an ailt seo, is deonachán cáilitheach deonachán do charthanas cáilithe más rud é—

(a) gur cuideachta a thugann é,

(b) go dtugtar é an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis, agus

(c) go gcomhlíonann sé ceanglais fho-alt (9).

(9) Comhlíonann deonachán arna thabhairt ag cuideachta i dtréimhse chuntastaíochta de chuid na cuideachta ceanglais an fho-ailt seo más rud é—

(a) gur i bhfoirm íocaíochta suime amháin airgid nó níos mó atá sé,

(b) nach bhfuil sé faoi réir coinníll maidir le haisíocaíocht,

(c) nach bhfaigheann an chuideachta ná aon duine atá bainteach léi tairbhe mar thoradh ar an deonachán a thabhairt,

(d) nach bhfuil mar choinníoll leis, ná ag baint leis, ná nach cuid é de chomhshocraíocht a bhfuil i gceist léi, an carthanas d'fháil maoine, ar shlí seachas ar mhodh bronntanais, ón gcuideachta is deontóir nó ó dhuine atá bainteach léi,

(e) murach fo-alt (10)—

(i) nach mbeadh sé inasbhainte le linn na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil nó ó ghairm a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, agus

(ii) nach mbeadh sé ina chaiteachas bainistíochta is inasbhainte le linn brabúis iomlána chuideachta a bheith á ríomh,

agus

(f) nach ioncam é a bhfuil feidhm ag alt 792 ina leith.

(10) I gcás go dtugann cuideachta deonachán cáilitheach in aon tréimhse chuntasaíochta agus go n-éilíonn sí faoiseamh ó cháin faoi threoir an deonacháin sin, déileálfar, chun críocha cánach corparáide, le méid an chéanna—

(a) mar chaiteachas trádála inasbhainte de chuid trádála atá á seoladh ag an gcuideachta, nó

(b) mar chaiteachas bainistíochta is inasbhainte le linn brabúis iomlána na cuideachta a bheith á ríomh,

don tréimhse chuntasaíochta sin.

(11) Déanfar éileamh faoin alt seo i dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 951 don tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an deonachán cáilitheach.

(12) Ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo—

(a) i leith deonacháin cháilithigh arna thabhairt ag cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta do charthanas cáilithe—

(i) mura mó ná £250 méid an deonacháin cháilithigh, nó comhiomlán mhéid na ndeonachán cáilitheach arna dtabhairt ag an gcuideachta sa tréimhse, nó

(ii) sa mhéid gur mó ná £10,000 méid an deonacháin cháilithigh, nó comhiomlán mhéid na ndeonachán cáilitheach, réamhráite,

(b) sa mhéid gur mó comhiomlán mhéid na ndeonachán cáilitheach go léir arna dtabhairt ag cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta do níos mó ná carthanas cáilithe amháin ná an méid is lú díobh seo a leanas—

(i) £50,000, nó

(ii) 10 faoin gcéad de bhrabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sula gcuirtear an faoiseamh faoin alt seo i gcuntas.

(13) I gcás go dtugann cuideachta deonachán cáilitheach i dtréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta is tréimhse is giorra ná 12 mhí, déanfar na méideanna £10,000 agus £50,000 a shonraítear i bhfo-alt (12) a laghdú go comhréireach.”.

Faoiseamh i leith infheistíochta i nginiúint fuinnimh in-athnuaite.

62. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil 3 de Chuid 15 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 486A (a cuireadh isteach le halt 61):

“Faoiseamh i leith infheistíochta i nginiúint fuinnimh in-athnuaite.

486B.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn ‘dáta thosach feidhme’ an dáta a thiocfaidh alt 62 den Acht Airgeadais, 1998 , i ngníomh;

ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Fiontar Poiblí;

ciallaíonn ‘gnáthscaireanna nua’ gnáthscaireanna nua is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta cáilithí nach bhfuil ag gabháil leo, ar feadh na tréimhse cúig bliana dar tosach an dáta a eisítear na scaireanna sin, aon cheart tosaíochta láithreach nó todhchaí chun díbhinní, ná chun sócmhainní cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta láithreach nó todhchaí chun a bhfuascailte;

ciallaíonn ‘cuideachta cháilitheach’ cuideachta—

(a) atá corpraithe sa Stát,

(b) a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn in áit eile, agus

(c) nach ann di ach amháin chun tionscadal fuinnimh cáilitheach a ghabháil de láimh;

ciallaíonn ‘tionscadal fuinnimh cáilitheach’ tionscadal fuinnimh in-athnuaite a bhfuil deimhniú tugtha ag an Aire ina leith faoi fho-alt (2), ar deimhniú é nach bhfuil cúlghairthe faoin bhfo-alt sin;

ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an dáta thosach feidhme agus dar críoch an lá roimh an lá ar cothrom trí bliana an dáta sin é;

ciallaíonn ‘costas iomchuí’, i ndáil le tionscadal fuinnimh cáilitheach, méid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh tabhaithe nó le tabhú ag an gcuideachta cháilitheach chun an tionscadal fuinnimh cáilitheach a ghabháil de láimh, arna laghdú de mhéid is comhionann leis an gcuid sin den chaiteachas sin—

(a) is inchurtha síos do thalamh, nó cearta i dtalamh nó thar talamh, a fháil, agus

(b) a bheidh íoctha nó le híoc go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát nó ag aon duine seachas an chuideachta cháilitheach;

ciallaíonn ‘asbhaint iomchuí’, faoi réir fho-ailt (4) agus (5), asbhaint de mhéid is comhionann le hinfheistíocht iomchuí;

ciallaíonn ‘infheistíocht iomchuí’ suim airgid—

(a) arna híoc sa tréimhse cháilitheach ag cuideachta thar a ceann féin le cuideachta cháilitheach i leith gnáthscaireanna nua sa chuideachta cháilitheach agus a n-íocann an chuideachta go díreach leis an gcuideachta cháilitheach í,

(b) arna híoc ag an gcuideachta chun a chumasú don chuideachta cháilitheach tionscadal fuinnimh cáilitheach a ghabháil de láimh, agus

(c) arna húsáid ag an gcuideachta cháilitheach laistigh de 2 bhliain ón tsuim sin a fháil chun na gcríoch sin,

ach ní fholaíonn sé suim airgid arna híoc leis an gcuideachta cháilitheach ar théarmaí lena bhforáiltear go n-aisíocfar í, agus déanfar tagairt d'infheistíocht iomchuí a dhéanamh a fhorléiriú mar thagairt do shuim den sórt sin a íoc le cuideachta cháilitheach;

ciallaíonn ‘tionscadal fuinnimh in-athnuaite’ tionscadal fuinnimh in-athnuaite (lena n-áirítear tionscadal ar éirigh leis sa Tríú Comórtas i leith an Riachtanais d'Fhuinneamh Malartach (AER III—1997) arna thionscnamh ag an Aire) i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha teicneolaíochta seo a leanas—

(a) grianchumhacht,

(b) gaothchumhacht,

(c) hidreachumhacht, agus

(d) bithmhais.

(2) (a) (i) Féadfaidh an tAire, ar chuideachta cháilitheach do dhéanamh iarratais, deimhniú a thabhairt don chuideachta cháilitheach á dhearbhú, i ndáil le tionscadal fuinnimh in-athnuaite a bheidh le gabháil de láimh ag an gcuideachta, gur tionscadal fuinnimh cáilitheach chun críocha an ailt seo an tionscadal fuinnimh in-athnuaite.

(ii) Beidh iarratas faoin alt seo i cibé foirm, agus beidh cibé faisnéis ann, a ordóidh an tAire.

(b) Beidh deimhniú a thabharfaidh an tAire faoi mhír (a) faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé no sí sa deimhniú.

(c) Féadfaidh an tAire aon choinníoll (lena n-áirítear coinníoll arna leasú de bhua na míre seo) a bheidh sonraithe i ndeimhniú den sórt sin a leasú nó a chúlghairm; tabharfaidh an tAire fógra i scríbhinn don chuideachta cháilitheach lena mbaineann maidir leis an leasú nó leis an gcúlghairm agus, ar an bhfógra sin a bheith tugtha, beidh feidhm ag an alt seo amhail is—

(i) gur sonraíodh sa deimhniú coinníoll arna leasú amhlaidh agus a sonraítear an leasú air san fhógra, agus

(ii) nár sonraíodh sa deimhniú coinníoll arna chúlghairm amhlaidh agus a sonraítear an chúlghairm air san fhógra.

(d) Aon tagairt i mír (c) don leasú ar choinníoll a shonraítear i ndeimhniú, folaíonn sí tagairt d'aon ábhar a chur, ar mhodh coinníll bhreise, le téarmaí an deimhnithe.

(e) Má mhainníonn cuideachta aon cheann de na coinníollacha a shonraítear i ndeimhniú a eisíodh chuici faoi mhír (a) a chomhlíonadh, ansin—

(i) is ionann an mhainneachtain sin agus neamhtharlú teagmhais ar dá bharr a bheidh faoiseamh le tarraingt siar faoi fho-alt (6), agus

(ii) féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm.

(3) Faoi réir an ailt seo, más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go ndéanann cuideachta infheistíocht iomchuí, déanfar, ar í do dhéanamh éilimh chuige sin, asbhaint iomchuí óna brabúis iomlána don tréimhse chuntasaíochta a thabhairt di; ach más rud é gur mó méid na hasbhainte iomchuí a mbeidh an chuideachta ina teideal faoin alt seo i dtréimhse chuntasaíochta ná a brabúis don tréimhse chuntasaíochta sin, déanfar méid is comhionann leis an mbreis sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin agus déileálfar leis an méid a bheidh tugtha ar aghaidh amhlaidh chun críocha an ailt seo amhail is dá mba infheistíocht iomchuí é arna déanamh sa tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin.

(4) Más rud é, in aon tréimhse 12 mhí dar críoch an lá roimh chothrom lae an dáta thosach feidhme, gur mó ná £10,000,000 méid nó méid comhiomlán na n-infheistíochtaí iomchuí a bheidh déanta, nó a áirítear a bheith déanta, ag cuideachta, nó ag an gcuideachta agus ag na cuideachtaí go léir a mheasfaí tráth ar bith sa tréimhse sin a bheith bainteach leis an gcuideachta—

(a) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith mhéid na breise, agus

(b) más rud é go mbeidh níos mó ná infheistíocht iomchuí amháin ann, déanfaidh an cigire nó, ar achomharc, déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc, cibé cionroinnt ar an bhfaoiseamh atá ar fáil a bheidh cóir agus réasúnach d'fhonn cion cuí den fhaoiseamh atá ar fáil a leithroinnt ar gach infheistíocht iomchuí agus, i gcás inar gá sin, d'fhonn méid faoisimh atá ar comhréir le méid na hinfheistíochta iomchuí nó le méid comhiomlán na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne sí sa tréimhse a thabhairt do gach cuideachta lena mbaineann.

(5) Ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo i leith infheistíochta iomchuí a dhéantar tráth ar bith i gcuideachta cháilitheach más rud é, an tráth sin, gur mó comhiomlán mhéideanna na hinfheistíochta iomchuí sin agus na n-infheistíochtaí iomchuí eile go léir a bheidh déanta sa chuideachta cháilitheach an tráth sin nó roimhe ná méid is comhionann—

(a) le 50 faoin gcéad de chostas iomchuí an tionscadail, nó

(b) le £7,500,000,

cibé acu is lú.

(6) (a) Féadfar éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo a lamháil tráth ar bith tar éis an trátha a shonraítear i mír (c) i leith íocaíochta suime le cuideachta cháilitheach más rud é—

(i) go mbeidh an íocaíocht sin, má úsáideann an chuideachta cháilitheach í, laistigh de 2 bhliain tar éis í a íoc, chun críocha tionscadail fuinnimh cháilithigh, ina hinfheistíocht iomchuí, agus

(ii) go gcomhlíontar nó go gcomhlíonfar na coinníollacha go léir a shonraítear san alt seo maidir leis an bhfaoiseamh a thabhairt,

ach déanfar an faoiseamh a tharraingt siar más rud é, mar gheall ar aon teagmhas dá éis sin tarlú, lena n-áirítear cúlghairm deimhnithe ag an Aire faoi fho-alt (2) nó neamhtharlú teagmhais a raibh súil lena tharlú an tráth a tugadh an faoiseamh, nach raibh an chuideachta a dhéanann an t-éileamh i dteideal an fhaoisimh a lamháladh.

(b) Más rud é go mbeidh infheistíocht iomchuí déanta ag cuideachta ar mhodh suibscríofa le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí agus go ndiúscrófar aon cheann de na scaireanna sin tráth ar bith laistigh de 5 bliana tar éis an trátha a shonraítear i mír (c), ní lamhálfar éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo i leith an mhéid a suibscríobhadh le haghaidh na scaireanna sin, agus más rud é gur tugadh aon fhaoiseamh den sórt sin, déanfar é a tharraingt siar.

(c) Is é an tráth dá dtagraítear i mír (a) agus mír (b) an tráth a rinneadh an íocaíocht a n-éilítear faoiseamh ina leith.

(7) Ní lamhálfar éileamh ar fhaoiseamh i leith infheistíochta iomchuí i gcuideachta mura mbeidh deimhniú ag gabháil leis, ar deimhniú é a bheidh eisithe ag an gcuideachta i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go bhfuil nó go mbeidh na coinníollacha don fhaoiseamh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta agus leis an tionscadal fuinnimh cáilitheach, comhlíonta i ndáil leis an infheistíocht iomchuí sin.

(8) Sula n-eiseoidh sí deimhniú chun críocha fho-alt (7), tabharfaidh cuideachta cháilitheach na nithe seo a leanas don oifigeach údaraithe—

(a) ráiteas lena ndearbhaítear go gcomhlíonann nó go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha don fhaoiseamh a mhéid a bhfuil feidhm acu i ndáil leis an gcuideachta agus leis an tionscadal fuinnimh cáilitheach,

(b) cóip den deimhniú, lena n-áirítear cóip d'aon fhógra a bheidh tugtha ag an Aire lena sonraítear leasú nó cúlghairm coinníll a shonraítear sa deimhniú sin, faoi fho-alt (2) i leith an tionscadail fuinnimh cháilithigh, agus

(c) cibé faisnéis eile a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún.

(9) Ní eiseofar deimhniú lena mbaineann fo-alt (7)—

(a) gan údarás an oifigigh údaraithe, nó

(b) i ndáil le hinfheistíocht iomchuí nach bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith de bhua fho-alt (5).

(10) Maidir le haon ráiteas faoi fho-alt (8)—

(a) beidh cibé faisnéis ann a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún,

(b) beidh sé i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(c) beidh dearbhú ann go bhfuil sé cruinn de réir mar is fearr is eol don chuideachta agus mar a chreideann sí.

(11) Más rud é go mbeidh deimhniú eisithe ag cuideachta cháilitheach chun críocha fho-alt (7) nó go mbeidh ráiteas tugtha aici faoi fho-alt (8) agus—

(a) go mbeidh an deimhniú nó an ráiteas bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha agus go mbeidh sé bréagach nó míthreorach amhlaidh de dheasca calaoise nó faillí, nó

(b) gur eisíodh an deimhniú de shárú ar fho-alt (9),

ansin—

(i) dlífear pionós nach mó ná £500 nó, i gcás calaoise, nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a thionscnamh i leith an phionóis sin agus é a ghnóthú go hachomair ar a shamhail de chuma is a dhéantar in imeachtaí achoimre le haghaidh ghnóthú aon fhíneála nó pionóis faoi aon Acht a bhaineann leis an mál, agus

(ii) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith an ábhair lena mbaineann an deimhniú nó an ráiteas agus, más rud é gur tugadh aon fhaoiseamh den sórt sin, déanfar é a tharraingt siar.

(12) Ní bheidh cuideachta i dteideal faoisimh i leith infheistíochta iomchuí mura rud é, maidir leis an infheistíocht iomchuí—

(a) go ndearnadh í ar chúiseanna tráchtála bona fide agus ní mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ar ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint,

(b) go ndearnadh nó go ndéanfar í a úsáid chun tionscadal fuinnimh cáilitheach a ghabháil de láimh, agus

(c) go ndéantar í ar phriacal na cuideachta agus nach bhfuil an chuideachta ná aon duine a mheasfaí a bheith bainteach leis an gcuideachta i dteideal aon íocaíocht in airgead nó i luach airgid, ná aon tairbhe eile atá á hiompar ag an gcuideachta cháilitheach nó is inchurtha síos di go díreach nó go neamhdhíreach, a fháil, seachas íocaíocht arna déanamh ar bhonn neamhthuilleamaíoch as earraí nó seirbhísí a soláthraíodh nó íocaíocht as na fáltais ó shaothrú a dhéanamh ar an tionscadal fuinnimh cáilitheach a bhfuil an chuideachta ina teideal faoi na téarmaí ar faoina réir a dhéantar an infheistíocht iomchuí.

(13) Más rud é go mbeidh aon fhaoiseamh tugtha faoin alt seo agus go bhfaighfear amach ina dhiaidh sin nach raibh sé dlite nó go bhfuil sé le tarraingt siar de bhua fho-alt (6) nó (11), déanfar an faoiseamh sin a tharraingt siar trí mheasúnacht a dhéanamh i leith cánach corparáide, faoi Chás IV de Sceideal D, don tréimhse chuntasaíochta nó do na tréimhsí cuntasaíochta inar tugadh an faoiseamh agus, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, féadfar measúnacht den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith.

(14) (a) Faoi réir mhír (b), más rud é go mbeidh cuideachta i dteideal faoisimh faoin alt seo i leith aon suime nó aon chuid de shuim, nó go mbeadh sí ina theideal amhlaidh ar éileamh a dhéanamh go cuí chuige sin, mar asbhaint iomchuí óna brabúis iomlána d'aon tréimhse chuntasaíochta, ní bheidh sí i dteideal aon fhaoisimh i leith na suime sin nó an chuid sin de shuim, le linn a hioncam nó a brabúis a bheith á ríomh, nó mar asbhaint óna hioncam nó óna brabúis, d'aon tréimhse chuntasaíochta faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna Cánach Gnóchan Caipitiúil.

(b) Más rud é go mbeidh infheistíocht iomchuí déanta ag cuideachta ar mhodh suibscríofa le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí agus nach ndiúscróidh an chuideachta aon cheann de na scaireanna sin laistigh de chúig bliana ón tráth a fuair an chuideachta sin iad, ansin, déanfar na suimeanna is inlamhála mar asbhaintí ón gcomaoin (‘an chomaoin lena mbaineann’) le linn an gnóchan nó an caillteanas a fhabhróidh chuig an gcuideachta ar dhiúscairt na scaireanna sin a bheith á ríomh chun críche cánach gnóchan caipitiúil a chinneadh gan féachaint d'aon fhaoiseamh faoin alt seo a bheidh faighte ag an gcuideachta nó a mbeadh sí i dteideal é a fháil ar éileamh a dhéanamh go cuí chuige sin, ach amháin, i gcás inar mó na suimeanna sin ná an chomaoin lena mbaineann, go laghdófar iad de mhéid is comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid na hasbhainte iomchuí a lamháiltear don chuideachta faoin alt seo i leith an tsuibscríofa le haghaidh na scaireanna sin, agus

(ii) méid na breise.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 88 (asbhaint i leith bronntanas don Enterprise Trust Ltd.) den Phríomh-Acht.

63. —Leasaítear leis seo alt 88 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3)(b)—

(a) trí fhomhír (ii) a scriosadh, agus

(b) trí “£3,000,000” a chur in ionad “£1,500,000” i bhfomhír (iii).

Leasú ar alt 715 (gnó blianachtaí: muirear ar leithligh ar bhrabúis) den Phríomh-Acht.

64. —(1) Leasaítear leis seo alt 715 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (2):

“(a) (i) (i) faoi réir fhomhíreanna (ii), (iii) agus (iv), beidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 710 fara na modhnuithe is gá agus go háirithe beidh feidhm aige amhail is dá scriosfaí ón bhfo-alt sin na tagairtí go léir do shealbhóirí polasaithe seachas sealbhóirí ar pholasaithe is inchurtha i leith gnó pinsean,

(ii) más rud é, ar leith ón bhfomhír seo, go n-eisiafaí aon bhrabúis le linn an ríomhaireacht a dhéanamh de bhua an chuid sin a bheith curtha in áirithe do shealbhóirí ar pholasaithe is inchurtha i leith gnó pinsean, agus dá bhua sin amháin, ní eisiafar an chuid sin amhlaidh,

(iii) i ndáil le hinfheistíochtaí aon chiste atá in ionannas mhéid dhliteanais na cuideachta do shealbhóirí polasaithe i leith a gnó pinsean nó a gnó ghinearálta blianachtaí, de réir mar a bheidh,

(I) cuirfear i gcuntas mar fháltas aon mhéadú ar luach na n-infheistíochtaí sin (réadaithe nó neamhréadaithe), agus

(II) cuirfear i gcuntas mar chaiteachas aon laghdú ar luach na n-infheistíochtaí sin (réadaithe nó neamhréadaithe),

a mhéid atá an méadú nó an laghdú, de réir mar a bheidh, san áireamh i luach na ndliteanas sin arna luacháil ag an achtúire don chuideachta, agus

(iv) más rud é go ndéanfar brabúis cuideachta árachais do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an chéad tréimhse chuntasaíochta’ san fhomhír seo) a ríomh de réir fhomhír (iii) agus nach ndéantar brabúis na tréimhse cuntasaíochta is déanaí roimhe sin a ríomh amhlaidh, déanfar an méadú nó an laghdú ar luach na n-infheistíochtaí dá dtagraítear i bhfomhír (iii) a ríomh, maidir leis an gcéad tréimhse chuntasaíochta, faoi threoir chostas na n-infheistíochtaí an tráth a fuair an chuideachta iad agus déanfar an méadú nó an laghdú sin a áireamh mar fháltas nó mar chaiteachas, de réir mar a bheidh.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar críoch an 4ú lá de Mhárta, 1998, nó dá éis.