An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil 3 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

3 1998

AN tACHT AIRGEADAIS, 1998

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

2. —Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) in alt 187, trí “£8,200” agus “£4,100”, faoi seach, a chur in ionad “£8,000” agus “£4,000” i bhfo-alt (1), agus

(b) in alt 188, i bhfo-alt (2)—

(i) trí “£10,000” agus “£11,000”, faoi seach, a chur in ionad “£9,200” agus “£10,400”, i mír (a), agus

(ii) trí “£5,000” agus “£5,500”, faoi seach, a chur in ionad “£4,600” agus “£5,200”, i mír (b),

agus tá na fo-ailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) San alt seo, ciallaíonn “an méid sonraithe”, faoi réir fho-alt (2)—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 461(a), £8,200, agus

(b) in aon chás eile, £4,100.

(2) San alt seo, ciallaíonn “an méid sonraithe”, faoi réir alt 187(2)—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 461 (a), £10,000; ach má bhí an phearsa aonair nó céile na pearsan aonair 75 bliana d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn “an méid sonraithe” £11,000, agus

(b) in aon chás eile, £5,000; ach má bhí an phearsa aonair 75 bliana d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn “an méid sonraithe” £5,500.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

3. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tabla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID 1

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £10,000

...

...

...

24 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

...

...

...

46 faoin gcéad

an t-ard-ráta

CUID 2

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £20,000

...

...

...

24 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

...

...

...

46 faoin gcéad

an t-ard-ráta

”.

Faoisimh phearsanta.

4. —(1) I gcás go mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain mheasúnachta 1998-99 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoisimh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún (2) sin, an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún (2) sin.

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le hasbhaint as ioncam iomlán don bhliain 1997-98

An méid a bheidh le hasbhaint as ioncam iomlán don bhliain 1998-99 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

£

£

An Príomh-Acht:

alt 461

(duine pósta)

...

...

...

5,800

6,300

(baintreach ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a chéile nó

a céile)

...

...

...

5,800

6,300

(baintreach)

...

...

...

3,400

3,650

(duine singil)

...

...

...

2,900

3,150

alt 462

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile i leith leanaí)

(baintreach)

...

...

...

2,400

2,650

(duine eile)

...

...

...

2,900

3,150

alt 465

(leanbh éagumasaithe)

...

...

700

800

alt 467

(duine atá fostaithe chun aire a thabhairt do dhuine

éagumasaithe)

...

...

...

7,500

8,500

alt 468

(duine dall)

...

...

...

700

1,000

(an bheirt chéile dall)

...

...

1,600

2,000

(2) Beidh feidhm ag Sceideal 1 chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Leasú ar alt 463 (liúntas speisialta do thuismitheoir is baintreach tar éis bhás an chéile) den Phríomh-Acht.

5. —Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 463 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás ina gcruthóidh éilitheoir, i ndáil le haon bhliain de na 5 bliana measúnachta díreach tar éis na bliana measúnachta ina n-éagann céile an éilitheora—

(a) nár phós sé nó sí arís roimh thosach na bliana, agus

(b) go bhfuil cónaí ar leanbh cáilitheach in éineacht leis nó léi ar feadh iomlán na bliana nó ar feadh cuid di,

beidh an t-éilitheoir, maidir le gach bliain de na blianta a gcruthaíonn sé nó sí amhlaidh i ndáil léi, i dteideal, le linn méid a ioncaim nó a hioncaim inchánach a bheith á ríomh, go ndéanfaí asbhaint óna ioncam nó óna hioncam iomlán mar a leanas—

(i) don chéad bhliain de na 5 bliana sin, £5,000,

(ii) don dara bliain de na 5 bliana sin, £4,000,

(iii) don tríú bliain de na 5 bliana sin, £3,000,

(iv) don cheathrú bliain de na 5 bliana sin, £2,000, agus

(v) don chúigiú bliain de na 5 bliana sin, £1,000;

ach ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta i gcás fear agus bean a chónaíonn le chéile mar fhearchéile agus banchéile.”.

Leasú ar alt 126 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh) den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 126 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (8):

“(b)   D'ainneoin fho-alt (3) agus an Ordaithe um an Acht Airgeadais, 1992 (Tosach Feidhme Alt 15) (Sochar Dífhostaíochta agus Sochar Pá-Choibhneasa), 1994 (I.R. Uimh. 19 de 1994), ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) (b) maidir leis na blianta measúnachta 1997-98 agus 1998-99 i ndáil le sochar dífhostaíochta a íocadh nó is iníoctha le

duine atá fostaithe i bhfostaíocht ghearr-ama.”.

Ioncam faoi dhiúscairtí ar feadh gearrthréimhsí.

7. —Leasaítear leis seo Sceideal 32 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, i bhfomhír (1) de mhír 27, trí “an 6ú lá d'Aibreán, 2000” a chur in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1998” agus tá an fhomhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Más rud é—

(a) go gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha amach i bhfomhír (3), agus

(b) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go mbeadh feidhmiú na leasuithe ar alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a rinneadh le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1995, ar fo-ailt iad a athachtaítear i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 792, ina gcúis le cruatan,

ansin, ní bheidh feidhm ag na leasuithe sin, a mhéid a mheasann na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cóir, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 2000, maidir le diúscairt, lena mbaineann clásal (a) d'fhomhír (2), ag duine (dá ngairtear “an diúscróir” sa mhír seo), sa mhéid gurb iníoctha ioncam, de bhua nó de dhroim na diúscartha sin, i mbliain mheasúnachta le pearsa aonair nó chun sochair do phearsa aonair lena mbaineann clásal (b) d'fhomhír (2), agus dá réir sin, d'ainneoin nach ndéantar alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , faoi mar a bhí sé sular leasaíodh é le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1995, a athachtú leis an Acht seo, beidh feidhm ag an Acht seo maille le haon mhodhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don mhír seo.

Leasú ar alt 66 (bonn speisialta ag tosach trádála nó gairme) den Phríomh-Acht.

8. —Maidir leis an mbliain 1998-99 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 66 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Duine ar bith ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh laistigh de bhliain amháin roimh an mbliain mheasúnachta muirearófar é nó í—

(a) mura ndearnadh ach cuntas amháin suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta agus gur cuntas in aghaidh tréimhse bliana é sin, ar mhéid iomlán bhrabúis nó ghnóchain na bliana dar críoch an dáta sin,

(b) más rud é—

(i) go ndearnadh cuntas, seachas cuntas lena mbaineann mír (a), suas go dtí dáta sa bhliain mheasúnachta nó má rinneadh níos mó ná cuntas amháin suas go dtí dátaí sa bhliain mheasúnachta, agus

(ii) gur bunaíodh agus gur tosaíodh an trádáil nó an ghairm 12 mhí ar a laghad roimh an gcéad dáta a luaitear i bhfomhír (i) nó, de réir mar a bheidh, an dáta is déanaí de na dara dátaí a luaitear san fhomhír sin,

ar mhéid iomlán bhrabúis nó ghnóchain na bliana dar críoch an chéad dáta sin a luaitear nó, de réir mar a bheidh, an dáta is déanaí de na dara dátaí sin a luaitear, nó

(c) in aon chás eile, ar mhéid iomlán bhrabúis nó ghnóchain na bliana measúnachta.”.

Leasú ar alt 191 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le híocaíochtaí cúitimh i ndáil le Heipitíteas C) den Phríomh-Acht.

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 191 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘an tAcht’ an tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C, 1997;

ciallaíonn ‘an Binse’ an Binse ar a dtugtar an Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C a bunaíodh faoi alt 3 den Acht.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon íocaíocht i leith cúitimh—

(a) ag an mBinse de réir an Achta, nó

(b) tar éis caingean shibhialta a bheith tionscanta ag duine, nó thar ceann duine, le haghaidh damáistí i leith díobhála pearsanta,

le duine dá dtagraítear—

(i) i bhfo-alt (1) d'alt 4 den Acht, maidir le nithe dá dtagraítear san alt sin, nó

(ii) in aon rialacháin arna ndéanamh faoi alt 9 den Acht, maidir le nithe dá dtagraítear sna rialacháin sin.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 1ú lá de Shamhain, 1997.

Leasú ar alt 202 (faoiseamh i leith athstruchtúrú comhaontaithe pá) den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 202 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhaontú iomchuí” i mír (a):

“ciallaíonn ‘comhaontú iomchuí’, i ndáil le cuideachta cháilitheach, comhaontú comhchoiteann—

(a) a bhfuil feidhm aige—

(i) maidir le breis agus 50 faoin gcéad de líon iomlán fhostaithe cáilitheacha na cuideachta, nó

(ii) maidir le breis agus 75 faoin gcéad d'aicme nó d'aicmí bona fide d'fhostaithe cáilitheacha na cuideachta má chuimsíonn líon na bhfostaithe rannpháirteacha san aicme nó sna haicmí, de réir mar a bheidh, 25 faoin gcéad ar a laghad de líon iomlán fhostaithe cáilitheacha na cuideachta,

(b) a dhéanann foráil, i measc nithe eile—

(i) maidir le laghdú substaintiúil ar bhunphá na bhfostaithe rannpháirteacha lena mbaineann sé,

(ii) maidir leis an mbunphá laghdaithe a íoc leis na fostaithe rannpháirteacha lena mbaineann sé ar feadh na tréimhse iomchuí, agus

(iii) maidir le cnapshuim a íoc leo mar chúiteamh sa laghdú sin,

agus

(c) atá cláraithe leis an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais;”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur leis i ndiaidh mhír (b):

“(c) nuair a bheifear ag cinneadh, chun críocha an mhínithe ar ‘comhaontú iomchuí’, an bhfuil fostaithe cáilitheacha de chuid cuideachta cáilithí cuimsithe in aicme nó in aicmí bona fide, de réir mar a bheidh, tabharfar aird ar nithe amhail comhchleachtais oibre, scileanna, socruithe bunaithe cómhargántaíochta agus an struchtúr agus na socruithe eagrúcháin laistigh den chuideachta.”,

agus

(b) i bhfo-alt (2), trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii) i mír (b):

“(i) go bhfuil athrú substaintiúil codarsnach tagtha ar thimpeallacht iomaíochta na cuideachta agus gur dá réir sin a chinnfear a hinmharthanacht reatha nó leanúnach,

(ii) chun riaradh don athrú sin agus a hinmharthanacht a chothú, gur gá di comhaontú iomchuí a dhéanamh lena fostaithe cáilitheacha, agus”.

Leasú ar alt 479 (faoiseamh i leith scaireanna nua arna gceannach, tráth a n-eisithe, ag fostaithe) den Phríomh-Acht.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 479 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a), trí “tréimhse 3 bliana” a chur in ionad “tréimhse 5 bliana” i mír (ii) den mhíniú ar “scaireanna cáilithe”,

(b) i bhfo-alt (3)—

(i) trí “tréimhse 3 bliana” a chur in ionad “tréimhse 5 bliana”, agus

(ii) trí na focail ó “; ach” go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—

“(5) I ndáil le scaireanna a bhfuil faoiseamh tugtha ina leith faoi fho-alt (2) agus i gcás nach bhfuil an faoiseamh sin tarraingthe siar, déanfar aon cheist—

(a) i dtaobh cé na scaireanna díobh sin (más ann), a eisíodh chuig fostaí cáilithe ag tráthanna éagsúla, a mbaineann diúscairt leo, nó

(b) i dtaobh cibé acu a bhaineann diúscairt leis na scaireanna sin nó le scaireanna eile,

a chinneadh, chun críocha an ailt seo, faoi mar a chinnfí í chun críocha alt 498 ach gan aird a thabhairt ar an tagairt i bhfo-alt (4) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1998 ) den alt sin d'fho-alt (3) den alt seo.”,

agus tá an mhír sin (ii) agus an fo-alt (3) sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 12ú lá d'Fheabhra, 1998.

AN TÁBLA

(ii) nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana dar tosach dáta a n-eisiúna, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní ná chun sócmhainní na cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun fuascailte,

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon mhéid a shuibscríobhfar le haghaidh scaireanna cáilithe más rud é, laistigh den tréimhse 3 bliana ó dháta a bhfála—

(a) go ndiúscrófar na scaireanna sin, nó

(b) go bhfaighidh an fostaí cáilithe a rinne an suibscríobh aon airgead nó luach airgid i leith na scaireanna sin ar airgead nó luach airgid é nach ioncam ina lámha chun críche cánach ioncaim,

agus déanfar na measúnachtaí, na measúnachtaí breise nó na coigeartuithe ar mheasúnachtaí uile is gá chun aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim, a bheidh lamháilte cheana féin faoi fho-alt (2) maidir leis an méid a suibscríobhadh, a tharraingt siar.

Leasú ar Chaibidil 1 (sócmhainní a aistriú as an Stát) de Chuid 33 den Phríomh-Acht.

12. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil 1 de Chuid 33 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 806—

(i) i bhfo-alt (3), trí “pearsana aonair a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí orthu sa Stát” a chur in ionad “pearsana aonair a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Ní ghlacfar le haon ní i bhfo-alt (3) mar ní a thugann le tuiscint nach bhfuil feidhm ag forálacha fho-ailt (4) agus (5) ach amháin—

(a) má bhí cónaí nó gnáthchónaí sa Stát ar an bpearsa aonair atá i gceist an tráth a rinneadh an t-aistriú, nó

(b) más é an cuspóir, nó más ceann de na cuspóirí, a bhí leis an aistriú a dhéanamh dliteanas i leith cánach ioncaim a sheachaint.”,

agus

(b) in alt 808, i mír (a) d'fho-alt (4), trí “pearsa aonair a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát” a chur in ionad “pearsa aonair a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo is cuma cathain a tharla an t-aistriú nó na hoibríochtaí gaolmhara ach ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le hioncam a eascróidh an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis.

Laghdú ar cháin ioncaim i leith ioncaim áirithe arna thuilleamh lasmuigh den Stát.

13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i gCuid 34 i ndiaidh alt 825:

“Laghdú ar cháin ioncaim i leith ioncaim áirithe arna thuilleamh lasmuigh den Stát.

825A.—(1) San alt seo—

tá le ‘oifigeach údaraithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 818;

tá le ‘stiúrthóir dílseánach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 472;

ciallaíonn ‘fostaíocht cháilitheach’, i ndáil le bliain mheasúnachta, oifig (lena n-áirítear oifig stiúrthóra cuideachta a bheadh laistigh de réim cánach corparáide dá gcónódh sí sa Stát, agus a sheolann trádáil nó gairm) nó fostaíocht a shealbhaítear—

(a) lasmuigh den Stát i gcríoch a bhfuil socruithe i bhfeidhm de thuras na huaire lena Rialtas de bhua alt 826, agus

(b) ar feadh tréimhse leanúnaí 13 sheachtain ar a laghad, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon oifig nó fostaíocht den sórt sin—

(i) a n-íoctar a díolaíochtaí as ioncam an Stáit,

(ii) le haon bhord, údarás nó comhlacht eile dá shamhail arna bhunú sa Stát le reacht nó faoi reacht;

ciallaíonn ‘an méid sonraithe’ i ndáil le pearsa aonair, maidir leis an mbliain mheasúnachta lena mbaineann, an méid cánach don bhliain sin arna chinneadh de réir na foirmle—

A × B

_____

C

i gcás—

gurb é A an méid cánach ab inmhuirearaithe, ar leith ón alt seo, ar an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta sin, seachas cáin arna muirearú de réir alt 16 (2), agus sin tar éis aon laghduithe cánach den sórt a shonraítear sna forálacha dá dtagraítear i gCuid 2 den Tábla a ghabhann le halt 458 a chur i gcuntas ach roimh chreidmheas i leith aon chánach coigríche arna híoc ar aon ioncam, brabúis nó gnóchain a mheasúnófar don bhliain sin,

gurb é B ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ioncam, brabúis nó gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach don bhliain sin,

gurb é C ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina bhfuil an t-ioncam, na brabúis nó na gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach—

(a) inmhuirearaithe i leith cánach de réir alt 71 (3),

(b) ina ioncam, ina mbrabúis nó ina ngnóchain lena mbaineann alt 822, nó

(c) ina ioncam, ina mbrabúis nó ina ngnóchain a íoctar le stiúrthóir dílseánach nó le céile an duine sin ag cuideachta ar stiúrthóir dílseánach uirthi an duine sin.

(3) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta, go ndéanfaidh pearsa aonair a chónaíonn sa Stát éileamh chuige sin chun oifigigh údaraithe agus go ndeimhneoidh sé nó sí don oifigeach sin—

(a) go bhfuil sé nó sí ag fáil ioncaim, brabús nó gnóchan ó fhostaíocht cháilitheach,

(b) go gcomhlíontar dualgais na fostaíochta cáilithí sin go hiomlán lasmuigh den Stát i gcríoch, nó i gcríocha, a bhfuil socruithe i bhfeidhm de thuras na huaire lena Rialtas nó lena Rialtais de bhua alt 826,

(c) go bhfuil méid iomlán an ioncaim, na mbrabús nó na ngnóchan ón bhfostaíocht cháilitheach sin, faoi dhlíthe na críche ina sealbhaítear an fhostaíocht cháilitheach nó na críche nó na gcríoch ina gcomhlíontar dualgais na fostaíochta cáilithí, faoi réir an mhuirir cánach, agus nach bhfuil an céanna díolmhaithe, ná nach dtugtar faoiseamh ina leith ar shlí eile, ón muirear cánach,

(d) gur íocadh an cháin choigríche atá dlite ar an ioncam, ar na brabúis nó ar na gnóchain sin ón bhfostaíocht cháilitheach sin, agus nach bhfuil sí aisíoctha ná i dteideal go n-aisíocfaí í, agus

(e) i rith aon seachtaine a bhfuil sé nó sí as láthair ón Stát chun dualgais na fostaíochta cáilithí a chomhlíonadh, go bhfuil sé nó sí i láthair sa Stát ar feadh lae amháin ar a laghad sa tseachtain sin,

beidh sé nó sí, i gcás go mbeadh an méid cánach is iníoctha i leith a ioncaim nó a hioncaim iomláin don bhliain sin, murach an t-alt seo, níos mó ná an méid sonraithe, i dteideal go ndéanfar an méid cánach is iníoctha a laghdú go dtí an méid sonraithe.

(4) Nuair a bheifear ag cinneadh, chun críocha mhír (b) d'fho-alt (3), an ndéantar dualgais fostaíochta cáilithí a fheidhmiú lasmuigh den Stát, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon dualgais a chomhlíontar sa Stát, nach bhfuil ina gcomhlíonadh ach ní atá teagmhasach le comhlíonadh dhualgais na fostaíochta cáilithí lasmuigh den Stát, mar dhualgais a comhlíonadh lasmuigh den Stát.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina bhfuil an t-ioncam, na brabúis nó na gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach ina n-ábhar d'éileamh ar fhaoiseamh—

(a) faoi alt 472B, nó

(b) faoi alt 823.

(6) Más rud é in aon chás go ndéanfar an cháin is iníoctha i leith ioncaim iomláin pearsan aonair do bhliain mheasúnachta a laghdú de réir fho-alt (3), ní bheidh an phearsa aonair sin, d'ainneoin aon ní i gCuid 35, i dteideal creidmheasa i leith cánach coigríche a íocadh ar an ioncam, ar na brabúis nó ar na gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach sa bhliain sin.

(7) Chun críocha an ailt seo, measfar pearsa aonair a bheith i láthair sa Stát ar feadh lae má tá an phearsa aonair i láthair sa Stát i ndeireadh an lae.

(8) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an ioncam, leis na brabúis nó leis na gnóchain ó fhostaíocht cháilitheach, nach n-áirítear iontu aon mhéideanna arna n-íoc i leith caiteachas a tabhaíodh go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas i gcomhlíonadh dhualgais na fostaíochta cáilithí.”.

Liúntas maraí, etc.

14. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) in alt 458, trí “Alt 472B” a chur isteach i ndiaidh “Alt 472A” (arna chur isteach leis an Acht seo) i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt sin,

(b) i gCaibidil 1 de Chuid 15, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 472A (arna chur isteach leis an Acht seo):

Liúntas maraí, etc.

472B.—(1) San alt seo—

tá le ‘oifigeach údaraithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 818;

ciallaíonn ‘fostaíocht’ oifig nó fostaíocht bhrabúis de shórt a fhágann go bhfuil aon díolaíochtaí de chuid na hoifige nó na fostaíochta brabúis le muirearú i leith cánach faoi Sceideal D nó faoi Sceideal E;

ciallaíonn ‘turas idirnáisiúnta’ turas a thosaíonn nó a chríochnaíonn i gcalafort lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘Ballstát’ ballstát de na Comhphobail Eorpacha;

forléireofar ‘Clár Ballstáit’ de réir na hIarscríbhinne a ghabhann le hIris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach (Uimh. C205) an 5ú lá d'Iúil, 1997;

ciallaíonn ‘fostaíocht cháilitheach’ fostaíocht, is fostaíocht lena mbaineann an t-alt seo, a ndéantar a dualgais a chomhlíonadh go hiomlán ar bord loinge farraige ar thuras idirnáisiúnta;

ciallaíonn ‘pearsa aonair cháilitheach’ pearsa aonair—

(a) a shealbhaíonn fostaíocht cháilitheach, agus

(b) a bheidh tar éis comhaontú a dhéanamh (ar a dtugtar ‘airteagail chomhaontaithe’) le máistir na loinge sin;

ciallaíonn ‘long farraige’ long—

(a) atá cláraithe i gClár Ballstáit, agus

(b) nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh na trádála arb é atá inti paisinéirí nó lasta a iompar ar muir ar luaíocht,

ach ní fholaíonn sé soitheach iascaireachta.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar pearsa aonair a bheith as láthair ón Stát ar feadh lae má tá an phearsa aonair as láthair ón Stát i ndeireadh an lae, agus

(b) measfar go bhfolaíonn calafort lasmuigh den Stát rige, ardán nó suiteáil, soghluaiste nó seasta, de chineál ar bith in aon limistéar muirí seachas limistéar a ainmnítear le hordú faoi alt 2 den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 .

(3)(a) Faoi réir mhír (b), beidh feidhm ag an alt seo maidir le fostaíocht seachas—

(i) fostaíocht a n-íoctar a díolaíochtaí as ioncam an Stáit, nó

fostaíocht le haon bhord, údarás nó comhlacht eile dá shamhail arna bhunú sa Stát le reacht nó faoi reacht.

(b) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina bhfuil an t-ioncam ó fhostaíocht—

(i) inmhuirearaithe i leith cánach de réir alt 71 (3), nó

(ii) ina ioncam a bhfuil feidhm ag alt 822 maidir leis.

(4) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta, go ndéanfaidh pearsa aonair a chónaíonn sa Stát éileamh chuige sin chun oifigigh údaraithe agus go ndeimhneoidh sé nó sí don oifigeach sin gur pearsa aonair cháilitheach é nó í agus go raibh sé nó sí as láthair ón Stát ar feadh 169 lá ar a laghad, nó cibé líon laethanta is mó ná sin a dhéanfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha, le hordú arna dhéanamh chun críocha an fho-ailt seo, a chur in ionad an lín sin laethanta (nó, de réir mar a bheidh, in ionad an lín laethanta a cuireadh ina ionad leis an ordú is déanaí roimhe sin faoin bhfo-alt seo), sa bhliain sin chun dualgais fostaíochta cáilithí a chomhlíonadh, beidh sé nó sí i dteideal, le linn méid a ioncaim nó a hioncaim inchánach a bheith á ríomh, go ndéanfar asbhaint £5,000 as cibé méid, más aon mhéid é, dá ioncam nó dá hioncam iomlán is inchurtha síos don ioncam, do na brabúis nó do na gnóchain ón bhfostaíocht cháilitheach.

(5) Más rud é, do bhliain mheasúnachta, go n-éileoidh pearsa aonair asbhaint faoin alt seo, ní bheidh sé nó sí i dteideal asbhainte faoi alt 823.

(6) Chun críocha an mhínithe ar ‘fostaíocht cháilitheach’ san alt seo, déileálfar, chun críocha an mhínithe sin, le haon dualgais de chuid na fostaíochta nach gcomhlíontar ar bord loinge farraige ar thuras idirnáisiúnta, agus nach bhfuil ina gcomhlíonadh ach ní atá teagmhasach le comhlíonadh dhualgais na fostaíochta ar bord loinge farraige ar thuras idirnaisiúnta, mar dhualgais a comhlíonadh ar bord na loinge farraige.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 823 i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) San fho-alt seo, tá le ‘fostaíocht cháilitheach’, ‘pearsa aonair cháilitheach’ agus ‘long farraige’ na bríonna céanna, faoi seach, atá leo in alt 472B.

(b) Más rud é, in aon tréimhse 14 lá ar a laghad as a chéile ina bhfuil pearsa aonair cháilitheach as láthair ón Stát chun dualgais fostaíochta cáilithí a chomhlíonadh, go ndéanann an long farraige ar a gcomhlíonann sé nó sí na dualgais sin sa tréimhse sin—

(i) cuairt a thabhairt ar chalafort sa Ríocht Aontaithe, agus

(ii) cuairt a thabhairt freisin ar chalafort seachas calafort sa Stát nó sa Ríocht Aontaithe,

ansin, ní bheidh feidhm ag fomhír (ii) d'fho-alt (2) (b) maidir leis an ioncam, leis na brabúis nó leis na gnóchain ón bhfostaíocht cháilitheach don tréimhse sin.”,

agus

(d) trí “ailt 472, 472A agus 472B” a chur in ionad “alt 472” in alt 1024 (2) (a) (viii).

(2) Tiocfaidh mír (b) d'fho-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Iasachtaí barúlacha a bhaineann le scaireanna, etc.

15. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, i gCaibidil 4 de Chuid 5, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 122:

“122A.—(1) San alt seo—

folaíonn ‘fáil’, i ndáil le scaireanna, glacadh trí leithroinnt nó sannadh;

tá le ‘duine bainteach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 10;

tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 113;

tá le ‘fostaí’ agus ‘fostóir’ na bríonna céanna, faoi seach, a shanntar dóibh le halt 122;

tá le ‘fostaíocht’ an bhrí chéanna atá leis in alt 121;

forléireofar ‘margadhluach’ de réir alt 548;

tá le ‘iasacht tosaíochta’ an bhrí chéanna atá leis in alt 122;

folaíonn ‘scaireanna’ urrúis de réir bhrí alt 135 agus stoc.

(2) I gcás go ndéanfaidh fostaí, nó duine atá bainteach leis nó léi, scaireanna a fháil i gcuideachta (cibé acu is í nó nach í an chuideachta is fostóir í) agus go bhfaighfear na scaireanna sin ar shaorluach de bhun cirt nó deise atá ar fáil mar gheall ar a fhostaíocht nó a fostaíocht, measfar go dtairbhíonn sé nó sí d'iasacht nach iníoctha ús uirthi (dá ngairtear ‘iasacht bharúlach’ san alt seo) arna tabhairt go díreach nó go neamhdhíreach dó nó di ag duine atá, an tráth a thugtar an iasacht, nó a thagann chun bheith, tráth éigin tar éis an iasacht a thabhairt, ina fhostóir nó ina fostóir i ndáil leis an bpearsa aonair agus measfar gur iasacht tosaíochta lena mbaineann alt 122 an iasacht bharúlach sin.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo, faoi réir Chaibidil 1 de Chuid 17, maidir le bliain mheasúnachta ina bhfuil iasacht bharúlach ag pearsa aonair, de réir fho-alt (2), agus san alt seo—

(a) aon tagairtí do scaireanna a fháil ar shaorluach is tagairtí iad do scaireanna a fháil gan íoc astu an tráth sin nó iad a fháil ar mhéid a íocadh an tráth sin ach is lú ná margadhluach scaireanna láníoctha den aicme sin (i gceachtar cás, maille le hoibleagáid nó gan oibleagáid íocaíocht nó íocaíocht bhreise a dhéanamh tráth éigin is déanaí), agus

(b) aon tagairt, i ndáil le haon scaireanna, don saorluach tráth na fála is tagairt í do mhargadhluach scaireanna láníoctha den aicme sin lúide aon íocaíocht arna déanamh an tráth sin as na scaireanna.

(4) Is é an méid a bheidh gan aisíoc i dtosach den iasacht bharúlach cibé méid den saorluach tráth na fála nach bhfuil inmhuirearaithe i leith cánach mar dhíolaíocht de chuid an fhostaí, agus—

(a) leanfaidh an iasacht de bheith gan aisíoc go dtí go bhfoirceannfar í faoi fho-alt (5), agus

(b) rachaidh íocaíochtaí nó íocaíochtaí breise a dhéanfar ar na scaireanna tar éis iad a fháil i dtosach chun an méid den iasacht bharúlach a bheidh gan aisíoc a laghdú.

(5) Foirceannfar an iasacht bharúlach ar aon cheann de na teagmhais seo a leanas tarlú—

(a) go ndéanfar an méid iomlán de a bheidh gan aisíoc a shlánú le híocaíochtaí nó íocaíochtaí breise a dhéanfar ar na scaireanna;

(b) más é an cás é nach raibh na scaireanna láníoctha tráth na fála, go ndéanfar aon oibleagáid neamhchomhlíonta nó theagmhasach chun íoc astu a scaoileadh, a aistriú nó a choigeartú, sa tslí nach ceangal í a thuilleadh ar an bhfostaí ná ar aon duine atá bainteach leis nó léi;

(c) go ndiúscrófar na scaireanna, trína ngéilleadh nó ar shlí eile, sa tslí nach bhfuil leas tairbhiúil aige nó aici ná ag aon duine den sórt sin a thuilleadh sna scaireanna;

(d) go bhfaighidh an fostaí bás.

(6) Más ar shlí dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (b) nó (c) a fhoirceanntar an iasacht bharúlach, beidh feidhm ag forálacha alt 122 (3) amhail is dá mba rud é go raibh méid is comhionann leis an méid den iasacht bharúlach a bheidh gan aisíoc an tráth sin scaoilte nó díscríofa ó iasacht a thagann faoi réim an ailt sin.

(7) Más rud é go bhfaightear scaireanna, cibé acu ar shaorluach nó nach ea, ach thairis sin de réir mar atá luaite i bhfo-alt (2), agus—

(a) go ndiúscrófar na scaireanna ina dhiaidh sin, trína ngéilleadh nó ar shlí eile, sa tslí nach bhfuil leas tairbhiúil ag an bhfostaí ná ag aon duine atá bainteach leis nó léi a thuilleadh iontu, agus

(b) gur diúscairt í ar chomaoin is mó ná margadhluach na scaireanna an tráth sin,

ansin, don bhliain ina ndéantar an diúscairt, déanfar an méid den bharrachas a bheidh gan aisíoc a áireamh mar dhíolaíochtaí de chuid fhostaíocht an fhostaí agus, dá réir sin, mar mhéid is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D nó Sceideal E.

(8) Más rud é, tráth an teagmhais ba bhun le muirear de bhua fho-alt (6), go mbeidh an fhostaíocht atá i gceist foirceanta, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin amhail is dá mba rud é nach raibh sí foirceanta.

(9) Ní eascróidh aon mhuirear faoi fho-alt (6) faoi threoir aon diúscartha arna déanamh tar éis bhás an fhostaí, cibé acu ag a ionadaí nó a hionadaí pearsanta nó ar shlí eile.

(10) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le fáil agus diúscairt leasa i scaireanna ar leas é is lú ná lánúinéireacht thairbhiúil (lena n-áirítear leas sna fáltais ó dhíol cuid de na scaireanna ach gan scair-rogha a áireamh) faoi mar atá feidhm aige i ndáil le fáil agus diúscairt scaireanna, faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a) forléireofar tagairt do na scaireanna a fhaightear mar thagairt don leas i scaireanna a fhaightear,

(b) forléireofar tagairt do mhargadhluach na scaireanna a fhaightear mar thagairt don chion, a fhreagraíonn do mhéid an leasa, de mhargadhluach na scaireanna ina bhfuil an leas ar marthain,

(c) forléireofar tagairt do scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna a fhaightear mar thagairt do scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna ina bhfuil an leas ar marthain,

(d) forléireofar tagairt do mhargadhluach scaireanna láníoctha den aicme sin mar thagairt don chion den luach sin a fhreagraíonn do mhéid an leasa.

(11) San alt seo, folaíonn aon tagairt d'íoc as scaireanna aon chomaoin in airgead nó i luach airgid a thabhairt nó aon suibscríobh a dhéanamh, cibé acu de bhun dliteanais dhlíthiúil nó nach ea.”.

(2) Beidh feidhm ag alt 122A, arna chur isteach leis an alt seo—

(a) i gcás fho-alt (2) den chéanna, amhail ar an agus ón 4ú lá de Mhárta, 1998, maidir le scaireanna a fhaightear (cibé acu roimh an dáta sin nó dá éis); ach más rud é go bhfuarthas na scaireanna roimh an dáta sin, measfar, maidir leis an iasacht bharúlach dá dtagraítear san fho-alt sin, gur tugadh í ar an 4ú lá de Mhárta, 1998, i méid is comhionann leis an méid den iasacht sin a bhí gan aisíoc ar an dáta sin,

(b) i gcás fho-alt (6) den chéanna, maidir le foirceannadh iasachta ar an 4ú lá de Mhárta, 1998, nó dá éis, agus

(c) i gcás fho-alt (7) den chéanna, maidir le diúscairt arna déanamh ar an 4ú lá de Mhárta, 1998, nó dá éis.