An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 5 Cáin Fháltas Caipitiúil) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta)

3 1998

AN tACHT AIRGEADAIS, 1998

CUID 6

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

130. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “alt leasaitheach 1997” alt 164 den Acht Airgeadais, 1997;

tá le “seirbhísí caipitiúla” an bhrí chéanna atá leis sa phríomh-alt;

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise is daichead” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 .

(2) I ndáil leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1998, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1997 ach “£95,826,511” a chur in ionad “£94,679,697”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1997 ach “£72,545,813” a chur in ionad “£72,772,950”.

(4) D'fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d'fhonn ús ar an gcéanna, a fhuascailt, déanfar suim £120,289,536 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1998.

(5) Déanfar an t-ochtú blianacht bhreise is daichead a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise is daichead, nach mó ná £92,457,250 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an ochtú blianacht bhreise is daichead a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Íocaíochtaí úis ag glacadóirí taisce áirithe.

131. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

(a) in alt 256(1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “cáin chuí”:

“(a) i gcás taisce iomchuí nó taiscí iomchuí atá i gcuntas coigiltis speisialta, de réir ráta 20 faoin gcéad, agus”,

agus

(b) in alt 891, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘comhar creidmheasa’ cumann arna chlárú faoin Acht um Chomhar Creidmheasa, 1997, lena n-áirítear cumann a mheastar a bheith cláraithe amhlaidh faoi alt 5(3) den Acht sin.

(b) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon ús a íocann nó a chreidiúnaíonn comhar creidmheasa i leith airgid a fhaigheann nó a choinníonn sé.”.

(2)(a) Beidh feidhm ag mír (a) d'fho-alt (1) amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1998.

(b) Beidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) maidir le tréimhsí inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997) dar tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1997, nó dá éis.

Imréiteach cánach don scéim um chúnamh dlíthiúil coiriúil.

132. —Leasaítear leis seo an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 , in alt 10(1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) (i) ceanglas ar aturnae a chuir in iúl do chláraitheoir contae, de réir na Rialachán um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1965 (I.R. Uimh. 12 de 1965 ), go bhfuil sé toilteanach gníomhú do dhaoine dá dtabharfar deimhnithe um chúnamh dlíthiúil, nach foláir dó, nuair a cheanglóidh an tAire air déanamh amhlaidh, deimhniú arna eisiúint ag an Ard-Bhailitheoir (de réir bhrí alt 851 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997) i leith an aturnae sin a thabhairt don Chláraitheoir Contae á dheimhniú gur chomhlíon sé na hoibleagáidí go léir a fhorchuirtear air leis na hAchtanna Cánach, leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 , agus leis na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin (agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin)—

(I) i ndáil le híoc nó le cur ar aghaidh na gcánacha, an úis agus na bpionós a cheanglaítear a íoc nó a chur ar aghaidh, agus

(II) i ndáil le seachadadh tuairisceán,

(ii) ceanglas ar abhcóide, ar chuir Ardchomhairle Bharra na hÉireann in iúl don Aire, de réir na Rialachán um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1965, go bhfuil sé toilteanach gníomhú do dhaoine dá dtabharfar deimhnithe um chúnamh dlíthiúil, nach foláir dó, nuair a cheanglóidh an tAire air déanamh amhlaidh, deimhniú arna eisiúint ag an Ard-Bhailitheoir (de réir bhrí alt 851 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997) i leith an abhcóide sin a thabhairt don Aire á dheimhniú gur chomhlíon sé na hoibleagáidí go léir a fhorchuirtear air leis na hAchtanna Cánach, leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 , agus leis na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin (agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin)—

(I) i ndáil le híoc nó le cur ar aghaidh na gcánacha, an úis agus na bpionós a cheanglaítear a íoc nó a chur ar aghaidh, agus

(II) i ndáil le seachadadh tuairisceán,

(e) na coinníollacha nach foláir a chomhlíonadh sula bhféadfaidh an tArd-Bhailitheoir (de réir na brí a dúradh) deimhniú dá dtagraítear i mír (d) den fho-alt seo a eisiúint,

(f) nithe a leanfaidh as ceanglas nó coinníoll, nó a bhainfidh le ceanglas nó coinníoll, a fhorordaítear faoi mhír (d) nó (e) den fho-alt seo (a bhféadfaidh foráil a bheith iontu á chumasú ainm aturnae nó abhcóide a mhainnigh ceanglas a chomhlíonadh a fhorordaítear faoin mír (d) sin a bhaint d'aon liosta a choinnítear de bhun rialachán faoin bhfo-alt seo).”.

Ús ar chánacha neamhíoctha nó ró-íoctha.

133. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

(a) in ailt 240(3)(a), 531(9) agus 991(1) agus i míreanna (a) agus (b) d'alt 1080(1), trí “1 faoin gcéad” a chur in ionad “1.25 faoin gcéad” gach áit a bhfuil sé, agus

(b) in alt 953(7), trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “0.6 faoin gcéad”.

(2) Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1983

(a) in alt 105(1), trí “1 faoin gcéad” a chur in ionad “1.25 faoin gcéad”, agus

(b) in alt 107(2), d'ainneoin Rialachán 3 de na Rialacháin um Ús a Íoc ar Ró-Íocaíochtaí Cánach, 1990 (I.R. Uimh. 176 de 1990), trí “0.5 faoin gcéad” a chur in áit “1.25 faoin gcéad”.

(3) Aisghairtear leis seo alt 46 den Acht Airgeadais, 1978 , a mhéid a bhaineann sé le cáin bhreisluacha.

(4) Leasaítear leis seo an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

(a) in alt 41(2), mar a fhorléirítear é faoi threoir alt 43 den Acht Airgeadais, 1978 , trí “1 faoin gcéad” a chur in ionad “1.25 faoin gcéad”, agus

(b) in alt 46(1), d'ainneoin Rialachán 3 de na Rialacháin um Ús a Íoc ar Ró-Íocaíochtaí Cánach, 1990, trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “aon faoin gcéad”.

(5) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Rachmais, 1975

(a) in alt 18(2), trí “1 faoin gcéad” a chur in ionad “1.5 faoin gcéad”, agus

(b) in alt 22(2), trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “1.5 faoin gcéad”.

(6) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hús is inmhuirearaithe nó is iníoctha—

(i) faoi ailt 240, 531, 953, 991 agus 1080 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997,

(ii) faoi ailt 105 agus 107 den Acht Airgeadais, 1983 ,

(iii) faoi ailt 41 agus 46 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 ,

(iv) faoi ailt 18 agus 22 den Acht Cánach Rachmais, 1975 , agus

(v) faoi alt 21 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 ,

d'aon mhí, nó d'aon chuid de mhí, dar tosach dáta rite an Achta seo nó dá éis, i leith méid a dhlitear a íoc nó a tharchur nó méid a dhlitear a aisíoc nó a choinneáil, de réir mar a bheidh, cibé acu roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó dá éis de réir na bhforálacha sin.

Achomhairc.

134. —(1) Leasaítear leis seo Cuid 40 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

(a) i gCaibidil 1, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 944:

“Cinntí Coimisinéirí Achomhairc a fhoilsiú.

944A.—Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc socruithe a dhéanamh chun tuarascálacha a fhoilsiú ar cibé cinntí dá gcuid is dóigh leo is cuí, ach cinnteoidh siad go bhfuil aon tuarascáil den sórt sin i bhfoirm a choisceann, a mhéid is féidir é, aithne a thabhairt ar aon duine a ndéileáiltear le cúrsaí dá chuid nó dá cuid sa chinneadh.”,

agus

(b) i gCaibidil 2, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e), i bhfo-alt (2) d'alt 945:

“(ee) le foilsiú tuarascálacha ar chinntí de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc,”.

(2) Leasaítear leis seo alt 25(2) den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ee) foilsiú tuarascálacha ar chinntí de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc;”.

(3) Leasaítear leis seo alt 52(5) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (v), i mír (a):

“(va) foilsiú tuarascálacha ar chinntí de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc;”.

(4) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hachomhairc arna gcinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc tar éis dháta rite an Achta seo.

Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 .

135. —Leasaítear leis seo an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 , i ndeireadh Chuid I sa Tríú Sceideal a ghabhann leis—

(a) trí “Uimh. 39 de 1997” a chur léi i gcolún (1),

(b) trí “An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997” a chur léi i gcolún (2), agus

(c) trí “Alt 857” a chur léi i gcolún (3).

Leasuithe iarchomhdhlúite.

136. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, dá dtagraítear i Sceideal 9 faoi réir na leasuithe a shonraítear sa Sceideal sin.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1997.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

137. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

138. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid 1 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid 2 (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid 3 a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1997, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1998, a ghairm díobh le chéile.

(5) Déanfar Cuid 4 a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Déanfar Cuid 5 (a mhéid a bhaineann le cáin fháltas caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(7) Déanfar Cuid 6 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1998, agus (a mhéid a bhaineann le cáin mhaoine cónaithe) a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin rachmais) a fhorléiriú i dteannta an Achta Cánach Rachmais, 1975 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(8) Beidh feidhm ag Cuid 1, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1998.

(9) I ndáil le Cuid 3:

(a) measfar gur tháinig ailt 104, 110 agus 112 agus mír (a) d'alt 116 i bhfeidhm, agus glacfaidh siad éifeacht, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1998;

(b) glacfaidh ailt 107 agus 109, mír (b) d'alt 116, mír (xid) den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 , mar a cuireadh isteach le mír (a) d'alt 117 agus mír (b) d'alt 117 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Bhealtaine, 1998;

(c) glacfaidh alt 108 agus míreanna (xib) agus (xic) den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 , mar a cuireadh isteach le mír (a) d'alt 117, éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1998;

(d) beidh éifeacht le forálacha na Coda seo, seachas na forálacha sin a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c), amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

(10) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(11) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(12) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír, don chlásal nó don fhochlásal den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.