|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (CUID 4 Dleachtanna Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1998
[EN] | |||||
[EN] |
CUID 3 Cáin Bhreisluacha | ||||
[EN] |
Léiriú (Cuid 3). |
104. —Sa Chuid seo— | |||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 ; | ||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Airgeadais, 1992; | ||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Airgeadais, 1997. | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht. |
105. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f)— | |||
[EN] | “(f) duine inchánach do leithreasú earraí chun aon chríche seachas críoch a ghnó nó duine inchánach do dhiúscairt earraí saor ó tháille i gcás— | ||||
[EN] | (i) an cháin ab inmhuirearaithe i ndáil leis na hearraí sin— | ||||
[EN] | (I) ar iad a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal nó a allmhairiú ag an duine inchánach, nó | ||||
[EN] | (II) ar iad a fhorbairt, a dhéanamh, a chóimeáil, a mhonarú, a tháirgeadh, a asbhaint nó a úsáid faoi mhír (e), | ||||
[EN] | de réir mar a bheidh, a bheith inasbhainte go hiomlán nó go páirteach faoi alt 12, nó | ||||
[EN] | (ii) gur aistríodh úinéireacht na n-earraí chuig an duine inchánach le linn gnó nó cuid de ghnó a aistriú agus gur measadh nár sholáthar earraí de réir fho-alt (5)(b) an t-aistriú úinéireachta sin, agus”. | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 4 (forálacha speisialta maidir le hearraí do-chorraithe a sholáthar) den Phríomh-Acht. |
106. —Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8) (a cuireadh isteach le hAcht 1997): | |||
[EN] | “(9) I gcás diúscairt leasa in earraí do-chorraithe a bheith inmhuirearaithe i leith cánach agus i gcás nár forbraíodh na hearraí ó dháta diúscartha an leasa sin (dá ngairtear ‘an leas inchánach’ ina dhiaidh seo san fho-alt seo), measfar, chun críocha an Achta seo, gur soláthar earraí do-chorraithe a bhfuil feidhm ag fo-alt (6) ina leith aon diúscairt leasa sna hearraí sin tar éis an dáta sin ag duine seachas an duine a fuair an leas inchánach. | ||||
[EN] | (10)(a) I gcás diúscairt leasa in earraí do-chorraithe a bheith inmhuirearaithe i leith cánach agus go bhfuil d'oibleagáid ar an duine a fhaigheann an leas sin cíos a íoc le duine eile (dá ngairtear ‘an tiarna talún’ ina dhiaidh seo san fho-alt seo) faoi na téarmaí agus na coinníollacha atá leagtha síos maidir leis an leas sin, ansin— | ||||
[EN] | (i) measfar, d'ainneoin fhorálacha alt 8, nach duine inchánach an tiarna talún i leith idirbheart i ndáil leis na hearraí do-chorraithe sin seachas— | ||||
[EN] | (I) soláthairtí de na hearraí do-chorraithe sin a bhfuil cáin inmhuirearaithe orthu de réir fhorálacha an ailt seo, nó | ||||
[EN] | (II) soláthairtí earraí nó seirbhísí eile arna ndéanamh ag an tiarna talún ar chomaoin, nó | ||||
[EN] | (III) caiteachais iarligin i leith an leasa sin, | ||||
[EN] | (ii) ní bheidh an tiarna talún i dteideal cáin a asbhaint i leith idirbheart i ndáil leis na hearraí do-chorraithe sin seachas— | ||||
[EN] | (I) soláthairtí de na hearraí do-chorraithe sin a bhfuil cáin inmhuirearaithe orthu de réir fhorálacha an ailt seo seachas fo-alt (4), nó | ||||
[EN] | (II) soláthairtí earraí nó seirbhísí eile arna ndéanamh ag an tiarna talún ar chomaoin, nó | ||||
[EN] | (III) caiteachais iarligin i leith an leasa sin, | ||||
[EN] | (iii) measfar, i gcás nach é an tiarna talún sin an duine a rinne an leas a dhiúscairt, gur duine inchánach an tiarna talún i leith caiteachas iarligin i ndáil leis an leas sin agus beidh an tiarna talún, i ndáil leis na caiteachais iarligin sin, i dteideal cáin a asbhaint, de réir alt 12, amhail is gur chun críocha sholáthairtí inchánach an tiarna talún na caiteachais iarligin sin. | ||||
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo is éard iad caiteachais iarligin i ndáil le leas in earraí do-chorraithe caiteachais arna dtabhú ag an tiarna talún— | ||||
[EN] | (i) le linn seirbhísí a chur i gcrích a bhfuil sé d'oibleagáid ar an tiarna talún iad a chur i gcrích faoi théarmaí agus coinníollacha an chonartha i scríbhinn a rinneadh ar dhiúscairt an leasa a bhí inmhuirearaithe i leith cánach ach ní fholaíonn sé idirbhearta nach bhfuil an oibleagáid chun iad a chomhlíonadh le brath sa chomaoin ar ar muirearaíodh cáin ar dhiúscairt an leasa sin, nó | ||||
[EN] | (ii) a bhaineann go díreach le bailiú cíosa a eascraíonn faoin gconradh dá dtagraítear i bhfomhír (i), nó | ||||
[EN] | (iii) a bhaineann go díreach le hathbhreithniú ar chíos i gcás go ndéantar socrú i dtéarmaí agus coinníollacha an chonartha dá dtagraítear i bhfomhír (i) maidir le hathbhreithniú den sórt sin, nó | ||||
[EN] | (iv) a bhaineann go díreach le feidhmiú rogha chun an leas a fhadú nó chun clásal scoir a fheidhmiú i ndáil leis an leas sin i gcás go ndéantar socrú i dtéarmaí agus coinníollacha an chonartha dá dtagraítear i bhfomhír (i) maidir le rogha den sórt sin nó le clásal scoir den sórt sin, | ||||
[EN] | ach ní fholaíonn siad aon chaiteachais a bhaineann le hearraí nó le seirbhísí den chineál a shonraítear in alt 12(3).”. | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht. |
107. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht— | |||
[EN] | (a) i bhfo-alt (6)— | ||||
[EN] | (i) trí “, nó cárta teileafóin mar a mhínítear i bhfo-alt (6A),” a chur isteach i ndiaidh “seirbhís teileachumarsáide” i mír (dd) (a cuireadh isteach le hAcht 1997), | ||||
[EN] | (ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd): | ||||
[EN] | “(ddd) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an Stát an áit a soláthraítear seirbhís teileachumarsáide, nó cárta teileafóin mar a mhínítear i bhfo-alt (6A), nuair is duine inchánach a sholáthraíonn an tseirbhís sin ó bhunaíocht sa Stát agus nuair a fhaigheann duine í, seachas chun críche gnó, is duine ar lasmuigh den Chomhphobal atá a ghnáth-áit chónaithe, agus nuair is sa Stát a úsáidtear agus a theachtar go héifeachtach í.”, | ||||
[EN] | (iii) trí “cé is moite den soláthar seirbhísí dá dtagraítear in míreanna (ddd) agus (ee) sna himthosca a shonraítear sna míreanna sin faoi seach agus” a chur isteach i ndiaidh “a shonraítear sa Cheathrú Sceideal” i mír (e) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ), agus | ||||
[EN] | (iv) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e): | ||||
[EN] | “(ee) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an Stát an áit a soláthraítear seirbhísí den tuairisc a shonraítear i mír (v) den Cheathrú Sceideal, nuair a sholáthraíonn duine na seirbhísí sin i gcúrsa nó ag bisiú gnó atá bunaithe sa Stát agus nuair a fhaigheann duine iad, seachas chun críche gnó, is duine ar lasmuigh den Chomhphobal atá a ghnáth-áit chónaithe, agus nuair is sa Stát a úsáidtear agus a theachtar go héifeachtach iad.”, | ||||
[EN] | agus | ||||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6): | ||||
[EN] | “(6A)(a) Faoi réir mhír (b), i gcás soláthar cárta teileafóin a bheith inchánach laistigh den Stát agus go n-úsáidtear an cárta teileafóin sin dá éis sin lasmuigh den Chomhphobal chun rochtain a fháil ar sheirbhís teileachumarsáide, measfar an áit a soláthraítear an tseirbhís teileachumarsáide sin a bheith lasmuigh den Chomhphobal agus beidh soláthróir an chárta teileafóin sin i dteideal, sa tréimhse inchánach ar lena linn a fhaigheann an soláthróir sin cruthúnas gur úsáideadh an cárta teileafóin sin amhlaidh lasmuigh den Chomhphobal, laghdú a fháil ar an gcáin is iníoctha ag an soláthróir sin i leith sholáthar an chárta teileafóin sin, ar laghdú é de mhéid a ríomhfar de réir mhír (c). | ||||
[EN] | (b) I gcás soláthar cárta teileafóin a bheith inchánach laistigh den Stát agus gurb é an duine a dhlíonn an cháin a íoc ar an soláthar sin duine dá dtagraítear in alt 8(2)(a)— | ||||
[EN] | (i) nach bhfuil i dteideal laghdú a fháil, de réir alt 12, ar an gcáin go léir is inmhuirearaithe i leith an tsoláthair sin, nó | ||||
[EN] | (ii) atá i dteideal laghdú a fháil, de réir alt 12, ar an gcáin is inmhuirearaithe i leith an tsoláthair sin de bhrí go bhfuarthas an cárta sin chun críocha athdhíola, | ||||
[EN] | agus go n-úsáidfear an cárta teileafóin sin dá éis sin lasmuigh den Chomhphobal chun rochtain a fháil ar sheirbhís teileachumarsáide, measfar an áit a soláthraítear an tseirbhís teileachumarsáide sin a bheith lasmuigh den Chomhphobal agus beidh an duine atá inchánach i leith sholáthar an chárta teileafóin sin i dteideal, sa tréimhse inchánach ar lena linn a fhaigheann an duine sin cruthúnas gur úsáideadh an cárta teileafóin sin amhlaidh lasmuigh den Chomhphobal, laghdú a fháil ar an gcáin is iníoctha i leith an tsoláthair sin den chárta teileafóin sin, a mhéid a úsáideadh an cárta teileafóin sin amhlaidh. | ||||
[EN] | (c) Chun críocha an fho-ailt seo déanfar méid an laghdaithe dá dtagraítear i mír (a) a ríomh mar seo a leanas: | ||||
| |||||
[EN] | i gcás— | ||||
[EN] | gurb é A an praghas, lena n-áirítear cáin, a ghearr an soláthróir ar an gcuid sin den cheart sa chárta teileafóin a caitheadh le linn rochtain a fháil ar an tseirbhís teileachumarsáide a measadh a bheith á soláthar lasmuigh den Chomhphobal, | ||||
[EN] | gurb é B an praghas, lena n-áirítear cáin, a gearradh ar an soláthróir ar an gcuid sin den cheart sa chárta teileafóin a caitheadh le linn rochtain a fháil ar an tseirbhís teileachumarsáide a measadh a bheith á soláthar lasmuigh den Chomhphobal, agus | ||||
[EN] | gurb é C an ráta faoin gcéad cánach ab inmhuirearaithe ar sholáthar an chárta teileafóin tráth an tsoláthair sin ag an soláthróir sin. | ||||
[EN] | (d) I gcás go n-úsáidtear cárta teileafóin chun rochtain a fháil ar sheirbhís teileachumarsáide, tabharfar neamhaird, chun críocha alt 10(2), ar luach an chárta teileafóin a úsáidtear amhlaidh. | ||||
[EN] | (e) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘cárta teileafóin’ cárta nó modh seachas airgead a thugann ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhís teileachumarsáide agus dá bhfuil an soláthróir, nuair a sholáthraítear an cárta nó an modh eile do dhuine seachas chun críocha athdhíola, i dteideal comaoine i leith an tsoláthair agus nach bhfuil úsáidire an chárta nó an mhodha eile sin faoi dhliteanas maidir le haon mhuirear breise i leith fháil na seirbhíse teileachumarsáide a bhfaightear rochtain uirthi leis an gcárta nó leis an modh eile sin.”. | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 8 (daoine inchánach) den Phríomh-Acht. |
108. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3)— | |||
[EN] | (a) i mír (a): | ||||
[EN] | (i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (i): | ||||
[EN] | “(ia) earraí arb éard iad seamhan beostoic, nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £40,000 agus, le linn an chomaoin iomlán sin a bheith á ríomh, tabharfar neamhaird ar sholáthairtí seamhain beostoic— | ||||
[EN] | (I) d'aon fheirmeoir eile atá ceadúnaithe mar ionad inseamhnaithe shaorga de réir fhorálacha an Achta Beodhíle (Intseamhnú Saorga), 1947 , nó | ||||
[EN] | (II) do dhuine inchánach a bhfeidhmíonn an feirmeoir sin rialú air, | ||||
[EN] | nó”, | ||||
[EN] | (ii) trí “seirbhísí a shonraítear i bhfomhír (i) agus earraí den chineál a shonraítear i bhfomhír (ia) nó earraí den chineál a shonraítear i bhfomhír (ii), nó iad araon, arna soláthar sna himthosca a leagtar amach san fhomhír sin” a chur in ionad “seirbhísí agus earraí a shonraítear i bhfomhír (i) agus (ii)” i bhfomhír (iii) (a cuireadh isteach le hAcht 1997), | ||||
[EN] | (iii) trí “nó” a chur isteach i ndeireadh fhomhír (iii), agus | ||||
[EN] | (iv) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii): | ||||
[EN] | “(iv) earraí den chineál a shonraítear i bhfomhír (ia) agus earraí den chineál a shonraítear i bhfomhír (ii) arna soláthar sna himthosca a leagtar amach san fhomhír sin, nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £40,000,”, | ||||
[EN] | (b) i bhfomhír (ia) (a cuireadh isteach le hAcht 1997) den choinníoll a ghabhann leis, trí “, (a)(ia)” a chur isteach i ndiaidh “mír (a)(i)”. | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht. |
109. —Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (6), trí “, seachas seirbhísí teileachumarsáide,” a chur isteach i ndiaidh “earraí nó seirbhísí”. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht. |
110. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1992), trí “3.6 faoin gcéad” a chur in ionad “3.3 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1997) i mír (f). | |||
[EN] |
Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht. |
111. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht— | |||
[EN] | (a) trí “, seachas seirbhísí arb éard iad fruiliú mótarfheithiclí (mar a mhínítear i bhfo-alt (3)(b)) lena n-úsáid sa Stát,” a chur isteach i ndiaidh “lasmuigh den Stát” i bhfo-alt (1)(b)(iii), agus | ||||
[EN] | (b) trí “ailt 20(1A) agus 20(5)” a chur in ionad “alt 20(1A)” i bhfo-alt (2). | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothromráta) den Phríomh-Acht. |
112. —Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ) den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “3.6 faoin gcéad” a chur in ionad “3.3 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1997). | |||
[EN] |
Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear, etc.) den Phríomh-Acht. |
113. —Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3)(c), trí “nó i leith mótarfheithiclí (mar a mhínítear in alt 12(3)(b))” a chur in ionad “nó i leith modhanna iompair”. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht. |
114. —Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht— | |||
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||||
[EN] | “(4)(a) I ndáil le haon tréimhse inchánach dar críoch roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, ní dhéanfar, faoi réir mhír (b), aon aisíoc faoin alt seo ná faoi aon fhoráil eile den Acht seo ná faoi rialacháin mura ndéanfar éileamh ar an aisíoc sin laistigh den tréimhse deich mbliana ó dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an t-éileamh. | ||||
[EN] | (b) I ndáil le haon tréimhse inchánach dar tosach an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, nó dá éis, agus an 1ú lá de Bhealtaine, 1999, nó dá éis, i ndáil le haon tréimhse inchánach eile, ní dhéanfar aon aisíoc faoin alt seo ná faoi aon fhoráil eile den Acht seo ná faoi rialacháin mura ndéanfar éileamh ar an aisíoc sin laistigh den tréimhse sé bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an t-éileamh sin.”, | ||||
[EN] | agus | ||||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1992): | ||||
[EN] | “(5)(a) Más rud é, mar gheall ar thoimhde iomrallach in oibriú na cánach, cibé acu is duine inchánach, aon duine eile nó na Coimisinéirí Ioncaim a rinne an toimhde iomrallach sin, go dtugann duine cuntas i méid cánach nach raibh an duine sin cuntasach go cuí ann, dá ngairtear an ‘méid ró-íoctha’ina dhiaidh seo san fho-alt seo, féadfaidh an duine sin aisíoc den mhéid ró-íoctha a éileamh agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, an méid ró-íoctha a aisíoc leis an éilitheoir mura mbeadh de thoradh ar an aisíoc sin go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir. | ||||
[EN] | (b) Ciallaíonn saibhriú míchóir an éilitheora chun críocha an ailt seo méid ró-íoctha nó aon chuid de mhéid ró-íoctha a aisíoc leis an éilitheoir in imthosca inar aistrigh an t-éilitheoir, ar chúiseanna praiticiúla, costas an mhéid ró-íoctha sin nó cuid de chuig daoine eile sa phraghas a ghearr an t-éilitheoir ar earraí nó seirbhísí a sholáthair an t-éilitheoir. | ||||
[EN] | (c) Más rud é, i ndáil le haon éileamh faoi mhír (a), go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis méid den mhéid ró-íoctha a éilítear faoi mhír (a) a choinneáil siar de bhrí go mbeadh de thoradh air go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin fhorálacha mhír (a), an méid a chainníochtaítear ag mír (d)(iii) agus a chúiteodh an t-éilitheoir go cuí in aon chaillteanas brabús mar gheall ar an toimhde iomrallach a rinneadh in oibriú na cánach a aisíoc leis an éilitheoir as an méid a coinníodh siar, i gcás gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur comhlíonadh na coinníollacha i mír (d). | ||||
[EN] | (d) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i mír (c) nach mór don éilitheoir— | ||||
[EN] | (i) a shuíomh, bunaithe ar anailísiú eacnamaíoch a chuireann leaisteachas praghais éilimh na n-earraí nó na seirbhísí a sholáthraíonn an t-éilitheoir i gcuntas, gur bhain caillteanas láimhdeachais do ghnó an éilitheora mar gheall ar an toimhde iomrallach a rinneadh in oibriú na cánach, | ||||
[EN] | (ii) méid an chaillteanais sin a chainníochtú, | ||||
[EN] | (iii) méid chaillteanas bhrabús an éilitheora de bharr an chaillteanais láimhdeachais sin a chainníochtú. | ||||
[EN] | (e) Más rud é, i ndáil le haon éileamh faoi mhír (a), go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis méid den mhéid ró-íoctha a éilítear faoi mhír (a) a choinneáil siar de bhrí go mbeadh de thoradh air go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an éilitheoir, d'ainneoin fhorálacha mhír (a), an chuid sin den mhéid a coinníodh siar a gheall an t-éilitheoir a aisíoc leis na daoine ar aistríodh costas an mhéid ró-íoctha chucu i gcás gur deimhin leo go bhfuil socruithe leordhóthanacha déanta ag an éilitheoir chun na daoine sin a aithint agus chun aisíoc a dhéanamh leo. | ||||
[EN] | (f) Más rud é go bhfaigheann éilitheoir aisíoc de réir mhír (e) agus go mainníonn sé aisíoc a dhéanamh leis na daoine lena mbaineann faoin tríochadú lá, ar a dhéanaí, tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim an t-aisíoc sin a íoc, ansin déileálfar le haon mhéid nach bhfuil aisíoctha amhlaidh, chun críocha an Achta seo, ionann is dá mba cháin é a bhí dlite den éilitheoir don tréimhse inchánach ina bhfuil an lá sin.”. | ||||
[EN] |
Leasú ar alt 30 (teorainneacha ama) den Phríomh-Acht. |
115. —Leasaítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (4), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |||
[EN] | “(a)(i) I ndáil le haon tréimhse inchánach dar críoch roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, féadfar, faoi réir fhomhír (ii), meastachán cánach nó measúnacht chánach faoi alt 22 nó 23 a dhéanamh aon tráth nach déanaí ná deich mbliana tar éis dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an meastachán nó an mheasúnacht nó, i gcás arb éard atá sa tréimhse a ndéantar an meastachán nó an mheasúnacht ina leith dhá thréimhse inchánach nó níos mó, tar éis dheireadh na tréimhse inchánach is luaithe a áirítear sa tréimhse sin. | ||||
[EN] | (ii) I ndáil le haon tréimhse inchánach dar tosach an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, nó dá éis, agus an 1ú lá de Bhealtaine, 1999, nó dá éis, i ndáil le haon tréimhse inchánach eile, féadfar meastachán cánach nó measúnacht chánach faoi alt 22 nó 23 a dhéanamh aon tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an meastachán nó an mheasúnacht nó, i gcás arb éard atá sa tréimhse a ndéantar an meastachán nó an mheasúnacht ina leith dhá thréimhse inchánach nó níos mó, tar éis dheireadh na tréimhse inchánach is luaithe a áirítear sa tréimhse sin. | ||||
[EN] | (aa) D'ainneoin mhíreanna (a)(i) agus (a)(ii), i gcás aon chineál calaoise nó faillí i dtaca nó i ndáil le cáin a bheith déanta ag aon duine nó thar ceann aon duine, féadfar meastachán nó measúnacht mar a dúradh a dhéanamh aon tráth d'aon tréimhse a gcaillfeadh an Státchiste cáin ina leith murach sin, de dheasca na calaoise nó na faillí.”. | ||||
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
116. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht— | |||
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (vb) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1993): | ||||
[EN] | “(vc) soláthar seirbhísí loingseoireachta ag Údarás Eitlíochta na hÉireann chun freastal do riachtanais aerárthaí a úsáideann gnóthas iompair a oibríonn ar luaíocht ar chonairí idirnáisiúnta go príomha;”, | ||||
[EN] | agus | ||||
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xva) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ): | ||||
[EN] | “(xva) leabhair agus leabhráin chlóite lena n-áirítear atlais ach gan na nithe seo a leanas a áireamh— | ||||
[EN] | (a) nuachtáin, tréimhseacháin, bróisiúir, catalóga agus cláir, | ||||
[EN] | (b) leabhair stáiseanóireachta, leabhair seiceanna agus a leithéidí, | ||||
[EN] | (c) dialanna, eagraitheoirí, bliainirisí, beartaitheoirí agus a leithéidí arb éard atá in 25 faoin gcéad nó níos mó d'achar iomlán a gcuid leathanach spásanna bána chun faisnéis a thaifeadadh, | ||||
[EN] | (d) albaim agus a leithéidí, agus | ||||
[EN] | (e) leabhair stampaí, leabhair ticéad nó leabhair cúpón.”. | ||||
[EN] |
Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
117. —Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1992) a ghabhann leis an bPríomh-Acht— | |||
[EN] | (a) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír | ||||
[EN] | (xia) (a cuireadh isteach le hAcht 1997): | ||||
[EN] | “(xib) seirbhísí inseamhnaithe ainmhithe; | ||||
[EN] | (xic) seamhan beostoic; | ||||
[EN] | (xid) éanlaith bheo agus ostraisí beo;”, | ||||
[EN] | agus | ||||
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xii): | ||||
[EN] | “(xii) ábhar clóite arb éard é: | ||||
[EN] | (a) nuachtáin agus tréimhseacháin; | ||||
[EN] | (b) bróisiúir, bileoigíní agus cláir; | ||||
[EN] | (c) catalóga, lena n-áirítear eolairí agus ábhar clóite dá samhail; | ||||
[EN] | (d) léarscáileanna, cairteacha hidreagrafacha agus cairteacha dá samhail; | ||||
[EN] | (e) ceol clóite seachas i bhfoirm leabhair nó leabhráin; | ||||
[EN] | ach gan na nithe seo a leanas a áireamh: | ||||
[EN] | (i) ábhar clóite eile ar fógraíocht atá ann go hiomlán nó go substaintiúil, | ||||
[EN] | (ii) na hearraí a shonraítear i bhfomhíreanna (b) go (e) de mhír (xva) den Dara Sceideal, agus | ||||
(iii) aon ábhar clóite eile;”. |