An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Nochtadh Faisnéise i nDáil le Scéimeanna) Ar Aghaidh (CUID VII Déileáil go Comhionann le Fir agus Mná i Scéimeanna Sochair Ceirde)

25 1990

ACHT NA bPINSEAN, 1990

CUID VI

Iontaobhaithe Scéimeanna

Dualgais ghinearálta iontaobhaithe scéime.

59. —Gan dochar do dhualgais iontaobhaithe i gcoitinne agus i dteannta ceanglais eile an Achta seo a chomhlíonadh, áireofar na nithe seo a leanas i ndualgais iontaobhaithe scéimeanna:

(a) a chinntiú, a mhéid is réasúnach, go bhfaighfear na ranníocaí is iníoctha ag an bhfostóir agus ag comhaltaí na scéime, más cuí;

(b) socrú a dhéanamh le hinfheistiú cuí a dhéanamh ar acmhainní na scéime de réir rialacha na scéime;

(c) comhshocruithe a dhéanamh, más cuí, chun na sochair a íoc mar a fhoráiltear faoi rialacha na scéime de réir mar a thiocfaidh siad chun bheith dlite;

(d) a chinntiú go gcoimeádfar taifid chomhaltais agus airgeadais cuí.

Dualgas scéim a chlárú.

60. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas, beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe scéime a chinntiú go gclárófar an scéim leis an mBord.

(2) Clárófar scéim tráth nach déanaí ná—

(a) i gcás gur thosaigh an scéim roimh thosach feidhme an ailt seo, bliain tar éis an tosach feidhme sin,

(b) in aon chás eile, bliain tar éis thosach feidhme na scéime.

(3) Beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe scéime cibé faisnéis a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo a chur ar fáil don Bhord i cibé slí a bheidh forordaithe.

Srian leis an Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 .

61. —Ní bheidh feidhm ag ailt 7, 8, 10, 12 (2), ná, a mhéid a bhaineann sé leis na hailt sin, alt 14 den Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 , i gcás scéime.

Comhaltaí scéimeanna maoinithe do roghnú daoine chun a gceaptha mar iontaobhaithe.

62. —(1) Forálfaidh an tAire le rialacháin, maidir le scéimeanna a bhfuil líon nach lú ná líon sonraithe comhaltaí iontu, go bhféadfaidh comhaltaí aon scéime den sórt sin, má chinneann tromlach na gcomhaltaí ar é sin a dhéanamh, duine nó líon sonraithe daoine a roghnú nó, de rogha an tromlaigh sin, roghnú an chéanna ag an bhfostóir lena mbaineann a cheadú, chun a gceaptha mar iontaobhaithe na scéime agus féadfar líonta éagsúla daoine (lena n-áirítear duine amháin) a shonrú amhlaidh le haghaidh scéimeanna éagsúla.

(2) I rialacháin faoin alt seo—

(a) sonrófar an modh ina ndéanfaidh comhaltaí scéimeanna cinntí, agus ina roghnóidh comhaltaí scéimeanna daoine chun a gceaptha mar iontaobhaithe scéimeanna, chun críche fho-alt (1),

(b) féadfar cibé foráil eile a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críche an ailt seo agus chun a chumasú dó lánéifeacht a bheith aige.

An Ard-Chúirt do cheapadh iontaobhaithe agus dá gcur as oifig.

63. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt (dá ngairtear “an chúirt” sa Chuid seo), ar iarratas a bheith déanta chuici ag an mBord trí achainí, ordú a dhéanamh chun iontaobhaí nua amháin nó níos mó a cheapadh don scéim in ionad iontaobhaithe láithreacha na scéime.

(2) Féadfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (1) a dhéanamh i ndáil le hiontaobhaithe scéime más dóigh léi—

(a) go bhfuil mainnithe ag na hiontaobhaithe na dualgais a forchuireadh orthu le dlí (lena n-áirítear an tAcht seo) a chomhlíonadh, agus

(b) go bhfuil nó go raibh an scéim á riar ar dhóigh a chuireann nó a chuir cearta agus leasanna chomhaltaí na scéime faoin scéim i mbaol.

(3) (a) Is ar na hiontaobhaithe láithreacha, agus orthusan amháin, a sheirbheálfar achainí faoin alt seo, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

(b) Le linn achainí faoin alt seo a bheith á héisteacht, beidh an Bord, iontaobhaithe láithreacha na scéime lena mbaineann, an fostóir lena mbaineann agus comhaltaí na scéime i dteideal éisteacht a fháil, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

(4) Beidh ag iontaobhaí scéime a cheapfar faoin alt seo, roimh agus tar éis acmhainní na scéime a theacht chun bheith dílsithe dó le dlí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na discréidí céanna, agus féadfaidh sé gníomhú ar gach caoi, ionann is dá mbeadh sé ceaptha ina iontaobhaí i gcéaduair le rialacha na scéime.

(5) Féadfar socrú a dhéanamh, in ordú faoin alt seo, i dtaobh cibé nithe coimhdeacha agus iarmhartacha (lena n-áirítear maoin na scéime lena mbaineann a dhílsiú do na hiontaobhaithe a bheidh ceaptha leis an ordú agus (d'ainneoin aon ní i rialacha na scéime) íocaíochtaí a dhéanamh as acmhainní na scéime leis na hiontaobhaithe a bheidh ceaptha leis an ordú maidir le táillí caiteachais nó nithe eile a bhaineann lena ndualgais mar iontaobhaithe den sórt sin) is dóigh leis an gcúirt is gá nó is fóirsteanach.

(6) Ní oibreoidh ordú faoin alt seo a thuilleadh nó thairis sin mar urscaoileadh d'aon iar-iontaobhaí de chuid na scéime lena mbaineann seachas mar a d'oibreodh ceapachán iontaobhaithe nua faoi aon chumhacht chun na críche sin atá in aon ionstraim.

(7) I gcás ina dtiocfaidh aon talamh a mbeidh a úinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , chun bheith dílsithe, le hordú faoin alt seo, d'aon duine nó aon daoine, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar an ordú iomchuí faoin alt seo a bheith tugtha ar aird, agus ar an táille chuí a bheith íoctha, an duine nó na daoine sin a chlárú sa chlár cuí a chothabháiltear faoin Acht sin mar úinéir (de réir bhrí an Achta sin) na talún.

(8) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo, aon sócmhainní a dhílsítear leis an ordú a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó a bhí taifeadta in aon chlár a choinnítear de bhun aon achtacháin in ainmneacha iar-iontaobhaithe na scéime lena mbaineann, déanfar, ar an tosach feidhme sin, iad a aistriú chun ainmneacha iontaobhaithe nua na scéime.

An Bord do cheapadh iontaobhaithe agus dá gcur as oifig.

64. —(1) Más rud é, i ndáil le scéim, nach bhfuil aon iontaobhaithe ann nó nach féidir na hiontaobhaithe a fhionnadh, féadfaidh an Bord, más dóigh leis gur gá é sin a dhéanamh, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige ag duine a bhfuil leas aige, na nithe seo a leanas a dhéanamh le hordú faoina shéala—

(a) iontaobhaí nua nó iontaobhaithe nua a cheapadh don scéim in ionad, más cuí, aon iontaobhaí láithrigh nó iontaobhaithe láithreacha; agus

(b) sócmhainní na scéime a dhílsiú, faoi reir a n-aistrithe más gá i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, do na daoine a cheapfar leis an ordú mar iontaobhaithe na scéime.

(2) Déanfaidh an Bord—

(a) tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta ar a mbeartaíonn sé ordú a dhéanamh faoin alt seo, fógra a fhoilsiú i nuachtán laethúil a scaiptear ar fud an Stáit ag lua an bheartaithe agus ag tabhairt sonraí i dtaobh an ordaithe bheartaithe,

(b) laistigh de 10 lá tar éis dháta déanta an ordaithe, fógra a fhoilsiú i nuachtán laethúil a scaiptear ar fud an Stáit ag lua an bheartaithe agus ag tabhairt sonraí i dtaobh an ordaithe bheartaithe.

(3) Beidh ag gach iontaobhaí scéime a cheapfar faoin alt seo, roimh agus tar éis acmhainní na scéime a theacht chun bheith dílsithe dó le dlí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na discréidí céanna, agus féadfaidh sé gníomhú ar gach caoi, ionann is dá mbeadh sé ceaptha ina iontaobhaí i gcéaduair le rialacha na scéime.

(4) (a) Féadfaidh duine a bhfuil leas aige, laistigh de 21 lá tar éis fógra faoi fho-alt (2) (b) a bheith foilsithe (nó cibé tréimhse is faide ná sin a shocróidh an chúirt, is tréimhse is dóigh leis an gcúirt a bheith réasúnach ag féachaint d'imthosca aon cháis áirithe) achomharc a dhéanamh chun na cúirte in aghaidh déanamh an ordaithe lena mbaineann an fógra.

(b) Ar achomharc faoin bhfo-alt seo féadfaidh an chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh ag daingniú, ag cealú nó ag athrú an ordaithe lena mbaineann agus féadfaidh sí cibé ordú is cuí léi a dhéanamh i dtaobh costas, ach má chealaíonn nó má athraíonn an chúirt ordú faoin alt seo atá tagtha i ngníomh, ní dochar an cealú nó an t-athrú do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(c) Beidh an Bord, na hiontaobhaithe, an fostóir agus comhaltaí na scéime lena mbaineann i dteideal go bhfeidhmeofaí ar a son agus go bhfaighidís éisteacht ar aon achomharc faoin bhfo-alt seo.

(d) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh—

(i) le linn na tréimhse 21 lá ó dháta foilsithe an fhógra faoi fho-alt (2) (b) i ndáil leis an ordú, nó

(ii) i gcás go dtionscnaítear achomharc i gcoinne an ordaithe le linn na tréimhse a dúradh, sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach ar an achomharc nó ar aon achomharc i gcoinne an chinnidh sin, sula dtarraingeofar siar ceachtar de na hachomhairc sin.

(5) Féadfar socrú a dhéanamh, in ordú faoin alt seo, i dtaobh cibé nithe coimhdeacha agus iarmhartacha (lena n-áirítear maoin na scéime lena mbaineann a dhílsiú do na hiontaobhaithe a bheidh ceaptha leis an ordú agus (d'ainneoin aon ní i rialacha na scéime) íocaíochtaí a dhéanamh as acmhainní na scéime leis na hiontaobhaithe a bheidh ceaptha leis an ordú maidir le táillí, caiteachais nó nithe eile a bhaineann lena ndualgais mar iontaobhaithe den sórt sin) is dóigh leis an mBord is gá nó is fóirsteanach.

(6) Ní oibreoidh ordú faoin alt seo mar urscaoileadh ar aon dliteanais de chuid iar-iontaobhaí na scéime lena mbaineann go feadh méid ar bith is mó ná an méid, nó nach ionann agus an méid, a d'oibreodh ceapachán iontaobhaithe nua faoi aon chumhacht chun na críche sin atá in aon ionstraim.

(7) I gcás ina gceapfar comhlacht corpraithe faoin alt seo chun bheith, nó ina dtiocfaidh comhlacht corpraithe a bheidh ceaptha faoin alt seo chun bheith, ina iontaobhaí aonair do scéim a mbeidh foráil nó ceanglas ina téarmaí go gceapfar níos mó ná iontaobhaí amháin, ansin, le linn don chomhlacht corpraithe a bheith i seilbh oifige mar iontaobhaí na scéime agus arb é an t-aon iontaobhaí amháin den sórt sin é—

(a) measfar go bhfuil foráil nó ceanglas i rialacha na scéime nach gceapfar ach iontaobhaí amháin, agus

(b) measfar nár ceapadh i gcéaduair, faoi théarmaí na scéime, ach iontaobhaí amháin.

(8) I gcás ina dtiocfaidh aon talamh a mbeidh a úinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , chun bheith dílsithe, le hordú faoin alt seo, d'aon duine nó aon daoine, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar chóip den ordú agus í sealaithe le séala an Bhoird a bheith tugtha ar aird, agus ar an táille chuí a bheith íoctha, an duine nó na daoine sin a chlárú sa chlár cuí a chothabháiltear faoin Acht sin mar úinéir (de réir bhrí an Achta sin) na talún.

(9) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo, aon sócmhainní a dhílsítear leis an ordú a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó a bhí taifeadta in aon chlár a choinnítear de bhun aon achtacháin in ainmneacha iar-iontaobhaithe na scéime lena mbaineann, déanfar, ar chóip den ordú agus í séalaithe le séala an Bhoird a bheith tugtha ar aird tar éis an tosach feidhme sin, iad a aistriú chun ainmneacha iontaobhaithe nua na scéime.