|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL An Bord Pinsean — The Pensions Board) | Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Caighdeán Maoiniúcháin — Sochair) |
ACHT NA bPINSEAN, 1990
[EN] | ||||||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL Sochair a Chaomhnú agus a Athluacháil | |||||
CUID A Sochair a Chaomhnú | ||||||
Sochar caomhnaithe a ríomh — scéim shochair shainithe | ||||||
1. (1) I gcás scéime sochair shainithe, i gcás nach n-athraíonn an bonn ar a ríomhtar sochar fadseirbhíse idir tosach feidhme Chuid III nó, más déanaí é, an dáta a dtosaíonn fostaíocht iomchuí an chomhalta agus dáta foirceanta na fostaíochta iomchuí, déanfar méid an tsochair chaomhnaithe a ríomh de réir na foirmle— | ||||||
| ||||||
i gcás— | ||||||
gurb é A méid an tsochair fadseirbhíse (gan aon sochar den sórt sin atá á urrú trí ranníocaí saorálacha breise, nó arb ionannas dó aistriú ceart fabhraithe ó scéim eile, a áireamh) arna ríomh ar dháta foirceanta fhostaíocht iomchuí an chomhalta, | ||||||
gurb é B an tréimhse seirbhíse ináirithe a chríochnaíonn tar éis thosach feidhme Chuid III, agus | ||||||
gurb é C an tréimhse seirbhíse ináirithe a bheadh críochnaithe dá bhfanfadh an comhalta i bhfostaíocht iomchuí go dtí gnáthaois inphinsin agus dá leanfadh an tseirbhís sin de bheith cáilithe le haghaidh sochair fadseirbhíse. | ||||||
(2) I gcás ina ndéantar an bonn ar a ríomhtar sochar fadseirbhíse a athrú idir tosach feidhme Chuid III nó, más déanaí é, an dáta a dtosaíonn fostaíocht iomchuí an chomhalta agus dáta foirceanta fhostaíocht iomchuí an chomhalta, is é méid an tsochair chaomhnaithe a gcomhshuim seo a leanas— | ||||||
(a) an méid a ríomhfar de réir na foirmle atá leagtha amach i bhfomhír (1) i gcás ina ríomhtar A ar bhonn rialacha na scéime a bhí i bhfeidhm ar thosach feidhme Chuid III nó, más déanaí é, ar an dáta a dtosaíonn fostaíocht iomchuí an chomhalta, agus | ||||||
(b) méid a ríomhfar de réir na foirmle— | ||||||
| ||||||
i gcás— | ||||||
gurb é D méid na difríochta i sochar fadseirbhíse arna ríomh ar dháta foirceanta na fostaíochta iomchuí is infheidhme maidir leis an athrú, | ||||||
gurb é E an tréimhse seirbhíse ináirithe a chríochnaíonn tar éis an dáta ar ar athraíodh an bonn ríomha, agus | ||||||
gurb é F an tréimhse seirbhíse ináirithe a bheadh críochnaithe ó dháta an athraithe sin dá bhfanfadh an comhalta i bhfostaíocht iomchuí go dtí gnáthaois inphinsin agus dá leanfadh an tseirbhís sin de bheith cáilithe le haghaidh sochair fadseirbhíse: | ||||||
Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás breis agus athrú amháin den sórt sin a bheith ann, gach athrú acu a ríomh ar leithligh de réir na foirmle seo agus iad a chomhiomlánú chun an méid a ríomh. | ||||||
(3) Beidh aon sochar caomhnaithe a ríomhfar faoin mír seo faoi réir íosmhéid ina mbeidh cibé méid a áiritheoidh gurb ionann luach achtúireach an tsochair sin agus méid aon ranníocaí (gan ranníocaí saorálacha breise a áireamh) a d'íoc an comhalta i leith na tréimhse seirbhíse ináirithe a chríochnaigh tar éis thosach feidhme Chuid III maille leis an ús iolraithe ar an gcéanna de réir an ráta, más ann, is infheidhme faoi rialacha na scéime maidir le ranníocaí comhaltaí a aisíoc ar iad d'fhágáil na seirbhíse. | ||||||
2. I gcás ina bhfuil foráil i scéim go ndéanfar sochair a ríomh i ndáil le tuillimh inphinsin chomhalta ar ghnáthaois inphinsin a bheith sroichte aige nó i dtréimhse shonraithe roimhe sin nó ar é d'fháil bháis níos luaithe, nó ar bhealach éigin eile a bhaineann leis na tuillimh sin, déanfar sochar caomhnaithe a ríomh, ar mhodh comhréireach, faoi threoir a thuilleamh ar dháta foirceanta a fhostaíochta iomchuí nó sa tréimhse chéanna roimh an dáta sin. | ||||||
Sochar a chuirtear ar fáil de bharr ranníocaí saorálacha breise | ||||||
3. (1) I gcás sochair fadseirbhíse bhreise dá dtagraítear in alt 29 (6) áireofar ar shochar caomhnaithe i leith an tsochair bhreise sin méid a ríomhfar de réir na foirmle— | ||||||
| ||||||
i gcás— | ||||||
gurb é X méid an tsochair bhreise sin (nó an mhéadaithe sin ar shochar), | ||||||
gurb é Y an tréimhse seirbhíse ináirithe dá mbeidh an comhalta den scéim tar éis ranníoc a dhéanamh faoi chomhair an tsochair sin (nó an mhéadaithe sin ar shochar), agus | ||||||
gurb é Z an tréimhse seirbhíse ináirithe a mbeadh an comhalta sin tar éis ranníoc a dhéanamh faoi chomhair an tsochair sin (nó an mhéadaithe sin ar shochar) dá bhfanfadh sé i bhfostaíocht iomchuí go dtí gnáthaois inphinsin. | ||||||
(2) Chun críocha fhomhír (1) ciallaíonn “méadú ar shochar” sochar a urraítear trí mhéadú ar an ráta ranníoca a conraíodh roimhe sin agus, chun críocha na míre seo, déileálfar ar leithligh le gach méadú den sórt sin ar shochar. | ||||||
CUID B Sochair Chaomhnaithe a Athluacháil | ||||||
4. (1) Déanfar aon sochar caomhnaithe is iníoctha faoi scéim shochair shainithe a athluacháil gach bliain i ndeireadh gach bliana athluachála, tríd an méid cuí a chur le méid an tsochair chaomhnaithe amhail ar an lá deiridh den bhliain athluachála roimhe sin agus aon athluacháil roimhe sin a bheith san áireamh sa sochar caomhnaithe sin. | ||||||
(2) Ach amháin mar a fhoráiltear i míreanna 5 agus 6 thíos, déanfar an méid cuí a ríomh de réir na foirmle— | ||||||
| ||||||
i gcás— | ||||||
gurb é P méid an tsochair chaomhnaithe amhail ar an lá deiridh den bhliain athluachála roimhe sin, agus | ||||||
gurb é R an céatadán athluachála. | ||||||
5. (1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le scéim a chuireann sochar fadseirbhíse ar fáil a ndéantar a ráta nó a mhéid a ríomh faoi threoir— | ||||||
(a) meántuillimh inphinsin an chomhalta thar an tréimhse seirbhíse ar a bhfuil an sochar sin bunaithe, nó | ||||||
(b) tuillimh inphinsin iomlána an chomhalta thar an tréimhse seirbhíse ar a bhfuil an sochar sin bunaithe. | ||||||
(2) Déanfar aon sochar caomhnaithe a chuirtear ar fáil faoi scéim lena mbaineann fomhír (1) a athluacháil— | ||||||
(a) trí thuillimh inphinsin an chomhalta lena mbaineann a athluacháil le linn gach bliana athluachála ar aon tslí ar a bhféadfaí iad a athluacháil le linn na bliana sin dá bhfanfadh an comhalta sa tseirbhís ináirithe chéanna, nó | ||||||
(b) de réir mhír 4, | ||||||
cibé acu is cuí le hiontaobhaithe na scéime. | ||||||
6. (1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le scéim a chuireann sochar fadseirbhíse ar fáil— | ||||||
(a) a ndéantar a ráta nó a mhéid a ríomh faoi threoir fhad seirbhíse an chomhalta agus faoina threoir sin amháin, nó | ||||||
(b) ar de mhéid seasta é. | ||||||
(2) Déanfar aon sochar caomhnaithe a chuirtear ar fáil faoi scéim lena mbaineann fomhír (1) a athluacháil— | ||||||
(a) le linn gach bliana athluachála ar aon tslí ar a bhféadfaí é a athluacháil le linn na bliana sin dá bhfanfadh an comhalta sa tseirbhís ináirithe chéanna, nó | ||||||
(b) de réir mhír 4, | ||||||
cibé acu is cuí le hiontaobhaithe na scéime. | ||||||
7. Ní dhéanfar aon chuid den mhéid cuí atá le cur le sochar caomhnaithe faoin gCuid seo a chur ar fáil trí laghdú a dhéanamh ar mhéid aon sochair is iníoctha faoi rialacha na scéime lena mbaineann i leith seirbhíse ináirithe a chríochnaigh roimh thosach feidhme Chuid III. |