An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV IdirghabhÁlaithe Árachais a RialÁil) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Na hAchtachÁin a Aisghairtear)

3 1989

AN tACHT ÁRACHAIS, 1989

CUID V

Ilghnéitheach

Achomharc i gcoinne fionraí nó cúlghairm ar údarú.

58. —(1) I gcás ina mbeartóidh an tAire údarú a fhionraí nó a chúlghairm faoi alt 21 tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don ghnóthas lena mbaineann á rá go mbeartaítear an fhionraí nó an chúlghairm sin a dhéanamh.

(2) Déanfar aon chinneadh ag an Aire chun údarú a fhionraí nó a chúlghairm faoin Acht seo a chur in iúl i scríbhinn don ghnóthas lena mbaineann sé, mar aon leis na fáthanna a bhfuil an t-údarú á fhionraí nó á chúlghairm.

(3) I gcás ina bhfionrófar nó ina gcúlghairfear údarú faoi fhorálacha an Achta seo tabharfaidh an tAire fógra i dtaobh na fionraí nó na cúlghairme d'údaráis mhaoirseachta aon Bhallstáit eile de chuid na gComhphobal Eorpach ina mbíonn an gnóthas ag seoladh gnó.

(4) I gcás gur i mBallstát eile do phríomh-oifig gnóthais, ní chúlghairfidh an tAire údarú an ghnóthais gan dul i gcomhairle i dtosach le húdarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an phríomh-oifig. Féadfaidh an tAire, áfach, údarú an ghnóthais a fhionraí sa Stát sula mbeidh deireadh leis an gcomhchomhairliúchán sin agus i gcás den sórt sin tabharfaidh sé fógra d'údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an phríomh-oifig.

(5) Féadfaidh an tAire deireadh a chur le fionraí ar údarú tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don ghnóthas á rá go bhfuil a údarú tugtha ar ais dó.

(6) Féadfaidh gnóthas achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne chinneadh an Aire údarú a fhionraí nó a chúlghairm.

(7) Féadfar an t-achomharc go léir nó aon chuid d'achomharc faoin alt seo a éisteacht i ndlísheomra.

(8) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo maidir le húdarú a fhionraí nó a chúlghairm difear do bhailíocht aon chonartha árachais a baineadh amach sular fionraíodh nó sular cúlghaireadh an t-údarú ná do chonradh den sórt sin a choinneáil i bhfeidhm agus a chomhlíonadh go cuí.

Oifigigh údaraithe a cheapadh.

59. —(1) Féadfaidh an tAire cibé oifigigh agus cibé líon oifigeach dá chuid a cheapadh is cuí leis mar oifigigh údaraithe chun críocha na nAchtanna Árachais.

(2) Tabharfar do gach oifigeach údaraithe barántas a cheaptha mar oifigeach údaraithe agus an tráth a bheidh aon chumhacht a thugtar d'oifigeach údaraithe le halt 60 á feidhmiú aige tabharfaidh sé an barántas ar aird d'aon duine dá ndéanann sé difear má iarrann an duine sin air é.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

60. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon fhaisnéis a fháil a bheidh ag teastáil ón Aire chun a chumasú dó a fheidhmeanna faoi na hAchtanna Árachais a fheidhmiú, aon ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach gach uile thráth réasúnach in aon áitreabh a mbeidh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint go bhfuil aon leabhair, doiciméid nó taifid ann a bhaineann le haon pholasaí, banna, deimhniú nó ionstraim eile árachais a eisiúint, nó le haon phréimh a ghlacadh i ndáil le polasaí, banna, deimhniú nó ionstraim eile árachais,

(b) a cheangal ar aon duine atá fostaithe san áitreabh aon leabhair, doiciméid nó taifid a thabhairt ar aird dó a bheidh faoi urláimh an duine sin nó ina sheilbh nó ar fáil aige agus a mbeidh forais réasúnacha ag an oifigeach sin chun a chreidiúint gur taifid, leabhair nó doiciméid iad a bhaineann le haon pholasaí, banna, deimhniú nó ionstraim eile a eisiúint, agus cibé faisnéis a thabhairt dó a bheidh ag teastáil le réasún uaidh i ndáil le haon iontrálacha in aon taifid, leabhair nó doiciméid den sórt sin,

(c) scrúdú a dhéanamh ar aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a bheidh tugtha ar aird de bhun ceanglais faoi na hAchtanna Árachais agus, más cuí leis, cóip a dhéanamh d'aon iontráil in aon taifead, leabhar nó doiciméad den sórt sin.

(2) Aon duine a chuirfidh cosc nó treampán ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta nó a mhainneoidh déanamh de réir ceanglais faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Cóid chleachtais i dtaobh dualgais maidir le nochtadh agus barántaí.

61. —I gcás inar dóigh leis an Aire gur gá é ar mhaithe le leas an phobail agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an tionscal árachais agus le hionadaithe do thomhaltóirí, féadfaidh sé le hordú cóid chleachtais a fhorordú a bheidh le comhlíonadh ag gnóthais, agus iad ag déileáil le togróirí polasaithe árachais agus le sealbhóirí polasaí a bheidh ag athnuachan polasaithe árachais, i dtaobh an dualgais maidir le nochtadh agus barántaí.