An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Gléasra Tionscail a Cheadúnú)

6 1987

AN tACHT UM THRUAILLIÚ AEIR, 1987

CUID II

Forálacha Ginearálta a Bhaineann le Truailliú Aeir

Cosc ar astaíochtaí áirithe.

23. —Chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú féadfaidh an tAire, le rialacháin—

(a) cibé astaíochtaí a bheidh sonraithe,

(b) táirgeadh, cóireáil, úsáid, allmhairiú, cur ar an margadh, dáileadh nó díol aon substainte (seachas breosla) a d'fhéadfadh a bheith ina cúis le truailliú aeir,

a thoirmeasc, go hiomlán, nó faoi réir cibé eisceachtaí a bheidh sonraithe sna rialacháin.

Oibleagáid truailliú aeir a chosc.

24. —(1) Ní mór d'áititheoir aon áitribh, seachas teaghais phríobháideach, leas a bhaint as an dóigh is fearr is féidir le hastaíocht ón áitreabh sin a theorannú agus, más féidir, a chosc.

(2) Ní chuirfidh áititheoir aon áitribh faoi deara ná ní cheadóidh sé astaíocht a theacht as an áitreabh sin i gcainníocht a d'fhágfadh nó ar shlí a d'fhágfadh gur núis í.

(3) In aon ionchúiseamh mar gheall ar shárú ar an alt seo, is cosaint mhaith é a shuíomh—

(a) gur baineadh leas as an dóigh ab fhearr ab fhéidir leis an astaíocht lena mbaineann a chosc nó a theorannú, nó

(b) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir ceadúnais faoin Acht seo, nó

(c) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir luach teorann astaíochta, nó

(d) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bhí i ngníomh i ndáil leis an limistéar lena mbaineann, nó

(e) i gcás astaíocht deataigh, go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir rialacháin faoi alt 25, nó

(f) nach raibh an astaíocht ina cúis le truailliú aeir.

Toirmeasc ar dheatach a astú.

25. —(1) Chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú féadfaidh an tAire, le rialacháin, astaíocht deataigh isteach san atmaisféar ó aon áitreabh a thoirmeasc nó a shrianadh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), fédfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) na háitribh a mbaineann na rialacháin leo a shonrú,

(b) an cineál deataigh a mbaineann na rialacháin leis a shonrú,

(c) toirmeasc a dhéanamh, go hiomlán nó faoi réir eisceachtaí sonraithe, ar astaíocht deataigh ó áitribh shonraithe ag tráthanna nó ag tréimhsí sonraithe,

(d) astaíochtaí deataigh ó áitribh shonraithe ar feadh tréimhsí sonraithe a dhíolmhú, faoi réir coinníollacha nó gan choinníollacha, ó aon fhoráil d'fhorálacha na rialachán,

(e) toirmeasc nó srianadh a dhéanamh, faoi réir cibé eisceachtaí a bheidh sonraithe, ar dhó tuí, fuíll nó aon substainte eile i cibé áitribh nó ag cibé tráthanna a bheidh sonraithe.

(3) In aon ionchúiseamh mar gheall ar shárú ar an alt seo nó ar rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, is cosaint mhaith é a shuíomh—

(a) gur baineadh leas as an dóigh ab fhearr ab fhéidir leis an astaíocht lena mbaineann a chosc nó a theorannú, nó

(b) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir ceadúnais faoin Acht seo, nó

(c) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir luach teorann astaíochta, nó

(d) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bhí i ngníomh i ndáil leis an limistéar lena mbaineann.

Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal bearta a dhéanamh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú.

26. —(1) Aon uair is dóigh le húdarás áitiúil gur gá déanamh amhlaidh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú, féadfaidh an t-údarás áitiúil fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar áititheoir aon áitribh óna dtagann astaíocht.

(2) Nuair a bheidh údarás áitiúil ag breithniú an cóir fógra a sheirbheáil faoin alt seo, beidh aird aige ar na nithe seo a leanas—

(a) aon phlean bainisteoireachta aercháilíochta i ndáil leis an limistéar ina bhfuil an t-áitreabh suite,

(b) aon ordú um limistéar faoi rialú speisialta atá i ngníomh i ndáil leis an limistéar ina bhfuil an t-áitreabh suite,

(c) aon luach teorann astaíochta iomchuí,

(d) aon chaighdeán aercháilíochta iomchuí,

(e) na deiseanna a bheith ar fáil is gá chun an fógra a chomhlíonadh, agus

(f) an caiteachas a thabhófaí ag comhlíonadh an fhógra.

(3) Maidir le fógra de bhun an ailt seo—

(a) sonrófar ann na bearta is dóigh leis an údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra a bheith riachtanach chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú,

(b) ordóidh sé don duine ar seirbheáladh an fógra air cibé bearta a dhéanamh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(c) sonróidh sé tréimhse (nach lú ná ceithre lá dhéag ag tosú ar dháta seirbheála an fhógra) ar laistigh di a bheidh na bearta sin le déanamh.

(4) Maidir le fógra faoin alt seo—

(a) féadfar é a sheirbheáil cibé acu a bhí nó nach raibh ionchúiseamh ann mar gheall ar chion faoin Acht seo i ndáil leis an astaíocht lena mbaineann;

(b) ní dhéanfaidh sé dochar do thionscnamh ionchúisimh faoin Acht seo mar gheall ar chion i ndáil leis an astaíocht lena mbaineann.

(5) Duine ar seirbheáladh fógra faoin alt seo air féadfaidh sé, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra cibé uiríll i scríbhinn is cuí leis a dhéanamh chuig an údarás áitiúil i dtaobh théarmaí an fhógra agus féadfaidh an t-údarás áitiúil, tar éis dó aon uiríll den sórt sin a bhreithniú, an fógra a leasú nó a chúlghairm.

(6) Duine ar seirbheáladh fógra faoin alt seo air déanfaidh sé, laistigh den tréimhse shonraithe, ceanglais an fhógra, nó de réir mar a bheidh, an fhógra arna leasú, a chomhlíonadh.

(7) Mura ndéanann duine ar seirbheáladh fógra faoin alt seo air, ceanglais an fhógra a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó san fhógra arna leasú, de réir mar a bheidh, féadfaidh an t-údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra cibé bearta a dhéanamh is dóigh leis a bheith réasúnach agus riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar an fógra agus féadfaidh sé aon chaiteachas a thabhóidh sé leis sin a ghnóthú ón duine ar ar seirbheáladh an fógra mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Cumhacht údaráis áitiúil bearta a dhéanamh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú.

27. —(1) Aon uair is dóigh le húdarás áitiúil go bhfuil gá le bearta práinneacha chun cosc nó teorannú a dhéanamh ar thruailliú a fhearann ar aon chuid dá limistéar feidhme nó ar limistéar tadhlach, féadfaidh an t-údarás áitiúil cibé bearta a dhéanamh, cibé oibríochtaí a sheoladh nó cibé cúnamh a thabhairt is dóigh leis is gá chun an truailliú sin a chosc nó a theorannú nó chun iardraí aon truaillithe den sórt sin a leigheas.

(2) I gcás údarás áitiúil do dhéanamh beart, do sheoladh oibríochtaí nó do thabhairt cúnaimh faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil costais na mbeart, na n-oibríochtaí nó an chúnaimh sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ó cibé duine a ndeimhneoidh an t-údarás áitiúil don chúirt gurb é an duine é arb é a ghníomh nó a neamhghníomh ba chúis leis na bearta, leis na hoibríochtaí nó leis an gcúnamh sin.

Cumhacht na hArd-Chúirte i ndáil le truailliú aeir.

28. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt, le hordú, ar iarratas ó údarás áitiúil nó ó aon duine eile astaíocht a thoirmeasc nó a shrianadh ó aon áitreabh más deimhin leis an gCúirt—

(a) go dtiocfadh mórphriacal truaillithe aeir ón astaíocht sin (nach astaíocht atá de réir ceadúnais arna dheonú faoin Acht seo) do leanúint ar aghaidh, nó

(b) gur astaíocht í an astaíocht ó ghléasra tionscail de shárú ar théarmaí ceadúnais faoin Acht seo, nó

(c) gur astaíocht í an astaíocht ó ghléasra tionscail dá n-éilítear ceadúnas faoin Acht seo agus nár deonaíodh aon cheadúnas den sórt sin i ndáil léi.

(2) Maidir le hordú a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ar iarratas faoin alt seo, féadfaidh cibé forálacha a bheith ann is cuí leis an gCúirt agus féadfar, go háirithe, forálacha a bheith ar áireamh ann—

(a) á cheangal bearta sonracha a dhéanamh chun priacal truaillithe aeir a dhíbirt nó a laghdú;

(b) á cheangal ar aon duine aon ní a dhéanamh, nó gan é a dhéanamh, nó scor de bheith á dhéanamh, de réir mar a bheidh, is ní is dóigh leis an gCúirt is gá agus a shonróidh sí san ordú chun a chinntiú go bhfoirceannfar nó go srianfar an astaíocht lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, go mbeidh sí de réir aon cheadúnais iomchuí faoin Acht seo;

(c) i ndáil le híoc costas.

(3) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas ar ordú faoin alt seo agus nuair a bheidh an Ard-Chúirt ag breithniú an ábhair féadfaidh sí cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is cuí léi.

(4) Beidh éifeacht le hordú de chuid na hArd-Chúirte arna dhéanamh de bhun an ailt seo d'ainneoin théarmaí aon cheada arna thabhairt faoi aon achtachán eile i ndáil leis an áitreabh lena mbaineann.

Scéala a thabhairt faoi eachtra is cúis le truailliú aeir.

29. —(1) Ní mór d'áititheoir aon áitribh, seachas teaghais phríobháideach, a luaithe is féidir tar éis aon eachtra a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le truailliú aeir scéala i dtaobh na heachtra a thabhairt don údarás áitiúil iomchuí.

(2) San alt seo folaíonn “eachtra” astaíocht thionóisceach.