An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THRUAILLIÚ AEIR, 1987) Ar Aghaidh (CUID II Forálacha Ginearálta a Bhaineann le Truailliú Aeir)

6 1987

AN tACHT UM THRUAILLIÚ AEIR, 1987

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thruailliú Aeir, 1987 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir críocha nó forála áirithe nó faoi threoir limistéir nó limistéar áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo agus le haghaidh limistéar éagsúil.

Neamhfheidhm an Achta.

3. —Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le hastaíocht a éireoidh—

(i) as substaint a dhiúscairt ar muir trína dó d'aon turas d'fhonn í a dhíothú go teirmeach, nó

(ii) as aon substaint nó feiste radaighníomhach a úsáid.

Truailliú aeir.

4. —Ciallaíonn “truailliú aeir” san Acht seo staid ina bhfuil oiread áirithe de thruailleán san atmaisféar gur dóigh dó—

(i) díobháil a dhéanamh do shláinte an phobail, nó

(ii) éifeacht dhochrach a bheith aige ar florafauna nó damáiste a dhéanamh do mhaoin, nó

(iii) lagú nó cur isteach a dhéanamh ar thaitneamhachtaí nó ar an timpeallacht.

An dóigh is fearr is féidir.

5. —(1) Faoi réir fho-alt (3), aon tagairt san Acht seo do leas a bhaint as an dóigh is fearr is féidir chun astaíocht a chosc nó a theorannú, forléireofar gur tagairt í a chiallaíonn saoráidí a sholáthar agus a chothabháil, a úsáid, a oibriú agus a mhaoirsiú go cuí arb iad na saoráidí iad, ag féachaint do na himthosca go léir, is oiriúnaí le haghaidh an choisc nó an teorannaithe sin.

(2) Nuair a bheifear ag breithniú, maidir le saoráidí, cibé acu arb iad na saoráidí is oiriúnaí iad chun astaíocht a chosc nó a theorannú, tabharfar aird ar na nithe seo a leanas—

(a) i gcás gléasra tionscail, seachas gléasra tionscail láithreach—

(i) staid reatha an eolais theicniúil, agus

(ii) riachtanais na timpeallachta, agus

(iii) na costais a thabhófaí ag cur na saoráidí lena mbaineann ar fáil, á gcothabháil, á n-úsáid, á n-oibriú agus á maoirsiú, agus

(b) in aon chás eile, i dteannta na nithe a shonra ítear i mír (a) (i), (ii) agus (iii)—

(i) cineál, méid agus éifeacht na hastaíochta lena mbaineann, agus

(ii) aois an ghléasra tionscail láithrigh nó an áitribh eile, an cineál saoráidí atá suiteáilte ann agus an tréimhse ar dócha gur lena linn a úsáidfear an gléasra nó an t-áitreabh eile nó a leanfar á oibriú, agus

(iii) na costais a thabhófaí ag athchóiriú an ghléasra nó an áitribh eile, nó ag athchóiriú na saoráidí ann nó ag cur saoráidí eile ina n-ionadsan, i ndáil leistaid eacnamúil gnóthas nó fiontar den aicme lena mbaineann.

(3) Féadfaidh an tAire, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, treoracha a eisiúint a shonróidh an dóigh is fearr is féidir chun cibé astaíocht a chosc nó a theorannú de réir mar a bheidh sonraithe sa treoir, go ginearálta nó ó áitribh d'aicme nó de thuairisc faoi leith, agus tabharfar aird ar aon treoracha den sórt sin nuair a bheifear ag riaradh an Achta seo.

(4) Aon uair a eiseoidh an tAire treoir faoi fho-alt (3) cuirfidh sé faoi deara a luaithe is féidir—

(a) cóip den treoir sin a chur chuig gach údarás áitiúil agus chuig an mBord Pleanála,

(b) fógra i dtaobh eisiúint na treorach a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus

(c) cóip den treoir a chur ar fáil, ar cibé táille (más ann) a íoc a shocróidh an tAire, do gach duine a dhéanann iarratas ar chóip den sórt sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “saoráidí” innealra, gléasra, trealamh, fearais, gairis, foirgnimh agus déanmhais eile.

Gléasra tionscail agus gléasra tionscail láithreach.

6. —(1) Ciallaíonn “gléasra tionscail” san Acht seo aon ghléasra, trealamh, fearas, gaireas, innealra, oibreacha, foirgneamh nó déanmhas eile nó aon talamh nó aon chuid d'aon talamh a úsáidtear i gcúrsa trádála, gnó nó tionscail chun críocha aon phróisis tionscail a shonraítear sa Tríú Sceideal nó chun críocha a bhaineann le haon phróiseas den sórt sin.

(2) San Acht seo ciallaíonn “gléasra tionscail láithreach” gléasra tionscail—

(a) a ndéantar ina leith cead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , a dheonú roimh cibé lá (dá ngairtear “an lá iomchuí” san fho-alt seo) a fhorordóidh an tAire, nó

(b) atá, an lá díreach roimh an lá iomchuí, nó a bhí, tráth ar bith le linn na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an lá díreach roimh an lá iomchuí, á úsáid chun críocha aon phróisis tionscail a shonraítear sa Tríú Sceideal, nó chun críocha a bhaineann le haon phróiseas den sórt sin, seachas gléasra tionscail is déanmhas neamhúdaraithe nó arb úsáid neamhúdaraithe a úsáid.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an Tríú Sceideal a athrú trí aon phróiseas tionscail a chur leis nó a scriosadh as.

(4) San alt seo tá le “déanmhas neamhúdaraithe” agus “úsáid neamhúdaraithe” na bríonna a shanntar dóibh leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

Léiriú i gcoitinne.

7. —(1) San Acht seo—

tá le “plean bainisteoireachta aercháilíochta” an bhrí a shonraítear in alt 46;

ciallaíonn “caighdeán aercháilíochta” caighdeán a fhorordóidh an tAire chun críocha an Achta seo de bhun alt 50;

ciallaíonn “tinteán údaraithe” tinteán a ndearbhaíonn an tAire maidir leis i rialacháin faoi alt 40 (2) gur tinteán údaraithe é;

ciallaíonn “breosla údaraithe” breosla a ndearbhaíonn an tAire maidir leis i rialacháin faoi alt 40 (3) gur breosla údaraithe é;

ciallaíonn “duine údaraithe” duine—

(a) a bheidh ceaptha i scríbhinn ag údarás áitiúil chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an Achta seo, nó

(b) a bheidh ceaptha i scríbhinn ag duine a shonrófar i rialacháin faoin Acht seo chun bheith ina dhuine údaraithe de bhun na rialachán sin;

ciallaíonn “astaíocht” ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, truailleán a astú isteach san atmaisféar;

ciallaíonn “luach teorann astaíochta” teorainn a fhorordóidh an tAire faoi alt 51;

folaíonn “tinteán” aon fhoirnéis, loisceoir, gráta nó sornóg cibé acu oscailte nó dúnta iad nó aon áit dóite eile;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

folaíonn “próiseas tionscail” aon phróiseas a sheoltar i gcúrsa trádála, gnó nó tionscail agus ar próiseas é a bheartaítear chun aon earra, cuid d'earra, substaint, fuinneamh nó ní a dhéanamh nó a tháirgeadh nó a bheartaítear chun críocha a bhaineann leis an gcéanna nó a bheartaítear chun aon earra, substaint nó ní a athrú, a dheisiú, a ornáidiú, a mhaisiú, a ghlanadh, a ní, a phacáil nó a stánú, nó a oiriúnú lena dhíol nó a bhriseadh suas nó a scartáil nó a bheartaítear chun críocha a bhaineann leis an gcéanna; lena n-áirítear, go háirithe, mianraí a fháil, a ardú, a thógáil, a bhreith chun siúil agus a phróiseáil (lena n-áirítear a méid a laghdú, iad a ghrádú agus iad a théamh), fuíll mhianraí a stóráil agus fuíll eile a dhó, a chóireáil nó a aisghabháil;

folaíonn “ceadúnas”, i ndáil le ceadúnas a dheonaítear faoi alt 32, ceadúnas den sórt sin arna athbhreithniú de bhun alt 33, i gcás go gceadaíonn nó go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh;

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) i gcás chontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, seachas buirg Dhún Laoghaire, comhairle chontae Bhaile Átha Cliath,

(b) i gcás bhuirg Dhún Laoghaire, bardas na buirge,

(c) i gcás contaebhuirge, bardas na contaebhuirge, agus

(d) i gcás aon chontae riaracháin eile, comhairle an chontae,

agus déanfar tagairtí do limistéar feidhme údaráis áitiúil a fhorléiriú dá réir;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

folaíonn “monatóireacht” aon astaíocht in aon ionad nó aer na timpeallachta in aon ionad a iniúchadh, a thomhas, a shampláil nó a anailísiú, chun críocha an Achta seo, i gceann tréimhsí nó go leanúnach;

folaíonn “áititheoir” i ndáil le haon áitreabh, léasaí, aon duine atá i dteideal an t-áitreabh a áitiú agus aon duine eile a bhfuil rialú aige ar an áitreabh de thuras na huaire;

ciallaíonn “truailleán” aon substaint a shonraítear sa Chéad Sceideal nó aon substaint nó fuinneamh eile a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le truailliú aeir nuair a astaítear é isteach san atmaisféar, as féin nó in éineacht le haon substaint eile;

folaíonn “áitreabh” aon mheasáiste, foirgneamh, déanmhas nó talamh (cibe acu atá aon déanmhais ar an talamh nó nach bhfuil nó cibé acu atá talamh faoi uisce nó nach bhfuil) nó aon oidhreachtán faoi aon tionacht mar aon le haon tithe lasmuigh agus aon chúirtealáiste;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “teaghais phríobháideach” aon fhoirgneamh nó déanmhas nó aon chuid d'aon fhoirgneamh nó déanmhas (lena n-áirítear aon fhoirgneamh nó déanmhas coimhdeach) nach n-úsáidtear nó nach mbeartaítear a úsáid ach amháin mar áit chónaithe ag daoine ach ní fholaíonn sé—

(a) cúirtealáiste nó gairdín, ná

(b) foirgneamh nó déanmhas coimhdeach, nó cuid d'fhoirgneamh nó de dhéanmhas, ina bhfuil tinteán a bhfuil toilladh téite uasta aige is mó ná 45kW agus a dhéanann freastal ar bhreis agus aon teaghais amháin;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar, cladach nó áit eile ar a bhfuil rochtain ag an bpobal cibé acu de cheart nó le cead é agus cibé acu faoi réir muirir nó saor ó mhuirear é;

ciallaíonn “an clár” an clár a choimeádtar de bhun alt 17;

ciallaíonn “feidhm fhorchoimeádta”—

(a) i ndáil le comhairle contae nó bardas Dhún Laoghaire, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1985;

(b) i ndáil le bardas contaebhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge;

folaíonn “deatach” súiche, luaith, grean, agus aon cháithnín eile a astaítear i ndeatach;

ciallaíonn “limistéar faoi rialú speisialta” limistéar a bhfuil ordú um limistéar faoi rialú speisialta i ngníomh i ndáil leis;

tá le “ordú um limistéar faoi rialú speisialta” an bhrí a shanntar di le halt 39.

(2) San Acht seo, tagairt d'alt, do Sceideal nó do Chuid is tagairt í d'alt, do Sceideal nó do Chuid den Acht seo mura bhfuil sé léirithe gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír na forála ina bhfuil an tagairt mura bhfuil sé léirithe gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Feidhm an Achta maidir le háitribh ar leis an Stát iad.

8. —Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le háitribh ar leis an Stát iad nó atá ar áitiú ag an Stát.

Aisghairm.

9. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin den Sceideal sin.

(2) Déantar leis seo gach Ionstraim Reachtúil a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin den Sceideal sin.

Rialacháin.

10. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon ábhar a dtagraítear dó san Acht seo mar ábhar forordaithe, a fhorordú,

(b) i ndáil le haon ábhar a dtagraítear dó san Acht seo mar ábhar is ábhar do rialacháin, agus

(c) chun críche lánéifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) Féadfaidh rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le limistéir éagsúla, imthosca éagsúla agus aicmí éagsúla cásanna.

(3) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi alt 6, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Déanfar gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo (seachas rialachán arna dhéanamh faoi alt 6) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cionta.

11. —(1) Duine ar bith a sháróidh aon fhoráil den Acht seo nó d'aon rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo nó d'aon fhógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás comhlacht corpraithe nó duine ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe do dhéanamh ciona faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gur urasaíodh é le haon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é nó ar oifigeach eile don chomhlacht sin é, beidh an duine sin ciontach i gcion freisin.

(3) San alt seo, tagairt do shárú forála, folaíonn sí, de réir mar is iomchuí, tagairt do dhiúltú, nó do mhainneachtain, déanamh de réir na forála sin.

Pionóis.

12. —(1) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo—

(a) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den chion agus nach mó san iomlán ná méid is comhionann le £1,000 nuair a chuirtear í le haon fhíneáil eile faoin mír seo i ndáil leis an gcion lena mbaineann), nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

(b) dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £1,000 in aghaidh gach lae a leanfar den chion), nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , maidir le cion lena mbaineann fo-alt (1) amhail is dá mba rud é, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, gur sonraíodh ann na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) (a), agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2)(a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leo, dá réir sin.

Cionta a ionchúiseamh.

13. —(1) (a) Maidir le cion faoin Acht seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme a rinneadh an cion nó, i gcás ciona a d'éirigh as ordú a rinne, nó fógra a sheirbheáil, údarás áitiúil, féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann, é a ionchúiseamh go hachomair.

(b) I gcás gur dóigh le húdarás áitiúil go bhféadfadh astaíocht ó aon áitreabh a bheith ina chúis le truailliú aeir a d'fhearfadh ar aon chuid dá limistéar feidhme, féadfaidh an t-údarás áitiúil, d'ainneoin gur ó áitreabh atá suite lasmuigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil lena mbaineann don astaíocht, imeachtaí achoimre a thionscnamh i leith ciona faoin Acht seo i ndáil leis an astaíocht lena mbaineann.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin faoin alt seo, a fhorordú go bhféadfaidh cibé duine (lena n-áirítear an tAire) a bheidh sonraithe sna rialacháin de bhreis ar an údarás áitiúil nó ina ionad, cibé cion a bheidh sonraithe amhlaidh a ionchúiseamh go hachomair.

(3) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thosú—

(a) tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) tráth ar bith laistigh de thrí mhí ón dáta a dtagann fianaise ar iúl an duine a thionscnóidh na himeachtaí, ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine sin, chun gur cóir na himeachtaí a thabhairt,

cibé acu is déanaí: ar choinníoll nach dtionscnófar aon imeachtaí den sórt sin tráth is déanaí ná cúig bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.

(4) Chun críocha an ailt seo, beidh deimhniú a shínigh an duine a thionscnóidh na himeachtaí, nó a síníodh thar a cheann, maidir leis an dáta a tháinig fianaise a bhaineann leis an gcion ar a iúl, ina fhianaise prima facie ar an méid sin agus maidir le doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é a eisíodh chun críocha an fho-ailt seo agus a bheith sínithe amhlaidh, measfar, in aon imeachtaí dlíthiúla, gur síníodh amhlaidh é agus glacfar leis i bhfianaise gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é a shínigh an deimhniú, mura suífear a mhalairt.

Cumhachtaí duine údaraithe.

14. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh duine údaraithe, chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo, i dteideal, gach tráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh agus aon daoine nó trealamh eile is dóigh leis is gá chun na críche a thabhairt leis ann.

(2) Ní dhéanfaidh duine údaraithe, seachas le toiliú an áititheora, dul isteach i dteaghais phríobháideach mura mbeidh fógra 24 uaire an chloig ar a laghad go bhfuil sé beartaithe aige dul isteach tugtha aige i scríbhinn d'áititheoir na teaghaise.

(3) Tabharfar deimhniú dá cheapachán do gach duine údaraithe agus, nuair a bheidh aon chumhacht a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi á feidhmiú aige déanfaidh an duine údaraithe, má iarrann aon duine dá ndéanann sé difear air é, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin.

(4) Aon uair a rachaidh duine údaraithe isteach in aon áitreabh de bhun an ailt seo, féadfaidh sé san áitreabh sin—

(a) cibé pleananna agus cibé iniúchtaí a dhéanamh,

(b) cibé tástálacha a dhéanamh agus cibé samplaí a thógáil,

(c) cibé faisnéis a éileamh ar úinéir nó ar áititheoir an áitribh nó r aon duine eile san áitreabh, nó

(d) cibé taifid nó cibé doiciméid a iniúchadh,

is dóigh leis, ag féachaint do na himthosca uile, is gá chun críocha an Acht seo.

(5) Aon duine a bhacfadh duine údaraithe le linn dó a chumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú nó a mhainneoidh déanamh de réir éilimh ó dhuine údaraithe nó a choinneoidh siar go toiliúil aon fhaisnéis a éileoidh an duine údaraithe, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Más rud é, le linn do dhuine údaraithe a chumhachtaí a fheidhmiú faoin alt seo, go gcoiscfear é ó dhul isteach in aon áitreabh, féadfaidh an duine údaraithe nó an duine a cheap é, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar bharántas ag údarú an dul isteach sin.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (7), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh le haghaidh aon cheann nó gach ceann de na hábhair seo a leanas:

(a) samplaí a thógáil agus tástálacha, scrúduithe agus anailísí a dhéanamh ar shamplaí;

(b) na haicmí daoine a bheidh freagrach i dtógáil, na samplaí sin agus i ndéanamh na dtástálacha, na scrúduithe agus na n-anailísí sin a shonrú;

(c) an deimhniú nó an fhianaise eile a bheidh le tabhairt i dtaobh toraidh aon tástála, scrúdaithe nó anailíse den sórt sin agus an aicme nó na haicmí daoine a thabharfaidh an deimhniú nó an fhianaise sin a shonrú;

(d) maidir le haon deimhniú nó fianaise a thugtar nó a thabharfar i leith aon tástála, scrúdú nó anailíse ar aon sampla, go mbeidh an deimhniú nó an fhianaise sin ina bhfianaise in ndáil leis an sampla sin, gan tuilleadh cruthúnais, ar thoradh na tástála, an scrúdaithe nó na hanailíse go dtí go suífear a mhalairt.

Fógraí a sheirbheáil.

15. —(1) Aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil nó a thabhairt leis an Acht seo nó faoi, díreofar é chuig an duine lena mbaineann agus seirbheálfar air é nó tabharfar dó é ar dhóigh de na dóigheanna seo a leanas—

(a) trína dhíriú chuige faoina ainm agus trína sheachadadh air,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ina bhfuil cónaí air de ghnáth,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha arna díriú chuige ag an seoladh ina bhfuil cónaí air de ghnáth,

(d) má thug sé seoladh le haghaidh seirbheáil fógraí, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha, agus é dírithe chuige, chuig an seoladh sin,

(e) i gcás nach féidir seoladh ina bhfuil cónaí air de ghnáth a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach a dhéanamh agus gur gá fógra a sheirbheáil air nó a thabhairt dó i leith aon áitribh, trína sheachadadh ar dhuine os cionn 16 bliana d'aois a chónaíonn, nó a fhostaítear, san áitreabh nó trína dhaingniú in ionad feiceálach san áitreabh nó gar dó.

(2) Mura féidir ainm áititheora áitribh a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach a dhéanamh, féadfaidh fógra faoin Acht seo a bheith dírithe chuig “an t-áititheoir”.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar, maidir le cuideachta atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, cónaí a bheith uirthi de ghnáth ina hoifig chláraithe, agus measfar, maidir le gach comhlacht corpraithe eile agus maidir le gach comhlacht neamhchorpraithe, cónaí a bheith air ina phríomhoifig, nó ina phríomháit ghnó.

Oibleagáid faisnéis a thabhairt.

16. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon chríche a bhaineann lena fheidhmeanna faoin Acht seo, trí fhógra i scríbhinn—

(a) a cheangal ar áititheoir aon áitribh laistigh dá limistéar feidhme, cibé sonraí—

(i) maidir le haon ghníomhaíocht nó próiseas a bhíonn á sheoladh san áitreabh,

(ii) maidir le haon tinteáin san áitreabh, agus

(iii) maidir leis na breoslaí nó na hábhair eile a bhíonn á ndó san áitreabh,

a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt i scríbhínn don údarás laistigh de cibé tréimhse (nach luaithe ná ceithre lá dhéag tar éis dháta seirbheála an fhógra) a bheidh sonraithe amhlaidh,

(b) a cheangal ar áititheoir aon áitribh (seachas teaghais phríobháideach) laistigh dá limistéar feidhme, cibé faisnéis i dtaobh aon astaíochta ón áitreabh a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt i scríbhinn, cibé acu trí thuairisceáin thréimhsiúla nó ar shlí eile, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh,

(c) a cheangal ar aon duine a ghabhann d'aon bhreosla a tháirgeadh, a chóireáil, a allmhairiú, a chur ar an margadh, a dháileadh nó a dhíol, cibé sonraí, a bheidh sonraithe san fhógra maidir le cineál agus cainníocht an bhreosla a tháirg an duine sin, a chóireáil sé, a d'allmhairigh sé, a chuir sé ar an margadh, a dháil sé nó a dhíol sé, de réir mar a bheidh, laistigh de limistéar feidhme an údaráis lena mbaineann, a thabhairt i scríbhinn don údarás.

(2) Maidir le fógra faoin alt seo, cibé acu a éilítear tuairisceáin thréimhsiúla ann nó nach n-éilítear, ní éileoidh sé faisnéis a chur ar fáil—

(a) faoi cheann tréimhsí is lú ná trí mhí, nó

(b) i leith tréimhse is faide ná dhá mhí dhéag.

(3) Aon duine ar seirbheáladh fógra air faoin alt seo agus a thabharidh, mar fhreagra ar an bhfógra, aon fhaisnéis is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha beidh sé ciontach i gcion.

(4) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil aon fhaisnéis a thabharfar dó de bhun fógra faoin alt seo a thabhairt d'aon duine seachas do dhuine a bheidh forordaithe.

An clár.

17. —(1) Déanfaidh gach údarás áitiúil a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an Achta seo clár (dá ngairtear “an clár” san Acht seo) a bhunú agus a chothabháil chun críocha an Achta seo agus déanfaidh sé ann na taifid agus na breisithe sin go léir a bheidh forordaithe ó am go ham.

(2) Coimeádfar an clár in oifigí an údaráis áitiúil agus cuirfear ar fáil é lena iniúchadh ag aon duine le linn uaireanta oifige.

(3) Aon uair a iarrfar cóip de thaifead sa chlár ar údarás áitiúil eiseofar an chóip don iarratasóir ar é d'íoc cibé táille (más ann) leis an údarás áitiúil a shocróidh an t-údarás áitiúil, is suim nach rachaidh thar an gcostas réasúnach a bhaineann leis an gcóip a dhéanamh.

(4) Gach doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead sa chlár agus a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar chóip dhílis den taifead ag oifigeach d'údarás áitiúil, glacfar leis, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é a dheimhnigh é amhlaidh nó gurbh é an t-oifigeach sin é, mar fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den taifead gus gur fianaise é ar théarmaí an taifid.

(5) Féadfar fianaise ar thaifead sa chlár a thabhairt trí chóip de a thabhairt ar aird agus í deimhnithe de bhun an ailt seo agus ní call an clár féin a thabhairt ar aird.

Taighde ar thruailliú aeir.

18. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil taighde, suirbhéanna nó imscrúduithe a eagrú agus a stiúradh ar chineál agus ar mhéid an truaillithe aeir, ar an gcúis agus ar an éifeacht atá leis agus ar chosc nó ar theorannú an truaillithe aeir agus féadfaidh sé cláir oideachais i ndáil leis na hábhair sin a bhunú agus a chothabháil agus féadfaidh sé aon fhaisnéis a gheofar ó aon taighde, suirbhéanna, imscrúduithe nó cláir oideachais den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara í a fhoilsiú.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil tacú nó cuidiú trí airgead a thabhairt nó ar shlí eile, le haon duine, nó comhlacht daoine, a bheidh ag gabháil, nó a bheartóidh gabháil, d'aon taighde, suirbhé nó imscrúdú ar chineál agus ar mhéid an truaillithe aeir, ar an gcúis agus ar an éifeacht atá leis agus ar chosc nó ar theorannú an truaillithe aeir nó d'aon chlár oideachais i ndáil leis na hábhair sin.

(3) Is feidhm fhorchoimeádta é airgead a thabhairt de bhun fho-alt (2).

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a thabhairt d'aon duine, nó comhlacht daoine, a bheidh ag gabháil, nó a bheartóidh gabháil, do thaighde, suirbhéanna nó imscrúduithe ar chineál agus ar mhéid an truaillithe aeir, ar an gcúis agus ar an éifeacht atá leis agus ar chosc agus ar theorannú an truaillithe aeir nó d'aon chlár oideachais i ndáil leis na hábhair sin.

Caiteachais.

19. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais.

Údaráis áitiúla do dhul i gcomhairle.

20. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar údarás áitiúil dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí nó daoine a shonrófar i ndáil le comhlíonadh cibé feidhmeanna d'fheidhmeanna an údaráis áitiúil faoin Acht seo a fhorordófar.

Feidhmeanna a aistriú.

21. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil maidir le haon fheidhm a thugtar d'údarás áitiúil faoin Acht seo go bhféadfaidh cibé duine eile (lena n-áirítear an tAire nó údarás áitiúil eile) nó cibé comhlacht daoine eile a bheidh sonraithe í a chomhlíonadh de bhreis ar údarás áitiúil nó ina ionad.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir le haon fheidhm a thugtar d'údarás áitiúil leis an Acht seo do chomhlíonadh ag comhlacht arna bhunú chun na críche sin faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 .

(3) Aon uair a bheidh rialacháin faoin alt seo i bhfeidhm, forléireofar tagairt san Acht seo d'údarás áitiúil mar thagairt a fholaíonn tagairt don duine nó don chomhlacht a bheidh sonraithe sna rialacháin agus is feidhm de chuid an duine nó an chomhlachta sin an fheidhm lena mbaineann na rialacháin.

(4) Maidir le rialacháin faoin alt seo féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha, iarmhartacha agus idirlinne (lena n-áirítear forálacha ag modhnú aon fhorála den Acht seo) a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá chun críocha na rialachán, dá ndroim nó chun lánéifeacht a thabhairt dóibh.

Cumhacht muirir a ghearradh i ndáil le hastaíochtaí.

22. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, muirir a ghearradh i ndáil le cibé astaíochtaí a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh le haghaidh aon cheann nó gach ceann de na hábhair seo a leanas:

(a) na hastaíochtaí a shonrú a bhféadfar muirear faoin alt seo a fhorchur i ndáil leo;

(b) an modh a shonrú ar a bhforchuirfear muirear den sórt sin;

(c) an modh a shonrú ar a ríomhfar méid muirir den sórt sin;

(d) a chumasú d'údarás áitiúil muirir éagsúla a ghearradh faoin alt seo i leith astaíochtaí éagsúla agus in imthosca éagsúla;

(e) an modh a shonrú ar a bhféadfar uiríll a dhéanamh chuig údarás áitiúil maidir le muirear a fhorchur faoin alt seo agus foráil a dhéanamh maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i leith na n-uiríoll sin;

(f) foráil a dhéanamh maidir le muirir a fhorchuirfear faoin alt seo a leasú, a chúlghairm nó a athbhreithniú.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil méid aon mhuirear a ghearrfaidh sé faoin alt seo a ghnóthú ón duine a mbeidh siad iníoctha aige mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.