An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1986)

35 1986

AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1986

AN SCEIDEAL

Alt 21.

“An Ceathrú Sceideal

Rialacha Postvótála

Foirm an pháipéir ballóide agus na hadmhála.

1. (1) An páipéar ballóide a chuirfear chuig postvótálaithe beidh sé san fhoirm chéanna leis na páipéir bhallóide a sheachadfar ar thoghthóirí eile agus beidh siad do-aitheanta óna chéile.

(2) An admháil a chuirfear chuig postvótálaithe i dteannta an pháipéir ballóide beidh sí san fhoirm fhorordaithe agus beidh clóbhuailte uirthi na treoracha forordaithe don vótálaí.

Gníomhairí a bheith i láthair.

2. Féadfaidh an ceann comhairimh, a chúntóirí agus a chléirigh, comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas, gníomhaire toghcháin gach iarrthóra nó duine éigin arna cheapadh ag an ngníomhaire toghcháin sin, agus ní fhéadfaidh aon duine eile ach amháin le cead ón gceann comhairimh, a bheith i láthair ag na himeachtaí an tráth a bheidh páipéir bhallóide á n-éisiúint, agus an tráth a bheidh boscaí ballóide na bpostvótálaithe agus na clúdaigh iontu á n-oscailt.

Páipéir bhallóide a eisiúint.

3. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh, tráth nach déanaí ná an lá i ndiaidh an lae is deireanaí chun ainmniúcháin iarrthóirí ag toghchán a ghlacadh, fógra a thabhairt do ghníomhaire toghcháin gach iarrthóra i dtaobh an ama ag a n-eiseoidh sé agus an ionaid ina n-eiseoidh sé na páipéir bhallóide, agus i dtaobh an lín daoine a fhéadfaidh gach gníomhaire a cheapadh chun bheith i láthair ag an eisiúint sin a dúradh agus, i gcás aon pháipéir bhallóide a eisiúint dá éis sin, tabharfaidh an ceann comhairimh do ghníomhaire toghcháin gach iarrthóra, a luaithe is féidir, fógra i dtaobh an ama ag a ndéanfaidh sé agus an ionaid ina ndéanfaidh sé an eisiúint sin dá éis sin agus i dtaobh an lín daoine a fhéadfaidh gach gníomhaire a cheapadh chun bheith i láthair ag an eisiúint sin.

(2) Déanfar gach páipéar ballóide a eiseofar a mharcáil le marc oifigiúil a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir, agus glaofar amach uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta), ainm agus tuairisc an toghthóra mar a luaitear iad ar liosta na bpostvótálaithe, agus cuirfear marc ar chóip de liosta na bpostvótálaithe os coinne uimhir an toghthóra chun a chur in iúl gur eisíodh páipéar ballóide chuig an toghthóir, ach gan uimhir an pháipéir ballóide a eisíodh chuige a thaispeáint.

(3) Cuirfidh an ceann comhairimh i gclúdach a bheidh dírithe chuig an bpostvótálaí—

(a) an páipéar ballóide;

(b) an fhoirm admhála;

(c) clúdach (dá ngairtear ‘forchlúdach’ sa Sceideal seo) a bheidh dírithe chuig an gceann comhairimh;

(d) clúdach níos lú, ar a mbeidh ‘clúdach an pháipéir ballóide’ marcáilte;

agus dúnfaidh sé an clúdach céadluaite sin go héifeachtúil.

(4) Comhairfidh an ceann comhairimh na clúdaigh go léir a bheidh dírithe chuig na postvótálaithe agus seachadfaidh sé iad láithreach ar an ardoifig phoist is cóngaraí nó ar cibé oifig eile a shocrófar leis an bpríomh-mháistir poist, agus stampálfaidh an máistir poist dátstampa an Phoist ar fhoirm admhála, a bheidh le tíolacadh ag an gceann comhairimh, ina luafar an méid clúdach a seachadadh amhlaidh, agus cuirfidh sé na clúdaigh sin ar aghaidh láithreach lena seachadadh ar na daoine a bhfuil siad dírithe chucu.

(5) I gcás go ndéanfar clúdach, ina bhfuil páipéar ballóide agus doiciméid eile dá dtagraítear sa Riail seo a sheoladh ar ais, roimh an lá vótaíochta, chuig an gceann comhairimh mar chlúdach nár seachadadh ar phostvótálaí, féadfaidh an ceann comhairimh an clúdach a athdhíriú agus é a chur leis an bpost chuig an vótálaí sin.

Boscaí ballóide postvótálaithe a chur ar fáil.

4. (1) Cuirfidh an ceann comhairimh bosca ballóide nó boscaí ballóide ar fáil chun na forchlúdaigh a ghlacadh an tráth a chuirfidh postvótálaithe ar ais iad.

(2) Déanfar, an tráth a eiseofar na páipéir phostbhallóide, gach bosca ballóide den sórt sin a thaispeáint, agus é ar oscailt agus folamh, do na gníomhairí a bheidh i láthair, agus séalófar é le séala an cheann comhairimh agus le séalaí cibé acu de na gníomhairí ar mian leo a séalaí a chur leis, agus marcálfar ‘bosca ballóide na bpostvótálaithe’, maille le hainm an dáilcheantair nó an toghlaigh, air, agus déanfaidh an ceann comhairimh socrú chun an bosca ballóide sin a choimeád slán sábháilte.

Cuirfear clúdaigh i mboscaí ballóide na bpostvótálaithe.

5. A luaithe a gheobhaidh an ceann comhairimh forchlúdaigh cuirfidh sé na forchlúdaigh sin agus iad neamhoscailte i mbosca ballóide na bpostvótálaithe.

Déileálfar le clúdaigh mar fhorchlúdaigh.

6. Más rud é, go bhfaighidh an ceann comhairimh roimh chríochnú na vótaíochta clúdach seachas forchlúdach agus go bhfaighidh sé ann aon doiciméad ab iomchuí a chur chuige i bhforchlúdach—

(a) dúnfaidh sé an clúdach go daingean;

(b) formhuineoidh sé air, agus síneoidh sé, ráiteas á rá gur dhún sé an clúdach gan baint lena raibh ann;

(c) cuirfidh sé an clúdach dúnta i mbosca ballóide na bpostvótálaithe;

(d) déileálfaidh sé feasta leis an gclúdach mar fhorchlúdach;

agus aon tagairt sa Sceideal seo d'fhorchlúdach forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt do chlúdach a mbeidh an ceann comhairimh tar éis déileáil leis de réir na Rialach seo.

Nós imeachta ar chríochnú na vótaíochta.

7. Ag an uair a bheidh ceaptha do chríochnú na vótaíochta déanfaidh an ceann comhairimh—

(a) gach ceann de bhoscaí ballóide na bpostvótálaithe a shéalú sa dóigh nach bhféadfar a thuilleadh páipéar a chur isteach ann, nó

(b) gach bosca den sórt sin a oscailt láithreach agus gach a bhfuil ann a thógáil amach agus déileáil leo de réir Riail 8 den Sceideal seo.

Boscaí ballóide na bpostvótálaithe a oscailt.

8. (1) Osclóidh an ceann comhairimh boscaí ballóide na bpostvótálaithe, i láthair na ngníomhairí, roimh an am a bheidh ceaptha do chomhaireamh na vótaí.

(2) Tabharfaidh an ceann comhairimh do ghníomhaire toghcháin gach iarrthóra fógra ceithre uair an chloig is fiche ar a laghad, i scríbhinn, i dtaobh an ama ag a n-osclóidh sé, agus i dtaobh an ionaid ina n-osclóidh sé, boscaí ballóide na bpostvótálaithe, agus na clúdaigh a bheidh iontu, agus i dtaobh an lín daoine a fhéadfaidh an gníomhaire sin a cheapadh chun bheith i láthair ag an oscailt. Tabharfaidh an ceann comhairimh saoráidí réasúnacha do na gníomhairí sin d'fhonn faire ar na himeachtaí le linn oscailt na mboscaí agus gach faisnéis ina thaobh sin is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna.

(3) Nuair a osclófar bosca ballóide postvótálaithe, tógfaidh an ceann comhairimh na forchlúdaigh amach as agus comhairfidh sé agus scríobhfaidh sé síos líon na bhforchlúdach a tógadh amach as amhlaidh, agus osclóidh sé ansin gach forchlúdach ar leithligh agus scrúdóidh sé an admháil.

(4) Má bhíonn an admháil sínithe go cuí, cuirfidh sé an admháil agus an clúdach páipéir ballóide i ngabhdáin ar leithligh nó, mura bhfuil an páipéar ballóide i gclúdach páipéir ballóide, cuirfidh sé an admháil sa ghabhdán iomchuí agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, gan dífhilleadh a dhéanamh air más féidir, i mbosca ballóide de réir Riail 10 den Sceideal seo.

(5) Mura deimhin leis gur síníodh an admháil go cuí, formhuineoidh sé ‘diúltaithe’ ar an admháil agus déanfaidh sé an clúdach páipéir ballóide, gan an clúdach sin a oscailt, nó, mura mbeidh aon chlúdach den sórt sin ann, an páipéar ballóide, a chur i gceangal léi.

(6) Má dhealraíonn sé nach bhfuil admháil ag gabháil leis an gclúdach páipéir ballóide osclóidh an ceann comhairimh an clúdach, agus má bhíonn an admháil ann, déileálfaidh sé leis an admháil sin agus leis an bpáipéar ballóide sin de réir na Rialacha sa Sceideal seo.

(7) Marcálfar ‘diúltaithe’ ar aon admháil nach mbeidh páipéar ballóide ag gabháil léi agus ar aon pháipéar ballóide nach mbeidh admháil ag gabháil leis.

(8) Nuair a gheofar páipéar ballóide agus admháil le chéile, ní dhiúltófar don pháipéar ballóide de bhíthin amháin nár cuireadh an páipéar ballóide agus an admháil, nó ceachtar díobh, sna clúdaigh chuí nó sa chlúdach cuí nó nach raibh aon chlúdach acu sin dúnta.

Admhálacha diúltaithe.

9. (1) Má iarrann gníomhaire iarrthóra é taispeánfaidh an ceann comhairimh dó aon admháil a bhfuil sé ag diúltú di ar an bhforas nach bhfuil sí sínithe go cuí.

(2) Déanfaidh an ceann comhairimh na hadmhálacha diúltaithe go léir, mar aon leis na clúdaigh nó na páipéir bhallóide, cibé acu é, a bhí ag gabháil leo, a choimeád ar leithligh ó na doiciméid eile go léir.

Cuirfear páipéir bhallóide i mboscaí ballóide.

10. Nuair a bheidh na forchlúdaigh in aon bhosca ballóide postvótálaithe oscailte agus nuair a bheidh déileáilte lena bhfuil iontu faoin dá Riail sin roimhe seo, osclóidh an ceann comhairimh gach clúdach páipéir ballóide nár osclaíodh (seachas na clúdaigh pháipéir ballóide dá dtagraítear i Riail 8 (5) den Sceideal seo) agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, gan dífhilleadh a dhéanamh air, más féidir, i mbosca ballóide a taispeánadh agus a séalaíodh roimhe sin sa dóigh a fhoráiltear i Riail 4 den Sceideal seo, agus déileálfar leis an mbosca ballóide sin ina dhiaidh sin mar bhosca ballóide chun críocha Riail 32 de Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (arna ionadú le halt 41 den Acht Toghcháin, 1963 ).

Dualgais an cheann comhairimh.

11. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh, a luaithe is indéanta tar éis eisiúint na bpáipéar ballóide a bheith críochnaithe agus i láthair ghníomhairí na n-iarrthóirí, an chóip mharcáilte de liosta na bpostvót álaithe agus comhdhuillí na bpáipéar ballóide a chur le chéile i bpaicéid ar leithligh, a bheidh séalaithe lena shéala féin agus séalaithe ag cibé de na gníomhairí ar mian leo a séalaí a chur leo: ar choinníoll, i gcás go ndéanfar aon pháipéir bhallóide a eisiúint dá éis sin, go bhféadfaidh an ceann comhairimh an paicéad séalaithe ina bhfuil an chóip mharcáilte de liosta na bpostvótálaithe a oscailt chun críocha na heisiúna sin, agus, ar an eisiúint sin a bheith críochnaithe, go ndéanfar an liosta agus comhdhuillí na bpáipéar ballóide ag an eisiúint sin a chur le chéile agus a shéalú de réir na Rialach seo.

(2) A luaithe a bheidh na páipéir bhallóide curtha isteach ag an gceann comhairimh sa bhosca ballóide a luaitear i Riail 10 den Sceideal seo, séalóidh sé i bpaicéid ar leithligh—

(a) na hadmhálacha a bhí ag gabháil le haon pháipéir bhallóide ar glacadh leo go cuí;

(b) aon admhálacha diúltaithe, mar aon leis na clúdaigh (más ann) a bhí i gceangal leo; agus

(c) aon pháipéir bhallóide dhiúltaithe, mar aon leis na clúdaigh (más ann) a bhí i gceangal leo.

(3) Nuair a gheobhaidh an ceann comhairimh forchlúdaigh tar éis chríochnú na vótaíochta, nó nuair a chuirfear ar ais mar chlúdaigh neamhsheachadta aon chlúdaigh a díríodh chuig postvótálaithe, ní osclóidh an ceann comhairimh na clúdaigh sin agus, faoi réir na gcumhachtaí atá aige chun na clúdaigh sin a athdhíriú de bhun Riail 3 (5) den Sceideal seo, séalóidh sé na clúdaigh sin i bpaicéid ar leithligh.

(4) Maidir le gach paicéad a luaitear i míreanna (1), (2) agus (3) den Riail seo, déanfaidh an ceann comhairimh tuairisc faoina bhfuil ann agus ainm an dáilcheantair nó an toghlaigh agus dáta an toghcháin lena mbaineann an t-ábhar ann a fhormhuiniú ar an bpaicéad sin.

(5) Cuirfidh an ceann comhairimh na nithe seo a leanas ar aghaidh chuig Cléireach na Dála an tráth céanna a mbeidh na doiciméid a luaitear i Riail 36 de Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo á gcur ar aghaidh aige, eadhon—

(a) aon phaicéid dá dtagraítear sna forálacha sin roimhe seo den Riail seo, agus

(b) ráiteas i cibé foirm a ordóidh an tAire Comhshaoil ina dtaispeánfar an líon páipéar ballóide a cuireadh chuig postvótálaithe, agus ina dtabharfar maidir leis na páipéir sin na sonraí a cheanglaítear a thabhairt de réir na foirme sin.

(6) Aon chlúdaigh a bheidh curtha ar ais mar chlúdaigh neamhsheachadta agus aon fhorchlúdaigh a gheobhaidh an ceann comhairimh tar éis dó na paicéid sin a dúradh a chur ar aghaidh chuig Cléireach na Dála coimeádfar iad gan iad a oscailt agus cuirfear ar aghaidh dá éis sin iad.

Doiciméid a dhiúscairt.

12. Beidh feidhm ag Rialacha 7 (arna leasú le halt 42 den Acht Toghcháin, 1963 ), 38, 39 (arna leasú le halt 1 (h) den Acht Toghcháin (Leasú), 1972 ), 40 agus 41 (arna leasú le halt 1 (i) den Acht Toghcháin (Leasú), 1972 ), de Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na doiciméid a chuirfidh an ceann comhairimh chuig Cléireach na Dála faoin Riail sin roimhe seo den Sceideal seo sa dóigh chéanna a bhfuil feidhm ag na Rialacha seo maidir le doiciméid den chineál céanna a luaitear sna Rialacha sin.

Feidhm Rialacha sa Cúigiú Sceideal.

13. Beidh feidhm ag Rialacha 47 agus 53 de Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na nithe lena ndéileáiltear sa Sceideal seo amhail is dá mbeadh na Rialacha sin leagtha amach sa Sceideal seo, agus beidh feidhm ag Rialacha 49 agus 51 den Chuid sin den Sceideal sin maidir le gach gníomhaire de réir bhrí an Sceidil seo sa dóigh chéanna a bhfuil feidhm ag na Rialacha sin maidir le gníomhairí de réir bhrí an Sceidil sin.

Míniú ar ghníomhaire.

14. Sa Sceideal seo folaíonn ‘gníomhaire’ gníomhaire toghcháin iarrthóra agus aon duine arna cheapadh ag an ngníomhaire sin chun bheith i láthair ag eisiúint nó oscailt páipéar ballóide postvótálaithe.”.