|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Frithsheachaint agus Frithimghabháil) | Ar Aghaidh (Caibidil VI Cáin Chorparáide) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1984
[EN] | ||||
[EN] |
Caibidil V Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil | |||
[EN] |
Leasú ar alt 30 (achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) den Acht Airgeadais, 1976 . |
30. —Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 — | ||
[EN] | (a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh “ciallaíonn ‘measúnacht i leith cánach”': | |||
[EN] | “ciallaíonn ‘an méid iomchuí'— | |||
[EN] | (a) i gcás measúnacht i leith cánach ioncaim (seachas measúnacht i leith méid in ionannas cánach ioncaim chun críocha alt 31 (1) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) don bhliain 1984-85 nó bliain mheasúnachta dá éis, 85 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh, agus | |||
[EN] | (b) i gcás aon mheasúnacht eile i leith cánach, 80 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh;”, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (5): | |||
[EN] | “(b) an méid iomchuí,”. | |||
[EN] |
Leasú ar Chaibidil IX (Scéimeanna Brabús-Roinnte) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1982 , agus ar an Tríú Sceideal (Scéimeanna Brabús-Roinnte) a ghabhann leis an Acht sin. |
31. —Déantar leis seo Caibidil IX de Chuid I den Acht Airgeadais, 1982 , agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a leasú mar a leanas— | ||
[EN] | (a) maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, trí “£5,000” a chur in ionad “£1,000” i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 56 agus i mír 1 (4) den Tríú Sceideal, agus | |||
[EN] | (b) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, trí “20 faoin gcéad díobh seo a leanas” a scriosadh as an gcoinníoll a ghabhann le halt 58 (1), | |||
[EN] | agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2), an mhír sin 1 (4) agus an chuid sin den choinníoll sin atá roimh mhír (i) den choinníoll sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||
| ||||
[EN] |
Faoiseamh i leith bronntanais le haghaidh oideachas sna healaíona. |
32. —(1) San alt seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “comhlacht ceadaithe” aon chomhlacht nó institiúid sa Stát a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo is comhlacht nó institiúid— | |||
[EN] | (a) a chuireann aon chúrsa ar fáil sa Stát a mbaineann ceann dá choinníollacha iontrála le torthaí Scrúdú na hArdteistiméireachta, scrúdú máithreánach de chuid ollscoile aitheanta sa Stát nó scrúdú comhionann a sheoltar lasmuigh den Stát, nó | |||
[EN] | (b) (i) atá bunaithe ar bhonn buan chun ceann amháin nó níos mó de na hábhair cheadaithe a chur chun cinn go hiomlán nó go formhór sa Stát, agus chuige sin amháin, | |||
[EN] | (ii) a chuidíonn leis an ábhar sin nó na hábhair sin a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta nó réigiúnach, agus | |||
[EN] | (iii) a dtoirmisceann a bhunreacht air aon sócmhainní no brabúis dá chuid a dháileadh ar a chomhaltaí; | |||
[EN] | ciallaíonn “ábhar ceadaithe”— | |||
[EN] | (a) cleachtadh na hailtireachta, | |||
[EN] | (b) cleachtadh na healaíne agus deartha, | |||
[EN] | (c) cleachtadh an cheoil agus chumadóireacht an cheoil, | |||
[EN] | (d) cleachtadh ealaíona na hamharclannaíochta, | |||
[EN] | (e) cleachtadh ealaíona na scannánaíochta, nó | |||
[EN] | (f) aon ábhar eile a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo; | |||
[EN] | ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh. | |||
[EN] | (2) Tá feidhm leis an alt seo maidir le bronntanas airgid— | |||
[EN] | (a) a thabharfar, an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, do chomhlacht ceadaithe chun cabhrú leis an gcomhlacht sin le cur chun cinn aon ábhair cheadaithe a spreagadh sa Stát, | |||
[EN] | (b) a mbaineann an comhlacht ceadaithe úsáid as chun na críche sin, agus | |||
[EN] | (c) nach inasbhainte le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bheith á ríomh chun críocha cánach nó nach ioncam lena mbaineann forálacha alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |||
[EN] | (3) I gcás ina gcruthóidh duine gur thug sé bronntanas lena mbaineann an t-alt seo agus go n-éileoidh sé faoiseamh ó cháin faoina threoir sin, beidh feidhm le forálacha fho-alt (4) nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (5): | |||
[EN] | Ar choinníoll, le linn glanmhéid an bhronntanais a bheith á chinneadh chun críocha na bhfo-alt sin, go ndéanfar méid nó luach aon chomaoine a fuair an duine sin mar thoradh ar an mbronntanas a thabhairt, cibé acu an go díreach nó go neamhdhíreach ón gcomhlacht ceadaithe dar tugadh an bronntanas, nó ar shlí eile, a fuair sé í, a asbhaint as méid an bhronntanais. | |||
[EN] | (4) Chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta ina dtugann duine bronntanas lena mbaineann an t-alt seo, déanfar, faoi réir fho-alt (5), glanmhéid an bhronntanais sin a bhaint as aon ioncam de chuid an duine ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim don bhliain sin nó a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim sin agus déanfar, de réir mar is gá, an cháin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin; agus is dá réir sin a ríomhfar ioncam iomlán an duine nó, i gcás inar banchéile an duine a measúnaítear a fearchéile i leith cánach ioncaim de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , is dá réir sin a ríomhfar ioncam iomlán an fhearchéile: | |||
[EN] | Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo do dhuine do bhliain mheasúnachta— | |||
[EN] | (a) mura mó ná £100 glanmhéid an bhronntanais (nó comhiomlán ghlanmhéideanna na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo, nó | |||
[EN] | (b) sa mhéid gur mó ná £10,000 glanmhéid an bhronntanais (nó comhiomlán ghlanmhéideanna na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo. | |||
[EN] | (5) I gcás ina dtabharfaidh cuideachta bronntanas lena mbaineann an t-alt seo— | |||
[EN] | (a) measfar, chun críocha cánach corparáide, gurb éard é glanmhéid an bhronntanais caillteanas a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil leithleach sa tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta inar tugadh an bronntanas, agus | |||
[EN] | (b) déanfar tagairtí do bhliain mheasúnachta sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta. | |||
[EN] | (6) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chomhlacht nó don institiúid, de réir mar a bheidh, an ceadú a tharraingt siar ó aon chomhlacht nó institiúid chun críocha an ailt seo agus, ar an bhfógra a thabhairt, scoirfidh an comhlacht nó an institiúid de bheith ina chomhlacht nó ina comhlacht ceadaithe maidir le haon bhronntanais a thabharfar tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír (b). | |||
[EN] | (b) I gcás ina dtarraingeoidh an tAire Airgeadais siar ceadú ó aon chomhlacht nó institiúid chun críocha an ailt seo, déanfar fógra faoin tarraingt siar sin a fhoilsiú, a luaithe is féidir, san Iris Oifigiúil. | |||
[EN] |
Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna. |
33. —(1) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta a sheolfar i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó dá éis. | ||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 — | |||
[EN] | (a) trí “1984” a chur in ionad “1983” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), | |||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 )— | |||
[EN] | “(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1984, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin: | |||
[EN] | Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite' anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) ná an méid a chinnfear de réir na foirmle— | |||
[EN] | A+B-C | |||
[EN] | i gcás— | |||
[EN] | arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach 10 mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin, | |||
[EN] | arb é B méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, de bhua alt 26 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1976 , le linn a brabúis trádála a bheith á ríomh, chun críocha cánach ioncaim, do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí, agus | |||
[EN] | arb é C comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí.”, agus | |||
[EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 )— | |||
[EN] | “(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C | |||
[EN] | i gcás— | |||
[EN] | arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, | |||
[EN] | arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, agus | |||
[EN] | arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin: | |||
[EN] | Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite' anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) ná an méid a chinnfear de réir na foirmle— | |||
[EN] | D+E-F | |||
[EN] | i gcás— | |||
[EN] | arb é D méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí' anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach 10 mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin, | |||
[EN] | arb é E méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, de bhua alt 26 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1976 , le linn a brabúis trádála a bheith á ríomh, chun críocha cánach ioncaim, do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí, agus | |||
[EN] | arb é F comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an ailt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí.”, | |||
[EN] | agus tá an mhír sin (iv), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 — | |||
[EN] | (a) trí “1984-85” a chur in ionad “1983-84” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) i bhfo-alt (3), | |||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 )— | |||
[EN] | “(5) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1984, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin: | |||
[EN] | Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar amhlaidh d'aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) ná méid a chinnfear de réir na foirmle— | |||
[EN] | A-C | |||
[EN] | i gcás— | |||
[EN] | arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a bhrabúis trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó, más déanaí é, 10 mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin, agus | |||
[EN] | arb é C comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an fho-ailt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí.”, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 )— | |||
[EN] | “(6) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C | |||
[EN] | i gcás— | |||
[EN] | arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, agus | |||
[EN] | arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis: | |||
[EN] | Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar, de bhua an fho-ailt seo, mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine d'aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) ná méid a chinnfear de réir na foirmle— | |||
[EN] | D-E | |||
[EN] | i gcás— | |||
[EN] | arb é D méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a bhrabúis trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1975 nó, más déanaí é, deich mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin, agus | |||
[EN] | arb é E comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an ailt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí.”, | |||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1982 tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (3): | |||
[EN] | “Ar choinníoll nach mó an méid a mbeidh laghdú ar luach stoic do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an tréimhse chéadluaite’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) le méadú faoin bhfo-alt seo ná an méid a chinnfear de réir na foirmle— | |||
[EN] | (A-B)-(C-D) | |||
[EN] | i gcás— | |||
[EN] | arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí, a raibh éifeacht le fo-alt (1) (c) nó fo-alt (2), mar is iomchuí, ina leith agus iad arna méadú faoin bhfo-alt sin, arbh asbhaintí iad a rinneadh le linn na brabúis ó thrádáil na feirmeoireachta a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) dar tosach 10 mbliana roimh thosach na tréimhse céadluaite nó, más déanaí é agus i gcás a raibh éifeacht le fo-alt (1) (c) ina leith, an 6ú lá d'Aibreán, 1975, agus dar críoch an lá díreach roimh an tosach sin, | |||
[EN] | arb é B méid comhiomlán na n-asbhaintí a áiríodh in A sular méadaíodh iad faoi fhorálacha fho-alt (1) (c) nó fho-alt (2), | |||
[EN] | arb é C méid comhiomlán na laghduithe ar stoc trádála, a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo ina leith agus iad arna méadú faoin bhfo-alt seo, ar déileáladh leo mar fháltais trádála ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh le linn na tréimhse iomchuí, agus | |||
[EN] | arb é D méid comhiomlán na laghduithe a áiríodh i C sular méadaíodh iad faoi fhorálacha an fho-ailt seo.”. | |||
[EN] | (5) (a) I gcás trádáil feirmeoireachta (dá ngairtear “an trádáil iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a bheith á seoladh ag duine, nó ag ionadaí pearsanta duine a fuair bás agus a raibh an trádáil iomchuí á seoladh aige roimh bhás dó (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus go scoirfidh an réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála iomchuí sin agus go dtosóidh duine (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ar duine cáilitheach é i ndáil leis an réamhtheachtaí, de bheith á seoladh díreach ina dhiaidh sin, féadfaidh an réamhtheachtaí, nó ionadaí pearsanta an réamhtheachtaí i gcás inar duine a fuair bás an réamhtheachtaí, agus an comharba, i gcomhpháirt, nó, i gcás inar ionadaí pearsanta duine a fuair bás an comharba, féadfaidh an comharba ina aonar, trí fhogra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na bliana measúnachta inar thosaigh an comharba de bheith ag seoladh na trádála iomchuí, rogha a dhéanamh go mbeidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:— | |||
[EN] | (i) ní bheidh feidhm le halt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus | |||
[EN] | (ii) d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim— | |||
[EN] | (I) lamhálfar don chomharba cibé asbhaintí faoi alt 31 den Acht Airgeadais, 1975 , le linn brabúis na trádála iomchuí atá á seoladh aige a bheith á ríomh, agus | |||
[EN] | (II) déanfar, faoi fhorálacha fho-ailt (5) agus (6) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 agus alt 13 den Acht Airgeadais, 1982 , cibé méideanna a áireamh mar fháltais trádála de chuid na trádála iomchuí atá á seoladh ar an gcomharba, | |||
[EN] | a lamhálfaí amhlaidh nó a d'áireofaí amhlaidh, de réir mar a bheidh, dá leanfadh an réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála iomchuí agus dá mba eisean a rinne na nithe sin go léir agus dá mba dósan a lamháladh na lamháltais sin go léir i ndáil leis an trádáil sin a rinne an comharba nó a lamháladh dó. | |||
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a) is duine cáilitheach duine (dá ngairtear “an duine céadluaite” anseo ina dhiaidh seo sa mhír seo) i ndáil leis an réamhtheachtaí más rud é— | |||
[EN] | (i) i gcás nach ionadaí pearsanta duine a fuair bás agus a raibh trádáil na feirmeoireachta á seoladh aige roimh bhás dó an réamhtheachtaí, gur duine é an duine céadluaite— | |||
[EN] | (I) a bhfuil cónaí air sa Stát sa bhliain mheasúnachta ina dtosaíonn sé de bheith ag seoladh na trádála iomchuí agus nach bhfuil cónaí air in áit ar bith eile, agus | |||
[EN] | (II) atá— | |||
[EN] | (A) ina ionadaí pearsanta don réamhtheachtaí, nó | |||
[EN] | (B) ina chéile nó ina leanbh ag an réamhtheachtaí, | |||
[EN] | agus, más céile nó leanbh den sórt sin a dúradh é, nach bhfuil aige, tráth a thosaíonn sé de bheith ag seoladh na trádála iomchuí, aon stoc trádála de chuid trádála feirmeoireachta seachas stoc trádála na trádála iomchuí, | |||
[EN] | (ii) i gcás gur ionadaí pearsanta duine a fuair bás agus a raibh an trádáil iomchuí á seoladh aige roimh bhás dó an réamhtheachtaí, gur duine é an duine céadluaite— | |||
[EN] | (I) a bhfuil cónaí air sa Stát sa bhliain mheasúnachta ina dtosaíonn sé de bheith ag seoladh na trádála iomchuí agus nach bhfuil cónaí air in áit ar bith eile, agus | |||
[EN] | (II) atá ina chéile nó ina leanbh ag an duine a fuair bás, | |||
[EN] | agus, más céile nó leanbh den sórt sin a dúradh é, nach bhfuil aige, tráth a thosaíonn sé de bheith ag seoladh na trádála iomchuí, aon stoc trádála de chuid trádála feirmeoireachta seachas stoc trádála na trádála iomchuí. | |||
[EN] | (c) Ní bheidh feidhm leis an bhfo-alt seo ach amháin i gcás ina n-aistreoidh an trádáil iomchuí agus stoc trádála na trádála sin ina n-iomláine chuig an gcomharba. | |||
[EN] | (d) Beidh feidhm leis an bhfo-alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i gcás ina scoirfidh réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála iomchuí agus go dtosóidh dhá dhuine nó níos mó, ar daoine cáilitheacha iad i ndáil leis an réamhtheachtaí agus a bheidh ag seoladh na trádála iomchuí i gcomhpháirtíocht, de bheith á seoladh díreach ina dhiaidh sin. | |||
[EN] | (e) San fho-alt seo— | |||
[EN] | tá le “leanbh” an bhrí chéanna atá leis in alt 27 (a cuireadh isteach leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 ) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ; | |||
[EN] | tá le “ionadaí pearsanta” an bhrí a fhreagraíonn don bhrí a shanntar d'ionadaithe pearsanta i gCuid XXIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |||
[EN] |
Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le 1984-85. |
34. —Beidh éifeacht le halt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1977 (arna leathnú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1980 ) i ndáil leis an mbliain 1984-85 mar atá éifeacht leis i ndáil leis na blianta 1980-81 agus 198182 fara na modhnuithe seo a leanas— | ||
[EN] | (a) maidir leis an ráta laghdaithe, arb é a bheadh ann don bhliain 1984-85, de bhua an ailt sin 40 (1) (arna leathnú leis an bhfo-alt seo), 70 faoin gcéad den ráta caighdeánach, is éard a bheidh ann, don bhliain sin, 75 faoin gcéad den ráta caighdeánach, agus | |||
[EN] | (b) maidir leis an méid in ionannas cánach ioncaim a bheadh, de bhua an ailt sin 40 (1) (arna leathnú leis an alt seo), iníochta, faoi mheasúnacht arna déanamh do 1984-85, ar an 1ú lá d'Eanáir, 1985 (nó, dá mba dhéanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfaí an mheasúnacht), beidh sé iníoctha ina dhá thráthchuid chomhionanna mar a leanas— | |||
[EN] | (i) an chéad thráthchuid ar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1984, nó, más déanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht, agus | |||
[EN] | (ii) an dara tráthchuid ar an 1ú lá d'Aibreán, 1985, nó, más déanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht, | |||
[EN] | agus na forálacha sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin a ghnóthú, beidh feidhm leo maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm leo maidir le méid iomlán na cánach. | |||
[EN] |
Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú. |
35. —Gach ceann de na forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an alt seo agus a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 , beidh éifeacht leo ionann is dá mba thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1985, an tagairt iontu don 1ú lá d'Aibreán, 1984 (mar a fhoráiltear le halt 26 den Acht Airgeadais, 1979 ). | ||
| ||||
[EN] |
Liúntais i leith saotharlann áirithe. |
36. —Beidh éifeacht le halt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, ionann is dá bhfolódh an tagairt i mír (a) do mhuileann, monarcha nó áitreabh eile dá samhail tagairt do shaotharlann arb í a haonfheidhm nó a príomhfheidhm anailísiú a dhéanamh ar mhianraí (lena n-áirítear ola agus gás nádúrtha) i ndáil le taiscéaladh nó teibiú na mianraí sin. | ||
[EN] |
Feidhm alt 23 (asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe chíosa a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981 . |
37. —Maidir le haon éileamh a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith faoi fho-alt (2) d'alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 , i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú áitribh cháilithigh, beidh éifeacht leis an míniú ar “áitreabh cáilitheach” i bhfo-alt (1) (a) den alt sin ionann is dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (iii): | ||
[EN] | “(iii) a bhfuil, mura teach nua (de réir bhrí alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 ) a sholáthraítear lena dhíol é, deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid a shonraítear ann i leith costas foirgnithe an tí lena mbaineann an deimhniú ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú sin, agus”. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 25 (liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981 . |
38. —(1) Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1981 , trí “1987” a chur in ionad “1984” sa mhíniú ar “caiteachas iomchuí” i bhfo-alt (1), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||
| ||||
[EN] | (2) Déantar leis seo an t-alt sin 25 a leasú tuilleadh tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |||
[EN] | “(2) Bainfidh forálacha uile na nAchtanna Cánach (seachas alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 ) a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais thionscail, le caiteachas iomchuí— | |||
[EN] | (a) ionann is dá mba chaiteachas é a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 255 (1) (a) den Acht sin, agus | |||
[EN] | (b) ionann is dá mba thagairtí don 1ú lá d'Aibreán, 1987, na tagairtí don 1ú lá d'Aibreán, 1985 (mar a fhoráiltear le halt 35 den Acht Airgeadais, 1984 ) sna forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (mar a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 26 (liúntas i leith caiteachais chaipitiúil áirithe ar bhóithre, droichid, etc.) den Acht Airgeadais, 1981 . |
39. —Leasaítear leis seo alt 26 den Acht Airgeadais, 1981 , trí “1989” a chur in ionad “1984” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (1), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Liúntais chaipitiúla i leith sócmhainní léasaithe áirithe. |
40. —(1) (a) San alt seo— | ||
[EN] | tá le “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse” an bhrí a shanntar dó le mír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “na liúntais chaipitiúla shonraithe” liúntais chaipitiúla maidir le— | |||
[EN] | (i) caiteachas a tabhaíodh ar innealra nó gléasra a sholáthrófar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis. lena léasú i gcúrsa trádála léasúcháin, nó | |||
[EN] | (ii) luach laghdaithe an innealra nó an ghléasra sin mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt, | |||
[EN] | seachas liúntais chaipitiúla maidir le hinnealra nó gléasra lena mbaineann fo-alt (6); | |||
[EN] | ciallaíonn “trádáil léasúcháin”— | |||
[EN] | (i) trádáil arb éard í go hiomlán léasú innealra nó gléasra, nó | |||
[EN] | (ii) aon chuid de thrádáil a ndéileáiltear léi mar thrádáil leithleach de bhua fho-alt (2). | |||
[EN] | (b) Chun críocha an ailt seo measfar gur léasú innealra nó gléasra na nithe seo a leanas dá mba rud é nach measfaí amhlaidh iad ar leith ón mír seo— | |||
[EN] | (i) long nó aerárthach atá curtha ar fáil lena ligean ar cairt a ligean amhlaidh, agus | |||
[EN] | (ii) aon bhall innealra nó gléasra a ligean ar fruiliú. | |||
[EN] | (c) I gcás ina seolfaidh cuideachta trádáil oibriúcháin long agus go ndéantar, i gcúrsa na trádála sin, long a ligean ar cairt, ní bheidh éifeacht le mír (b) chun an ligean ar cairt sin a áireamh mar léasú innealra nó gléasra dá mba rud é, ar leith ón alt seo, go mbeadh an ligean le meas, chun críocha Chás I de Sceideal D, mar chuid de ghníomhaíochtaí na trádála. | |||
[EN] | (2) Más rud é, i gcaitheamh aon tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse dar críoch an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, go seolfaidh duine, mar chuid de thrádáil, aon léasú innealra nó gléasra, áireofar an léasú sin, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, seachas aon fhorálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le trádáil a thosú nó a scor, mar thrádáil leithleach, ar leith ó na gníomhaíochtaí eile go léir a sheolann sé mar chuid den trádáil, agus déanfar aon chionroinnt is gá ar fháltais nó caiteachais. | |||
[EN] | (3) (a) D'ainneoin aon fhoráil in alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i gcás ina n-éileofar faoiseamh faoin alt sin i leith caillteanas a tabhaíodh i dtrádáil léasúcháin, déanfar méid an chaillteanais sin, sa mhéid gur inchurtha i leith na liúntas caipitiúil sonraithe é de bhua alt 318 den Acht sin, a áireamh, chun críocha fho-ailt (1) agus (2) (a) den alt sin 307, mar mhéid nach laghdaíonn ach brabúis nó gnóchain na trádála léasúcháin sin amháin agus ní áireofar é mar mhéid a laghdaíonn aon ioncam eile. | |||
[EN] | (b) I gcás ina mbeidh feidhm le mír (a) maidir le haon éilitheoir ar fhaoiseamh faoin alt sin 307— | |||
[EN] | (i) déanfar aon teorainn a chuirtear, le halt 319 den Acht sin, le méid na liúntas caipitiúil a fhéadfar a chur i gcuntas faoi alt 318 den Acht sin a chur, a mhéid is féidir, i leith na liúntas caipitiúil sonraithe seachas aon liúntais chaipitiúla eile, agus | |||
[EN] | (ii) d'ainneoin fho-alt (2) den alt sin 318 (ach gan dochar do mhír (a) agus don ord ina mbeidh ioncam le háireamh mar ioncam arna laghdú faoi fho-alt (2) (a) den alt sin 307), féadfaidh an t-éilitheoir a shonrú cé mhéid a bheidh aon laghdú ar ioncam a mheasfar a tharla de bhua an ailt sin 307 le cur i leith cibé méid den chaillteanas is inchurtha síos don chaillteanas, más ann, a tabhaíodh iarbhír sa trádáil léasúcháin, do na liúntais chaipitiúla shonraithe nó d'aon liúntais chaipitiúla eile, agus i gcás ina sonróidh an t-éilitheoir amhlaidh, beidh feidhm le halt 320 den Acht sin de réir mar a shonróidh an t-éilitheoir agus ní de réir an fho-ailt sin (2) den alt sin 318. | |||
[EN] | (4) (a) Más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go dtabhóidh cuideachta, a sheolann trádáil léasúcháin, caillteanas sa trádail sin agus go mbeifear tar éis aon liúntais chaipitiúla shonraithe a áireamh de bhua alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar chaiteachais trádála le linn méid an chaillteanais a bheith á fhionnadh, ní bheidh méid iomchuí an chaillteanais ar fáil— | |||
[EN] | (i) le haghaidh faoisimh faoi fho-alt (2) d'alt 16 den Acht sin, ach amháin sa mhéid gur féidir é a fhritháireamh, faoin bhfo-alt sin, in aghaidh ioncam na cuideachta ón trádáil léasúcháin agus uaithi sin amháin, nó | |||
[EN] | (ii) lena ghéilleadh ar mhodh grúp-fhaoisimh. | |||
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a), is é a bheidh i “méid iomchuí an chaillteanais” méid iomlán an chaillteanais nó, más lú é, méid is ionann agus— | |||
[EN] | (i) i gcás nach mbeifear tar éis aon liúntais chaipitiúla seachas na liúntais chaipitiúla shonraithe a áireamh, de bhua alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar chaiteachais trádála le linn méid an chaillteanais a bheith á fhionnadh, méid na liúntas caipitiúil sonraithe, | |||
[EN] | nó | |||
[EN] | (ii) i gcás ina mbeifear tar éis liúntais chaipitiúla eile, de bhreis ar na liúntais chaipitiúla shonraithe, a áireamh amhlaidh de bhua an ailt sin 14, cibé méid acu seo a leanas is lú— | |||
[EN] | (I) méid na liúntas caipitiúil sonraithe, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (II) an méid ar mó an caillteanas ná méid na liúntas caipitiúil eile: | |||
[EN] | Ar choinníoll gur nialas “méid iomchuí an chaillteanais” i gcás nach mó méid an chaillteanais ná méid na liúntas caipitiúil eile. | |||
[EN] | (5) Ní bheidh éifeacht leis an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 296 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná le hailt 14 (6) agus 116 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le liúntais chaipitiúla— | |||
[EN] | (a) maidir le caiteachas arna thabhú an 25ú lá d'Eanáir, 1984 nó dá éis, ag soláthar innealra nó gléasra, nó | |||
[EN] | (b) maidir le luach laghdaithe innealra nó gléasra mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt más rud é, maidir leis an duine a bhfuil na liúntais chaipitiúla le tabhairt nó tugtha dó, gur ar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, a fuair sé an t-innealra nó an gléasra sin i gcéaduair, | |||
[EN] | seachas liúntais chaipitiúla maidir le hinnealra nó gléasra lena mbaineann fo-alt (6). | |||
[EN] | 60 |
(6) Aon tagairtí san alt seo d'innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo is tagairtí iad d'innealra nó gléasra arna sholáthar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, lena léasú más rud é, maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra (nó, chun críocha mhír (a) i gcás scannán lena mbaineann alt 6 nó 7 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , maidir leis an gcostas a bhain leis an scannán a dhéanamh)— | ||
[EN] | (a) gur íocadh é nó go bhfuil sé le híoc go díreach nó go neamhdhíreach, go hiomlán nó go páirteach, ag an Údarás Forbartha Tionscail, Bord Scannán na hÉireann, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó Údarás na Gaeltachta, nó | |||
[EN] | (b) gur faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an duine a sholáthair an t-innealra nó an gléasra (dá ngairtear “an léasóir” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus an duine a bhfuil sé le léasú chuige (dá ngairtear “an léasaí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a tabhaíodh é agus go ndeachthas faoin oibleagáid sin— | |||
[EN] | (i) roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó | |||
[EN] | (ii) roimh an 1ú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an léasóir agus an léasaí roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984: | |||
[EN] | Ar choinníoll— | |||
[EN] | (I) go n-áireofar oibleagáid, chun críocha fhomhíreanna (i) agus (ii), mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin, agus | |||
[EN] | (II) nach measfar, chun críocha fhomhír (ii), caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, mura rud é go ndearna an léasóir agus an léasaí, ar an dáta sin nó roimhe, réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin. |