32 1983


Uimhir 32 de 1983


AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE AGUS BREITHIÚ-NACHA (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ), 1938 GO 1977, NA nACH-TANNA UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938 GO 1977, AGUS ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 GO 1981. [15 Samhain, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1938” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 ;

ciallaíonn “Acht 1961” Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 ;

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968 ;

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1973 ;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1977 ;

ciallaíonn “an tAire” Aire na Seirbhíse Poiblí.

Méadú ar liúntais áirithe, ar thuarastail agus ar luach saothair eile.

2. —(1) An liúntas is iníoctha go míosúil faoi fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'alt 3 d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 , le gach comhalta de Dháil Éireann, is é a bheidh ann agus measfar gurbh é a bhí ann, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, £16,413 sa bhliain agus an liúntas is iníoctha go míosúil le gach comhalta de Sheanad Éireann faoi fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) den alt sin 3, is é a bheidh ann agus measfar gurbh é a bhí ann, le héifeacht ón 1ú lá sin de Mheán Fómhair, £9,127 sa bhliain.

(2) An tsuim bhliantúil is iníoctha de thuarastal faoi fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) nó faoi fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1977) d'alt 3 d'Acht 1938, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, suim nach mó ná—

(a) i gcás an Taoisigh, £27,937,

(b) i gcás an Tánaiste, £20,585,

(c) i gcás comhalta den Rialtas, seachas an Taoiseach nó an Tánaiste, £18,381,

(d) i gcás Aire Stáit arna cheapadh faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 , £10,292.

(3) An tsuim bhliantúil is iníoctha de thuarastal faoi alt 4 (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht 1938 leis an Ard-Aighne, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, suim nach mó ná—

(a) i gcás nach comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas an duine a bheidh i seilbh na hoifige, £29,647,

(b) i gcás gur comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas a bheidh i seilbh na hoifige, £18,381.

(4) (a) An tsuim bhliantúil is iníoctha de thuarastal faoi fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'alt 5 d'Acht 1938 le Cathaoirleach Dháil Éireann, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, suim nach mó ná £18,381 agus an tsuim bhliantúil is iníoctha amhlaidh faoin alt sin 5 (1) le Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá sin de Mheán Fómhair, suim nach mó ná £10,292, agus

(b) an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuarastal faoi fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'alt 6 d'Acht 1938 le Cathaoirleach Sheanad Éireann, is é a bheidh inti, agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá sin de Mheán Fómhair, suim nach mó ná £7,654 agus an tsuim bhliantúil is iníoctha faoin alt sin 6 (1) le Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá sin de Mheán Fómhair, suim nach mó ná £4,345.

(5) Na suimeanna bliantúla is iníoctha faoi alt 9A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) agus faoi alt 10 (arna leasú le hAcht 1973) d'Acht 1938 de liúntas in aghaidh costas, is é a bheidh iontu agus measfar gurbh é a bhí iontu, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983—

(a) i gcás na suime is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt sin 9A, £70,390,