|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 10 de 1983 | ||
[EN] |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1925 GO 1979. [11 Bealtaine, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Údaráis áitiúla do chinneadh agus do ghearradh rátaí sna blianta airgeadais áitiúla lena mbaineann siad. |
1. —(1) D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, d'ainneoin aon ní in alt 29 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , go mbeidh an chumhacht atá ag údarás áitiúil ráta, nó ráta sa phunt, a chinneadh agus a ghearradh, infheidhme go bailí agus go héifeachtúil aon am sa bhliain airgeadais áitiúil lena mbaineann an ráta, nó an ráta sa phunt, a bheidh cinnte nó gearrtha amhlaidh. | ||||||
[EN] | (2) I dteannta feidhm a bheith ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ráta, nó le ráta sa phunt, a chinnfear agus a ghearrfar tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh feidhm aige freisin, agus measfar feidhm a bheith aige ariamh, maidir le rátaí a bheidh cinnte agus gearrtha roimh dháta an Achta seo a rith amhlaidh agus ar an Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 , a rith nó dá éis sin. | |||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1979, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |||||||
|