|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 40 de 1980 | ||
[EN] |
AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1980 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ALT 14 DEN ACHT TOGHCHÁIN, 1963 . | ||
[23 Nollaig, 1980] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
Leasú ar alt 14 den Acht Toghcháin, 1963 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 14 den Acht Toghcháin, 1963 — | ||||
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1): | |||||
[EN] | “(b) má thagann athmheas dáilcheantar i bhfeidhm ar an Dáil a lánscor— | |||||
[EN] | (i) i gcás a mbeidh dáilcheantar nua ann ar athmheas den sórt sin a dhéanamh arb éard é nó ar cuid de an dáilcheantar dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, don dáilcheantar nua sin, | |||||
[EN] | (ii) i gcás nach mbeidh dáilcheantar nua den sórt sin ann ar athmheas den sórt sin a dhéanamh, don dáilcheantar a bheidh sonraithe de thuras na huaire i ndearbhú faoin alt seo.”; agus | |||||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |||||
[EN] | “(1A) (a) Más rud é, de bharr athmheas dáilcheantar a thiocfaidh i bhfeidhm ar an lánscor ar an Dáil is túisce a tharlóidh tar éis an athmheasa, nach féidir a mheas faoi fho-alt (1) den alt seo go bhfuil Cathaoirleach Dháil Éireann tofa don dáilcheantar dar comhalta den Dáil é ná do dháilcheantar nua a thuairiscítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (1) (b) den alt seo, déanfaidh sé chun críocha an ailt seo dearbhú a shonróidh dáilcheantar. | |||||
[EN] | (b) Dáilcheantar a bheidh sonraithe i ndearbhú a dhéanfar faoin alt seo is dáilcheantar é a bheidh sonraithe san Acht lena bhforáiltear don athmheas agus a bhfolófar ann cuid den dáilcheantar dar comhalta den Dáil an duine a dhéanfaidh an dearbhú an tráth a dhéanfar an dearbhú. | |||||
[EN] | (c) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le dearbhú a dhéanfar faoin alt seo: | |||||
[EN] | (i) beidh an dearbhú, a bheidh i scríbhinn, dírithe chuig Cléireach Dháil Éireann, | |||||
[EN] | (ii) cuirfidh Cathaoirleach Dháil Éireann, a dhéanfaidh an dearbhú, an dearbhú i bhfios do na comhaltaí den Dáil i cibé slí is cuí leis sna himthosca áirithe, | |||||
[EN] | (iii) déanfar an dearbhú, | |||||
[EN] | (I) i gcás ar Cathaoirleach ar Dháil Éireann an tráth a achtófar an tAcht chun athmheas a dhéanamh ar dháilcheantair an duine a dhéanfaidh é, a luaithe is féidir tar éis an achtaithe sin, | |||||
[EN] | (II) i gcás an duine a dhéanfaidh é a theacht chun bheith ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann tar éis an tAcht sin a achtú, a luaithe is féidir tar éis dó teacht chun bheith ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann, agus | |||||
[EN] | (iv) i gcás an duine a dhéanfaidh an dearbhú do scor de bheith ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann roimh lánscor na Dála, scoirfidh an dearbhú d'éifeacht a bheith leis.”. | |||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1980 , a ghairm den Acht seo. | ||||
[EN] | (2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1980” an tAcht seo. | |||||
|