An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Comhairle na nDochtúirí Leighis) Ar Aghaidh (CUID IV Oideachas agus Oiliúint)

4 1978

ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978

CUID IIII

Clárú

An clár a bhunú.

26. —(1) Ullmhóidh agus bunóidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis bunú na Comhairle, clár de lia-chleachtóirí (dá ngairtear an clár san Acht seo) ar a dtabharfar Clár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí.

(2) Is i cibé foirm a shonróidh an Chomhairle a bheidh an clár agus taispeánfaidh an clár cé acu lánchláraithe, cláraithe go sealadach nó cláraithe go díomuan atá gach duine a bhfuil a ainm cláraithe ann.

(3) Gach duine a dtaifeadar a ainm sa chlár, déanfaidh an Chomhairle a luaithe is féidir tar éis a chlárú a bheith críochnaithe, deimhniú á rá go bhfuil a ainm taifeadta sa chlár a sheoladh chuige.

(4) Gach duine a dtaifeadar a ainm sa chlár, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir tar éis dó an deimhniú a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a fháil, an deimhniú sin a chur ar taispeáint san áit a seolann sé cleachtadh na míochaine gach uile thráth fad a leanfaidh a chlárú agus ní aon tráth eile.

(5) D'ainneoin aisghairm Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 , a dhéantar leis an Acht seo, déanfaidh an Chomhairle an Clár de Dhochtúirí Leighis, a d'ullmhaigh agus a bhunaigh Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis faoin Acht sin, a chothabháil agus a choimeád go dtí go n-ullmhóidh agus go mbunóidh an Chomhairle an clár de bhun fho-alt (1) den alt seo agus go dtí sin measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an Clár de Dhochtúirí Leighis an clár.

Daoine a bheidh i dteideal a gcláraithe sa chlár.

27. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, déanfar gach duine a mbeidh a ainm, ar dháta an chláir a bhunú, taifeadta sa Chlár de Dhochtúirí Leighis atá á chothabháil ag Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis de bhun Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, a chlárú sa chlár.

(2) Aon duine—

(a) a bhí, díreach sular bunaíodh an clár, i dteideal a chláraithe de réir Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, agus nach raibh cláraithe amhlaidh, nó

(b) a ndéanfar, tar éis an clár a bhunú, aon cheann de na buncháilíochtaí a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhámhadh dó, nó

(c) is náisiúnach de Bhallstát agus a mbeidh comhlacht nó údarás inniúil a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag Ballstát, de bhun aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach, tar éis cáilíocht sa mhíochaine a dhámhadh dó, nó

(d) a dheimhneoidh don Chomhairle go ndeachaigh sé faoi cibé cúrsaí oiliúna agus gur ghnóthaigh sé cibé scrúduithe a bheidh sonraithe chun críche an ailt seo i rialacha a bheidh déanta ag an gComhairle, nó

(e) is duine a bheidh i dteideal a chláraithe de bhun ordú arna dhéanamh faoi alt 26 d'Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 ,

déanfar é a chlárú sa chlár ar é do dhéanamh iarratais san fhoirm agus sa tslí a bheidh cinnte ag an gComhairle agus ar an táille iomchuí a íoc.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an gComhairle diúltú ainm aon duine a chlárú, is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a chláraithe, ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na míochaine.

(4) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(5) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle an cinneadh a dhéanamh, nó

(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine a rinne an t-iarratas a chlárú.

Clárú sealadach.

28. —(1) Ní dhéanfar duine a mbeidh buncháilíocht dáfa dó a chlárú sa chlár seachas trí chlárú sealadach mura mbeidh an comhlacht a dháimh an bhuncháilíocht sin dó tar éis deimhniú taithí a dheonú dó.

(2) Ní dheonófar deimhniú taithí d'aon duine chun críocha fho-alt (1) den alt seo mura mbeidh sé, tar éis an bhuncháilíocht a bheith dáfa dó, tar éis bheith ag gabháil d'fhostaíocht i gcáil dochtúra chónaithigh in oispidéal amháin nó níos mó a bheidh ceadaithe ag an gComhairle chun na críche sin agus é tar éis a bheith ag gabháil dó sin amhlaidh ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí a chinnfidh an Chomhairle.

(3) San alt seo ciallaíonn “fostaíocht i gcáil dochtúra chónaithigh” fostaíocht i gcleachtadh na míochaine i gcás a bhfuil an duine i gceist ina chónaí san ospidéal ina bhfuil sé fostaithe nó cóngarach dó, agus go gceanglaíonn téarmaí a fhostaíochta air a bheith ina chónaí amhlaidh.

Clárú díomuan.

29. —(1) I gcás ar deimhin leis an gComhairle—

(a) go bhfuil duine, nach bhfuil thairis sin i dteideal a chláraithe, sa Stát, nó go bhfuil beartaithe aige bheith sa Stát, go díomuan chun a fhostaithe i gcleachtadh na míochaine in ospidéal atá ceadaithe ag an gComhairle chun críocha an ailt seo, agus

(b) go bhfuil ag an duine sin céim, dioplóma nó cáilíocht eile a thugann, i dtuairim na Comhairle, leor-ráthaíocht go bhfuil aige an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an mhíochaine a chleachtadh go héifeachtúil, gur ghnóthaigh sé scrúdú iomchuí chun an chéim, an dioplóma nó an cháilíocht eile sin a fháil agus go bhfuil aige deimhniú taithí a mheasann an Chomhairle a bheith comhionann leis an gceann is gá le haghaidh cáilíochta foirmiúla,

féadfaidh an Chomhairle, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, agus ar an duine sin do dhéanamh iarratais san fhoirm agus sa tslí a bheidh cinnte ag an gComhairle agus ar an táille iomchuí a íoc, an duine sin a chlárú go díomuan sa chlár go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an Chomhairle.

(2) Féadfaidh an Chomhairle tréimhse a bheidh cinnte faoi fho-alt (1) den alt seo a fhadú go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí breise a chinnfidh an Chomhairle, ar choinníoll nach faide ná cúig bliana comhiomlán na dtréimhsí sin.

An Clár de Shaineolaithe Liachta.

30. —Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, clár ar a dtabharfar an Clár de Shaineolaithe Liachta a ullmhú agus a bhunú ina mbeidh rannán maidir le gach speisialtacht ar leith dá dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas ó am go ham de bhun alt 38 den Acht seo.

Daoine a bheidh i dteideal a gcláraithe sa Chlár de Shaineolaithe Liachta.

31. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh na daoine seo a leanas, is daoine a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, i dteideal a gcláraithe sa Chlár de Shaineolaithe Liachta, is é sin le rá—

(a) gach lia-chleachtóir cláraithe a raibh, i dtuairim na Comhairle, a shainoiliúint i speisialtacht dá dtugann an Chomhairle aitheantas de bhun alt 38 (1) den Acht seo críochnaithe aige sular bunaíodh an clár sin,

(b) gach lia-chleachtóir cláraithe a ndéanfaidh comhlacht dá mbeidh aitheantas tugtha, de bhun alt 38 (3) den Acht seo, ag an gComhairle fianaise ar shainoiliúint a bheith críochnaithe go sásúil aige a thabhairt dó tar éis an clár sin a bhunú,

(c) gach náisiúnach de Bhallstát a bhfuil aige dioplóma, deimhniú nó cruthúnas eile ar cháilíocht fhoirmiúil sa sainleigheas dá dtugann an Chomhairle aitheantas agus a bheidh dáfa ag comhlacht nó údarás inniúil a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag Ballstát, de bhun aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach, agus

(d) aon duine a dheimhneoidh don Chomhairle go bhfuil clár oiliúna sa sainleigheas críochnaithe aige de chaighdeán a mheasfaidh an Chomhairle a bheith leor-dhóthanach.

(2) Sula gclárófar aon duine sa Chlár de Shaineolaithe Liachta—

(a) beidh sé lánchláraithe sa chlár,

(b) iarrfaidh sé go gclárófar é sa Chlár de Shaineolaithe Liachta san fhoirm agus sa tslí a bheidh cinnte ag an gComhairle, agus

(c) íocfaidh sé cibé táille a bheidh cinnte ag an gComhairle lena n-áirítear, má iarrann sé go gclárófar é i níos mó ná rannán amháin den Chlár de Shaineolaithe Liachta, táille ar leith i ndáil le gach clárú den sórt sin.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an gComhairle diúltú ainm aon duine a chlárú, is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a chláraithe, ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na míochaine.

(4) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(5) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle an cinneadh a dhéanamh, nó

(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine a rinne an t-iarratas a chlárú.

Céimeanna agus dioplómaí breise a chlárú.

32. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh aon duine atá cláraithe sa chlár, tráth ar bith tar éis a chéad-chláraithe, iarratas a dhéanamh, sa tslí agus san fhoirm a bheidh cinnte ag an gComhairle, go ndéanfar cáilíocht bhreise a thaifeadadh sa chlár i dteannta na gcáilíochtaí dá chuid a bheidh taifeadta ann cheana féin.

(2) Cinnfidh an Chomhairle na cáilíochtaí, nach cáilíochtaí is gá le haghaidh cláraithe, a fhéadfar a thaifeadadh sa chlár mar cháilíochtaí breise, ar iarratas ó aon duine atá cláraithe sa chlár agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha.

(3) Aon uair a chinnfidh an Chomhairle, ar iarratas ó aon liachleachtóir cláraithe, aon cháilíocht bhreise i leith an lia-chleachtóra sin a thaifeadadh sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis an clárú a bheith críochnaithe, deimhniú a sheoladh chuig an lia-chleachtóir sin á rá go bhfuil an cháilíocht bhreise sin taifeadta sa chlár.

Iarratas ó lia-chleachtóir cláraithe go mbainfear a ainm den chlár.

33. —(1) Féadfaidh aon lia-chleachtóir cláraithe iarratas a dhéanamh chun na Comhairle go mbainfear a ainm d'aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle agus ina mbeidh a ainm cláraithe agus, ar an iarratas sin a fháil agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha, féadfaidh an Chomhairle ainm an lia-chleachtóra chláraithe a bhaint d'aon chlár den sórt sin.

(2) Féadfaidh aon duine, ar baineadh a ainm de bhun fho-alt (1) den alt seo d'aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle, iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun na Comhairle go gcuirfear a ainm ar ais sa chlár sin, agus, faoi réir forálacha an Achta seo agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha, féadfaidh an Chomhairle ainm an duine sin a chur ar ais in aon chlár ar baineadh de amhlaidh é.

(3) In aon chás ina ndéanfaidh lia-chleachtóir cláraithe iarratas chun na Comhairle de bhun an ailt seo go mbainfear a ainm d'aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle agus—

(a) go mbeidh iarratas déanta de bhun alt 45 den Acht seo go ndéanfaí fiosrú i dtaobh iompar an lia-chleachtóra chlár aithe sin, nó

(b) gur ciontaíodh an lia-chleachtóir cláraithe sin sa Stát i gcion ab intriailte ar díotáil nó gur ciontaíodh é lasmuigh den Stát i gcion ba ghníomhartha nó neamhghníomhartha ar chion iad ab intriailte ar díotáil dá mba sa Stát a dhéanfaí iad,

ní bhreithneoidh an Chomhairle an t-iarratas ón lia-chleachtóir cláraithe sin go mbainfear a ainm den chlár amhlaidh go dtí go gcinnfidh an Chomhairle ar cheart nó nár cheart ainm an liachleachtóra chláraithe sin a scriosadh as aon chlár den sórt sin de bhun forálacha an Achta seo.

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an gComhairle diúltú ainm aon duine a chur ar ais, is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a bheith cláraithe ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na míochaine.

(5) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(6) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoi fho-alt (4) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle an cinneadh a dhéanamh, nó

(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine a rinne an t-iarratas a chur ar ais.

Aon chlár a cheartú.

34. —(1) D'fhonn aon chlár a choimeád ceart déanfaidh an Chomhairle ó am go ham de réir mar is gá sa chás gach dearmad focal nó cléireachais sa chlár sin a cheartú, gach taifead ann a tugadh chun críche trí chalaois nó mífhaisnéis a bhaint de, gach athrú a thiocfaidh ar an n-umhail ar sheoltaí na ndaoine a bheith cláraithe in aon chlár a thaifeadadh ann, agus ainmneacha na ndaoine ar fad ar cuireadh i bhfios don Chomhairle nó ar tháinig sé ar umhail na Comhairle go bhfuil siad tar éis bháis a bhaint d'aon chlár.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an Chomhairle beart de bhun fho-alt (1) den alt seo d'fhonn aon chlár a choimeád ceart, déanfaidh an Chomhairle láithreach an beart atá déanta agus na cúiseanna leis a chur in iúl don duine lena mbainfidh, nó dá neasghaol, de réir mar a bheidh.