|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 23 de 1976 | ||
[EN] |
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1976 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO CHUR TOGHCHÁIN ÁIRITHE DE BHUN AN ACHTA IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959 , AR ATHLÓ AGUS DO LEASÚ AN ACHTA SIN AGUS AN ACHTA IASCAIGH (LEASÚ), 1974 . [7 Iúil, 1976] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Iascaigh (Leasú), 1974 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 . | |
[EN] |
Toghcháin choimeádaithe áirithe a chur ar athló. |
2. —(1) D'ainneoinn aon ní sna hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1974, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas: |
[EN] | (a) maidir leis na toghcháin choimeádaithe de bhun ailt 22 agus 27 den Phríomh-Acht a bheadh, de bhua alt 2 dAcht 1974 agus ar leith ón alt seo, le déanamh sa bhliain 1976, déanfar iad ina ionad sin sa bhliain 1977 nó i cibé bliain is deireanaí ná sin a shocróidh an tAire le hordú más cuí leis sin a dhéanamh, | |
[EN] | (b) maidir leis na toghcháin choimeádaithe de bhun na n-alt sin 22 agus 27, seachas na toghcháin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, déanfar iad gach cúigiú bliain chomhleanúnach i ndiaidh na bliana ina ndéanfar na toghcháin a luaitear amhlaidh, agus | |
[EN] | (c) forléireofar “bliain toghcháin” de réir míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú. | |
[EN] | (3) Aon uair a bheartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] |
Leasú ar ailt 68 agus 279 den Phríomh-Acht. |
3. —Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú— |
[EN] | (a) tríd an bhfo alt seo a leanas a chur le halt 68: | |
[EN] | “(7) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”; agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur le halt 279: | |
[EN] | “(4) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”. | |
[EN] |
Aisghairm. |
4. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht: |
[EN] | (a) i mír (b) d'alt 68 (1), na focail ó “, ach sin i slí” go dtí deireadh na míre; | |
[EN] | (b) i mír (b) d'alt 68 (4), na focail ó “, ach sin i slí” go dtí deireadh na míre; | |
[EN] | (c) i mír (c) d'alt 68 (5), na focail ó “, ach sin i slí” go dtí deireadh na míre; agus | |
[EN] | (d) i bhfo-alt (2) d'alt 279, na focail ó “, ach sin i slí” go dtí deireadh an fho-ailt. | |
[EN] | (2) Aisghairtear leis seo alt 2 (1) (c) d'Acht 1974. | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1976 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1974, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin. |