|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FOR-BAIRT), 1976) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FOR-BAIRT), 1976
[EN] | ||
[EN] |
AN SCEIDEAL An Bord Pleanála | |
1. Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht aige agairt a dhéanamh agus bheith inagartha faoina ainm corpraithe agus talamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. | ||
2. Cathaoirleach agus líon gnáth-chomhaltaí nach lú ná ceathrar ná nach mó ná deichniúr a bheidh ar an mBord. | ||
3. Duine atá de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta d'údarás áitiúil de thuras na huaire beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord. | ||
4. Cathaoirleacht lánaimsire cathaoirleacht an Bhoird agus i gcás a ndéanfaidh an Rialtas duine a shealbhaigh, tráth, oifig bhreithiúnach a cheapadh ina chathaoirleach ar an mBord beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, is é sin, ceapfaidh an Rialtas é i gcáil lánaimsire agus nuair a bheidh an Rialtas á cheapadh socróidh siad a théarma oifige agus, faoi réir Airteagail 6 agus 12 den Sceideal seo, sealbhóidh sé a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||
5. Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as bheith ina chathaoirleach trí litir a bheidh dírithe chun an Rialtais agus glacfaidh an éirí as éifeacht amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an Rialtas an litir. | ||
6. I gcás ar duine a shealbhaigh oifig bhreithiúnach tráth cathaoirleach an Bhoird, féadfaidh an Rialtas é a chur as an gcathaoir má bhíonn sé éirithe éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtúil mar gheall ar easláinte, nó má bhíonn sé tar éis é féin a mhí-iompar mar a bheidh sonraithe, nó más dóigh leis an Rialtas gur gá é a chur as an gcathaoir le go gcomhlíonfadh an Bord dualgas an Bhoird go héifeachtúil agus i gcás a gcuirfear cathaoirleach an Bhoird as an gcathaoir faoin Airteagal seo cuirfidh an Rialtas faoi deara ráiteas i scríbhinn ag insint na gcúiseanna lena chur as an gcathaoir a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | ||
7. Is é an tAire a cheapfaidh gach gnáth-chomhalta den Bhord agus nuair a bheidh an tAire ag ceapadh an chomhalta sin socróidh sé a théarma oifige agus ní faide ná trí bliana a bheidh an téarma sin agus, faoi réir an mhéid sin roimhe seo agus Airteagail 10 agus 12 den Sceideal seo, sealbhóidh an comhalta sin a oifig ar cibé téarmaí agus ar cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||
8. Féadfaidh an tAire gnáth-chomhalta a cheapfaidh sé a cheapadh as líon na n-oifigeach a bheidh ag fónamh dó. | ||
9. Íocfaidh an Bord le comhalta den Bhord cibé luach saothair (más ann) agus liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||
10. Féadfaidh an tAire gnáth-chomhalta den Bhord a chur as oifig a bheidh éirithe éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtúil mar gheall ar easláinte nó a bheidh tar éis é féin a mhí-iompar mar a bheidh sonraithe, nó ar dóigh leis an Aire gur gá é a chur as oifig le go gcomhlíonfadh an Bord feidhmeanna an Bhoird go héifeachtúil, agus i gcás a gcuirfear comhalta den Bhord as oifig faoin Airteagal seo, cuirfidh an tAire faoi deara ráiteas i scríbhinn ag insint na gcúiseanna lena chur as oifig a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | ||
11. Féadfaidh gnáth-chomhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an éirí as éifeacht amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir. | ||
12. I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó é teacht chun bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord ar é do ghlacadh le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó ar é a ainmniú le haghaidh an toghcháin sin, nó ar theacht dó chun bheith ina chomhalta den údarás, de réir mar a bheidh. | ||
13. Beidh comhalta den Bhord a n-éagfaidh a théarma oifige trí imeacht aimsire incheaptha athuair. | ||
14. I gcás a dtarlóidh corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhoird a mbeidh de thoradh air gur lú ná cúigear comhalta den sórt sin a bheidh fágtha, déanfaidh an Rialtas nó an tAire, de réir mar is iomchuí, cibé bearta is gá chun an folúntas a líonadh a luaithe is féidir. | ||
15. Ceapfaidh an Bord duine dá ghnáth-chomhaltaí ina leaschathaoirleach ach má scoireann an duine a bheidh ceaptha de bheith ina chomhalta den Bhord aon tráth scoirfidh sé freisin, an tráth sin, de bheith ina leaschathaoirleach. | ||
16. Comórfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | ||
17. Socróidh an tAire dáta, tráth agus ionad do chéad-chruinniú an Bhoird. | ||
18. Is é an córam do chruinniú den Bhord cibé córam a shocróidh an tAire ó am go ham. | ||
19. Beidh vóta ag cathaoirleach an Bhoird agus ag gach gnáthchomhalta den Bhord ag cruinniú den Bhord. | ||
20. Gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord cinnfear í le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh vóta réitigh ag an gcathaoirleach. | ||
21. Faoi réir Airteagal 18 den Sceideal seo, féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas i measc a chomhaltaí. | ||
22. Faoi réir forálacha an Achta seo agus faoi réir aon rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin bPríomh-Acht nó faoi alt 20 den Acht seo agus faoi réir forálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an Bord a nós imeachta agus a ghnó. | ||
23. Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh trí aon chomhalta dá chuid a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chuige sin. | ||
24. Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid, seachas tarchur, achomharc, ordú, fógra, díospóid nó ábhar eile lena mbeidh baint ag an mBord de bhua alt 14 nó alt 21 den Acht seo a chinneadh, a dhaingniú, a cheadú nó a shíneadh, a chomhlíonadh trí aon duine a bheidh ceaptha go cuí ag an mBord chuige sin. | ||
25. Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe. | ||
26. Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó le síniú comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin. | ||
27. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir Airteagal 26 den Sceideal seo) an Bhoird glacfar i bhfianaise é agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt. | ||
28. (1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim a dhéanamh chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú do chathaoirleach agus do ghnáth-chomhaltaí lánaimsire an Bhoird, nó ina leith, ar scor dóibh d'oifig a shealbhú, seachas daoine ar féidir dámhachtain a dhéanamh ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963. | ||
(2) Ní dhéanfaidh scéim faoin Airteagal seo socrú le pinsean, aisce ná liúntas eile a dheonú do chathaoirleach den Bhord in aghaidh tréimhse ar breitheamh den Ard-Chúirt é lena linn. | ||
(3) Féadfaidh scéim faoin Airteagal seo a fhoráil nach gcuirfidh ceapadh an chathaoirligh nó gnáth-chomhalta den Bhord a fhoirceannadh le linn téarma oifige an duine sin cosc le pinsean, aisce nó liúntas eile a dhámhadh dó faoin scéim. | ||
(4) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim a rinne sé faoin Airteagal seo a leasú. | ||
(5) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéim faoin Airteagal seo nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan. | ||
(6) Cuirfidh an Bord scéim a bheidh déanta faoin Airteagal seo i gcrích de réir a téarmaí. | ||
(7) Gach scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Airteagal seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | ||
1859, Sess. 1, c. 26. | (8) I gcás ina n-aistreofar státseirbhíseach bunaithe go cinnte chun an Bhoird mar chomhalta den Bhord, déanfar na sochair aoisliúntais a bheidh le deonú dó a ríomh, má ordaíonn Aire na Seirbhíse Poiblí é dá rogha féin, de réir forálacha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, ionann is dá mba amhlaidh, ar feadh tréimhse a sheirbhíse mar chomhalta lánaimsire den Bhord tar éis a aistrithe, gur státseirbhíseach bunaithe é agus gur íocadh é ar feadh na tréimhse sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir brí alt 17 den Superannuation Act, 1859. |