9 1974


Uimhir 9 de 1974


AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUMAINN FHOIRGNÍOCHTA. [21 Bealtaine, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1942.

Cumainn cónascadh agus fruiliúcháin cumann a aistriú.

2. —(1) I gcás—

(a) dhá chumann nó níos mó do bheartú cónascadh agus bheith in aon chumann amháin (cibé acu a dhéanfaí nó nach ndéanfaí na cumainn nó a gcistí nó aon chuid acu a dhíscaoileadh nó a roinnt), nó

(b) cumann do bheartú a chuid fruiliúchán a aistriú go dtí cumann eile,

agus go n-aontófar air sin ag tromlach comhaltaí gach cumainn lena mbainfidh agus iad i láthair ag cruinnithe ginearálta a tionóladh faoi seach chun na críche sin, féadfaidh aon cheann de na cumainn lena mbainfidh a iarraidh ar an gCláraitheoir an cónascadh nó an t-aistriú a dhaingniú, agus—

(i) féadfaidh an Cláraitheoir, tar éis dó an t-iarratas agus aon agóidí nó uiríolla a dhéanfar chuige faoin alt seo a bhreithniú, an cónascadh nó an t-aistriú a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú,

(ii) má dhaingníonn an Cláraitheoir an cónascadh nó an t-aistriú, cláróidh sé é, agus air sin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, beidh sé bailí agus beidh éifeacht aige de réir téarmaí an bheartaithe a dúradh a bhaineann leis.

(2) I gcás ina ndéanfaidh cumann iarratas faoin alt seo, cuirfidh sé faoi deara laistigh de 7 lá tar éis dáta an iarratais a dhéanamh go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin nó níos mó a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sna limistéir ina bhfuil ceannoifigí na gcumann lena mbainfidh an t-iarratas fógra ina mbeidh sonraí an iarratais agus ina ndéarfar go bhféadfar agóidí nó uiríolla maidir leis a dhéanamh i scríbhinn chun an Chláraitheora laistigh de cibé tréimhse, nach giorra ná 21 lá ó dháta an fhógra a fhoilsiú, a luafar san fhógra.

(3) Féadfar agóidí agus uiríolla maidir le hiarratas faoin alt seo a dhéanamh chun an Chláraitheora laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) maidir leis an iarratas agus déanfaidh an Cláraitheoir, sula gcinnfidh sé an t-iarratas a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú, aon agóid nó uiríolla maidir leis sin a dhéanfar go cuí faoin bhfo-alt seo a bhreithniú.

(4) Ní dhéanfaidh cónascadh nó aistriú a dhaingneofar faoin alt seo dochar do cheart ar bith de chuid creidiúnaí aon chumainn lena mbainfidh.

An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí a gheobhaidh cumainn.

3. —(1) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis sin, a ráthú i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis go n-aisíocfaidh cumann go cuí príomhshuim aon airgid a fuair nó a gheobhaidh an cumann ar iasacht ó Bhanc Comhlachais idir an 18ú lá de Dheireadh Fómhair, 1973, agus an 30ú lá de Mheitheamh, 1974, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh go mbeidh ar aon ráthaíocht den sórt sin ráthaíocht go n-íocfar costais theagmhasacha i ndáil leis an airgead sin a fháil ar iasacht.

(b) Ní rachaidh iomlán príomhshuime aon airgid a ndéanfar a aisíoc a ráthú faoin alt seo thar £6,000,000.

(2) I gcás ráthaíocht faoin bhforáil seo a bheith i bhfeidhm, déanfaidh an cumann ar ina leith a tugadh í cibé urrús a shonrófar san iarratas a thabhairt don Aire Airgeadais, má iarrann sé é, chun a áirithiú don Aire Airgeadais go n-aisíocfar aon airgead a dhlífidh sé a íoc nó a bheidh íoctha aige faoin ráthaíocht.

(3) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina mbeidh na nithe seo a leanas leagtha amach maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh am ar bith roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire Airgeadais faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire Airgeadais ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime lenar bhain an ráthaíocht agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(4) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan suimeanna as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(6) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús uile a eisofar faoi fho-alt (5) den alt seo agus muirear agus íoc na gcostas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(7) Aon airgead a íocfaidh an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo déanfaidh an cumann ar ina leith a tugadh an ráthaíocht é a aisíoc leis (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(8) I gcás ina mbeidh an t-airgead uile nó aon chuid den airgead is gá de réir fho-alt (7) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(9) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (8) den alt seo chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an cumann lena mbainfidh de bheith faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an mhéid sin agus déanfaidh an cumann an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire Airgeadais cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe ón gcumann lena mbainfidh mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(10) Déanfar airgead a íocfaidh cumann faoi fho-alt (7) nó (9) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais.

Alt 33 den Building Societies Act, 1874, agus alt 19 den Building Societies Act, 1894, a leasú.

1874. c. 42.

1894, c. 47.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 33 den Building Societies Act, 1874, trí “a majority” a chur in ionad “three fourths” agus tá an t-alt sin 33, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TáBLA

33. Two or more societies under this Act may unite and become one society, with or without any dissolution or division of the funds of such societies or either of them, or a society under this Act may transfer its engagements to any other such society, upon such terms as shall be agreed upon by a majority of the members (holding not less than two-thirds of the whole number of shares) of each of such societies present at general meetings respectively convened for the purpose; but no such transfer shall prejudice any right of any creditor of either society. Notice of every such union or transfer shall be sent to the registrar, and registered by him.

(2) Leasaítear leis seo alt 19 den Building Societies Act, 1894, trí “a majority” a chur in ionad “three fourths” agus tá an t-alt sin 19, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TáBLA

19. Where a majority of the members of two or more societies present at general meetings respectively convened for the purpose of considering any union or transfer under section thirty-three of the Building Societies Act, 1874, agree to the union or transfer, the agreement shall, notwithstanding anything in that section, be valid if it obtains the concurrence in writing of the holders of not less than two-thirds of the whole number of shares of each society, whether they are present at the meeting or not.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

5. —(1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta, 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1974, a ghairm díobh le chéile.