17 1972


Uimhir 17 de 1972


AN tACHT UM IONTAOBHAIS AONAD, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, AR LEAS AN PHOBAIL AGUS AR MHAITHE LE SEALBHÓIRÍ AR AONAID DE CHUID SCÉIMEANNA IONTAOBHAIS AONAD, CHUN NA SCÉIMEANNA SIN A RIALÚ AGUS A RIALÁIL, DÁ THOIRMEASC, IN IMTHOSCA ÁIRITHE, NA SCÉIMEANNA SIN A FHÓGAIRT AGUS AONAID DÁ gCUID A CHEANNACH NÓ A DHÍOL, DÁ CHUMASÚ DON AIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA A CHEANGAL GUR MAOIN SA STÁT A BHEIDH I gCIONÚIREACHTAÍ ÍOSTA SONRAITHE DE SHÓCMHAINNÍ SCÉIMEANNA ÁIRITHE DÍOBH SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Iúil, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1862, c. 89.

1908, c. 69.

1963, Uimh. 33 .

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, faoin Companies Act, 1862, faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, nó faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , (ach ní fholaíonn sé cuideachta a cláraíodh faoi aon cheann de na hachtacháin sin lasmuigh den Stát), nó cuideachta a corpraíodh sa Stát le reacht nó le cairt;

ciallaíonn “bintiúir” aon bhintiúir, stoc bintiúir nó bannaí bintiúir de chuid aon chomhlachta chorpraithe, atá corpraithe sa Stát nó lasmuigh den Stát, cibé acu atá siad ina muirear ar shócmhainní an chomhlachta nó nach bhfuil;

tá le “cuideachta shealbhaíochta” an bhrí chéanna atá leis in Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

folaíonn “oifigeach”, maidir le comhlacht corpraithe, stiúrthóir nó rúnaí;

ciallaíonn “an clár” an clár a bhunaítear agus a chothabháiltear faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad chláraithe” scéim iontaobhais aonad atá cláraithe sa chlár;

ciallaíonn “an cláraitheoir” cláraitheoir na gcuideachtaí de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “urrúis”—

(a) scaireanna nó bintiúir, nó cearta nó leasanna (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) in aon scaireanna nó bintiúir, nó

(b) urrúis de chuid an Rialtais nó de chuid rialtas aon tíre nó aon chríche lasmuigh den Stát, nó

(c) cearta (iarbhír nó teagmhasach) i leith airgead a tugadh ar iasacht d'aon chumann tionscail agus coigiltis nó d'aon chara-chumann nó d'aon chumann foirgníochta, nó a taisceadh le haon chumann den sórt sin;

ciallaíonn “scaireanna” scaireanna i scairchaipiteal comhlachta chorpraithe nó i stoc comhlachta chorpraithe;

tá le “fochuideachta” an bhrí chéanna atá leis in Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “aonaid”, maidir le scéim iontaobhais aonad, aon aonaid (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) a bhfuil na leasanna tairbhiúla sna sócmhainní roinnte iontu faoi réir aon iontaobhais a bunaíodh faoin scéim;

ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” aon socruithe arna ndéanamh chun saoráidí a sholáthar, nó arb é a n-éifeacht saoráidí a sholáthar, le go mbeadh an pobal páirteach, mar thairbhithe faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam as urrúis nó as maoin eile de chineál ar bith a fháil, a shealbhú, a bhainistí nó a dhiúscairt.

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo do bhainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad nó d'iontaobhaí faoi scéim den sórt sin a fhorléiriú mar thagairt don duine a ndílsítear dó na cumhachtaí bainistíochta maidir le maoin atá, de thuras na huaire, faoi réir aon iontaobhais a bunaíodh de bhun na scéime nó, de réir mar a bheidh, don duine a ndílsítear an mhaoin sin dó nó ar féidir í a dhílsiú dó de réir téarmaí an iontaobhais.

Clár de scéimeanna iontaobhais aonad.

2. —Bunóidh an cláraitheoir agus cothabhálfaidh sé clár de scéimeanna iontaobhais aonad (dá ngairtear an clár san Acht seo).

Scéimeanna iontaobhais aonad a chlárú.

3. —(1) Ar iarratas a dhéanamh chun an chláraitheora de réir an Achta seo ag an mbainisteoir agus ag an iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad, cláróidh an cláraitheoir an scéim sa chlár sna cásanna seo agus sna cásanna seo amháin—

(a) go mbeidh an tAire sásta, tar éis comhairle a ghlacadh le Banc Ceannais na hÉireann agus tar éis an fhaisnéis iomchuí san iarratas a bhreithniú leis an mBanc sin, go bhfuil inniúlacht i leith nithe den sórt a mbeadh plé acu leo i ndáil le scéim iontaobhais aonad agus ionracas an bhainisteora agus an iontaobhaí de chineál a thabharfadh go mbeidís oiriúnach chun gníomhú mar bhainisteoir agus mar iontaobhaí, faoi seach, faoin scéim,

(b) gurb é is bainisteoir faoin scéim comhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát agus a bhfuil áit ghnó aige sa Stát, agus nach lú na £25,000 an méid dá chaipiteal atá íoctha in airgead agus ar leor a shócmhainní chun freastal dá dhliteanais (lena n-áirítear dliteanais i leith a chaipitil íoctha),

(c) gurb é is iontaobhaí faoin scéim comhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát agus a bhfuil áit ghnó aige sa Stát, agus

(i) a bhfuil sócmhainní aige is leor chun freastal dá dhliteanais (lena n-áirítear dliteanais i leith aisíoc a chaipitil íoctha) agus a bhfuil aige caipiteal (i stoc nó i scaireanna) atá eisithe de thuras na huaire nach lú ná £500,000 a bhfuil méid nach lú ná £250,000 de íoctha in airgead, nó

(ii)  (I) atá ar úinéireacht go hiomlán ag comhlacht corpraithe (dá ngairtear an bunchomhlacht sa mhír seo) a gcomhlíontar maidir leis na coinníollacha i dtaobh caipitil agus sócmhainní a shonraítear i bhfomhír (i) den mhír seo, agus

(II) a ráthaíonn an bunchomhlacht urscaoileadh a dhliteanas,

(d) go mbeidh an tAire sásta gur scéim í de chineál a thabharfaidh go ndéanfar urlámh éifeachtach ar ghnóthaí an bhainisteora agus ar ghnóthaí an iontaobhaí faoin scéim a fheidhmiú go neamhspleách ar a chéile,

(e) go mbeidh an tAire sásta gur scéim í de chineál a áiritheoidh go ndéanfar gach iontaobhas a chruthófar de bhun na scéime a shainiú i ngníomhas a chomhlíonann forálacha an Achta seo agus forálacha aon orduithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 10 den Acht seo agus a mbeidh feidhm acu maidir leis an ngníomhas agus go mbeidh cúnant sa ghníomhas á fhoráil go leanfar den scéim i gcomhlíonadh forálacha an Achta seo agus forálacha aon orduithe a bheidh i bhfeidhm faoi de thuras na huaire,

(f) go ndéanfar cóip den ghníomhas réamhráite a thaisceadh leis an gcláraitheoir, agus

(g) nach ainm míchuibhiúil, i dtuairim an Aire, ainm na scéime.

(2) Aon uair a bheartóidh an cláraitheoir diúltú scéim iontaobhais aonad a chlárú sa chlár—

(a) tabharfaidh sé fógra don bhainisteoir agus don iontaobhaí faoin scéim go mbeartaíonn sé amhlaidh agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an diúltú agus go bhféadfaidh an bainisteoir nó an t-iontaobhaí, laistigh de 30 lá ó tugadh an fógra sin dóibh, uiríolla a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire maidir leis an diúltú beartaithe,

(b) féadfaidh an bainisteoir nó an t-iontaobhaí na huiríolla sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den am reamhráite,

(c) déanfaidh an tAire, sula gcinnfidh sé ar sheasamh le beartú an chláraitheora nó rialú in aghaidh an bheartaithe sin, aon uiríolla a bhreithniú a rinneadh chuige go cuí faoin alt seo maidir leis an mbeartú, agus ansin ordóidh sé don chláraitheoir (agus déanfaidh seisean de réir an ordacháin) an scéim a chlárú nó gan í a chlárú (de réir mar a bheidh) sa chlár.

(3) Ar scéim iontaobhais aonad a chlárú dó sa chlár, deimhneoidh an cláraitheoir faoina láimh go bhfuil an scéim cláraithe sa chlár agus beidh an deimhniú inghlactha i bhfianaise in aon imeachtaí dlí agus beidh sé ina fhianaise dhochloíte go bhfuil an scéim cláraithe sa chlár.

(4) I gcás go ndiúltófar d'iarratas chun scéim iontaobhais aonad a chlárú sa chlár, tabharfaidh an cláraitheoir fógra láithreach don bhainisteoir agus don iontaobhaí faoin scéim i dtaobh an diúltaithe agus féadfaidh an bainisteoir nó an t-iontaobhaí, laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar ar tugadh an fógra don bhainisteoir nó don iontaobhaí, de réir mar a bheidh, achomharc in aghaidh an diúltaithe a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus is breith chríochnaitheach neamhinachomhairc breith na Cúirte sin.

(5) Is i scríbhinn a dhéanfar aon iarratas faoin alt seo agus beidh cibé faisnéis ann i dtaobh cibé nithe agus beidh cibé doiciméid ag gabháil leis a shonróidh an tAire ó am go ham.

Athrú ar ghníomhas iontaobhais nó athrú ar ainm scéim iontaobhais aonad a chur in iúl don chláraitheoir.

4. —(1) Laistigh de 21 lá tar éis athruithe a bheith déanta sa ghníomhas ina sainítear iontaobhais scéim iontaobhais aonad chláraithe, déanfaidh an bainisteoir faoin scéim cóip den ghníomhas arna athrú amhlaidh nó ina bhfuil na hathruithe a thaisceadh leis an gcláraitheoir.

(2) Laistigh de 21 lá tar éis athrú a bheith déanta ar ainm scéim iontaobhais aonad chláraithe déanfaidh an bainisteoir faoin scéim sonraí an athraithe a thaisceadh leis an gcláraitheoir.

(3) Mura gcomhlíonfaidh bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad fo-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Clárú scéimeanna iontaobhais aonad a chealú.

5. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, más rud é, i gcás scéim iontaobhais aonad chláraithe—

(a) go bhfuil foráil den Acht seo nó d'ordú faoin Acht seo á sárú,

(b) nach bhfuil na coinníollacha a shonraítear i míreanna (b), (c) agus (f) d'alt 3 (1) den Acht seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó

(c) nach bhfuil an tAire sásta a thuilleadh i leith na nithe a shonraítear i míreanna (a), (d), (e) agus (g) den alt sin 3 (1),

féadfaidh an tAire a ordú don chláraitheoir clárú na scéime sa chlár a chealú lá a shonrófar san ordú, agus déanfaidh an cláraitheoir de réir an ordacháin.

(2) Aon uair a bheartóidh an tAire ordachán a thabhairt faoin alt seo maidir le scéim iontaobhais aonad—

(a) tabharfaidh sé fógra don bhainisteoir agus don iontaobhaí faoin scéim go mbeartaíonn sé amhlaidh agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin agus go bhféadfaidh an bainisteoir nó an t-iontaobhaí, laistigh de 30 lá ó tugadh an fógra sin dóibh, uiríolla a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire maidir leis an ordachán beartaithe,

(b) féadfaidh an bainisteoir nó an t-iontaobhaí na huiríolla sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den am réamhráite.

(c) sula gcinnfidh an tAire ar an ordachán a thabhairt nó ar staonadh óna thabhairt, breithneoidh sé aon uiríolla a rinneadh chuige go cuí faoin alt seo maidir leis an ordachán beartaithe, agus, má chinneann sé ar an ordachán a thabhairt, tabharfaidh sé é laistigh de 30 lá tar éis dáta na n-uiríolla a dhéanamh chuige, nó más rud é nach ndéanfar aon uiríolla, laistigh de 30 lá tar éis an lae dheiridh chun iad a dhéanamh.

(3) Ní thabharfaidh an tAire ordachán faoin alt seo maidir le scéim iontaobhais aonad mura mbeidh sé sásta gur gá sin a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus leasanna sealbhóirí aonad a cruthaíodh faoin scéim.

(4) (a) I gcás go dtabharfar ordachán maidir le scéim iontaobhais aonad faoin alt seo, tabharfaidh an cláraitheoir fógra i dtaobh an ordacháin don bhainisteoir agus don iontaobhaí faoin scéim tráth nach déanaí ná 60 lá roimh an lá a bheartaítear é a theacht in éifeacht agus féadfaidh an bainisteoir nó an t-iontaobhaí, laistigh de 30 lá tar éis an dáta a tugadh an fógra don bhainisteoir nó don iontaobhaí, cibé acu é, achomharc i gcoinne an ordacháin a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus is breith chríochnaitheach neamh-inachomhairc breith na Cúirte sin.

(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, a fhoráil le hordú nach mbeidh éifeacht, i gcaitheamh na tréimhse roimh chinneadh an achomhairc nó i gcaitheamh cibé coda den tréimhse sin a shonróidh sí san ordú, ag ordachán faoin alt seo lena mbaineann achomharc faoin bhfo-alt seo.

(5) (a) Aon uair a thabharfaidh an tAire fógra faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le hordachán faoin alt seo, féadfaidh sé, an tráth céanna nó—

(i) i gcás go gcinnfidh sé dá éis sin ar staonadh ón ordachán a thabhairt, tráth ar bith roimh an gcinneadh sin,

(ii) in aon chás eile, tráth ar bith sula dtiocfaidh an cinneadh in éifeacht,

a cheangal ar an mbainisteoir faoin scéim iontaobhais aonad lena mbaineann an fógra staonadh ó aonaid de chuid na scéime a dhíol, nó ó fhógráin a fhoilsiú nó óna chur faoi deara go bhfoilseofar fógráin maidir leis an scéim, i rith na tréimhse roimh an gcinneadh uaidh nó sula dtiocfaidh an t-ordachán in éifeacht, de réir mar is iomchuí, agus déanfaidh an bainisteoir, faoi réir forálacha an ailt seo, an ceanglas a chomhlíonadh.

(b) Féadfaidh an bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad a mbaineann ceanglas faoin bhfo-alt seo leis, laistigh de 20 lá tar éis an dáta a cuireadh an ceanglas air, achomharc i gcoinne an cheanglais a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus is breith chríochnaitheach neamhinachomhairc breith na Cúirte sin.

(c) Féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, a fhoráil le hordú nach mbeidh éifeacht ag ceanglas faoin bhfo-alt seo i gcaitheamh na tréimhse roimh chinneadh an achomhairc i gcoinne an cheanglais faoi mhír (b) den fho-alt seo nó i gcaitheamh cibé coda den tréimhse a shonróidh sí san ordú nó roimh chinneadh achomhairc i gcoinne ordacháin faoin alt seo maidir leis an scéim iontaobhais aonad lena mbaineann an ceanglas.

(d) Aon uair a scoirfidh ordachán faoin alt seo maidir le scéim iontaobhais aonad d'éifeacht a bheith aige, scoirfidh ceanglas faoin bhfo-alt seo maidir leis an scéim sin d'éifeacht a bheith aige freisin.

(e) Bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad a sháróidh ceanglas faoin bhfo-alt seo nó faoi alt 6 (5) den Acht seo nó a mhainneoidh ceanglas mar sin a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.

Bainisteoir nua nó iontaobhaí nua a cheapadh ag an Aire faoi scéim iontaobhais aonad.

6. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má bhíonn an tAire—

(a) sásta go bhfuil na himthosca maidir le scéim iontaobhais aonad chláraithe de chineál gur chuí ordachán a thabhairt faoi alt 5 den Acht seo maidir leis an scéim, nó

(b) tar éis ordachán a thabhairt atá i bhfeidhm faoin alt sin maidir leis an scéim, ach nach bhfuil cealú chlárú na scéime de bhun an ordacháin tagtha in éifeacht go fóill,

féadfaidh sé—

(i) duine a cheapadh a bhfuil an tAire sásta ina leith maidir leis na nithe a shonraítear in alt 3 (1) den Acht seo chun bheith ina bhainisteoir faoin scéim in ionad an duine is bainisteoir láithreach faoin scéim nó chun bheith ina iontaobhaí faoin scéim in ionad an duine is iontaobhaí láithreach faoin scéim, nó

(ii) beirt a ceapadh a bhfuil an tAire sásta i leith gach duine den bheirt mar a dúradh chun bheith ina bhainisteoir agus ina iontaobhaí, faoi seach, faoin scéim in ionad na beirte is bainisteoir agus is iontaobhaí láithreach, faoi seach, faoin scéim.

(2) Aon uair a bheartóidh an tAire duine a cheapadh faoin alt seo—

(a) tabharfaidh sé fógra don bhainisteoir agus don iontaobhaí faoin scéim iontaobhais aonad lena mbaineann a bheartas á rá go mbeartaíonn sé amhlaidh agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin agus go bhféadfaidh an bainisteoir nó an t-iontaobhaí, laistigh de 30 lá ó tugadh an fógra sin dóibh, uiríolla a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire maidir leis an gceapachán beartaithe,

(b) féadfaidh an bainisteoir nó an t-iontaobhaí na huiríolla sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den am réamhráite,

(c) déanfaidh an tAire, sula gcinnfidh sé ar an gceapachán a dhéanamh nó ar staonadh óna dhéanamh, aon uiríolla a bhreithniú a rinneadh chuige go cuí faoin alt seo maidir leis an gceapachán beartaithe, agus má chinneann sé ar an gceapachán a dhéanamh, déanfaidh sé é laistigh de 30 lá tar éis dáta na n-uiríolla a dhéanamh chuige, nó, más rud é nach ndearnadh aon uiríolla, laistigh de 30 lá tar éis an lae dheiridh chun iad a dhéanamh.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ceapachán faoin alt seo maidir le scéim iontaobhais aonad mura mbeidh sé sásta gur gá sin a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus leasanna sealbhóirí aonad a cruthaíodh faoin scéim.

(4) (a) I gcás go ndéanfar ceapachán (maidir le scéim iontaobhais aonad) faoin alt seo tabharfaidh an tAire fógra i dtaobh an cheapacháin don bhainisteoir agus don iontaobhaí faoin scéim tráth nach déanaí ná 60 lá roimh an lá a bheartaítear é a theacht in éifeacht agus féadfaidh an bainisteoir nó an t-iontaobhaí, laistigh de 30 lá tar éis an dáta a tugadh an fógra don bhainisteoir nó don iontaobhaí, de réir mar a bheidh, achomharc i gcoinne an cheapacháin a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus is breith chríochnaitheach neamh-inachomhairc breith na Cúirte sin.

(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, a fhoráil le hordú nach mbeidh éifeacht, i gcaitheamh na tréimhse roimh chinneadh an achomhairc nó i gcaitheamh cibé coda den tréimhse sin a shonróidh sí san ordú, ag ceapachán faoin alt seo lena mbaineann achomharc faoin bhfo-alt seo.

(5) (a) Aon uair a thabharfaidh an tAire fógra faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le ceapachán faoin alt seo, féadfaidh sé, an tráth céanna nó

(i) i gcás go gcinnfidh sé dá éis sin ar staonadh ón gceapachán a dhéanamh, tráth ar bith roimh an gcinneadh sin, agus

(ii) in aon chás eile, tráth ar bith sula dtiocfaidh an ceapachán in éifeacht,

a cheangal ar an mbainisteoir faoin scéim iontaobhais aonad lena mbaineann an fógra staonadh ó aonaid de chuid na scéime a dhíol, nó ó fhógráin a fhoilsiú nó óna chur faoi deara go bhfoilseofar fógráin maidir leis an scéim, i rith na tréimhse roimh an gcinneadh uaidh nó sula dtiocfaidh an ceapachán in éifeacht, de réir mar a bheidh, agus déanfaidh an bainisteoir, faoi réir forálacha an ailt seo, an ceanglas a chomhlíonadh.

(b) Féadfaidh an bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad a mbaineann ceanglas faoin bhfo-alt seo leis, laistigh den 20 lá tar éis an dáta a cuireadh an ceanglas air, achomharc i gcoinne an cheanglais a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus is breith chríochnaitheach neamhinachomhairc breith na Cúirte sin.

(c) Féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, a fhoráil le hordú nach mbeidh éifeacht ag ceanglas faoin alt seo i gcaitheamh na tréimhse roimh chinneadh an achomhairc i gcoinne an cheanglais faoi mhír (b) den fho-alt seo nó i gcaitheamh cibé coda den tréimhse sin a shonróidh sí san ordú, nó roimh chinneadh achomhairc i gcoinne ceapacháin faoin alt seo maidir leis an scéim iontaobhais aonad lena mbaineann an ceanglas.

(d) Aon uair a scoirfidh ceapachán faoin alt seo maidir le scéim iontaobhais aonad d'éifeacht a bheith aige, scoirfidh ceanglas faoin bhfo-alt seo maidir leis an scéim sin d'éifeacht a bheith aige freisin.

(6) Ar dhuine a cheapadh faoin alt seo chun bheith ina bhainisteoir nó ina iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad, scoirfidh an duine ar ina ionad a ceapadh é chun bheith ina bhainisteoir nó ina iontaobhaí, de réir mar a bheidh, d'oifig mar bhainisteoir nó mar iontaobhaí, de réir mar a bheidh, faoin scéim a shealbhú agus scoirfidh an t-ordachán (más ann) faoi alt 5 den Acht seo maidir leis an scéim d'éifeacht a bheith aige.

Díol agus ceannach áirithe aonad de chuid scéimeanna iontaobhais aonad neamhchláraithe a thoirmeasc.

7. —(1) Ní dhéanfaidh bainisteoir nó iontaobhaí (más ann) faoi scéim iontaobhais aonad nach scéim iontaobhais aonad cláraithe ná ní dhéanfaidh aon duine eile a bhfuil baint aige le bainistíocht nó le maoirseacht na scéime aonaid de chuid na scéime a cheannach nó a dhíol.

(2) An toirmeasc atá i bhfo-alt (1) den alt seo ní bhaineann sé le haonaid de chuid scéim iontaobhais aonad, a bhfuil a clárú faoin Acht seo cealaithe, a cheannach ó shealbhóir na n-aonad sin.

(3) Duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) I bhfo-alt (1) den alt seo agus in alt 8 den Acht seo folaíonn “scéim iontaobhais aonad” aon chomhshocraíochtaí (seachas cuideachta, cumann foirgníochta, cara-chumann nó cumann tionscail agus coigiltis) a rinneadh chun saoráidí a sholáthar nó arb é a n-éifeacht, d'aon toisc nó go formhór, saoráidí a sholáthar lena mbeadh an pobal páirteach, mar thairbhithe, ar shlí seachas faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam as urrúis nó maoin ar bith eile a fháil, a shealbhú, a bhainistí nó a dhiúscairt, ach ní fholaíonn sé aon chomhshocraíocht a rinneadh chun saoráidí a sholáthar nó arb é a héifeacht, d'aon toisc nó go formhór, saoráidí a sholáthar lena mbeadh an pobal páirteach, mar thairbhithe, faoi iontaobhas nó ar shlí eile, i mbrabúis nó in ioncam as urrúis nó maoin ar bith eile a fháil, a shealbhú, a bhainistí nó a dhiúscairt agus atá á riaradh ag sealbhóir ceadúnais faoin Acht Árachais, 1936 , agus nárbh fholáir, le bheith páirteach inti, maidir le haonaid a eisíodh i gcéaduair tar éis tosach feidhme an ailt seo, polasaí árachais ar shaol duine a bhaint amach, agus forléireofar “bainisteoir” agus “aonaid” dá réir sin.

Toirmeasc ar fhógraíocht áirithe maidir le scéimeanna iontaobhais aonad neamhchláraithe.

8. —(1) Ní fhoilseofar fógráin maidir le scéim iontaobhais aonad nach scéim iontaobhais aonad chláraithe nó a thagraíonn do scéim den sórt sin.

(2) (a) Aon uair a thaispeántar chun sástacht an Aire, i gcás nuachtán nó irisleabhar a chlóitear lasmuigh den Stát, gur ghá chun an t-alt seo a chomhlíonadh eagrán speisialta den nuachtán nó den irisleabhar a tháirgeadh le haghaidh cúrsaíocht sa Stát agus go gcuirfeadh costas an táirgthe sin ualach ar úinéir an nuachtáin nó an irisleabhair a bheadh trom thar cuimse sna himthosca go léir, féadfaidh an tAire fógráin a fhoilsítear sa nuachtán nó san irisleabhar a dhíolmhú ó fheidhm an ailt seo.

(b) Beidh díolúine faoin bhfo-alt seo faoi réir cibé coinníollacha, más aon choinníollacha iad, a fhorchuirfidh an tAire agus a shonróidh sé sa díolúine agus mairfidh a ré gan teorainn maidir le ham nó go ceann cibé tréimhse a shonróidh an tAire sa díolúine.

(c) Féadfaidh an tAire díolúine faoin bhfo-alt seo a chúlghairm, coinníollacha a fhorchur a mbeidh díolúine den sórt sin a tugadh cheana faoina réir, aon choinníollacha a sonraíodh i ndíolúine den sórt sin a leasú, sonrú a dhéanamh, maidir le díolúine den sórt sin nach bhfuil teorainn ama lena ré, ar an tráth a rachaidh sé in éag nó an tréimhse a mhairfidh díolúine den sórt sin a athrú.

(d) Aon uair a fheidhmeoidh an tAire cumhacht faoin bhfo-alt seo, foilseofar san Iris Oifigiúil fógra faoin bhfeidhmiú sin agus faoina chineál agus ainm an nuachtáin nó an irisleabhair lena mbaineann sé.

(3) I gcás go bhfoilseofar fógrán de shárú ar fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine a d'fhoilsigh an fógrán agus aon duine a chuir faoi deara an foilsiú sin a dhéanamh araon ciontach i gcion.

Toirmeasc ar scéim iontaobhais aonad do dhéanamh infheistíochta i scéim eile.

9. —An mhaoin atá de thuras na huaire faoi réir aon iontaobhais a bunaíodh faoi scéim iontaobhais aonad chláraithe, ní hé a bheidh inti ná ní áireofar uirthi cearta nó leasanna (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) a fuarthas faoi chomhshocraíocht a rinneadh chun saoráidí a sholáthar nó arb é a n-éifeacht, d'aon toisc nó go formhór, saoráidí a sholáthar lena mbeadh an pobal páirteach i mbrabúis nó in ioncam as urrúis nó maoin ar bith eile a fháil, a shealbhú, a bhainistí nó a dhiúscairt.

Orduithe maidir le scéimeanna iontaobhais aonad.

10. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú cibé socrú a dhéanamh is gá leis go réasúnach do chosaint leasanna daoine atá páirteach mar thairbhithe faoi aon iontaobhais a bunaíodh faoi scéimeanna iontaobhais aonad cláraithe.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh ordú faoin alt seo—

(a) a fhoráil gur ar an modh a shonrófar san ordú a ríomhfar, faoi seach, na praghsanna ar a gceannóidh agus ar a ndíolfaidh an bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad chláraithe aonaid de chuid na scéime agus an toradh ó na haonaid,

(b) a fhoráil gur i cibé foirm a shonrófar san ordú a choimeádfar cuntais a bhaineann leis na haonaid a bunaíodh faoin scéim agus cibé cuid de na cuntais sin is cuí leis an Aire a shonrú chun críocha alt 16 (1) den Acht seo,

(c) foilsiú fógrán nó doiciméad ag an mbainisteoir faoin scéim nó thar a cheann a thoirmeasc nó a rialú (ar cibé modh a shonrófar san ordú) is fógráin nó doiciméid ina bhfuil aon ráiteas maidir le praghas díola aonad de chuid na scéime, nó maidir leis na híocaíochtaí nó na sochair eile a fuair nó is dóigh a gheobhaidh sealbhóirí na n-aonad sin, nó ina mbeidh aon chuireadh chun aonaid den sórt sin a cheannach mura mbeidh freisin san fhógrán nó sa doiciméad atá i gceist ráiteas i dtaobh an toradh ó na haonaid sin agus ráitis ag tabhairt cibé faisnéise maidir le cibé nithe eile (más ann) a shonrófar san ordú,

(d) a fhoráil go ndéanfar, sula bhfoilseoidh an bainisteoir faoin scéim nó sula bhfoilseofar thar a cheann, aon fhógrán nó doiciméad ina mbeidh aon ráiteas maidir le praghas díola aonad de chuid na scéime nó maidir le toradh na n-aonad sin, nó ina mbeidh aon chuireadh chun aonaid a cheannach nó tairiscint lena gceannach, deis réasúnach a thabhairt don iontaobhaí faoin scéim chun téarmaí an fhógráin nó an doiciméid a bhreithniú, agus nach bhfoilseofar an fógrán nó an doiciméad amhlaidh má chuireann sé in iúl i scríbhinn don bhainisteoir, laistigh d'am réasúnach tar éis an fógrán nó an doiciméad a theacht faoina bhreithniú, nach n-aontaíonn sé le tearmaí an fhógráin nó an doiciméid,

(e) foráil a dhéanamh chun an scéim a fhoirceannadh má chealaítear clárú na scéime sa chlár,

(f) nithe a shonrú a dtabharfar, de bhun alt 12 den Acht seo, faisnéis ina dtaobh i ndoiciméad den sórt dá dtagraítear san alt sin agus a eiseoidh an bainisteoir faoin scéim, nó a eiseofar thar a cheann maidir leis an scéim, agus féadfaidh sé, más dóigh leis an Aire gur gá sin, réimse agus cineál na faisnéise a thabharfar amhlaidh a shonrú,

(g) a fhoráil go ndéanfaidh an gníomhas ina sainítear na hiontaobhais a cruthaíodh de bhun na scéime socrú, chun sástacht an Aire, maidir le cibé cuid de cheanglais an ordaithe a shonrófar san ordú,

(h) ceanglais a shonrú maidir leis na muirir a forchuireadh i leith seirbhísí an bhainisteora faoin scéim (lena n-áirítear, más cuí leis an Aire é, ceanglas nach mó na muirir ná an méid nó na méideanna a gheofar nuair a ríomhfar iad ar cibé modh nó faoi threoir cibé nithe a shonrófar san ordú),

(i) nithe a shonrú (i dteannta na nithe a shonraítear in alt 17 den Acht seo) a dtabharfar sonraí ina leith don Aire faoin alt sin 17 agus an fhoirm a shonrú ina dtabharfar amhlaidh aon sonraí a thabharfar faoin alt.

(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil maidir le gach scéim iontaobhais aonad chláraithe nó maidir le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe scéimeanna (arna sonrú faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) nó maidir le gach scéim den sórt sin seachas aicme shonraithe nó aicmí sonraithe scéimeanna (arna sonrú mar atá ráite roimhe seo) gur urrúis de chuid na hÉireann nó gur maoin eile sa Stát a bheidh i méid nach lú ná cion a shonrófar san ordú d'aon mhaoin a bheidh de thuras na huaire faoi réir aon iontaobhais a cruthaíodh faoi scéim lena mbaineann an t-ordú.

(b) Is faoi threoir luach na maoine a bheidh i gceist, arna mheas ag an Aire, a ríomhfar cion chun críocha an fho-ailt seo agus orduithe faoin bhfo-alt seo.

(c) Chun críocha an ailt seo measfar, a mhéid a shonraítear sa mhír seo agus a mhéid sin amháin, gur urrúis de chuid na hÉireann urrúis a shealbhaítear faoi aon iontaobhas a cruthaíodh faoi scéim iontaobhais aonad chláraithe:

(i) i gcás gurb é atá in aon chuid de na hurrúis scaireanna nó bintiúir nó cearta nó leasanna (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) in aon scaireanna nó bintiúir de chuid comhlachta chorpraithe atá i mbun gnó a ndéantar, i dtuairim an Aire, é go léir a sheoladh sa Stát, measfar, chun críocha an ailt seo, gur urrúis de chuid na hÉireann na hurrúis sin go léir,

(ii) I gcás gurb é atá in aon chuid de na hurrúis scaireanna nó bintiúir, nó cearta nó leasanna (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) in aon scaireanna nó bintiúir de chuid comhlachta chorpraithe atá i mbun gnó nach ndéantar, i dtuairim an Aire, ach cuid de a sheoladh sa Stát, measfar, chun críocha an ailt seo, gur urrúis de chuid na hÉireann cibé cion de na hurrúis sin is comhionann, i dtuairim an Aire, leis an gcion den ghnó sin a sheoltar, i dtuairim an Aire, sa Stát,

(iii) i gcás gurb é atá in aon chuid de na hurrúis urrúis seachas scaireanna nó bintiúir, nó cearta nó leasanna (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) in aon scaireanna nó bintiúir de chuid comhlachta chorpraithe atá i mbun gnó, measfar, chun críocha an ailt seo, gur urrúis de chuid na hÉireann cibé cuid de na hurrúis a eisíodh sa Stát.

(d) I gcás go sealbhaíonn comhlacht corpraithe scaireanna nó bintiúir i gcomhlacht corpraithe eile, measfar, chun críocha an fho-ailt seo, go n-áirítear ar ghnó an chomhlachta chorpraithe chéadluaite cibé cion de ghnó an chomhlachta chorpraithe eile atá comhréireach leis an gcion de scaireanna nó de bhintiúir an chomhlachta chorpraithe eile sin atá á sealbhú ag an gcomhlacht corpraithe chéadluaite.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(5) I gcás, maidir le scéim iontaobhais aonad, go sárófar foráil d'ordú faoin alt seo (seachas foráil a bhaineann le hábhar a shonraítear i mír (f) nó (i) d'fho-alt (2) den alt seo) nó go mainneofar foráil den sórt sin a chomhlíonadh, beidh an bainisteoir faoin scéim ciontach i gcion.

(6) In ionchúiseamh i gcion arb éard é sárú, maidir le scéim iontaobhais aonad, ar ordú faoi fho-alt (3) den alt seo, is cosaint é a chruthú gur chomhlíon an mhaoin a bhí faoi réir iontaobhais na scéime forálacha an ordaithe laistigh de thréimhse ama tar éis dáta an chiona ar dóigh leis an gcúirt ina dtionscnaítear na himeachtaí gur tréimhse réasúnach í ag féachaint do na himthosca go léir.

Sócmhainní scéimeanna iontaobhais aonad.

11. —Is sócmhainní de chuid scéim iontaobhais aonad na fáltais as aon aonaid den scéim a dhíol ag bainisteoir na scéime agus aon ioncam i leith sócmhainní na scéime nach bhfuil dáilte ar shealbhóirí na n-aonad sin agus beidh siad sin faoina réir ag an mbainisteoir agus déileálfaidh sé leo de réir na n-iontaobhas a bunaíodh faoin scéim.

Sonraí maidir le scéimeanna iontaobhais aonad do cheannaitheoirí ionchais aonad faoi na scéimeanna sin.

12. —(1) Ullmhóidh an bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad chláraithe, nó cuirfidh sé faoi deara go n-ullmhófar, doiciméad ina mbeidh cibé eolas maidir leis an scéim a d'fhéadfaí le réasún a cheangal ar an mbainisteoir a thabhairt, agus tar éis an doiciméad a cheadú ag an iontaobhaí faoin scéim cuirfear cóip de go dtí an cláraitheoir agus go dtí gach duine a thairgeoidh aonaid den scéim a cheannach agus beidh an chóip a chuirfear go dtí an cláraitheoir sínithe ag stiúrthóir nó ag rúnaí an bhainisteora faoin scéim agus ag stiúrthóir nó ag rúnaí an iontaobhaí faoin scéim.

(2) Áireofar ar dhoiciméad den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo eolas maidir le cibé ábhair (más ann) a bheidh sonraithe de thuras na huaire faoi mhír (f) d'alt 10 (2) den Acht seo agus comhlíonfaidh an doiciméad na forálacha (más ann) a bheidh sonraithe faoin mír sin maidir le réimse agus cineál an eolais.

(3) (a) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, dlífear den bhainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad cúiteamh a íoc le duine a cheannóidh aonaid den scéim ar iontaobh doiciméad den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo sa chaillteanas nó sa damáiste a bhain dó mar gheall ar aon ráiteas bréagach a bhí sa doiciméad.

(b) Ní bheidh dliteanas faoin bhfo-alt seo ar bhainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad má chruthaíonn sé—

(i) maidir le gach ráiteas bréagach nach n-airbheartóidh a bheith déanta ar údarás saineolaí (abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi san fho-alt seo agus atá in alt 46 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ) nó ar údarás doiciméid nó ráiteas oifigiúil phoiblí, go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh an ráiteas fíor agus gur chreid sé sin anuas go dtí tráth ceannaigh na n-aonad lena mbaineann; agus

(ii) maidir le gach ráiteas bréagach a airbheartóidh gur ráiteas ó shaineolaí é nó a bheidh i ní a airbheartóidh gur cóip é de thuarascáil nó de luacháil ó shaineolaí nó gur sliocht as tuarascáil nó as luacháil den sórt sin é, gur léiriú cóir é ar an ráiteas, nó gur chóip chruinn chóir den tuarascáil nó den luacháil nó gur shliocht cruinn cóir as an tuarascáil nó as an luacháil é, agus go raibh foras réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé anuas go dtí tráth eisithe an doiciméid go raibh an duine a rinne an ráiteas inniúil ar é a dhéanamh agus gur thoiligh an duine sin i scríbhinn go n-eiseofaí an doiciméad, agus an ráiteas ina chuid de, san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé folaithe agus nach raibh an toiliú sin tarraingthe siar aige roimh an gceannach a dúradh; agus

(iii) maidir le gach ráiteas bréagach a airbheartóidh gur ráiteas é a rinne duine oifiigiúil nó a bheidh i ní a airbheartóidh gur cóip é de doiciméad oifigiúil poiblí nó gur sliocht as doiciméad oifigiúil poiblí é, gur léiriú cruinn cóir é ar an ráiteas nó ar an gcóip den doiciméad nó ar an sliocht as.

(c) I gcás—

(i) ráiteas a airbheartóidh gur ráiteas ó shaineolaí é nó a bheidh i ní a airbheartóidh gur cóip é de thuarascáil nó de luacháil ó shaineolaí nó gur sliocht as tuarascáil nó as luacháil den sórt sin é a bheith i ndoiciméad den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus

(ii) go n-eiseofar an doiciméad gan toiliú an tsaineolaí nó go mbeidh a thoiliú leis an eisiúint sin tarraingthe siar ag an saineolaí roimh a eisiúint,

dlífear den bhainisteoir faoin scéim iontaobhais aonad a bheidh i gceist an saineolaí a shlánú in aghaidh na ndamáistí, na gcostas agus na gcaiteachas go léir a d'fhéadfaí a chur de dhliteanas air toisc ráiteas a bheith sa doiciméad a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí nó á chosaint féin ar aon chaingean nó imeacht dlí a tugadh ina choinne mar gheall air sin.

É a bheith d'oibleagáid ar bhainisteoirí faoi scéimeanna iontaobhais aonad aonaid a cheannach.

13. —Aon uair a iarrfaidh sealbhóir aonad de scéim iontaobhais aonad chláraithe nó (faoi réir forálacha aon ordaithe faoi alt 10 (2) (e) den Acht seo) de scéim iontaobhais aonad a bhfuil a clárú faoin Acht seo cealaithe, déanfaidh an bainisteoir faoin scéim, a luaithe is féidir, cibé líon de na haonaid sin a shonróidh an sealbhóir a cheannach ón sealbhóir ar an bpraghas ar a gceannaíonn an bainisteoir aonaid den scéim de thuras na huaire.

Toirmeasc ar bhainisteoirí faoi scéimeanna iontaobhais aonad do dhéanamh idirbhearta áirithe agus brabús áirithe.

14. —(1) Ní dhéanfaidh comhlacht corpraithe atá ina bhainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad nó ina fhochuideachta nó ina chuideachta shealbhaíochta leis an mbainisteoir nó is fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta an bhainisteora ná ní dhéanfaidh stiúrthóir ná duine atá ag gabháil do bhainistíocht comhlachta corpraithe den sórt sin idirbhearta dó féin, ná ní dhéanfaidh brabús dó féin as idirbhearta, in aon sócmhainní a shealbhaítear faoin scéim.

(2) Ní dhéanfaidh comhlacht corpraithe atá ina bhainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad nó ina fhochuideachta nó ina chuideachta shealbhaíochta leis an mbainisteoir—

(a) airgead a fháil ar iasacht thar ceann na scéime chun urrúis nó maoin eile a fháil don scéim, ná

(b) airgead atá faoi réir iontaobhais na scéime a thabhairt ar iasacht do dhuine le go bhféadfaidh sé aonaid den scéim a cheannach, ná

(c) aon urrúis nó aon mhaoin eile atá faoi réir iontaobhais na scéime a chur faoi mhorgáiste ná faoi mhuirear ná aon eire eile a chur orthu.

(3) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Dliteanas iontaobhaithe faoi scéimeanna iontaobhais aonad.

15. —(1) Aon fhoráil i ngníomhas ina sainítear na hiontaobhais a cruthaíodh de bhun scéim iontaobhais aonad chláraithe beidh sí ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht aici an t-iontaobhaí faoin scéim a dhíolmhú ó dhliteanas nó a shlánú in aghaidh dliteanais i leith sárú iontaoibhe más rud é, ag féachaint d'fhorálacha an ghníomhais iontaobhais lena dtugtar dó aon chumhachtaí, údaráis nó discréidí, nach dtaispeánann sé an méid cúraim agus dúthrachta ba ghá dó mar iontaobhaí.

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) den alt seo neamhbhailí—

(a) aon scaoileadh a tugadh thairis sin go bailí i leith aon ní a rinne iontaobhaí nó a mhainnigh sé a dhéanamh sular tugadh an scaoileadh; ná

(b) aon fhoráil lena gcumasaítear scaoileadh den sórt sin a thabhairt—

(i) ar aontú leis sin ag tromlach nach lú ná 75 faoin gcéad de réir luacha de shealbhóirí na n-aonad, arna n-eisiúint, den scéim iontaobhais aonad iomchuí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i bpearsa nó, i gcás ina gceadaítear seachvótáil, trí sheachvótáil ag cruinniú a thionólfar chun na críche sin, agus

(ii) maidir le sainghníomhartha nó sainmhainneachtaintí nó maidir leis an iontaobhaí d'fháil bháis nó do scor de ghníomhú.

(3) Ní oibreoidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) chun aon fhoráil a bheidh i bhfeidhm ar an dáta feidhme a dhéanamh neamhbhailí fad a fhanfaidh aon duine ina iontaobhaí ar an ngníomhas a bheidh i gceist is duine a mbeidh teideal aige an tráth sin chun sochar na forála sin nó a dtabharfar a sochar dó dá éis sin faoi fho-alt (4) den alt seo; nó

(b) chun go mbainfear d'aon duine aon díolúine nó aon cheart slánaithe i leith aon rud a rinne sé nó aon rud a mhainnigh sé a dhéanamh le linn aon fhoráil den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

(4) Fad a fhanfaidh aon iontaobhaí gníomhais iontaobhais i dteideal sochar forála a eisotear le fo-alt (3) den alt seo, féadfar sochar na forála sin a thabhairt—

(a) do na hiontaobhaithe go léir ar an ngníomhas, faoi láthair agus san am le teacht; nó

(b) d'aon iontaobhaí, nó d'aon iontaobhaithe beartaithe, ar an ngníomhas sin a ainmneofar;

le rún arna rith ag tromlach nach lú na 75 faoin gcéad de réir luacha de shealbhóirí na n-aonad, arna n-eisiúint, den scéim iontaobhais aonad iomchuí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i bpearsa nó, i gcás ina gceadaítear seachvótáil, trí sheachvótáil ag cruinniú a thionólfar chun na críche sin de réir forálacha an ghníomhais nó, mura mbeidh foráil sa ghníomhas chun cruinnithe a thionól, ag cruinniú arna thionól chun na críche sin ar aon mhodh a bheidh ceadaithe ag an Ard-Chúirt.

untais scéimeanna ntaobhais aonad iniúchadh.

16. —(1) Déanfar cuntais scéim iontaobhais aonad chláraithe a iniúchadh gach bliain ag duine a cheapfaidh an bainisteoir faoin scéim le toiliú an iontaobhaí faoin scéim chun bheith ina iniúchóir ar an scéim agus déanfaidh an bainisteoir, laistigh de cibé am tar éis deireadh na tréimhse lena mbaineann na cuntais a shonróidh an tAire ó am go ham, cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais agus de cibé cuid de na cuntais arna ndeimhniú ag an iniúchóir is cuntais a bheidh sonraithe de thuras na huaire faoi alt 10 (2) (b) den Acht seo a chur chun an Aire agus chun an chláraitheora agus chun gach sealbhóir ar aonaid a cruthaíodh de bhun na scéime.

(2) Ní bheidh duine cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar scéim iontaobhais aonad chláraithe mura rud é—

(a) gur comhalta é de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta de thuras na huaire chun críocha alt 162 (1) (a) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ag an Aire; nó

(b) go bhfuil sé údaraithe de thuras na huaire ag an Aire faoi alt 162 den Acht sin lena cheapadh ina iniúchóir ar chuideachta.

(3) Má chiontaítear iniúchóir i gcion coiriúil a éiríonn as comhlíonadh a dhualgas nó as a iompar mar iniúchóir nó a bhaineann leis an gcomhlíonadh nó leis an iompar sin, ní bheidh sé cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar scéim iontaobhais aonad gan cead ón Ard-Chúirt.

(4) Ní bheidh aon duine de na daoine seo a leanas cáilithe lena cheapadh ina iniúchoir ar scéim iontaobhais aonad chláraithe—

(a) oifigeach nó seirbhíseach don bhainisteoir nó don iontaobhaí faoin scéim;

(b) duine is comhpháirtí le hoifigeach nó le seirbhíseach don bhainisteoir nó don iontaobhaí faoin scéim nó atá ar fostaíocht ag ceachtar acu;

(c) comhlacht corpraithe.

Forléireofar tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó do sheirbhíseach mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí d'iniúchóir.

(5) Beidh duine dícháilithe freisin lena cheapadh mar iniúchóir ar scéim iontaobhais aonad chláraithe má bhíonn sé dícháilithe, de bhua alt 162 (3) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , lena cheapadh mar iniúchóir ar chomhlacht corpraithe is fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta leis an mbainisteoir nó leis an iontaobhaí faoin scéim nó is fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta an duine sin nó dá mbeadh sé dícháilithe amhlaidh dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe.

(6) Aon duine a ghníomhóidh mar iniúchóir ar scéim iontaobhais aonad chláraithe le linn dó bheith dícháilithe faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(7) Beidh ag iniúchóir scéim iontaobhais aonad chláraithe ceart rochtana gach tráth reasúnach ar leabhair agus cuntais agus dearbháin na scéime, agus beidh sé i dteideal cibé eolas agus cibé mínithe is dóigh leis is gá chun a dhualgais mar iniúchóir a chomhlíonadh a iarraidh ar oifigigh nó ar iar-oifigigh don bhainisteoir nó don iontaobhaí faoin scéim.

(8) Beidh iniúchóir scéim iontaobhais aonad chláraithe i dteideal freastal ar aon chruinniú ginearálta de chuid an bhainisteora nó an iontaobhaí faoin scéim a mbeidh nó a bhféadfar go mbeidh gnó na scéime le plé ann agus gach fógra agus gach cumarsáid eile a bhaineann le haon chruinniú ginearálta a fháil a bhfuil aon chomhalta den chomhlacht corpraithe arb é an bainisteoir nó an t-iontaobhaí é i dteideal a fháil agus beidh sé i dteideal éisteacht a fháil ag aon chruinniú ginearálta ar a ndéanfaidh sé freastal ar aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leis an scéim agus is cúram dó mar iniúchóir.

Eolas maidir le scéimeanna iontaobhais aonad.

17. —(1) Laistigh de cibé tréimhse tar éis deireadh gach ráithe de bhliain airgeadais scéim iontaobhais aonad chláraithe nó tar éis deireadh cibé tréimhse eile de bhliain airgeadais na scéime a shonróidh an tAire ó am go ham maidir le gach ceann nó le haon cheann nó níos mó de na sonraí dá dtagraítear san fho-alt seo, tabharfaidh an bainisteoir faoin scéim don Aire agus don chláraitheoir agus in aon chás ina sonróidh an tAire amhlaidh, do shealbhóirí aonad den scéim—

(a) sonraí faoi líon iomlán na n-aonad sin agus faoin líon iomlán díobh a ceannaíodh ó shealbhóirí na n-aonad sin agus atá á sealbhú de thuras na huaire ag an mbainisteoir faoin scéim agus sonraí faoi aon athrú ar cheachtar iomlán díobh i rith na ráithe nó na tréimhse iomchuí, de réir mar a bheidh,

(b) sonraí faoin maoin atá de thuras na huaire faoi réir aon iontaobhais a cruthaíodh de bhun na scéime agus faoi luach na maoine, agus faoi aon cheannach nó díol ar an maoin sin i rith na ráithe nó na tréimhse iomchuí, de réir mar a bheidh,

(c) sonraí faoi aon bhrabúis a rinne an bainisteoir nó faoi aon chaillteanais a thabhaigh sé trí dhéileáil leis na haonaid sin nó trína sealbhú agus faoi aon bhrabúis nó caillteanais den sórt sin a rinne nó a thabhaigh an bainisteoir i rith na ráithe nó na tréimhse iomchuí, de réir mar a bheidh,

(d) sonraí faoi aon athrú bainisteora nó iontaobhaí faoin scéim nó faoi aon athrú a bhaineann le ceachtar acu i rith na ráithe nó na tréimhse iomchuí, de réir mar a bheidh, agus

(e) sonraí faoi aon nithe eile nó maidir le haon nithe eile a bhaineann le gnó na scéime i rith na ráithe no na tréimhse iomchuí, de réir mar a bheidh, agus a bheidh sonraithe de thuras na huaire faoi alt 10 (2) (i) den Acht seo,

agus más rud é, maidir le haon sonraí den sórt sin, go bhfuil foirm sonraithe de thuras na huaire faoin alt sin 10 (2) (i), is san fhoirm sin a thabharfar na sonraí.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara, uair amháin ar a laghad gach bliain, go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cibé cuid is cuí leis de na sonraí a tugadh dó faoin alt seo faoi gach scéim iontabhais aonad atá cláraithe de thuras na huaire faoin Acht seo.

ímscrúdú ar chúrsaí scéimeanna iontaobhais aonad.

18. —(1) Féadfaidh an tAire, as a thionscnamh féin nó ar iarratas i scríbhinn ó shealbhóirí 10 faoin gcéad ar a laghad de réir luacha d'aonaid arna n-eisiúint de scéim iontaobhais aonad (is iarratas a bhfuil an tAire sásta ina thaobh nach bhfuil ann ach iarratas cráiteach), cigire inniúil amháin nó níos mó a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt ar riaradh scéim iontaobhais aonad chláraithe nó ar scéim iontaobhais aonad a bhfuil a clárú faoin Acht seo cealaithe más doigh leis an Aire—

(a) gurb é leas na sealbhóirí ar aonaid a cruthaíodh faoin scéim sin a dhéanamh, agus

(b) gur ábhar é a bhfuil leas ag an bpobal ann.

(2) Beidh feidhm ag ailt 167, 168 (ach amháin fo-alt (3)) agus 170 (ach amháin fo-alt (3)) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le cigire a cheapfar faoin alt seo chun imscrúdú a dhéanamh sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir le cigirí arna gceapadh faoi alt 165 den Acht sin, ach sin leis na modhnuithe seo a leanas agus aon mhodhnuithe eile is gá:

(a) forléireofar na tagairtí sna hailt sin don chuideachta mar thagairtí don scéim iontaobhais aonad lena mbaineann an t-imscrúdú agus forléireofar na tagairtí sna hailt sin do chúrsaí na cuideachta mar thagairtí do riaradh na scéime, agus

(b) forléireofar na tagairtí sna hailt sin d'aon chomhlacht corpraithe eile mar thagairtí a fholaionn tagairtí don bhainisteoir agus don iontaobhaí faoin scéim iontaobhais aonad sin agus d'aon chomhlacht corpraithe eile atá, nó a bhí aon tráth iomchuí, ina fhochuideachta nó ina chuideachta shealbhaíochta leis an mbainisteoir nó leis an iontaobhaí nó ina fhochuideachta le cuideachta a shealbhaíochta cheachtar acu nó ina chuideachta shealbhaíochta le fochuideachta cheachtar acu, agus

(c) forléireofar an tagairt san alt sin 167 do cheapachán faoi alt 165 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , mar thagairt do cheapachán de bhun iarratais faoi fho-alt (1) den alt seo, agus

(d) forléireofar na tagairtí san alt sin 170 d'aon tuarascáil arna déanamh faoi alt 169 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , mar thagairtí d'aon tuarascáil arna déanamh faoi fho-alt (3) den alt seo.

(3) (a) (i) Féadfaidh cigire a cheapfar faoin alt seo, agus déanfaidh sé má ordaíonn an tAire sin dó, tuarascálacha eatramhacha a thabhairt don Aire agus, ar an imscrúdú dar ceapadh é a bheith críochnaithe, tabharfaidh sé tuarascáil chríochnaitheach don Aire.

(ii) Is i scríbhinn nó i gcló de réir mar a ordóidh an tAire a bheidh aon tuarascáil den sórt sin.

(b) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, cóip d'aon tuarascáil den sórt sin a chur ar aghaidh go dtí oifigí cláraithe an bhainisteora agus an iontaobhaí faoin scéim iontaobhais aonad lena mbaineann an tuarascáil agus go dtí aon duine ar dóigh leis go bhfuil leas bona fide aige san ábhar.

(c) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara aon tuarascáil den sórt sin a chló agus a fhoilsiú.

(d) Féadfaidh an tAire aon tuarascáil den sórt sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus is foilsiú faoi phribhhléid an foilsiú sin.

(e) Beidh cóip d'aon tuarascáil den sórt sin inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar thuairim an chigire a rinne an tuarascáil maidir le haon ní sa tuarascáil.

(4) Má dhiúltaíonn oifigeach nó gníomhaire do chuideachta nó do chomhlacht corpraithe eile a bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar a chúrsaí de bhua an ailt seo aon leabhar nó doiciméad a thabhairt ar aird do na cigirí arb é a dhualgas de bhua an ailt seo é a thabhairt ar aird amhlaidh nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a fhreagairt a chuirfidh na cigirí air maidir leis an scéim iontaobhais aonad a bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar a cúrsaí nó maidir le cúrsaí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile, de réir mar a bheidh, beidh sé ciontach i gcion.

(5) Beidh feidhm ag alt 171 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir leis na caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le himscrúdú faoin alt seo (lena n-áirítear aon chostais nó caiteachais a thabhaigh an tAire sna himeachtaí, nó i ndáil leis na himeachtaí, a tugadh de bhua alt 170 (4), arna fheidhmiú leis an alt seo, d'Acht na gCuideachtaí, 1963 (lena n-áirítear caiteachais a tabhaíodh de bhua alt 170 (5), arna fheidhmiú amhlaidh, den Acht sin)) mar atá feidhm aige maidir leis na caiteachais (arna leathnú le fo-alt (3) den alt sin 171) a bhainfidh agus a ghabhfaidh le himsorúdú dá dtagraítear san alt sin 171, ach go gcuirfear i bhfo-alt (1) (c) (ii) den alt sin 171, in ionad na tagartha do cheapachán faoi alt 165 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , tagairt do cheapachán de bhun iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo agus le haon mhodhnuithe eile is gá.

(6) Ní chuirfidh aon ní san alt seo ná i bhforálacha Acht na gCuideachtaí, 1963 , arna fheidhmiú leis an alt seo, de ceangal eolas mar a leanas a nochtadh don Aire nó do chigire a bheidh ceaptha ag an Aire—

(a) i gcás aturnae, aon chumarsáid faoi phribhléid a rinneadh leis i gcáil aturnae dó, nó

(b) i gcás baincéirí dóibh, aon eolas ar chúrsaí aon chustaiméirí dá gcuid seachas an scéim iontaobhais aonad a bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar a cúrsaí nó comhlacht corpraithe a bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar a chúrsaí de bhua alt 167, arna fheidhmiú leis an alt seo, d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Doiciméid i gcoimeád an chláraitheora a iniúchadh, a thabhairt ar aird agus a bheith ina bhfianaise.

19. —(1) Féadfaidh duine ar bith—

(a) na doiciméid a bheidh ar coimeád ag an gcláratheoir faoin Acht seo a iniúchadh ar cibé táille a shocróidh an tAire a íoc,

(b) deimhniú a iarraidh ar chlárú scéim iontaobhais aonad nó cóip d'aon doiciméad nó d'aon chuid d'aon doiciméad a bheidh deimhnithe ag an gcláraitheoir nó sliocht as an gcéanna, ar cibé táillí a shocróidh an tAire a íoc ar an deimhniú nó ar an gcóip dheimhnithe nó ar an sliocht.

(2) Ní eiseofar ó aon chúirt, ach amháin le cead ón gcúirt sin, aon phróis chun a chur faoi deara go dtabharfar ar aird aon doiciméad a bheidh ar coimeád ag an gcláraitheoir faoin Acht seo, agus beidh ar aon phróis den sórt sin, má eisítear í, ráiteas á rá gur le cead ón gcúirt a eisíodh í.

(3) Beidh cóip d'aon doiciméad, nó sliocht as aon doiciméad, a choimeádfar agus a chlárófar faoin Acht seo in oifig an chláraitheora agus a ndeimhneofar gur cóip dhílis í faoi láimh an chláraitheora nó faoi láimh aon oifigigh eile a bheidh údaraithe ag an Aire (agus ní gá stádas oifigiúil an Aire a chruthú) inghlactha i bhfianaise i ngach imeacht dlíthiúil mar ní a bhfuil an bhailíocht chéanna aige leis an doiciméad bunaidh.

Táillí.

20. —(1) Íocfaidh an bainisteoir faoin scéim iontaobhais aonad lena mbaineann táille deich bpunt leis an gcláraitheoir as scéim iontaobhais aonad a chlárú sa chlár agus táille punt i leith gach doiciméad a cuireadh chun an chláraitheora nó a tugadh dó de bhun an Achta seo.

(2) Déanfar na táillí go léir a íocfar leis an gcláraitheoir de bhun an Achta seo a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe an Státchiste ar cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais méid táille a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin de réir aon rialacháin faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Cionta agus pionóis.

21. —(1) I gcás, maidir le scéim iontaobhais aonad, go sárófar alt 9 den Acht seo, beidh an bainisteoir faoin scéim ciontach i gcion.

(2) I gcás, maidir le scéim iontaobhais aonad, go sárófar alt 11 nó 12 den Acht seo, beidh an bainisteoir agus (taobh amuigh de chás inarb é atá sa sárú cóip de dhoiciméad den chineál dá dtagraítear san alt sin 12 a chur go dtí an cláraitheoir gan í a bheith sínithe ag stiúrthóir nó ag rúnaí an iontaobhaí nó cóip de dhoiciméad den sórt sin a chur go dtí duine a shonraítear san alt sin 12 gan ceadú an iontaobhaí a bheith faighte don doiciméad) an t-iontaobhaí faoin scéim ciontach i gcion.

(3) Má dhéanann an bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad sárú ar alt 13 nó 17 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo (seachas alt 16 (6)) dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt a chur air,

agus má leantar tar éis an chiontaithe den sárú nó den mhainneachtain ar ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion breise agus dlífear ar é a chiontú ar dhíotáil fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú.

Cionta maidir le comhlachtaí áirithe.

22. —Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar gur le toiliú nó le ceadú aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, comhalta de choiste bainistíochta nó d'údarás eile rialaithe an chomhlachta sin nó oifigeach don chomhlacht sin a rinneadh é, nó gur urasaíodh an cion le haon mhainneachtain toiliúil a rinne aon duine de na daoine sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

23. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais an Aire.

24. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

25. —(1) Féadfar an tAcht um Iontaobhais Aonad, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.