An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Bancanna a Aistriú) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

24 1971

ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1971

CUID IV.

Airgead Reatha

An caighdeán luacha.

43. —(1) Is é luach-ionad caighdéanach an Stáit an punt Éireannach le parluach 2.13281 gram d'ór fíneáilte a eiseofar i bhfoirm nóta dlíthairgthe.

(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, an parluach a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú.

(3) Féadfaidh an Rialtas le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, ordú faoin alt seo, lena n-áiritear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(4) Aon uair a bheidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo de réir téarmaí an ordaithe.

(5) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas gach ordú faoin alt seo a luaithe is feidir tar éis a dhéanta.

An Banc d'eisiúint nótaí dlíthairgthe.

1930, Uimh. 30 .

44. —Is dleathach don Bhanc nótaí dlíthairgthe a eisiúint chuig aon duine ar éileamh nó chun an chiste ghinearálta in aghaidh—

(a) buillean óir, nó

(b) aon airgead reatha, urrús nó foirm eile sócmhainne a bheidh á choimeád mar chuid de chaipiteal an chiste nótaí dlíthairgthe de réir alt 61 d'Acht 1927, arna leasú le hailt 2 agus 3 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 ,

a sheachadfar dó i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh sé.

Leasú ar alt 49 d'Acht 1927.

45. —Leasaítear leis seo alt 49 d'Acht 1927—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Beidh sealbhóir nóta dhlíthairgthe d'aon ainmluach i dteideal, ar éileamh a dhéanfaidh sé i rith uaire oifige in oifig an Bhainc i mBaile Atha Cliath, go bhfaighidh sé mar mhalairt ar an nóta nóta dlíthairgthe nó nótaí dlíthairgthe ina mbeidh an luach iomlán céanna.

(2) Beidh gach nóta dlíthairgthe inmhalartaithe arna thíolacadh i nGníomhaireacht Londain ar airgead in aon fhoirm is dlíthairiscint de thuras na huaire sa Bhreatain Mhór ar shuimeanna neamhtheoranta.

(2A) Féadfaidh an Banc, más oiriúnach leis agus aon uair is oiriúnach leis agus a mhéid is oiriúnach leis, aon nótaí dlíthairgthe a thíolacfar dó le malartú in oifig an Bhainc in mBaile Átha Cliath ar airgead in aon fhoirm is dlíthairiscint de thuras na huaire sa Bhreatain Mhór ar shuimeanna neamhtheoranta, nó ar dhréacht ar Londain nó, faoi réir agus de réir na nAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1970, ar airgid reatha choigríche eile.”,

agus

(b) trí “a mhalartú” a chur in ionad “d'athcheannach” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (3) agus “malartaithe” a chur in ionad “athcheannuithe” i bhfo-alt (4).

Leasú ar alt 50 d'Acht 1927 agus ar alt 5 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 .

46. —(1) Leasaítear leis seo alt 50 d'Acht 1927 trí “malartódh” a chur in ionad “n-athcheannódh” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (1) agus (2) agus “malartú” a chur in ionad “athcheannach” i bhfo-alt (2).

(2) Leasaítear leis seo alt 5(3) den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 , trí “a mhalartú” a chur in ionad “d'athcheannach” gach áit a bhfuil sé.