An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Comhchoiste Iarnród Chontae Dhún na nGall agus Cuideachta Iarnród an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn a Dhíscaoileadh) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Aisghairm)

14 1971

AN tACHT IOMPAIR (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1971

CUID III

Forálacha Ilghnéitheacha

Mínithe do Chuid III.

1924, Uimh. 29 .

1950, Uimh. 12 .

1958, Uimh. 19 .

1961, Uimh. 24 .

21. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1924” Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ;

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht Iompair, 1958 ;

ciallaíonn “an Chuideachta” Aerlód Teoranta;

ciallaíonn “Cuideachta Fishguard” an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company;

tá le “bóthar poiblí” an bhrí a shantar dó le halt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ;

folaíonn “líne iarnróid” rannóg de líne iarnróid;

ciallaíonn “údárás bóthar” comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle ceantair uirbigh.

Orduithe maidir le crosairí comhréidh.

1845, c. 20.

1863, c. 92.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBord nó ón údarás bóthar iomchuí, agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, a fhoráil le hordú, nach mbainfidh aon oibleagáidí de chuid an Bhoird nó Chuideachta Fishguard geataí nó oibreacha sonraithe eile a sholáthar, a dhéanamh nó a chothabháil agus crosaire comhréidh sonraithe (seachas crosaire lena mbaineann forálacha alt 47 den Railways Clauses Consolidation Act, 1845, alt 6 den Railways Clauses Act, 1863, nó aon achtachán ina bhfuil ceanglais dá gcomhéifeacht), más bóthar poiblí an bóthar ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh den chrosaire, nach mbainfidh siad leis an gcrosaire comhréidh sin.

(2) Féadfaidh an t-ordú a cheangal ar an mBord cibé bacainní, soilse, feistí agus fearais uathoibreacha agus feistí agus fearais eile a sholáthar agus a chothabháil, agus cibé coinníollacha agus ceanglais eile a chomhlíonadh, le haghaidh cosanta, sábháilteachta agus áise an phobail, is oiriúnach leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

(3) Ní mór dréacht den ordú beartaithe a bheith ag gabháil le hiarratas chun an Aire ar ordú faoin alt seo agus is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh an dréacht.

(4) Sula ndéanfar iarratas chun an Aire ar ordú faoin alt seo, tabharfaidh an duine a bheartóidh an t-iarratas sin a dhéanamh fógra faoin mbeartú, mar aon le cóip de dhréacht den ordú beartaithe, do na daoine seo a leanas (seachas an duine a bheartóidh an t-iarratas sin a dhéanamh), is é sin, an Bord, an t-údarás bóthar iomchuí agus Coimisinéir an Gharda Síochána.

(5) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Costas oibreacha is gá faoi orduithe faoi alt 22.

23. —(1) Faoi réir fho-alt (4), i gcás ordú a bheith déanta faoi alt 22 maidir le haon chrosaire comhréidh, cúiteoidh an t-údarás bóthar iomchuí leis an mBord caoga faoin gcéad den chostas a thabhaigh an Bord ag soláthar agus ag cothabháil aon oibreacha a d'ordaigh an t-ordú a dhéanamh ag an gcrosaire comhréidh.

(2) Tabharfaidh an Bord don údarás bóthar iomchuí i cibé foirm a ordóidh an tAire agus a luaithe is feidir é, tar éis aon oibreacha a sholáthar a d'ordaigh ordú faoi alt 22, sonraí chostas na n-oibreacha sin a sholáthar.

(3) Tabharfaidh an Bord, a luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais, don údarás bóthar iomchuí, i cibé foirm a ordóidh an tAire, sonraí, a bheidh deimhnithe ag iniúchóirí an Bhoird, ag sonrú an chostais a bhain le haon oibreacha a sholáthar agus a chothabháil an bhliain sin a d'ordaigh ordú faoi alt 22.

(4) I gcás ina ndéanfar ordú faoi alt 22 agus gur deimhin leis an Aire (agus a ndearbhóidh sé sin san ordú) gurb é go díreach is cúis leis an ordú scéim feabhsaithe bóthar nó ród-déantóireachta nua a chuir údarás bóthar i gcrích, íocfaidh an t-údarás bóthar costas aon oibreacha a sholáthar agus a chothabháil a d'ordaigh an t-ordú.

(5) San alt seo folaíonn “oibreacha” gach ní a ordaíonn ordú faoi alt 22 a sholáthar.

Leasú ar alt 9 (1) d'Acht 1958.

24. —Leasaítear leis seo alt 9 (1) d'Acht 1958 trí “(lena n-áirítear crosaire comhréidh ar líne iarnróid leis an Fishguard and Rosslare Railways and Harbour Company)” a chur isteach i ndiadh “an ghnóthais”.

Pionós mar gheall ar gheataí a fhágáil gan dúnadh ag crosairí comhréidh áirithe.

25. —I gcás ina mainneoidh duine an geata ag ceachtar taobh de chrosaire comhréidh nó slí lena mbaineann a t-alt seo a dhúnadh agus a dhaingniú a luaithe a bheidh sé féin agus aon fheithicil nó ainmhí a bheidh faoina chúram tar éis dul thar an gcrosaire comhréidh nó an tslí sin, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £25 a chur air i leith gach ciona den sórt sin.

(2) Cuirfidh an Bord fógra suas ag gach crosaire comhréidh nó slí lena mbaineann an t-alt seo ag tabhairt rabhaidh d'úsáidirí go ndlífear duine a ionchúiseamh nach ndúnfaidh agus nach ndaingneoidh ceachtar geata den sórt sin tar éis an crosaire comhréidh sin nó an tslí sin a úsáid.

(3) Baineann an t-alt seo le crosaire comhréidh nó slí thar líne iarnróid de chuid an Bhoird nó Chuideachta Fishguard seachas crosaire comhréidh nó slí a soláthraíonn an Bord freastal aige chun na geataí ag an gcrosaire nó ag an tslí a oscailt agus a dhúnadh do dhaoine a úsáideann an céanna.

(4) Féadfaidh an Bord cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

Deireadh le dliteanas an Bhoird nó Chuideachta Fishguard foréadan bóthar áirithe a chothabháil.

26. —(1) I gcás ina dtéann bóthar poiblí trasna droichid thar líne iarnróid leis an mBord nó le Cuideachta Fishguard agus go ndlíonn an Bord nó Cuideachta Fishguard foréadan bóthair an droichid sin a chothabháil, féadfaidh an Bord dáta (dá ngairtear an dáta ceaptha san alt seo) a cheapadh i leith an fhoréadain bóthair sin agus beidh deireadh ar an dáta ceaptha le haon dliteanas a bheith ar an mBord nó ar Chuideachta Fishguard foréadan bóthair an droichid a chothabháil.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), beidh an t-údarás bóthar ar a mbeidh de chúram an bóthar poiblí a chothabháil faoi dhliteanas ar an dáta ceaptha agus ón dáta ceaptha foréadan bóthair an droichid a chothabháil.

(b) Ní fholóidh an dliteanas a fhorchuirtear ar údarás bóthar leis an bhfo-alt seo dliteanas aon deisiú a dhéanamh ar an mbóthar is riachtanach a dhéanamh de bharr claífort, bunsraith nó taca cliseadh nó aon chuid de dhéanmhas an droichid cliseadh.

(c) Íocfaidh an Bord cúiteamh leis an údáras bóthar in aon chaiteachas a thabhóidh an t-údárás bóthar mar gheall ar an dliteanas a fhorchuirtear air leis an bhfo-alt seo.

(3) San alt seo—

folaíonn “droichead” bealach chun droichid;

folaíonn “foréadan bóthair” foréadanú, claiseanna uisce agus silteáin, ach ní fholaíonn sé déanmhas droichid.

Dliteanas áirithe de chuid an Bhoird a aistriú chun Comhairle Contae na hIarmhí.

27. —(1) Ar dháta (dá ngairtear an dáta ceaptha san alt seo) a cheapfaidh an Bord agus ón dáta sin amach—

(a) beidh deireadh le dliteanas an Bhoird an droichead thar an Eithne ar a dtugtar Float Bridge agus atá i mbarúntachtaí Mhaigh Uais agus Fhobhar Fhéichín i gContae na hIarmhí;

(b) beidh de dhliteanas ar chomhairle chontae na hIarmhí an droichead sin a chothabháil.

(2) Íocfaidh an Bord cúiteamh leis an gcomhairle sin in aon chaiteachais a thabhóidh an chomhairle mar gheall ar an dliteanas a fhorchuirtear uirthi faoin alt seo.

Eadráin maidir le haon chúiteamh faoi alt 26 nó 27.

28. —(1) I gcás inarb iníoctha cúiteamh ag an mBord faoi alt 26 nó 27—

(a) déanfaidh eadránaí a cheapfaidh an tAire méid an chúitimh a chinneadh mura gcomhaontófar ar a mhéid;

(b) socróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, luach saothair an eadránaí agus íocfaidh an Bord an luach saothair.

(2) Féadfaidh eadránaí a cheapfar chun an cúiteamh a chinneadh is iníoctha ag an mBord faoi alt 26 nó 27, féadfaidh sé, agus aird aige i measc ábhar eile ar aon tairiscint neamhchoinníollach cúitimh a rinne an Bord agus nár glacadh léi nó d'aon tairiscint neamhchoinníollach glacadh le suim áirithe mar chúiteamh agus nár ghlac an Bord léi, lena dhámhachtain agus mar is rogha leis—

(a) a ordú don Bhord suim (a thomhasfaidh an t-eadránaí) faoi chomhair costais agus caiteachais an údaráis bóthar lena mbainfidh nó chomhairle contae na hIarmhí (de réir mar is iomchuí),

(b) a ordú don údaras bóthar nó don chomhairle sin suim (a thomhasfaidh an t-eadránaí) a íoc faoi chomhair costais agus caiteachais an Bhoird, nó

(c) a ordú don Bhord agus don údarás bóthar sin nó (de réir mar a bheidh) don Bhord agus don chomhairle sin a gcostais agus a gcaiteachais féin a íoc.

Scrúduithe dochtúra faoi chomhair gluaisinnill a thiomáint.

29. —(1) Cuirfear tiománaithe gluaisinneall agus daoine is mian leis an mBord a oiliúint mar thiománaithe gluaisineall faoi scrúdú dochtúra ó am go ham de réir rialacháin a bheidh an tAire tar éis a dhéanamh ar iarratas ón mBord agus tar éis dul i gcomhairle leis na ceardchumainn a ionadaíonn tiománaithe agus daoine den sórt sin.

(2) (a) Ní oilfear duine chun gluaisinneall a thiomáint ná ní choimeádfar duine i bhfostaíocht faoin mBord mar thiománaí gluaisinnill más é tuairim an Phríomh-Dhochtúra Oifigiúil go léiríonn scrúdú dochtúra a rinneadh de bhun rialacháin a rinne an t-Aire faoin alt seo go bhfuil sláinte nó amharc an duine faoi bhun an chaighdeáin a mheasfaidh an Príomh-Dhochtúir Oifigiúil a bheidh riachtanach i gcás tiomanaí gluaisinnill.

(b) Féadfar na caighdeáin radhairc dá dtagraítear i mír (a) a leagan amach i rialacháin faoi fho-alt (1).

(3) San alt seo ciallaíonn “an Príomh-Dhóchtúir Oifigiúil” an duine arb Príomh-Dhochtúir Oifigiúil an Bhoird é de thuras na huaire agus folaíonn sé aon dochtúir liachta eile a bheidh de thuras na huaire nó ó am go ham ag gníomhú in áit nó in ionad an Phríomh-Dhochtúra Oifigiúil.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le daoine—

(a) a bhí ar fostú mar thiománaithe gluaisinneall ag an mBord roimh an 4ú lá Dheireadh Fómhair, 1968, nó

(b) a bhí á n-oiliúint ag an mBord roimh an dáta sin chun gluaisinnill a thiomáint.

Díospóidí áirithe a tharchur chun na Cúirte Cuarda.

1966, Uimh. 26 .

1926, Uimh. 25 .

30. —(1) Aon díospóid, aighneas nó achomharc a d'fhéadfaí, mura mbeadh an t-alt seo, a tharchur nó a dhéanamh chun an bhuaneadránaí ní tharchuirfear ná ní dhéanfar amhlaidh é tar éis an Chuid seo a rith ach éistfidh agus breithneoidh an Chúirt Chuarda é má dhéanann páirtí a bheidh i dteideal é a tharchur nó é a dhéanamh chun an eadránaí sin iarratas chun na Cúirte sin trí fhoriarratas iar bhfógra a sheirbheálfar ar an bpáirtí eile sa chéanna 21 lá ar a laghad roimh an lá a bheartaítear an t-iarratas a dhéanamh agus, faoi réir forálacha an ailt seo, forléireofar dá réir sin na forálacha a luaitear i bhfo-alt (6), agus beidh éifeacht acu dá réir sin maidir le haon iarratas den sórt sin.

(2) I gcás díospóid, aighneas nó achomharc a rinneadh chun an bhuan-eadránaí nó a cuireadh faoina bhráid faoi aon fhoráil dá luaitear i bhfo-alt (6) ó ritheadh an tAcht Iompair, 1966 , agus nár tugadh breith ina leith sular ritheadh an Chuid seo agus nach dtabharfar breith ina leith i rith na dtrí mhí díreach tar éis an rite sin éistfidh an Chúirt Chuarda an díospóid, an t-aighneas nó an t-achomharc agus tabharfaidh sí breith ar an gcéanna in ionad an buan-eadránaí do thabhairt breithe ar an gcéanna má dhéanann páirtí so chéanna iarratas tar éis éag don tréimhse chun na Cúirte sin trí fhógra foriarratais a sheirbheálfar ar an bpáirtí eile sa chéanna agus ar an mbuan-eadránaí 21 lá ar a laghad roimh an lá a bheartaítear an t-iarratas a dhéanamh agus, faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar na forálacha a luaitear i bhfo-alt (6) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht acu, dá réir sin maidir le haon iarratas den sórt sin.

(3) I gcás iarratais chun na Cúirte Cuarda faoin alt seo déanfar é, mar is rogha leis an duine a dhéanfaidh an t-iarratas, chun breithimh de Chuaird Bhaile Atha Cliath nó chun breithimh na cuarda ina gcónaíonn an duine sin nó ina bhfuil a phríomh-áit ghnó aige.

(4) D'ainneoin aon ní sa Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1924 nó in alt 41 nó 42 d'Acht 1950, féadfar achomharc chun na hArd-Chúirte (agus is breith chríochnaitheach a breith) ar cheist dlí a dhéanamh in aghaidh breith na Cúirte Cuarda faoin alt seo, ach ní fhéadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh breithe den sórt sin ar cheist fíorais.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 8 den Acht Bóthair Iarainn (Sean-Oifigigh agus Seana-Sheirbhísigh), 1926 , ná ag alt 43 d'Acht 1950 maidir le díospóidí, aighnis ná achomhairc a bheidh le héisteacht ag an gCúirt Chuarda faoin alt seo.

(6) San alt seo ciallaíonn “an buan-eadránaí” an buan-eadránaí a ceapadh chun críocha an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1924 nó alt 41 nó 42 d'Acht 1950.

Leathnú, modhnú agus leasú ar an Waterford and Limerick Railway (Deviations) Act, 1851.

1851, c. cx.

31. —(1) D'ainneoin aon ní in Acht 1851, féadfaidh an Bord méadú ar na dolaí a chumasaítear dó le halt 16 den Acht sin a éileamh agus a ghlacadh i leith trácht a úsáideann an droichead a luaitear in alt 14 den Acht sin, agus measfar gur muirir de réir brí ailt 8 d'Acht 1958 agus gur muirir a fhéadfaidh an Bord a shocrú, a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú faoin alt sin na dolaí sin.

(2) Bainfidh ailt 16 agus 26 d'Acht 1851 le feithicil inneallghluaiste de réir brí ailt 4 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 .

(3) Beidh cion faoi alt 26 d'Acht 1851 inphionósaithe, ar chiontú go hachomair, le fíneáil nach mó ná an méid a shonraítear san alt sin.

(4) Leasaítear leis seo alt 28 d'Acht 1851 trí “of Timber,” a scriosadh.

(5) San alt seo ciallaíonn “Acht 1851” an Waterford and Limerick Railway (Deviations) Act, 1851.

Buanú sochar aoisliúntas do dhaoine a aistríodh nó a aistreofar ón mBord chun an Cuideachta.

32. —I gcás fostaíocht duine faoin mBord agus an duine sin ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord (lena n-áirítear oifigeach nó seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht don Bhord faoi alt 14 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958 , nó faoi alt 11 den Acht seo) a fhoirceannadh chun a chumasú don duine sin dul i bhfostaíocht faoin gCuideachta agus an duine sin dul i bhfostaíocht faoin gCuideachta ar an bhfoirceannadh sin—

(i) beidh ag an duine, agus ag aon duine a bheidh ag éileamh tríd, an ceart céanna chun bheith ina chomhalta d'aon scéim aoisliúntais, agus chun sochair faoi scéim den sórt sin, d'oifigigh nó do sheirbhísigh don Bhord (seachas scéim leasa an Bhoird don fhoireann rialta pá) a bheadh aige dá mba fhostaíocht faoin mBord a fhostaíocht faoin gCuideachta,

(ii) ach amháin mar a gcomhaontófar ar a mhalairt idir an Bord agus an Chuideachta, na hoibleagáidí (cibé acu dlí nó gnás is bonn dóibh) i leith aon scéime den sórt sin agus i leith a comhaltaí a bhí ar an mBord roimh an bhfoirceannadh sin rachaidh siad, ar an duine sin dul i bhfostaíocht amhlaidh, chun bheith ina n-oibleagáidí ar an gCuideachta,

(iii) aon eatramh (más ann) a bheidh idir dáta an fhoirceannta réamhráite agus dáta tosaithe na fostaíochta faoin gCuideachta measfar, chun críocha aon scéime den sórt sin, nach briseadh é ar fhostaíocht an duine sin, agus

(iv) féadfaidh an Bord forálacha do thabhairt éifeachta don alt seo a chur in aon scéim nó scéimeanna do leasú aon scéime den sórt sin agus, i gcás ina bhfuil cumhacht tugtha don Aire scéim nó scéimeanna den sórt sin a dhaingniú, féadfar an chumhacht sin a fheidhmiú d'ainneoin forálacha den sórt sin a bheith curtha isteach agus féadar an daingniú sin a dhéanamh gan na forálacha a mhodhnú nó ar iad a mhodhnú (trí ábhar a chur leo nó a leagan astu nó iad a athrú) mar is cuí leis an Aire.

Ailt 16 agus 34 d'Acht 1950 a chur chun feidhme maidir leis an gCuideachta.

33. —Beidh feidhm agus éifeacht maidir leis an gCuideachta mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir leis an mBord ag ailt 16 agus 34 d'Acht 1950 (a bhaineann faoi seach leis an mBord do thabhairt eolais don Aire agus le cuntais an Bhoird agus le hiniúchadh na gcuntas sin).

Srian le hathrú ar mheabhrán agus ar airteagail chomhlachais na Cuideachta.

1963, Uimh. 33 .

34. —D'ainneoin aon ní in Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó i meabhrán nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta ní bheidh aon athrú ar mheabhrán ná ar airteagail chomhlachais na Cuideachta bailí ná éifeachtach mura mbeidh ceadaithe roimh ré ag an Aire é a dhéanamh.

Forálacha a bhaineann le C.I.E. Tours International Incorporated.

35. —(1) Áiritheoidh an Bord go dtabharfaidh an Chuideachta Mheiriceánach don Aire cibé eolas a bheidh ag teastáil uaidh ó am go ham maidir le hábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí na Cuideachta Meiriceánaí, seachas riarachán ó lá ó lá, agus a mheasfaidh sé a bhaineann le leas an phobail.

(2) Áiritheoidh an Bord go gcomhlíonfaidh an Chuideachta Mheiriceánach alt 34 d'Acht 1950 ionann is dá mbaineadh an t-alt sin leis an gCuideachta Mheiriceánach ach amháin a mhéid a bheidh an t-alt sin ar neamhréir le dlíthe Stát Nua Eabhrac a bhaineann le cuideachtaí agus corparáidí.

(3) Áiritheoidh an Bord nach ndéanfar aon athrú ar Dheimhniú Corpraithe ná ar Fhodhlíthe na Cuideachta Meiriceánaí gan ceadú roimh ré ón Aire.

(4) San alt seo ciallaíonn “an Chuideachta Mheiriceánach” an chuideachta a corpraíodh faoi dhlíthe Stát Nua Eabhrac, ar a dtugtar C.I.E. Tours International Incorporated agus a fuair an Bord faoin Ordú um an Acht Iompair (Cumachtaí Breise), 1969 (I.R. Uimh. 265 de 1969).

Leasú ar alt 22 den Regulation of Railways Act, 1868.

1868, c. 119.

36. —Leasaítear leis seo alt 22 den Regulation of Railways Act, 1868, trí “twenty-five pounds” a chur in ionad “Five Pounds”.