4 1971


Uimhir 4 de 1971


AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DE LEATHNÚ NA nACHTANNA UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960 AGUS 1963. [16 Márta, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Léiriú agus forléiriú.

1960, Uimh. 32 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 .

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

1963, Uimh. 11 .

2. —Déantar leis seo alt 9 de Phríomh-Acht, a fhorchuireann teorainn le ráthú ag an Aire go n-aisíocfar airgead a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht, a leasú—

(a) trí “£3,000,000” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “£1,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1963 ),

agus

(b) trí “nó féadfaidh sé a ráthú go n-íocfaidh an Chuideachta go cuí tráthchodanna airgid a bheidh dlite den Chuideachta agus gan íoc faoi chonradh a rinne an Chuideachta nó an t-ús ar aon airgead den sórt sin a bheidh gan íoc nó go ndéanfar na tráthchodanna sin agus fós an t-ús sin a íoc” a chur i bhfo-alt (1) i ndiaidh “don Chuideachta a ráthú” agus i bhfo-alt (2) i ndiaidh “agus fós an t-ús sin a íoc”.

Forléiriú alt 9 den Phríomh-Acht.

1954, Uimh. 9 .

3. —(1) Chun críocha alt 9 den Phríomh-Acht, measfar gur suimeanna a ráthaigh an tAire Airgeadais faoin bPríomh-Acht na suimeanna a ráthaigh an tAire Airgeadais faoin Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 , i leith airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht.

(2) In alt 9 (5) (c) den Phríomh-Acht forléireofar an tagairt do phríomhshuim mar thagairt a fholaíonn tagairt d'airgead atá dlite den Chuideachta agus gan íoc faoi chonradh a rinne an Chuideachta, agus in ailt 12 (b) agus 12 (c) den Phríomh-Acht forléireofar an tagairt d'airgead a fuarthas ar iasacht mar thagairt a fholaíonn tagairt d'airgead atá dlite den Chuideachta agus gan íoc faoi chonradh a rinne an Chuideachta.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1971, a ghairm de na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 agus 1963, agus den Acht seo le chéile.