An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa)

14 1970

AN tACHT AIRGEADAIS, 1970

CUID III

Dleachtanna Báis

Leasú ar alt 21 den Acht Airgeadais, 1956 .

1956, Uimh. 22 .

1894, c. 30.

33. —(1) I gcás—

(a) stoic, scaireanna nó urrúis a d'aistrigh ar bhás a tharla tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1966, agus nach stoic, scaireanna ná urrúis iad a bhfuil deimhniú faoi alt 329 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó deimhniú faoi alt 332 den Acht sin tugtha ina leith ach ar stoic, scaireanna nó urrúis iad a raibh na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (2) den alt sin 329 agus in alt 330 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt sin 332 comhlíonta ina leith le linn an aistrithe sin, agus

(b) deimhniú faoin alt sin 329 nó deimhniú faoin alt sin 332 a thabhairt laistigh de dhá bhliain tar éis an aistrithe sin.

beidh feidhm ag forálacha alt 21 den Acht Airgeadais, 1956 , maidir leis na stoic, leis na scaireanna nó leis na hurrúis sin ionann is dá mbeadh feidhm ag an alt sin 329 nó ag an alt sin 332, de réir mar a bheidh, maidir leo le linn an aistrithe sin.

(2) I gcás ina mbeidh, in aon chás den sórt sin, dleacht eastáit íoctha ar luach iomlán aon stoic, scaireanna nó urrús ar na mheas de réir forálacha alt 7 (5) den Finance Act, 1894, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim abé aisíoc is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo

Leasú ar alt 20 den Acht Airgeadais, 1965 .

1965, Uimh. 22 .

34. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 den Acht Airgeadais, 1965

(a) trí “cuideachta ar chuideachta í a bhí an tráth sin nó a tháinig dá éis sin faoi rialú an éagaigh” a chur in ionad “cuideachta faoi rialú an éagaigh” i bhfo-ailt (3) (a) agus (4) (a) (i), agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (4):

“(d) Más rud é, i gcás lena mbaineann mír (a) (i), gur chuideachta neamhthrádálach an chuideachta a bhí faoi rialú an éagaigh, beidh éifeacht ag an bhfo-alt seo ionann is dá scriosfaí ‘seachas díbhinní nó ús ar stoc, scaireanna, nó bintiúir de chuid na cuideachta’ as mír (a) (ii).”

(2) I gcás ina measfar, chun críocha fho-alt (5) den alt sin 20, cuideachta a bheith foirceanta go saorálach agus a sócmhainní a bheith réadaithe ar dháta áirithe, is é an méid a mheasfar a bheith réadaithe amhlaidh an méid is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a rachadh na sócmhainní dá ndíolfaí iad ar an margadh oscailte ar an dáta sin.

(3) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le bás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 24 den Acht Airgeadais, 1965

35. —(1) Leasaítear leis seo alt 24 (1) den Acht Airgeadais, 1965 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh cleithiúnach”:

“ciallaíonn ‘leanbh cleithiúnach’—

(i) leanbh (lena n-áirítear leas-leanbh agus leanbh arna uchtáil faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) nach raibh 16 bliana d'aois slán aige ar dháta báis an éagaigh nó a bhí an tráth sin ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais nó á oiliúint ag aon duine d'aon cheird nó gairm in imthosca de shórt go raibh ar an leanbh a am go léir a chaitheamh leis an oiliúint ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad; agus

(ii) leanbh (lena n-áirítear leas-leanbh agus leanbh arna uchtáil faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) a bhí ar dháta báis an éagaigh buanéagumasach, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, ar é féin a chothabháil nó a tháinig chun bheith buanéagumasach amhlaidh sula raibh 21 bliain d'aois slán aige nó le linn dó a bheith ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais nó á oiliúint ag aon duine d'aon cheird nó gairm in imthosca de shórt go raibh ar an leanbh a am go léir a chaitheamh leis an oiliúint ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad;”.

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le bás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 45 den Acht Airgeadais, 1969 .

36. —(1) Leasaítear leis seo alt 24 (1) den Acht Airgeadais, 1969 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh”:

“ciallaíonn ‘leanbh’—

(i) leanbh (lena n-áirítear leas-leanbh arna uchtáil faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) leis an éagach a bhí beo le linn báis an éagaigh agus nach raibh 16 bliana d'aois slán aige an tráth sin nó a bhí an tráth sin ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais nó á oiliúint ag aon duine d'aon cheird nó gairm in imthosca de shórt go raibh ar an leanbh a am go léir a chaitheamh leis an oiliúint ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad, agus

(ii) leanbh (lena n-áirítear leas-leanbh agus leanbh arna uchtáil faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) a bhí ar dháta báis an éagaigh buanéagumasach, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, ar é féin a chothabháil nó a tháinig chun bheith buanéagumasach amhlaidh sula raibh 21 bliain d'aois slán aige nó le linn dó a bheith ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, cólaiste, scoil nó bunachas eile oideachais nó á oiliúint ag aon duine d'aon cheird nó gairm in imthosca de shórt go raibh ar an leanbh a am go léir a chaitheamh leis an oiliúint ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad;”.

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le bás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

Faoiseamh ó mhuirear dleachta dúbailte i gcásanna áirithe.

37. —(1) Más rud é, i ndáil le bás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, go n-éireoidh, de dhroim fho-alt (4) d'alt 20 den Acht Airgeadais, 1965 , éileamh ar dhleacht eastáit i leith sócmhainní cuideachta a bhí faoi rialú an éagaigh de réir brí an ailt sin 20, agus gurb iníoctha dleacht eastáit i ndáil leis an mbás céanna i leith stoic nó scaireanna (seachas bintiúir) sa chuideachta, ansin chun críocha alt 7 (10) den Finance Act, 1894, measfar gur féichiúnas i leith glansócmhainní na cuideachta an féichiúnas mar gheall ar dhleacht eastáit i leith an stoic nó na scaireanna sin ionann is mba ar iontaobhas do chomhaltaí na cuideachta a bhí na sócmhainní sin ar teachtadh aici ag glacadh le leasanna na gcomhaltaí sin mar a bhí siad díreach roimh bhás an éagaigh agus beidh éifeacht ag alt 7 (10) dá réir sin.

(2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “comhalta”, maidir le cuideachta, úinéir tairbhiúil aon stoic nó scaireanna sa chuideachta agus beidh éifeacht ag an tagairt do chuideachta a theachtann a sócmhainní ar iontaobhas dá comhaltaí ionann is dá mbeadh na sócmhainní ar teachtadh ar iontaobhas do na comhaltaí de réir na gceartanna a ghabhann leis an stoc nó leis na scaireanna sa chuideachta agus ionann agus dá mbeadh gníomhaithe ag an gcuideachta i bhfeidhmeannas iontaobhaí go heisiatach le cumhacht gnó na cuideachta a sheoladh agus sócmhainní na cuideachta a úsáid sa chéanna.

Díolúine a shíneadh go dtí bronntanais don Stát.

1961, Uimh. 23 .

38. —(1) I gcás bronntanas don Stát (de réir brí alt 23 (4) den Acht Airgeadais, 1961 ) a bheith teorannaithe chun éifeacht dochloíte a ghlacadh ar bhás mharthanóir an deontóra agus céile an deontóra agus an dá bhás tarlú tar éis dáta an Achta seo a rith, ní dhéanfar an mhaoin is ábhar an bhronntanais a áireamh ar an maoin a aistreoidh nó a mheasfar a aistreoidh ar cheachtar bás tarlú.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt sin 23 maidir leis an díolúine a dheonaítear le fo-alt (1) den alt seo agus beidh feidhm ag fo-alt (3) den alt sin 23 maidir leis an dleacht a thiocfaidh chun bheith iníoctha ar an díolúine sin foirceannadh.

Urrúis áirithe srianta ó dhíolúine ó dhleacht.

39. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta faoi rialú an éagaigh de réir brí alt 20 den Acht Airgeadais, 1965 ;

ciallaíonn “éagach” duine ar bhás a fháil dó tar éis dáta an Achta seo a rith agus a raibh sainchónaí nó gnáthchónaí air sa Stát díreach roimh a bhás;

ciallaíonn “comhalta”, maidir le cuideachta, duine is sealbhóir dá cheart féin ar aon scair sa chuideachta nó ar bhintiúr de chuid na cuideachta agus duine ag a bhfuil leas in aon scair nó bintiúr sa chuideachta atá ar teachtadh aige féin nó ag duine eile, seachas de cheart an tsealbhóra féin agus aon duine eile a bhfuil an chuideachta faoi dhliteanas aige seachas chun críocha gnó na cuideachta go hiomlán, eisiatach;

ciallaíonn “urrúis” urrúis (lena n-áirítear bintiúir, stoc bintiúir, bannaí morgáiste agus stoc morgáiste agus deimhnithe muirir faoi na hAchtanna Cáirde Talmhaíochta, 1927 go 1965) arna n-eisiúint, roimh dháta nó tar éis dáta an Achta seo rith, agus coinníoll leo go mbeidh siad díolmhaithe ó chánachas le linn dóibh a bheith ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát.

(2) I gcás ina mbeidh, maidir le haon urrúis, feidhm i ndáil le bás an éagaigh ag an díolúine ó chánachas, ansin, faoi réir na n-eisceachtaí a fhoráiltear leis na forálacha seo a leanas den alt seo—

(a) measfar chun críocha dleachta eastáit, dleachta leagáide nó dleachta comharbais, de réir mar a bheidh, suim airgid ar cóimhéid leis an luach ar a mbeadh dleacht iníoctha mura mbeadh an díolúine ar áireamh ar an maoin arb intobhaigh dleacht ina leith ar an mbás.

(b) maidir le dleacht eastáit—

(i) chun críocha comhshuimithe agus chun na daoine atá freagrach i ndleacht a chinneadh, déanfar an tsuim a mheasfar amhlaidh a bheith ar áireamh a chur i gcuntas mar shuim ba mhaoin a raibh teideal iomlán ag an éagach chuici le linn a bháis, ach murarbh é an t-éagach a bhunaigh na himthosca ina mbeidh feidhm amhlaidh ag an díolúine maidir leis na hurrúis, ní bheidh d'fheidhm ag mír (a) den fho-alt seo ionadaithe pearsanta an éagaigh a dhéanamh freagrach sa dleacht nó chun méid na dleachta a mhéadú thar an méid a bheadh dlite mura mbeadh aon díolúine ann;

(ii) a mhéid nach mbeidh an dleacht a fhorchuirtear leis an mír sin (a) íoctha ag ionadaithe pearsanta an éagaigh, forchuirfear freagracht sa dleacht ar aon duine a bheadh, dá mbeadh an díolúine gan feidhm maidir leis na hurrúis, freagrach sa dleacht orthu faoi na hachtacháin a bhaineann le dleacht eastáit;

(iii) áireofar chun críocha an fho-ailt seo aon íocaíocht ó ionadaithe pearsanta an éagaigh mar íoc na dleachta a fhorchuirtear leis an mír sin (a) ach sin amháin an méid nach intobhaigh aon dleacht eastáit ar an mbás a bhfuil siad freagrach inti agus nach mbeidh íoctha;

(c) maidir le dleacht leagáide nó dleacht comharbais, de réir mar a bheidh, déanfar, chun an ráta dleachta agus na daoine atá freagrach i ndleachta agus na daoine atá freagrach i ndleacht a chinneadh, an tsuim a mheasfar amhlaidh a bheith ar áireamh a chur i gcuntas mar leagáid nó comharbas a dhíorthaigh ón tiomnóir céanna nó ón gcomharba céanna ónar dhíorthaigh na hurrúis agus atá faoi réir na n-iontaobhas céanna leis na hurrúis.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nó, ar achomharc faoi alt 10 den Finance Act, 1894, chun sástacht na cúirte a bhreithneoidh an t-achomharc, nach ndearnadh na himthosca ina bhfuil feidhm ag an díolúine i leith na n-urrús a bhunú d'aon-chrích, nó chun críocha ar ceann díobh críoch, sochar na díolúine a fháil, díreach nó neamhdhíreach, le haghaidh, nó le haghaidh eastáit, duine ar a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí sa Stát nó le haghaidh cuideachta a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí sa Stát ar aon chomhalta di.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i leith aon urrúis mura duine ar a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí sa Stát aon duine a bheadh freagrach sa dleacht ab intobhaigh, ar an éagach d'fháil bháis, i leith na n-urrús sin agus ar an mbonn tuisceana nach raibh feidhm ag an díolúine maidir leo.

(5) Má fhaigheann deontaí nó duine eile, agus freagracht teagmhasach air i ndleacht ar an mbonn tuisceana a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, bás roimh an éagach beidh feidhm ag an bhfo-alt sin, a mhéid a bhaineann sé leis an deontaí nó leis an duine eile sin, maidir leis féin agus ní bheidh maidir lena ionadaithe pearsanta nó lena chomharbaí i dteideal agus de réir na háite a raibh sainchónaí nó gnáthchónaí air le linn a bháis.

(6) (a) Dá mba iad na daoine, nó dá mbeadh ar áireamh na ndaoine, a bheadh ar an mbonn tuisceana a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, freagrach amhlaidh iontaobhaithe socraíochta a bunaíodh roimh an mbás, cibé ann nó gan bheith ann di le linn an bháis, ní bheidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (4) ach ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir leis na hurrúis má shuítear agus a mhéid a shuífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, nó, ar achomharc, faoi alt 10 den Finance Act, 1894, chun sástacht na cúirte a bhreithneoidh an t-achomharc, gurb aon duine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí air sa Stát a mbeadh iompar eire na dleachta air ag féachaint do na leasa a bhí ann díreach tar éis an bháis, agus chun críocha an fho-ailt seo, cuirfear i gcuntas leasanna in ioncam, leasanna i gcaipiteal, leasanna i seilbh agus leasanna frithdhílse.

(b) I gcás ina mbeadh, ar an mbonn tuisceana a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, iompar eire na dleachta, go hiomlán nó go páirteach, ar chuideachta, beidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ionann is dá mba ar iontaobhas do chomhaltaí na cuideachta a bhí sócmhainní na cuideachta ar teachtadh aici ag glacadh le leasanna na gcomhaltaí sin mar a bhí siad díreach roimh bhás an éagaigh.

(7) Má bhíonn leasanna faoi iontaobhas a bhí ann le linn an bháis le cur i gcuntas faoi fho-alt (6) den alt seo, agus gur leasanna a bhraitheann ar aon iontaobhaí nó ar aon duine eile d'fheidhmiú rogha na leasanna eile san iontaobhas seachas leasanna frithdhílse, ní chuirfidh fo-alt (6) fo-alt (2) den alt seo do leataobh má tá sainchónaí nó gnáthchónaí sa Stát ar aon duine de na daoine ag a bhfuil leas san iontaobhas.

(8) Beidh feidhm ag fo-alt (6), agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (4), den alt seo dá mba chuideachta na daoine, nó dá mbeadh cuideachta ar áireamh ar na daoine a bheadh, ar an mbonn tuisceana a shonraí-i bhfo-alt (4) den alt seo, freagrach amhlaidh ionann is dá mbeadh sócmhainní na cuideachta ar teachtadh ar iontaobhas aici dá comhaltaí ag glacadh le leasanna na gcomhaltaí sin sa chuideachta mar a bhí siad ann díreach roimh bhás an éagaigh.

(9) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (4) go (8) den alt seo fo-alt (2) den alt seo ó fheidhm a bheith aige maidir le haon urrúis atá socraithe faoi shocraíocht is inaisghairthe go hiomlán nó go páirteach aon tráth tar éis báis an éagaigh ar thionscnamh aon duine.

(10) Beidh feidhm ag alt 8 (4) den Finance Act, 1894, ionann is dá scriosfaí “and his executor is not accountable for the estate duty in respect of such property” chun críocha freagrachta i leith dleachta is iontobhaigh de bhua an ailt seo agus freisin chun críocha an ailt seo mar a bhaineann sé leis na daoine a bheadh freagrach i ndleacht ar na boinn thuisceana a shonraítear i bhfo-ailt (2), (4) agus (6) den alt seo.

(11) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh éifeacht ag na tagairtí atá i bhfo-alt (6) agus i bhfo-alt (8) den alt seo do chuideachta a theachtann a sócmhainní ar iontaobhas dá comhaltaí ionann is dá mbeadh na scaireanna ar teachtadh ar iontaobhas do na comhaltaí de réir na gceartanna a ghabhann leis na scaireanna sa chuideachta agus le bintiúir na cuideachta agus leis na téarmaí ar ar tabhaíodh aon dliteanas den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus ionann agus nár gníomhaigh an chuideachta ach amháin i bhfeidhmeanas iontaobhaí agus cumhacht aici gnó na cuideachta a sheoladh agus sócmhainní na cuideachta a úsáid chuige sin;

(b) aon leasanna a bhraitheann ar fheidhmiú rogha dá dtagraítear i bhfo-alt (7) den alt seo folaíonn siad leasanna, cibé acu leasanna i gcaipiteal nó in ioncam iad, dá ndéanann sé difear rogha a fheidhmiú i bhfabhar duine éigin seachas an duine atá i dteideal an leasa.