|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1970 | ||
[EN] |
ACHT NA bPRÍOSÚN, 1970 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE DLÍ AGUS CIRT, D'FHONN ATHINMHEACHAN CIONTÓIRÍ A CHUR AR AGHAIDH, ÁITEANNA SEACHAS PRÍOSÚIN A SHOLÁTHAR CHUN DAOINE A CHOINNEÁIL A bhFUIL PIANBHREITH PHIANSEIRBHÍSE NÓ PRÍOSÚNACHTA NÓ COINNEÁIL I bhFORAS NAOMH PÁDRAIG CURTHA ORTHU AGUS DO DHÉANAMH LEASÚ AR SHLITE EILE AR AN DLÍ A BHAINEANN LE PRÍOSÚIN AGUS LEIS AN bhFORAS SIN. [28 Iúil, 1970.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |
[EN] | tá an bhrí chéanna le “Foras Naomh Pádraig” atá leis san Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 . | |
[EN] |
Aiteanna coinneála seachas príosúin a sholáthar. |
2. —Féadfaidh an tAire, d'fhonn athinmheachan ciontóirí a chur ar aghaidh, áiteanna seachas príosúin a sholáthar chun daoine a choinneáil a bhfuil pianbhreith phianseirbhíse nó príosúnachta nó coinneáil i bhForas Naomh Pádraig curtha orthu. |
[EN] |
Rialacháin i dtaobh áiteanna a sholáthrófar faoin Acht seo agus daoine a bheidh ar coinneáil iontu. |
3. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na haicmí daoine a fhéadfar a choinneáil in áit a sholáthrófar faoi alt 2 den Acht seo a shonrú faoi threoir aoise agus gnéis. |
[EN] | (b) Ní dhéanfar duine nach d'aicme a bheidh sonraithe amhlaidh maidir le háit áirithe a choinneáil san áit sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le háiteanna a sholáthrófar faoi alt 2 den Acht seo a rialú agus a bhainistí agus le daoine a bheidh ar coinneáil sna háiteanna sin a aicmiú, a chóireáil, a fhostú agus a rialáil. | |
[EN] | (3) Aon rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin sin. | |
[EN] |
Achtacháin a chur chun feidhme maidir le príosúin. 1914, c. 58. |
4. —Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh ag Achtanna na bPríosún, 1826 go 1956, ag Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, agus ag aon achtacháin eile a bhaineann le príosúin, le Foras Naomh Pádraig nó le daoine atá ag fulaingt pianbhreithe i bpríosúin nó san Fhoras sin feidhm, maidir le háit a soláthraíodh faoi alt 2 den Acht seo ionann is dá mba phríosún nó an Foras sin é, de réir mar a bheidh, agus measfar daoine a bheidh ar coinneáil in áit den sórt sin a bheith ag fulaingt pianbhreithe pianseirbhíse nó príosúnachta nó coinneála san Fhoras sin, de réir mar a bheidh, ach ní bheidh feidhm maidir le háit den sórt sin ag alt 17 (3) den Criminal Justice Administration Act, 1914, a mhéid go bhfuil socrú ann chun príosúnaigh a chimiú. |
[EN] |
Cumhacht an Aire chun a ordú daoine a aistriú ó áiteanna agus go dtí áiteanna a soláthraíodh faoin Acht seo. 1908, c. 59. |
5. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo ach gan dochar do ghinearáltacht alt 4 den Acht seo, féadfaidh an tAire a ordú— |
[EN] | (a) príosúnach a aistriú— | |
[EN] | (i) ó phríosún go dtí áit a soláthraíodh faoi alt 2 den Acht seo, agus | |
[EN] | (ii) ó áit den sórt sin go dtí príosún, go dtí Foras Naomh Pádraig, nó go dtí áit eile den sórt sin, | |
[EN] | chun a phianbhreith go léir nó aon chuid den mhéid di a bheidh gan chaitheamh a fhulaingt, | |
[EN] | (b) duine ar cuireadh pianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig air a aistriú— | |
[EN] | (i) ón bhForas sin go dtí áit den sórt sin, agus | |
[EN] | (ii) ón áit sin go dtí an Foras sin nó go dtí áit eile den sórt sin, | |
[EN] | chun a phianbhreith go léir nó aon chuid den mhéid di a bheidh gan chaitheamh a fhulaingt. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag alt 3 den Prevention of Crime Act, 1908, maidir le duine a bheidh ar coinneáil in áit a soláthraíodh faoi alt 2 den Acht seo. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , agus ar an Prevention of Crime Act, 1908. |
6. —(1) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo an tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , maidir le daoine a athchuirfear nó a chimeofar i gcoimeád nó a dtabharfar pianbhreith orthu tar éis tosach feidhme an Achta seo— | |
[EN] | (a) trí “naoi mbliana déag” a chur in ionad “bliain is fiche” in alt 9 (1) a mhéid a bhaineann sé le daoine a athchur nó a chimiú i gcoimeád chun Foras Naomh Pádraig, agus | |
[EN] | (b) trí “naoi mbliana déag” a chur in ionad “bliain is fiche” in alt 13 (1). | |
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 1 den Prevention of Crime Act, 1908, maidir le daoine a gcuirfear pianbhreith orthu tar éis tosach feidhme an Achta seo— | |
[EN] | (a) trí “nineteen” a chur in ionad “twenty-one” i bhfo-alt (1) (a), agus | |
[EN] | (b) trí fho-alt (2) a scriosadh. | |
[EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 3 den Prevention of Crime Act, 1908, a dúradh trí “not more than twenty-one years of age” a chur in ionad “within the limits of age within which persons may be detained in a Borstal Institution”. | |
[EN] |
Cumhachte an Aire a ordú daoine ar coinneáil a aistriú as Foras Naomh Pádraig go dtí príosún d'fhonn plódú a mhaolú. |
7. —(1) (a) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh agus beidh sé i ngníomh ar feadh cibé tréimhse a shonróidh an tAire ó am go ham le hordú, tar éis dul i gcomhairle le Coiste Cuairte Fhoras Naomh Pádraig, agus scoirfidh sé de bheith i ngníomh ar éag d'aon tréimhse den sórt sin. |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dul i gcomhairle le Coiste Cuairte Fhoras Naomh Pádraig, ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (2) Aon uair a mheasfaidh an tAire gur gá sin a dhéanamh d'fhonn plódú i bhForas Naomh Pádraig a mhaolú, féadfaidh sé a ordú cibé líon daoine a bheidh ag fulaingt pianbhreithe san Fhoras sin (nach daoine faoi bhun seacht mbliana déag d'aois) a aistriú go dtí príosún ar gá, dar leis, iad a aistriú lena aghaidh sin, agus iomalartóidh sé iarmhar neamhchaite théarma coinneála gach duine den sórt sin go dtí cibé téarma príosúnachta (nach faide ná an t-iarmhar sin) a chinnfidh sé. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag alt 3 den Prevention of Crime Act, 1908, maidir le duine a aistreofar go dtí príosún faoi fho-alt (2) den alt seo ionann is dá mba phianbhreith phríosúnachta agus nár phianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig a tugadh i gcéaduair ar an duine. | |
[EN] |
Caiteachais. |
8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrteideal, comhlua agus forléiriú. |
9. —(1) Féadfar Acht na bPríosún, 1970 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970, a ghairm d'Achtanna na bPríosún, 1826 go 1956, d'Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad mar aon ní amháin. |