|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 13 de 1969 | ||
| [EN] |
ACHT CHURRACH CHILL DARA, 1969 | |
[An tiontú oifiiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT CHURRACH CHILL DARA, 1961 . [27 Bealtaine, 1969.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Mínithe. I.R. Uimh. 7 de 1964 . |
1. —(1) San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1961” Acht Churrach Chill Dara, 1961 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “na Tailte” Tailte Gorma agus Tailte Uaine an Churraigh (is abairtí a bhfuil an bhrí chéanna leo atá leo in Acht 1961); | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Cosanta; | |
| [EN] | ciallaíonn “an branda oifigiúil” an branda atá ainmnithe de thuras na huaire faoi Fhodhlí 5 d'Fhodhlíthe an Churraigh, 1964. | |
| [EN] | (2) Na tagairtí atá san Acht seo don Mhaor is tagairtí iad don duine atá ar fostú ag an Aire chun dualgais a dhéanamh i ndáil le bainistí an Churraigh agus na gcomhcheartanna féaraigh a bhaineann leis an gCurrach agus ar a bhfuil cumhachtaí agus dualgais i ndáil le caoirigh ar an gCurrach bronnta nó forchurtha le Fodhlí 5 d'Fhodhlíthe Churrach Chill Dara, 1964, agus na tagairtí atá san Acht seo d'Fhomhaor is tagairtí iad d'aon duine atá ar fostú ag an Aire chun cabhrú leis an Maor ag feidhmiú a chumhacht agus ag déanamh a dhualgas dó. | |
| [EN] | (3) Folóidh tagairtí san Acht seo d'Fhodhlíthe an Churraigh, 1964, tagairtí d'aon fhodhlíthe arna ndéanamh tar éis dáta an Achta seo a rith ag leasú, in ionad nó ag aisghairm Fodhlíthe an Churraigh, 1964, a dúradh. | |
| [EN] |
Srian le hainmhithe a bheith ar an gCurrach. 1870, c. 74. |
2. —(1) I gcás aon duine— |
| [EN] | (a) ní thabharfaidh sé aon chaora isteach ar na Tailte ná ní bheidh aon chaora ar na Tailte aige mura mbeidh údarás chuige sin aige ón Maor, agus | |
| [EN] | (b) ní choimeádfaidh sé aon chaora, ná ní bheidh aon chaora ar féarach aige, ar na Tailte ach amháin faoi réim agus de réir an Curragh of Kildare Act, 1870, agus Acht 1961 agus mura mbeidh údarás chuige sin aige ón Maor. | |
| [EN] | (2) I gcás aon duine— | |
| [EN] | (a) ní thabharfaidh sé aon ainmhí seachas caora isteach ar na Tailte, ná ní bheidh aon ainmhí seachas caora aige ar na Tailte, mura mbeidh údarás chuige sin aige ón Maor, agus | |
| [EN] | (b) ní choimeádfaidh sé aon ainmhí seachas caora ar na Tailte ná ní bheidh aon ainmhí seachas caora ar féarach aige ar na Tailte. | |
| [EN] |
Forálacha maidir le caoirigh a choimeádtar ar an gCurrach. 1870, c. 74. |
3. —(1) Ní choimeádfar caoirigh, ná ní bheidh caoirigh ar féarach, ar na Tailte mura mbeidh an branda oifigiúil agus branda a úsáideann úinéir na gcaorach brandáilte orthu. |
| [EN] | (2) A luaithe is féidir tar éis caora a bheidh á coimeád nó ar féarach ar na Tailte a bhearradh, tabharfar í go dtí an Maor lena brandáil leis an mbranda oifigiúil agus brandálfaidh úinéir na caorach branda uirthi a úsáideann sé. | |
| [EN] | (3) Ní úsáidfidh duine branda le branda a chur ar chaora a bheidh á coimeád nó ar féarach ar an gCurrach más comhionann é, i dtuairim an Mhaoir, leis an mbranda oifigiúil. | |
| [EN] | (4) Trí lá ar a laghad sula dtabharfaidh úinéir caorach caoirigh isteach ar na Tailte chun iad a choimeád ansin nó chun iad a bheith ar féarach aige ansin, tabharfaidh sé fógra don Mhaor go bhfuil sin ar intinn aige agus tabharfaidh sé tuairisc scríofa don Mhaor ar an mbranda a bheidh aige ar na caoirigh agus, má bheartaíonn sé aon tráth branda eile a chur ar na caoirigh, tabharfaidh sé tuairisc scríofa ar an mbranda eile don Mhaor trí lá ar a laghad sula dtosóidh sé ag úsáid an bhranda eile. | |
| [EN] | (5) Trí lá ar a laghad sula n-aistreoidh sé ó na Tailte caoirigh a bheidh á gcoimeád ansin de réir an Curragh of Kildare Act, 1870, agus Acht 1961, tabharfaidh úinéir na gcaorach fógra don Mhaor go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh. | |
| [EN] | (6) (a) Féadfaidh an Maor aon tráth a iarraidh ar úinéir aon chaorach a bheidh á gcoimeád nó ar féarach ar na Tailte na caoirigh a chruinniú agus a ligean don Mhaor iad a chomhaireamh agus na brandaí orthu a inniúchadh. | |
| [EN] | (b) Déanfaidh duine mar a iarrfaidh an Maor faoin bhfo-alt seo. | |
| [EN] | (7) Chun críocha an Achta seo, measfar gur caora uan an 1ú lá de Mheán Fómhair díreach i ndiaidh lá a bhreithe. | |
| [EN] |
Forálacha maidir le hionchúisimh mar gheall ar an Acht a shárú. 1870, c. 74. |
4. —(1) Más rud é, i gcás duine a ionchúiseamh mar gheall ar an Acht seo a sharú maidir le hainmhí, go gcruthófar go bhfuarthas an t-ainmhí ar na Tailte agus go gcruthófar (de bhua fho-alt (2) den alt seo nó eile) gurbh é an duine úinéir an ainmhí sin an tráth a fuarthas amhlaidh é, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt— |
| [EN] | (a) nár chaora an t-ainmhí, gur thug an duine an t-ainmhí isteach ar na Tailte nó go raibh an t-ainmhí ar na Tailte aige gan údarás chuige sin aige ón Maor nó go raibh an t-ainmhí á choimeád nó ar féarach ag an duine ar na Tailte, | |
| [EN] | (b) má ba chaora an t-ainmhí, gur thug an duine an t-ainmhí isteach ar na Tailte nó go raibh an t-ainmhí ar na Tailte aige gan údarás chuige sin aige ón Maor nó go raibh an t-ainmhí á choimeád nó ar féarach ar na Tailte ag an duine ar shlí seachas faoi réim agus de réir an Curragh of Kildare Act, 1870, agus Acht 1961 agus gan údarás chuige sin aige ón Maor, nó | |
| [EN] | (c) má ba chaora an t-ainmhí agus go gcruthófar nach raibh sé, nuair a fuarthas amhlaidh é, brandáilte de réir forálacha an Achta seo, go raibh sé á choimeád nó ar féarach ar na Tailte ag an duine gan bheith brandáilte mar a dúradh, | |
| [EN] | de réir mar is iomchuí ag féachaint don fhoráil iomchuí den Acht seo a líomhnaítear a sháraigh an duine. | |
| [EN] | (2) Más rud é, i gcás duine a ionchúiseamh mar gheall ar fhoráil den Acht seo a shárú maidir le hainmhí a fuarthas ar na Tailte agus ar a raibh, nuair a fuarthas amhlaidh é, branda (seachas an branda oifigiúil), go gcruthófar gurbh é an duine úsáidire nó úsáidire ainme an bhranda, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurbh é an duine úinéir an ainmhí an tráth sin. | |
| [EN] |
Forálacha maidir leis an Maor agus Fomhaor. I.R. Uimh. 7 de 1964 . |
5. —(1) Beidh ag an Aire, agus measfar go raibh aige ariamh, cumhacht duine a cheapadh ó am go ham ina Mhaor nó ina Fhomhaor faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha fostaíochta (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais. |
| [EN] | (2) Féadfaidh Fomhaor cumhachtaí agus dualgais an Mhaoir faoin Acht seo agus faoi Fhodhlíthe an Churraigh, 1964, a fheidhmiú nuair a bheidh an Maor as láthair nó faoi údarás an Mhaoir. | |
| [EN] | (3) Déanfar na tagairtí atá i bhFodhlíthe an Churraigh, 1964, don Mhaor Cinn a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaor. | |
| [EN] |
Cionta. |
6. —Beidh aon duine a sháróidh foráil den Acht seo ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae nó coda de lá a leanfaidh an cion agus nach mó ná céad punt san iomlán. |
| [EN] |
Cúlghairm. I.R. Uimh. 7 de 1964 . |
7. —Cúlghairtear leis seo Fodhlíthe 4 agus 5 (gan an dara agus an tríú abairt de mhír (iv) ná míreanna (v), (x), (xii), (xiii) agus (xiv) a áireamh) agus Fodhlí 15 d'Fhodhlíthe an Churraigh, 1964. |
| [EN] |
Caiteachais an Aire. |
8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
9. —Féadfar Acht Churrach Chill Dara, 1969 , a ghairm den Acht seo. |