An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cáin Mhórdhíola) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta Custam))

33 1968

AN tACHT AIRGEADAIS, 1968

CUID VII

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1967, Uimh. 17 .

33. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1967” alt 24 den Acht Airgeadais, 1967 ;

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1967 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1969, ach “£2,000,850” a chuir in ionad “£1,880,083”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1967 ach “£1,269,345” a chur in ionad “£1,216,320”.

(4) Déanfar suim £2,453,220 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1969.

(5) Déanfar an t-ochtú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise déag, nach mó ná £1,586,900 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an ochtú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Faoiseamh ar sheirbhísí innealtóireachta i leith oibreacha lasmuigh den Stát.

1967, Uimh. 6 .

1956, Uimh. 47 .

34. —(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhísí innealtóireachta” seirbhísí dearaidh agus pleanála ar sa Stát a sheoltar an obair á ndéanamh i ndáil le hoibreacha innealtóireachta ceimicigh, shibhialta, leictreachais nó meicniúil a dhéantar lasmuigh den Stát.

(2) I gcás comhlacht corpaithe a sheolann trádáil arb éard í nó cuid di seirbhísí innealtóireachta a dhéanamh do dhuine eile beidh, má ghlacann an comhlacht corpraithe de rogha é, feidhm chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus chun críocha faoisimh ó cháin bhrabús corparáide faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , ag na forálacha seo a leanas:

(a) measfar gur cuideachta an comhlacht corpraithe i ngach cás nach measfaí gur comhlacht corpraithe é mura mbeadh sin;

(b) measfar gur monarú earraí na seirbhísí sin a dhéanamh agus measfar gur méid is infhaighte i leith earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ina leith, agus

(c) i gcás na seirbhísí sin a dhéanamh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát, measfar gur onnmhairigh an comhlacht corpraithe earraí as an Stát agus measfar gur méid is infhaighte aige ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon íocaíocht is infhaighte aige as na seirbhísí.

(3) Aon rogha a ghlacfar faoi fho-alt (2) glacfar í trí fhógra i scribhinn a sheachadfar don chigire agus beidh éifeacht aici maidir le gach bliain éilimh nach bliain níos luaithe ná an bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus gach tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1968, a mbeidh faoiseamh faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , á eileamh ag an gcomhlacht corpraithe a ghlacfaidh an rogha sin.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chomhlacht corpraithe a éileoidh faoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (2) den alt seo, cibé eolas nó sonraí a thabhairt dóibh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin, agus beidh éifeacht ag alt 404 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ag alt 13 (1) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , ionann is dá mbeadh an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn na hailt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.

(5) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus, i gcás cáin bhrabús corparáide, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, cibé cionroinnt is dóigh leo is iomchuí a dhéanamh i gcás cuid de thréimhse chuntasaíochta a theacht roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus cuid di a theacht an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis:

Ar choinníoll, i gcás ina ndearna comhlacht corpraithe, sular ghlac sé rogha faoin alt seo, díbhinn a íoc agus breis a bheith ag an méid cánach ioncaim a bhí sé i dteideal a bhaint as an díbhinn ar an méid a bheadh sé i dteideal faoi alt 410 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a asbhaint dá nglacfaí an rogha sular íocadh an díbhinn, go ndéanfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim ab inlamháilte mura mbeadh sin a laghdú méid na breise.

(6) I gcás inarb é ioncam nó cuid d'ioncam aon duine d'aon bhliain mheasúnachta díbhinn a raibh éifeacht maidir léi ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (5), beidh teideal ag an duine sin a éileamh go n-aisíocfar leis an méid sin, más aon mhéid é, cánach ioncaim agus forchánach a laghdóidh a dhliteanais iomlána i leith na gcánacha sin go dtí an méid arbh é a dhliteanais é dá n-asbhaintí cáin ioncaim as an díbhinn de réir an ráta ar dá réir ab inasbhainte í dá mba rud é go raibh éifeacht ag fo-alt (2) maidir leis an gcomhlacht corpraithe an tráth a íocadh an díbhinn.

Faoiseamh do chuideachtaí áirithe faoi dhliteanas cánach coigríche.

35. —(1) San alt seo—

folaíonn “tréimhse chuntasaíochta” cuid de thréimhse chuntasaíochta;

ciallaíonn “cáin eachtrach” cáin is inmhuirir agus is iníoctha faoi dhlí na críche ina gcónaíonn an chuideachta is íocóir, is críoch lena mbaineann an t-alt seo, agus a fhreagraíonn do cháin Éireannach:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-alt seo go bhfreagraíonn cáin is iníoctha faoi dhlí cúige, stáit, nó chuid eile de thír, nó a dhéanann aon bhardas nó comhlacht áitiúil eile a thobhach nó a dhéantar a thobhach thar ceann aon bhardais nó comhlachta áitiúil eile, do cháin Éireannach:

ciallaíonn “ioncam”, maidir le cáin bhrabús corparáide, brabúis;

ciallaíonn “cáin Éireannach” cáin ioncaim nó cáin bhrabús corparáide Éireannach nó an dá cháin sin de réir cúinsí an cháis.

(2) Baineann an t-alt seo le gach críoch seachas—

(a) Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór,

(b) Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus

(c) críoch a bhfuil comhshocraíochtaí i bhfeidhm de thuras na huaire lena rialtas de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) I gcás cuideachta (dá ngairtear an chuideachta infheistíochta san alt seo) a bheith tar éis cáin Éireannach a íoc, trí asbhaint nó ar shlí eile, nó a bheith faoi dhliteanas cáin Éireannach a íoc, faoi theoir aon choda dá hioncam a d'éirigh i gcríoch lena mbaineann an t-alt seo, don bhliain mheasúnachta nó d'aon tréimhse chuntasaíochta agus go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gurb éard an chuid sin d'ioncam na cuideachta infheistíochta díbhinn nó ús a d'íoc cuideachta léi a chónaíonn sa chríoch (dá ngairtear an chuideachta is íocóir san alt seo) a bhfuil cuid nach lú ná leath na cumhachta vótála inti faoi rialú, díreach nó neamhdhíreach, na cuideachta infheistíochta,

(b) gur éirigh an díbhinn nó an t-ús sin as infheistiú a rinne an chuideachta infheistíochta sa chuideachta is íocóir, cibé acu trí iasacht nó ar shlí ele, ar shuim nó suimeanna in ionannas—

(i) brabúis a bhfuil an cháin Éireannach is inchurtha ina leith laghdaithe go neamhní faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , nó

(ii) an coibhneas sin brabús a bhfuil an cháin Éireannach is inchurtha ina leith laghdaithe ar shlí seachas go neamhní faoi na forálacha sin is coibhneas ar cóimhéid leis an gcoibhneas ar dá réir atá an cháin Éireannach sin laghdaithe amhlaidh,

agus

(c) go bhfuil cáin eachtrach íoctha ag an gcuideachta infheistíochta sa chríoch a dúradh i leith na coda sin dá hioncam,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh is cóir, d'fhonn faoiseamh a thabhairt i leith cánachais dúbailte ar an gcuid sin d'ioncam cuideachta infheistíochta, a dheonú don chuideachta infheistíochta in aghaidh na bliana measúnachta sin nó na tréimhse cuntasaíochta sin, cibé acu é, ach gan é a bheith níos mó ná cibé ceann acu seo a leanas is lú, is é sin le rá, leath iomlán na cánach Éireannaí a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, iníoctha ag an gcuideachta infheistíochta i leith na coda sin dá hioncam nó an méid den cháin eachtrach a íocadh nó is iníoctha sa chríoch sin i leith na coda sin dá hioncam tar éis aon fhaoiseamh, a mbeidh an chuideachta ina theideal sa chríoch sin a asbhaint.

(4) (a) Cuirfear cáin eachtrach a d'íoc an chuideachta is íocóir i leith a brabús i gcuntas le linn breithniú a bheith á dhéanamh an lamhálfar aon fhaoiseamh, agus, má lamháiltear, cén faoiseamh é, i leith díbhinn a d'íoc an chuideachta is íocóir leis an gcuideachta infheistíochta, agus chun críocha an ailt seo, seachas an fo-alt seo, measfar gur cáin eachtrach a d'íoc an chuideachta infheistíochta an cháin sin nó an chuid is iomchuí di.

(b) Beidh feidhm ag forálacha mhír 9 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , chun méid na cánach eachtraí a dhéanamh amach a d'íoc an chuideachta is íocóir agus a bheidh le cur i gcuntas maidir le haon díbhinn a d'íoc an chuideachta is íocóir leis an gcuideachta infheistíochta mar atá feidhm acu maidir le ríomh cánach coigcríche a bheidh le cur i gcuntas chun críocha na míre sin 9.

(5) (a) Ní údaróidh aon ní san alt seo an oiread sin faoisimh a dheonú faoin alt seo d'aon chuideachta in aghaidh aon bhliana measúnachta nó aon tréimhse cuntasaíochta go laghdófaí méid iomlán (arna ríomh tar éis aon fhaoiseamh a mbeidh an chuideachta ina theideal sa chríoch sin a asbhaint) na cánach Éireannaí agus na cánach eachtraí is iníoctha ag an gcuideachta sin i leith aon choda dá hioncam den chineál a thuairiscítear i bhfo-alt (3) (a) a d'éirigh i gcríoch lena mbaineann an t-alt seo níos lú ná méid na Cánach Éireannaí ab iníoctha ag an gcuideachta i leith na coda sin dá hioncam dá mba sa Stát a d'éirigh an chuid sin dá hioncam agus go mbeadh an chuid sin inchurtha, i lámha na cuideachta infheistíochta, faoi cháin ioncaim agus faoi cháin bhrabús corparáide.

(b) Le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha mhír (a) an méid cánach Éireannaí ab iníoctha amhlaidh ag an gcuideachta i leith na coda sin dá hioncam dá mba sa Stát a d'éirigh an chuid sin—

(i) ní dhéanfar aon asbhaint i leith cánach eachtraí as an gcuid sin dá hioncam, agus

(ii) i gcás ina measfar de bhun fho-alt (4) gur cáin eachtrach a d'íoc an chuideachta infheistíochta cáin eachtrach a d'íoc an chuideachta is íocóir, deileálfar leis an gcuid sin d'ioncam na cuideachta infheistíochta ionann is dá mbeadh sí arna méadú méid na cánach eachtraí a measfar amhlaidh ina taobh.

(6) Beidh éifeacht ag ailt 363 agus 364 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá bhfolódh tagairtí iontu d'fhaoiseamh ó cháin dúbailte tagairtí d'fhaoiseamh a dheonaítear faoin alt seo.

(7) Tabharfar faoiseamh faoin alt seo mar chreidmheas i leith aon chánach Éireannaí is inmhuirir faoi threoir na coda sin d'ioncam na cuideachta infheistíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (a) agus cuirfear an creidmheas sin chun feidhme, i dtosach, do laghdú méid aon cháin bhrabús corparáide is inmhuirir amhlaidh agus, a mhéid nach féidir é a chur chun feidhme amhlaidh, cuirfear é chun feidhme do laghdú na cánach ioncaim is inmhuirir amhlaidh.

(8) (a) Déanfar aon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo a chur i scríbhinn chuig an gcigire tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnachta nó na tréimhse cuntasaíochta lena mbainfidh sé.

(b) Beidh ábhar acomhairc chun na gCoimisinéirí Acomhairc in aon cheist a éireoidh faoin alt seo díreach mar a bheadh ábhar acomhairc ann i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc.

(c) Má bhíonn socrú déanta faoin dlí a bheidh i bhfeidhm in aon chríoch lena mbaineann an t-alt seo chun faoiseamh ó cháin is iníoctha faoin dlí sin a lamháil maidir le cáin Éireannach a íoc, ní chuirfidh an oibleagáid rúndachta a fhorchuireann aon achtachán de chosc na fíorais sin is gá chun an faoiseamh cóir faoi dhlí na críche sin a thabhairt a nochtadh d'oifigeach údaraithe de chuid rialtas na críche sin.

(9) Leasaítear leis seo mír 5 (3) de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “nó alt 35 den Acht Airgeadais, 1968 ” a chur isteach i ndiaidh “alt 365”.

(10) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus in aghaidh na mblianta measúnachta dá éis sin agus maidir le cáin bhrabús corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó aon lá dá éis sin, agus in aghaidh na coda gan chaitheamh d'aon tréimhse chuntasaíochta a bhí ag rith ar an dáta sin.

Faoiseamh i leith idirbhearta idir cuideachtaí i gcomhlachas le chéile.

1947, Uimh. 5 .

1958, Uimh. 28 .

36. —(1) San alt seo—

tá an bhrí chéanna le “an t-aerfort” atá le “an t-aerphort” san Acht Aerphort Neamhchustam, 1947;

tá an bhrí chéanna le “cuideachta”, chun críocha cánach ioncaim, atá leis in alt 398 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus tá an bhrí chéanna leis chun críocha cánach brabús corparáide atá leis in alt 10 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheachta), 1956;

tá an bhrí chéanna le “rialú” atá leis in alt 299 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “oibríocht trádála díolmhaithe” oibríocht trádála, a bhfuil deimhniú a tugadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1967, faoi alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , nó ar an dáta sin, nó dá éis, faoi alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus faoin alt 3 (2) réamhráite i bhfeidhm ina leith;

tá an bhrí chéanna le “earraí”, gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (3), chun críocha cánach ioncaim, atá leis i gCaibidil IV de Chuid XV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ta an bhrí chéanna chun críocha cánach brabús corparáide atá leis i gCuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ;

ciallaíonn “oibríocht trádála eile”, oibríocht trádála a dhéantar go hiomlán san aerfort seachas oibríocht trádála díolmhaithe;

tá an bhrí chéanna le “cuideachta cháilithe” chun críocha cánach ioncaim atá leis in alt 374 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus tá an bhrí chéanna leis chun críocha cánach brabús corparáide atá leis in alt 3 (1) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 .

(2) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta cáilithe (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) a dhéanann trádáil arb oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus arb oibríochtaí trádála eile cuid eile di, earraí a dhíol, i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála eile, le cuideachta (dá ngairtear an ceannaitheoir san fho-alt seo) a sheolann trádáil sa Stát go hiomlán lasmuigh den aerfort agus—

(a) gurbh oibríochtaí trádála eile na hoibríochtaí trádála díolmhaithe dá n-onnmhaireodh an díoltóir na hearraí as an Stát, agus

(b) go bhfuil an ceannaitheoir faoi rialú an díoltóra nó go bhfuil an díoltóir faoi rialú an cheannaitheora nó go bhfuil an díoltóir agus an ceannaitheoir faoi rialú duine éigin eile, agus

(c) go bhfuil na hearraí leithreasaithe mar stoc trádála de chuid an cheannaitheora, agus

(d) go bhfuil na hearraí curtha faoi phróis mhonaraíochta sa Stát ag an gceannaitheoir, agus

(e) gur deimhin leis an gcigire go bhfuil an ceannaitheoir tar éis na hearraí a onnmhairiú, nó go n-onnmhaireoidh sé iad, as an Stát mar chomhpháirteanna d'earraí eile nó ar shlí eile, agus

(f) gur éard iad na hoibríochtaí trádála eile go hiomlán na hearraí a dhíol leis an gceannaitheoir agus gur leis an díoltóir a dhíolann an ceannaitheoir aon earraí eile a dhíolann sé i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairítear as an Stát),

ansin na brabúis nó na gnóchain nó na caillteanais de dhroim na n-oibríochtaí trádála eile measfar, d'ainneoin alt 374 (6) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 3 (6) (a) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , nó aon deimhniú faoi alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , nó faoi alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus faoi alt 3 (2) a dúradh, gur brabúis nó gnóchain iad de dhroim oibríochtaí trádála díolmhaithe agus beidh feidhm dá réir ag Caibidil 1 de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ag Cuid II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 .

(3) I gcás ina ndíolfaidh cuideachta nach cuideachta cháilithe (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) earraí le duine (dá ngairtear an ceannaitheoir san fho-alt seo) is cuideachta cháilithe a sheolann trádáil arb oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus arb oibríochtaí trádála eile cuid eile di nó is cuideachta a sheolann trádáil sa Stát go hiomlán lasmuigh den aerfort, agus—

(a) go mbeadh an díoltóir i dteideal faoiseamh a éileamh faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , i leith an bhrabúis ab inchurtha i leith na n-earraí a dhíol dá n-onnmhaireofaí as an Stát iad, agus

(b) go bhfuil an ceannaitheoir faoi rialú an díoltóra nó go bhfuil an díoltóir faoi rialú an cheannaitheora nó go bhfuil an díoltóir agus an ceannaitheoir faoi rialú duine éigin eile, agus

(c) go bhfuil na hearraí leithreasaithe mar stoc trádála de chuid an cheannaitheora, agus

(d) go bhfuil na hearraí curtha faoi phróis mhonaraíochta sa Stát ag an gceannaitheoir, agus

(e) gur deimhin leis an gcigire go bhfuil an ceannaitheoir tar éis na hearraí a onnmhairiú, nó go n-onnmhaireoidh sé iad, as an Stát mar chomhpháirteanna d'earraí eile nó ar shlí eile, agus

(f) gur leis an gceannaitheoir a dhíoltar aon earráí a dhíolann an díoltóir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairítear as an Stát) agus gur leis an díoltóir a dhíoltar aon earraí a dhíolann an ceannaitheoir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairítear as an Stát),

beidh feidhm ag Caibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ag Cuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , ionann is dá mbeadh an díoltóir, tar éis na hearraí a onnmhairiú as an Stát agus aon mhéid is infhaighte ag an díoltóir ó na hearraí a dhíol leis an gceannaitheoir measfar gur méid é is infhaighte ó earraí a dhíol a onnmhairíodh amhlaidh.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus, i gcás cáin bhrabús corparáide, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, cibé cionnroint a dhéanamh is dóigh leo is iomchuí i gcás cuid de thréimhse chuntasaíochta a bheith ann roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus cuid di ar an lá sin nó dá éis.

Faoiseamh d'íocaíochtaí i leith iomarcaíochta.

1967, Uimh. 21 .

37. —(1) San alt seo tá an bhrí chéanna le “cnapshuim” “lacáiste” agus “íocaíocht sheachtainiúil” is atá leo san Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .

(2) Beidh aon chnapshuim nó íocaíocht sheachtainiúil agus aon íocaíocht a rinneadh le duine fostaithe nó neamhfhostaithe nó thar a cheann de bhun rialachán faoi alt 46 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , díolmhaithe ó cháin ioncaim faoi Sceideal E.

(3) I gcás fostóir a bheith tar éis cnapshuim a íoc i leith fostaíochta go hiomlán ag gabháil do thrádáil nó gairm a sheolann an fostóir, agus í inmhuirir i leith cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide, beidh méid na cnapshuime inlamháilte mar asbhaint le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála nó na gairme a bheith á ríomh chun críocha Sceideal D (murar inlamháilte amhlaidh é ar shlí eile), ach más inlamháilte amhlaidh é de bhua an ailt seo déileálfar le méid an lacáiste is ingnóthaithe (murar indéileáilte leis ar shlí eile) mar fháltas atá le cur i gcuntas le linn na brabúis nó ná gnóchain sin a bheith á ríomh; agus más tar éis scor den trádáil nó den ghairm a íocadh an chnapshuim déileálfar leis an méid glan is inasbhainte amhlaidh ionann agus dá mba íocaíocht í a íocadh an lá deiridh a bhí an trádáil nó an ghairm á seoladh.

(4) I gcás fostóir a bheith tar éis cnapshuim a íoc i leith fostaíochta go hiomlán ag gábháil do ghnó a sheolann an fostóir agus costais bhainistí an ghnó a bheith cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh an méid a bheidh de bhreis ag an gcnapshuim ar mhéid an lacáiste is inghnóthaithe (murar inlamháilte ar shlí eile é faoin alt sin) inlamháilte mar chostais bhainistí atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoin alt sin; agus, más tar éis scor den ghnó a íocadh an cnapshuim, déileálfar leis an méid glan is inlamháilte amhlaidh ionann agus dá mba chostais bhainistí é a tabhaíodh an lá deiridh a bhí an gnó á sheoladh.

(5) I gcás fostóir a bheith tar éis cnapshuim a íoc i leith fostaíochta go hiomlán ag gabháil, do chothabháil nó bainistí áitribh arb inasbhainte faoi alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , costais a chothabhála nó a bhainistí, déileálfar, chun críocha an ailt sin 81, leis an méid a bheidh de bhreis ag an gcnapshuim ar an méid den lacáiste is inghnóthaithe (marar inlamháilte ar shlí eile é faoin alt sin) mar íocaíocht a rinne an fostóir i leith cothbháil nó bainistí an áitribh; agus, má rinneadh an íocaíocht tar éis an trátha is déanaí a d'fhéadfaí í a chur i gcuntas faoin alt sin 81 mar íocaíocht i leith cothabháil nó bainistí na maoine, déileálfar léi ionann is gurbh é an tráth sin a rinneadh í.

(6) Ní thabharfar faoiseamh faoi fho-ailt (3), (4) agus (5), ná ar aon slí eile, níos mó ná uair amháin i leith aon chnapshuime, agus, má bhí an fostaí ar fostú ag an bhfostóir ar shlí narbh fholáir déileáil ar shlite éagsúla chun críocha cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide le codanna éagsúla de luach saothair an fhostaí, déanfar an méid atá de bhreis ag an gcnapshuim ar mhéid an lacáiste is inghnóthaithe a chionroinnt i leith na bhfeidhmeanas eagsúil ina raibh an fostaí ar fostú agus beidh feidhm ag na fo-ailt sin (3), (4) agus (5) ar leithligh maidir leis an bhfostaíocht sna feidhmeanais agus faoi threoir na coda cionroinnte den méid sin, in ionad faoi threoir méid iomlán na cnapshuime agus méid iomlán an lacáiste.

(7) I gcás an tAire Saothair a bheith tar éis an t-iomlán nó cuid de chnapshuim a íoc faoi alt 32 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an fostóir, a mhéid a chúitigh sé an tAire sin, a d'íoc an céanna.

(8) Chun críocha an ailt seo, tá bunadh ioncaim faoi réim muirearú i leith cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide más inmhuirir an cháin sin ar an ioncam uaidh, nó dá mba inmhuirir amhlaidh í dá mbeadh aon ioncam den sórt sin ann.

(9) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh an lú lá d'Eanáir, 1968, nó dá éis sin, agus maidir le cáin do bhlianta measúnachta agus do thréimhsí cuntasaíochta atá caite agus féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile.

Leasú ar alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

38. —Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad alt 251 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(4) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht ag an gCaibidil seo—

(a) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1967, ionann is dá gcuirfí ‘dhá chúigiú’ in ionad ‘an cuigiú’ i bhfo-alt (1),

(b) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1968, ionann is dá gcuirfí ‘leath an chaiteachais’ in ionad ‘an cúigiú cuid den chaiteachas’ i bhfo-alt (1), agus

(c) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1971, ionann is dá gcuirfí ‘trí chúigiú’ in ionad ‘an cúigiú’ i bhfo-alt (1).”.

Leasú ar alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

39. —Leasaítear leis seo alt 254 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an lú lá d'Aibreán, 1971” a chur in ionad “an lú lá d'Aibreán, 1968”.

Dleacht Corparáide a aisghairm. 1885, c. 51.

40. —Ní dhéanfar an dleacht a fhorchuirtear le halt 11 den Customs and Inland Revenue Act, 1885, maidir le maoin chomhlachtaí corpraithe agus neamhchorpraithe áirithe a mhuirearú in aghaidh aon tréimhse bliantúla dar tosach dáta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1968.

Cuntais infheistíochta i mbainc taisce iontaobhais.

1965, Uimh. 11 .

1940, Uimh. 14 .

41. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cuntas infheistíochta” cuntas ina dtaisceann duine airgead le banc taisce iontaobhais agus a d'oscail an banc de bhun toiliú ón Aire faoi alt 3 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1965 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

(2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, is é ráta úis is iníoctha ar thaisce a íocadh isteach i gcuntas infheistíochta i mbanc taisce iontaobhais cibé ráta a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(3) Íocfaidh iontaobhaithe gach bainc taisce iontaobhais isteach i gcuntas speisialta in ainm an Aire an t-airgead go léir a gheobhaidh siad i leith taiscí i gcuntais infheistíochta lúide aon airgead a aistarraingeofar as na cuntais sin agus aon airgead a choimeádfaidh siad (de bhun údarás ó am go ham chuige sin ón Aire) faoi chomhair aistarraing oirichill as na cuntais sin.

(4) Féadfaidh an tAire socrú a dhéanamh le haghaidh an chuntais speisialta sin a oscailt ina ainm agus féadfaidh sé rialacháin a dhéanamh chun airgead a íoc isteach sa chuntas speisialta sin de bhun an ailt seo agus chun airgead a tharraingt as agus chun airgead a infheistiú chun creidiúna an chuntais speisialta sin agus, i gcoitinne, le haghaidh bainistí an chuntais speisialta sin.

(5) Aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo i ndáil leis an gcuntas speisialta a luaitear san fho-alt sin féadfaidh foráil a bheith iontu go bhféadfar airgead a infheistiú chun creidiúna an chuntais speisialta sin ar mhodh taisce i mBanc Taisce an Phoist agus, má bhíonn foráil den sórt sin sna rialacháin sin, féadfaidh cibé forálacha eile a bheith iontu is gá chun Banc Taisce an Phoist d'íoc úis ar airgead a taiscfear amhlaidh de réir cibé ráta agus thar cibé tréimhsí is gá nó is fóirsteanach i dtuairim an Aire chun forálacha iomchuí an ailt seo agus na rialachán faoin alt seo a riaradh go héifeachtach.

(6) Beidh ag na forálacha a chuirfear faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo sna rialacháin a luaitear san fho-alt sin éifeacht d'ainneoin aon ní dá mhalairt nó ar neamhréir leo in aon achtachán a chuireann an tAcht seo chun feidhme maidir le Banc Taisce an Phoist.

(7) Déanfaidh an tAire ús de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire ó am go ham a íoc le hiontaobhaithe bainc thaisce iontaobhais ar airgead a íocfar isteach sa chuntas speisialta a osclófar de bhun an ailt seo.

(8) Forléireofar an tagairt in alt 337 (1) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , don chuntas speisialta a osclaíodh de bhun alt 31 (3) den Acht Airgeadais, 1940 , mar tagairt a fholaíonn tagairt don chuntas speisialta a osclófar de bhun an ailt seo.

(9) Forléireofar an tagairt in alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , do thaiscí i mbanc taisce iontaobhais mar thagairt nach bhfolaíonn tagairt do thaisce i gcuntas infheistíochta i mbanc taisce iontaobhais.

Forálacha maidir le scéimeanna le haghaidh ceadúnais teilifíse agus raidió in aisce. 1926, Uimh. 45 . 1966, Uimh. 7 .

42. —(1) Measfar chun críocha alt 2 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 , gur fáltais i leith táillí ceadúnas craolacháin aon íocaíochtaí a gheobhaidh an tAire Poist agus Telegrafa ó Aire Stáit as airgead a sholáthraigh an tOireachtas faoi scéim chun ceadúnais a sholáthar, in aisce, faoi alt 5 den Acht Raidio-Thelegrafaíochta, 1926, i leith gléasanna teilifíse agus raidió.

(2) Má bhíonn ceadúnas faoin alt sin 5 i leith gléas teilifíse nó raidió i bhfeidhm agus go ngéillfidh sealbhóir an cheadúnais é faoi scéim a luaitear anseo roimhe seo, féadfar cibé cuid den táille a íocadh i leith an cheadúnais agus a shonrófar in ordacháin ón Aire Poist agus Telegrafa a aisíoc de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire sin.

(3) Má ritear an tAcht seo an 1ú lá d'Iúil, 1968, nó roimhe sin, tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig sé i ngníomh.

Srian leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

1952, Uimh. 24 .

43. —(1) I gcás ina suífidh duine chun sástacht an údaráis cheadúnúcháin go bhfuil sé, go hiomlán nó beagnach go hiomlán, de dhroim díobhála, galair nó ainimh, gan úsáid gach coise leis, ní dhéanfar an dleacht a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a mhuirearú ná a thobhach ar fheithicil atá déanta go speisialta nó oiriúnaithe lena húsáid ag an duine mar thiománaí agus a úsáideann sé mar thiománaí nó paisinéir.

(2) Ní dhéanfar an dleacht a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 a dúradh, a mhuirearú ná a thobhach ar fheithiclí (lena n-áirítear aon rothar lena ngabhann ceanglas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil) nach mó ná sé cmn. a meáchan gan ualach agus atá oiriúnaithe agus a úsáidtear le haghaidh othar.

(3) Má ritear an tAcht seo an 1ú lá d'Iúil, 1968, nó roimhe sin, tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig siad i ngníomh.

(4) Déanfar aisíoc mar is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo agus déanfar an t-aisíoc de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

Leasú ar Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

44. —(1) Leasaítear leis seo Cuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , tríd an fhomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3) de mhír 1:

“(3) (a) I gcás feithicil (dá ngairtear san fhomhír seo an fheithicil chéadluaite) a bhfuil feithicil eile, nó ceanglas ar mhodh feithicle (dá ngairtear san fhomhír seo an dara feithicil a luaitear) i gceangal léi agus forshuite go páirteach anuas uirthi, measfar, chun críocha Chuid I den Sceideal seo, gurb aon fheithicil amháin an fheithicil chéadluaite agus an dara feithicil a luaitear agus ní mheasfar gur tarraicire atá ag tarraingt leantóra an fheithicil chéadluaite de thoisc amháin an dara feithicil a luaitear a bheith \ill\ gceangal léi.

(b) Ní bheidh feidhm ag clásal (a) den fhomhir seo in aon chás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:—

(i) ní mó ná ceithre thonna meáchain gan ualach an fheithicil chéadluaite, agus ní mó ná ceithre thonna meáchain gan ualach an dara feithicil a luaitear,

(ii) níl leor-chrochra folúthach oiriúnach san fheithicil chéadluaite idir gach roth (is roth a dteagmhaíonn a bonn le talamh le linn don fheithicil a bheith ag gluaiseacht) agus fráma nó cabhail na feithicle,

(iii) tá an fheithicil chéadluaite agus an dara feithicil a luaitear deartha go speisialta d'oibríochtaí, agus úsáidtear iad go formhór le hoibríochtaí, a thugann go gcaitear oibriú in áiteanna garbha nó ar chumaraíochtaí bóthair,

(iv) tá aerbhoinn ar rothaí uile (is rothaí a dteagmhaíonn a mboinn le talamh le linn don fheithicil a bheith ag gluaiseacht) na feithicle céadluaite agus an dara feithicil a luaitear, agus

(v) ní ghluaiseann an fheithicil chéadluaite, cibé acu a úsáidtear ina haonar í nó a úsáidtear í agus an dara feithicil a luaitear i gceangal léi, thar fiche míle san uair aon tráth in imeacht tréimhse bailíochta an cheadúnais faoi alt 1 den Acht seo i leith na feithicle céadluaite.”.

(2) Má ritear an tAcht seo an 1ú lá d'Iúil, 1968, nó roimhe sin, tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig sé i ngníomh.

(3) Déanfar aisíoc mar is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo agus déanfar an t-aisíoc de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

Aisghairm.

45. —Aisghairtear leis seo fomhíreanna (a) agus (b) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

Forálacha maidir leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968.

I.R. Uimh. 68 de 1968.

46. —(1) Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968.

(2) Déanfar aisíoc mar is iomchuí ag féachaint d'fhóralacha an Ordaithe réamhráite de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

47. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1920, c. 18.

48. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) ailt 34 go 39 agus alt 41 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, sa mhéid go mbaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid IV den Acht seo agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin bhrabús corparáide) ailt 34 go 39 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(5) Ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalaírt iontu, measfar gur tháinig Cuid I agus ailt 34 go 39 den Acht seo i ngníomh, agus beidh éifeacht acu, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1968.

(6) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.