An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III An Ciste Iomarcaíochta) Ar Aghaidh (SCEIDEAL I Íocaíochtaí Seachtainiúla as an gCiste Iomarcaíochta)

21 1967

AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967

CUID IV

Forálacha Ilghnéitheacha

Oifigigh bhreithiúnachta.

37. —Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis dá oifigigh a cheapadh ina n-oifigigh bhreithiúnachta chun críocha an Achta seo, agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach breithiúnachta an fad is toil leis an Aire é.

Breitheanna oifigeach breithiúnachta.

38. —(1) Faoi réir an Achta seo agus de réir aon rialachán iomchuí, is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh gach ceist a éireoidh—

(a) maidir le héileamh ar íocaíocht sheachtainiúil,

(b) i dtaobh duine a bheith dícháilithe chun íocaíochta seachtainiúla,

(c) i dtaobh tréimhse aon dícháiliúcháin chun íocaíochta seachtainiúla,

(d) i dtaobh an bhfuil nó an raibh, nó i dtaobh an ráta ar dá réir atá nó a bhí, ranníoc iomarcaíochta iníoctha ag fostóir i leith fostaí,

(e) i dtaobh cé hé fostóir fostaí, nó

(f) i dtaobh aon ní eile maidir leis an Acht seo a fhorordófar.

(2) Aon tagairt san alt seo do cheist a éireoidh maidir le héileamh ar íocaíocht sheachtainiúil folaíonn sí tagairt do cheist i dtaobh íocaíocht sheachtainiúil a bheith nó gan bheith iníoctha.

An Binse Achomhairc Iomarcaíochta agus achomhairc agus tarchur chuige.

39. —(1) Beidh Binse (ar a dtabharfar an Binse Achomhairc Iomarcaíochta agus dá ngairtear an Binse ina dhiaidh seo san alt seo) ann chun na hachomhairc a chinneadh dá ndéantar socrú san alt seo.

(2) Beidh an Binse comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas—

(a) cathaoirleach arb abhcóide nó aturnae cleachtach é a bhfuil seasamh 7 mbliana ar a laghad aige,

(b) 3 leas-chathaoirleach ar a mhéid, agus

(c) 12 ghnáthchomhalta ar a mhéid.

(3) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Bhinse agus beidh siad inathcheaptha.

(4) An ceapadh de bhun fho-alt (3) ar ghnáthchomhaltaí an Bhinse déanfar é—

(a) maidir le leath na gcomhaltaí sin, is daoine a ainmníodh chuige sin ag eagras atá ionadaitheach do cheard chumainn oibrithe, agus

(b) maidir leis an leath eile de na comhaltaí sin, as daoine a ainmníodh chuige sin ag comhlacht nó comhlachtaí atá ionadaitheach d'fhostóirí.

(5) Is é téarma oifige comhalta den Bhinse cibé tréimhse a shonróidh an tAire nuair a cheapfaidh sé an comhalta sin.

(6) (a) Féadfaidh comhalta den Bhinse, trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, éirí as a bheith ina chomhalta.

(b) Féadfaidh an tAire comhalta den Bhinse a chur as oifig.

(7) (a) Aon uair a tharlóidh folúntas i gcomhaltas an Bhinse agus gurb é is cúis leis gnáth-chomhalta a luaitear i bhfo-alt (4) (a) d'éirí as, a chur as oifig nó d'fháil bháis, líonfaidh an tAire an folúntas trí cheapadh mar a shonraítear san fho-alt sin.

(b) Aon uair a tharlóidh folúntas i gcomhaltas an Bhinse agus gurb é is cúis leis gnáth-chomhalta a luaitear i bhfo-alt (4) (b) d'éirí as, a chur as oifig nó d'fháil bháis, líonfaidh an tAire an folúntas trí cheapadh mar a shonraítear san fho-alt sin.

(8) I gcás comhalta den Bhinse a líonfaidh folúntas de dhroim comhalta d'éirí as, a chur as oifig nó d'fháil bháis sula mbeidh téarma oifige an chomhalta sin is déanaí a luaitear caite, beidh an comhalta a líonfaidh an folúntas sin i seilbh oifige ar feadh na coda eile de théarma oifige an chomhalta a d'éirigh as amhlaidh, a fuair bás nó a cuireadh as oifig amhlaidh.

(9) Gníomhóidh leaschathaoirleach don Bhinse mar chathaoirleach ar an mBinse nuair a iarrfaidh an cathaoirleach nó an tAire air é agus beidh cumhachtaí uile an chathaoirligh aige nuair a bheidh sé ag gníomhú amhlaidh.

(10) Íocfar le comhalta den Bhinse cibé luach saothair (más ann) agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(11) Aon uair arb é tuairim chathaoirleach an Bhinse gurb oiriúnach, chun gnó an Bhinse a chríochnú go scafánta, go ngníomhódh an Binse ina roinnteáin, féadfaidh sé ordú a thabhairt dá réir sin agus, go dtí go gcúlghairfidh sé an t-ordú sin uaidh, beidh an Binse ina ghrúpaí mar a bheidh ordaithe amhlaidh.

(12) Beidh gach roinnteán den Bhinse comhdhéanta den chathaoirleach nó leaschathaoirleach don Bhinse, gnáthchomhalta den Bhinse a luaitear i bhfo-alt (4) (a) agus gnáthchomhalta den Bhinse a luaitear i bhfo-alt (4) (b).

(13) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh don Bhinse a mheasfaidh sé is gá chun cabhrú leis an mBinse ag comhlíonadh a fheidhmeanna, agus sealbhóidh na hoifigigh agus na seirbhísigh sin oifig ar cibé téarmaí, agus gheobhaidh siad cibé luach saothair, a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(14) Is breith chríochnaitheach dhochloíte breith an Bhinse ar aon cheist a tharchuirfear chuige faoin alt seo, ach amháin go bhféadfaidh aon duine a bheidh míshásta leis an mbreith achomharc a dhéanamh ina choinne chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí.

(15) Aon fhostóir a bheidh míshásta le breith ón Aire maidir le lacáiste nó le haon bhreith ó oifigeach breithiúnachta maidir le haon cheist a shonraítear in alt 38 (1) (d), 38 (1) (e) nó 38 (1) (f), nó aon fhostaí a bheidh míshásta le breith ó oifigeach breithiúnachta faoi alt 38 nó le haon bhreith ó fhostóir faoin Acht seo féadfaidh sé, ar fhógra achomhairc a thabhairt sa mhodh forordaithe don Aire, a thabhairt go dtarchuirfear an cheist chun an Bhinse chun breith a thabhairt uirthi; ar choinníoll, áfach, nach mbeidh an Binse inniúil a bhreithniú an bhfuil nó nach bhfuil nó an raibh nó nach raibh an fostaí, an tráth ábhartha, i bhfostaíocht atá nó a bhí inárachaithe le haghaidh na sochar go léir faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966.

(16) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta más cuí leis, in ionad breith a thabhairt uirthi é féin, aon cheist a bheidh le breithniú aige faoi alt 38 a tharchur sa tslí fhorordaithe chun an Bhinse chun breith a thabhairt uirthi.

(17) (a) Beidh cumhacht ag an mBinse, nuair a bheidh aon ábhar a tharchuirfear chuige faoin alt seo á éisteacht, fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh a chur faoi deara daoine a fhreastalóidh mar fhinnéithe ag éisteacht den sórt sin a chur faoi mhionn.

(b) Aon duine a dhéanfaidh, agus é á scrúdú faoi mhionn a bheidh údaraithe faoin bhfo-alt seo, fianaise bhreágach a thabhairt go toiliúil éillitheach nó aon ní bréagach a mhionnú go toiliúil éillitheach agus a chiontófar ann dlífear na pionóis mar gheall ar mhionnú éithigh toiliúil éillitheach a chur air.

(c) Féadfaidh an Binse, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn d'aon duine, a cheangal ar an duine sin freastal cibé tráth agus i cibé áit a shonrófar san fhógra chun fianaise a thabhairt maidir le haon ábhar a tarchuireadh chun an Bhinse faoin alt seo nó aon doiciméid a thabhairt ar aird a bheidh ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhainfidh le haon ábhar den sórt sin.

(d) Féadfar fógra faoi mhír (c) a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbainfidh sé nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a dhíreofar chun an duine sin ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air.

(e) Aon duine a mbeidh fógra faoi mhír (c) tugtha dó agus a dhiúltóidh nó a fhailleoidh go toiliúil freastal de réir an fhógra nó, agus é ag freastal amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad a thabhairt ar aird lena mbainfidh an fógra beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(18) Cuirfidh an Binse tuarascáil bhliantúil chun an Aire agus foilseofar an tuarascáil sin.

(19) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do thabhairt éifeachta don alt seo agus féadfaidh na rialacháin sin, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) an nós imeachta a leanfar maidir le hachomhairc chun an Bhinse,

(b) tráthanna agus ionaid éisteachta an Bhinse,

(c) ionadaíocht páirtithe a fhreastalóidh ag éisteachtaí an Bhinse,

(d) nós imeachta maidir le héisteacht achomharc ag an mBinse,

(e) breitheanna an Bhinse a fhoilsiú agus a fhógairt,

(f) fógraí maidir le hachomhairc nó éisteachtaí ag an mBinse,

(g) an Binse do dhámhadh costas agus caiteachas agus dámhachtana den sórt sin a íoc,

(h) séala oifigiúil an Bhinse,

(i) déileáil leis an Aire mar pháirtí in aon imeachtaí os comhair an Bhinse i gcás nár pháirtí é iontu mura mbeadh sin agus teideal a thabhairt dó láithriú agus éisteacht a fháil dá réir sin.

Tarchur agus achomharc chun na hArd-Chúirte.

40. —I gcás ina ndéanfar aon cheist, seachas ceist a shonraítear in alt 38 (1) (a), 38 (1) (b) nó 38 (1) (c), a tharchur chun an Bhinse—

(a) féadfaidh an tAire, ar an mBinse á iarraidh sin, an cheist a tharchur chun na hArd-Chúirte chun breith a thabhairt uirthi, agus

(b) má thugann an Binse breith ar an gceist, féadfaidh aon duine a bheidh míshásta leis an mbreith achomharc a dhéanamh ina haghaidh chun na hArd-Chúirte ar aon cheist dlí.

Breitheanna a athscrúdú.

41. —(1) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, am ar bith agus ó am go ham, aon bhreith a thug oifigeach breithiúnachta a athscrúdú má fheictear dó an bhreith a bheith earráideach ag féachaint d'fhianaise nua nó d'fhíorais nua a cuireadh in iúl dó ón dáta a tugadh an bhreith nó mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta maidir leis an dlí nó na fíorais, nó má fheictear dó, i gcás inarbh iníoctha íocaíocht sheachtainiúil, aon athrú ábhartha a bheith tagtha ar na himthosca ó tugadh an bhreith, agus beidh feidhm maidir leis an mbreith athscrúdaithe sin ag forálacha an Achta seo a bhaineann le hachomhairc mar atá feidhm acu maidir le breith bhunaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le breith a bhaineann le hábhar atá ar achomharc nó ar tarchur faoi alt 39, mura mbeadh an bhreith athscrúdaithe i bhfabhar éilitheora íocaíochta seachtainiúla.

(3) Beidh éifeacht mar a leanas ag breith athscrúdaithe ó oifigeach breithiúnachta—

(a) i gcás ina ndéanfar, de bhua an bhreith athscrúdaithe a dhícheadú nó a laghdú agus an bhreith athscrúdaithe a thabhairt toisc an bhreith bhunaidh a thabhairt, nó a leanúint de bheith in éifeacht, mar gheall ar aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) a bhí, go bhfios don duine a rinne é, bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha nó mar gheall ar aon fhíoras ábhartha a cheilt go toiliúil, beidh éifeacht aici amhail ón dáta a tháinig an bhreith bhunaidh in éifeacht, ach, más íocaíocht iomarcaíochta i bhfoirm íocaíochta tréimhsiúla í, féadfaidh an bhreith bhunaidh, más rogha leis an oifigeach breithiúnachta é, leanúint d'fheidhm a bheith aici maidir le haon tréimhse lena mbaineann an bhreith bhunaidh sin agus nach mbaineann an ráiteas nó an t-uiríoll bréagach nó míthreorach sin nó an cheilt thoiliúil sin ar aon fhíoras ábhartha léi;

(b) in aon chás eile, beidh éifeacht aici amhail ón dáta is iomchuí leis an oifigeach breithiúnachta, ach ní dhéanfaidh sí difear d'aon íocaíocht a bheidh déanta cheana féin ar dháta an athscrúdaithe.

(4) Féadfaidh rialacháin socrú a dhéanamh chun go measfar aon íocaíocht iomarcaíochta a íocadh le fostaí faoi bhreith ó oifigeach breithiúnachta, agus a mbreithneofar dá éis sin nárbh iníoctha í, a bheith arna híoc ar cuntas aon íocaíochta iomarcaíochta eile a mbreithneofar gurbh iníoctha í leis an bhfostaí sin nó chun aon íocaíochta den sórt sin a aisíoc agus í a aisghabháil trí asbhaint nó ar shlí eile.

(5) Aon tagairt atá san Acht seo d'athscrúdú folaíonn sí tagairt d'athscrúdú ina ndéantar freaschur.

Forálacha a bhaineann le foirceannadh agus féimheacht.

1889, c. 60.

1872, c. 58.

42. —(1) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le híoc, le linn sócmhainní cuideachta atá á foirceannadh a bheith á ndáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, na ranníocaí go léir ab iníoctha ag an gcuideachta faoin Acht seo i gcaitheamh an dá mhí dhéag sular tosaíodh ar an bhfoirceannadh nó roimh thosach feidhme an ordaithe foirceannta, agus beidh éifeacht ag an Acht sin dá réir sin, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le rialacha a rinneadh faoin Acht sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ach amháin i gcás inar chun í a athchóiriú nó í a chónascadh le cuideachta eile atá an chuideachta á foirceannadh go toilteanach.

(3) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le híoc, le linn maoin féimhigh nó féichiúnaigh chomhshocraíochta a bheith á dáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, na ranníocaí go léir ab iníoctha faoin Acht seo ag an bhféimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh dháta an ordaithe bhreithnithe i gcás féimhigh nó dháta an achainí ar chomhshocraíocht a chomhadú i gcás féichiúnaí chomhshocraíochta, agus beidh éifeacht ag an Acht sin dá réir sin, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le horduithe ginearálta a rinneadh faoin Acht sin.

(4) Beidh gach sannadh nó muirearú íocaíochta seachtainiúla, agus gach comhaontú chun íocaíocht sheachtainiúil a shannadh nó a mhuirearú, ar neamhní agus i gcás aon duine atá i dteideal íocaíochta seachtainiúla a fhéimheadh ní aistreoidh an íocaíocht sheachtainiúil chun an tsannaí oifigiúil i bhféimheacht ná chun aon iontaobhaí nó duine eile a bheidh ag gníomhú thar ceann na gcreidiúnaithe.

(5) Ní bheidh feidhm ag aon ní in alt 53 den Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872, nó in alt 286 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le haon íocaíochtaí iomarcaíochta ag fostóir.

Suimeanna a bheidh dlite don Chiste Iomarcaíochta a ghnóthú.

43. —Beidh an t-airgead go léir a bheidh dlite don Chiste Iomarcaíochta inghnóthaithe mar fhiacha atá dlite don Stát agus, gan dochar d'aon leigheas eile, féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach faoi reacht in aon chúirt dlínse inniúla.

Feidhm alt 52 d'Acht 1952.

44. —Beidh feidhm ag alt 52 (seachas fo-ailt (4) agus (6) de) d'Acht 1952 maidir le ranníocaí iomarcaíochta, cártaí iomarcaíochta agus stampaí iomarcaíochta, agus maidir le sochar faoin Acht seo, mar atá feidhm aige maidir le cártaí, stampaí, sochair, ranníocaí agus íocaíochtaí eile faoi Acht 1952.

Feidhm alt 53 d'Acht 1952.

45. —Beidh feidhm ag alt 53 d'Acht 1952 maidir le cionta faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo mar atá feidhm aige maidir le cionta faoi Acht 1952 nó maidir le cionta faoi rialacháin faoin Acht sin, ach amháin go ndéanfar san fheidhmiú sin tagairt san alt sin 53 don Aire Leasa Shóisialaigh a fhorléiriú mar thagairt don Aire.

Cúnamh do dhaoine a athróidh áit chónaithe.

46. —(1) Féadfaidh an tAire, d'fhonn a theacht ar an gcéim soghluaiseacht gheografach lucht saothair is inmhianaithe, dar leis, ar mhaithe le beartas eacnamaíochta náisiúnta a chothú, rialacháin a dhéanamh, le toiliú an Aire Airgeadais, do dhéanamh socrú le haghaidh cúnamh airgeadais do dhaoine dífhostaithe nó do dhaoine a bhfuiltear ar tí a dhearbhú go bhfuil siad iomarcach agus a bhfuil orthu a ngnáth-áit chónaithe a athrú chun dul i mbun fostaíochta a bheidh tairgthe nó ceadaithe ag an tSeirbhís Fostaíochta.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) socrú a dhéanamh le haghaidh costais iompair (lena n-áirítear earraí tí a iompar) de dhroim áit chónaithe a athrú, a íoc nó a shlánú go hiomlán nó go páirteach agus le haghaidh liúntais i leith lóistín, agus

(b) coinníollacha, teorainneacha ama agus teorainneacha airgeadais a fhorchur i leith aon airgead is iníoctha faoi na rialacháin.

(3) D'ainneoin aon ní in alt 4, féadfaidh rialacháin faoin alt seo baint a bheith acu le hoibrithe d'aicme a eisiatar ón Acht seo leis an alt sin 4.

Scéimeanna iomarcaíochta speisialta d'fhostaithe atá eisiata ón Acht.

47. —(1) Féadfaidh an tAire, i leith aicme fostaí atá eisiata ón Acht seo le halt 4 nó le hordú arna dhéanamh faoi alt 4, agus tar éis dul i gcomhairle le hionadaithe fostóirí ag a bhfuil leas sa chineál oibre a bhíonn á dhéanamh de ghnáth ag fostaithe den aicme sin agus le hionadaithe fostaithe ag a bhfuil an leas céanna, scéim (dá ngairtear scéim iomarcaíochta speisialta san Acht seo) a ullmhú agus a chur i bhfeidhm do dhéanamh socrú de réir téarmaí na scéime iomarcaíochta speisialta le haghaidh íocaíochta iomarcaíochta d'fhostaithe den aicme sin.

(2) Aon uair a bheidh an tAire tar éis scéim iomarcaíochta speisialta a ullmhú déanfaidh sé, a luaithe is oiriúnach leis tar éis an t-ullmhú sin, ordú do dhéanamh socrú chun an scéim iomarcaíochta speisialta sin a chur in éifeacht ar dháta sonraithe, agus cuirfear an scéim sin in éifeacht amhlaidh ón dáta sin.

Socrú d'oifigigh agus do sheirbhísigh Chóras Iompair Éireann agus Óstlanna Iompair Éireann Teoranta.

1964, Uimh. 30 .

48. —(1) Ní bhainfidh alt 9 den Acht Iompair, 1964 , le duine a thiocfaidh, tar éis tosach feidhme an Achta seo, chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord mura raibh an duine sin, nó, mura mbeadh an duine sin mura mbeadh fothbhearnú ar a fhostaíocht, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord i dtosach feidhme an Achta seo agus go leanann sé air de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord cé is moite d'fhothbhearnaí fostaíochta.

(2) I gcás duine a bheith, roimh thosach feidhme an Achta seo, ag fáil chúitimh faoi alt 9 den Acht Iompair, 1964 , ní oibreoidh fo-alt (1) chun a chirt chun an chúitimh sin a laghdú.

(3) I gcás duine a theacht, ar dháta tosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin, chun bheith i dteideal cúitimh faoi alt 9 (4) den Acht Iompair, 1964 , de dhroim a fhostaíocht faoin mBord nó faoin gCuideachta a fhoirceannadh, beidh sé, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, dícháilithe, amhail ar agus ó dháta a theacht i dteideal amhlaidh, chun íocaíochta iomarcaíochta i leith na fostaíochta sin agus déanfar na ranníocaí go léir faoin Acht seo a íocadh i leith an duine mar fhostaí don Bhord nó don Chuideachta a aisíoc leis an duine a d'íoc na ranníocaí sin.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “an Chuideachta” Óstlanna Iompair Éireann Teoranta.

Cumhacht chun modhnú nó foirceannadh a dhéanamh ar scéimeanna agus comhshocraíochtaí láithreacha chun íocaíochtaí aoisliúntais agus iomarcaíochta a sholáthar.

49. —Féadfar aon scéim nó comhshocraíocht chun pinsin, cúitimh i leith iomarcaíochta nó sochair eile a sholáthar (lena n-áirítear aon scéim nó comhshocraíocht a bunaíodh nó a soláthraíodh de bhun nó faoi réim, nó ag a bhfuil feidhm reachtúil de bhua, aon achtacháin agus aon scéime nach bhfuil d'fhianaise léi ach polasaí nó polasaithe árachais) a mhodhnú, nó a fhoirceannadh, i ndáil le scéim a bhunú faoin Acht seo chun íocaíochtaí iomarcaíochta a sholáthar trí chomhaontú idir na páirtithe lena mbaineann sa scéim nó sa chomhshocraíocht.

Feidhm an Probation of Offenders Act, 1907.

1907, c. 17.

50. —I gcás ina gcúiseofar fostóir i gcion a bhaineann le ranníocaí iomarcaíochta, ní dhéanfaidh an chúirt ordú faoi alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907, go dtí gur deimhin léi go bhfuil na riaráistí go léir i leith na ranníocaí íoctha ag an bhfostóir.

Eisiamh airbheartaithe ar fhorálacha an Achta seo ar neamhní.

51. —Beidh aon fhoráil i gcomhaontú (cibé acu conradh fostaíochta é nó nach ea) ar neamhní a mhéid a airbheartaíonn sí oibriú aon fhorála den Acht seo a eisiamh nó a theorainniú.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

52. —I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó é a bheith inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon fheidhmeannas den sórt sin beidh sé féin agus an comhlacht corpraithe ciontach sa chion sin agus dlífidh siad imeachtaí a thionscnamh ina gcoinne agus iad a phionósú dá réir sin.

Forálacha maidir le fógraí.

53. —(1) Aon fhógra a cheanglaítear ar fhostóir, nó a údaraítear dó, faoin Acht seo a thabhairt d'fhostaí, féadfar é a thabhairt trína sheachadadh don fhostaí, nó a fhágáil dó san áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige, nó é a chur leis an bpost chuige faoi sheoladh na háite sin.

(2) Aon fhógra a cheanglaítear ar fhostaí, nó a údaraítear dó, faoin Acht seo a thabhairt d'fhostóir, féadfaidh an fostaí féin nó duine a bheidh údaraithe aige gníomhú thar a cheann é a thabhairt, agus, cibé acu a thabharfar é ag an bhfostaí féin nó thar a cheann,—

(a) féadfar é a thabhairt trína sheachadadh don fhostóir, nó trína chur leis an bpost chuige faoi sheoladh na háite ina bhfuil nó ina raibh an fostaí ar fostú aige, nó

(b) má bhíonn comhshocraíochtaí chu ge déanta ag an bhfostóir, féadfar é a thabhairt trína sheachadadh do dhuine a bheidh ainmnithe ag an bhfostóir de bhun na gcomhshocraíochtaí, nó trína fhágáil do dhuine den sórt sin in áit a bheidh ainmnithe amhlaidh, nó trína chur leis an bpost chuig duine den sórt sin ag seoladh a bheidh ainmnithe amhlaidh.

(3) San alt seo déanfar tagairt d'fhógra a sheachadadh a fhorléiriú, maidir le fógra nach gceanglaíonn an tAcht seo é a bheith i scríbhinn, mar thagairt a fholaíonn tagairt don fhógra a thabhairt de bhriathra béil.

(4) Aon fhógra a fhágfar, de réir an ailt seo, do dhuine in áit dá dtagraítear san alt seo, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, go bhfuair sé é an lá a fágadh an fógra sin ansin.

(5) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) nó (2) mar ní a dhéanann difear d'inniúlacht fostóra gníomhú trí sheirbhíseach nó gníomhaire chun críocha aon fhorála (lena n-áirítear ceachtar de na fo-ailt sin) den Acht seo.

Deimhniú ar bhreith a thug oifigeach breithiúnachta.

54. —Aon doiciméad a airbheartóidh a bheith ina dheimhniú ar bhreith a thug oifigeach breithiúnachta de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán, agus a bheidh sínithe aige, beidh sé ina fhianaise prima facie gur tugadh an bhreith sin, agus ar a téarmaí, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná ar a fheidhmeannas oifigiúil.

Cumhacht chun deacrachtaí a chur ar ceal.

55. —(1) Má éiríonn aon deacracht in aon slí i ndáil leis an Acht seo, nó aon leasú nó aisghairm a dhéantar leis an Acht seo, a chur i ngníomh, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ní a dhéanamh is dealraitheach is gá nó is fóirsteanach chun an tAcht seo a chur i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin modhnú a dhéanamh ar aon fhoráil den Acht seo is dealraitheach is gá nó is fóirsteanach chun an t-ordú a chur in éifeacht.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain a bheith caite ó thosach feidhme an Achta seo.

Caiteachais an Aire.

56. —(1) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile ag cur an Achta seo in éifeacht a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Íocfar leis an Aire Airgeadais as an gCiste Iomarcaíochta, cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, cibé suimeanna a measfaidh an tAire, ar cibé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais, gurb iad cuid an Aire, nó cuid aon Aire eile, iad de na caiteachais sin ag cur alt 39 in éifeacht, agus déanfar aon suimeanna a íocfar amhlaidh a leithreasú i gcabhair ar airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

(3) Nuair a bheidh caiteachais á meas chun críocha fho-alt (2), cuirfear san áireamh cibé méid is dóigh leis an Aire Airgeadais is ionann agus méid an dliteanais atá ag faibhriú i leith aon aoisliúntas nó liúntas scoir eile nó aon chnapshuimeanna nó aiscí atá ag faibhriú i leith fostaíocht aon oifigigh nó duine eile chun críocha an Achta seo.

Rialacháin maidir le taifid a choimeád, eolas a thabhairt agus taifid a scrúdú.

57. —D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an tAcht seo i ngníomh go héifeachtúil, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do dhéanamh socrú chun fostóirí do choimeád taifead agus do thabhairt eolais agus oifigigh údaraithe don Aire do scrúdú taifead nó doiciméad eile a bheidh faoina gcoimeád nó faoina n-urláimh ag fostóirí.

Rialacháin do dhéanamh socrú le haghaidh cionta.

58. —Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh le haghaidh cionta is sáruithe nó neamhchomhlíonadh ar fhoráil den Acht seo nó is sáruithe nó neamhchomhlíonadh ar rialacháin faoin Acht seo agus, ar chiontú i gcionta den sórt sin, le haghaidh fíneálacha a ghnóthú nach mó ná méideanna sonraithe nach mó ná deich bpunt, mar aon le, i gcás cionta leanúnacha, fíneálacha breise den sórt sin in aghaidh gach lae de na laethanta a leanfar de na cionta.