An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Cáin Bhrabús Corparáide) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Dleachtanna ar Thobac)

17 1967

AN tACHT AIRGEADAIS, 1967

CUID V

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1966, Uimh. 17 .

24. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1966” alt 27 den Acht Airgeadais, 1966 ;

ciallaíonn “an seachtú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1966 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1967, ach “£1,788,105” a chur in ionad “£1,819,988”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1966 ach “£1,137,890” a chur in ionad “£1,177,295”.

(4) Déanfar suim £1,880,083, chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1968.

(5) Déanfar an seachtú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den seachtú blianacht bhreise déag, nach mó ná £1,216,320 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an seachtú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Aisghairm.

25. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid 1 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(2)  (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Iúil, 1967, má ritear an tAcht seo an lá sin nó roimhe agus measfar gur tháinig sé i ngníomh an lá sin más tar éis an lae sin a rithfear é.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

26. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1891, c. 39.

1920, c. 18.

27. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid III den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Déanfar Cuid IV den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(6) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm, agus beidh éifeacht aici, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1967.

(7) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirtear an tAcht seo.