An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 16 Forcháin ar Ioncam Neamhdháilte Chuideachtaí áirithe) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 18 Ráitis, Liostaí agus Dearbhuithe.)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 17

Dearbhuithe.

Ailt 159 , 163 , 189 , 429 , 555.

CUID I

[1918, Sc. 4.]

Foirm an Dearbhaithe a Dhéanfaidh Coimisinéirí Speisialta a Bheidh ag Gníomhú Maidir le Cáin Faoi Sceideal D.

“Dearbhaímse, A.B., go sollúnta, go ndéanfaidh mé go fírinneach, go fíreata, go cothrom agus go macánta, feadh iomlán mo chumais agus m'eolais, na cumhachtaí agus na húdaráis a dhílsítear dom leis na hAchtanna a bhaineann le cáin ioncaim a fhorghníomhú, agus go ndéanfaidh mé na cumhachtaí a thugtar dom leis na hAchtanna sin a fheidmiú i cibé slí a mheastar dom is gá chun an céanna a fhorghníomhú go cuí agus sa tslí sin amháin; agus go ndéanfaidh mé breithiúnas agus cinneadh ar gach uile ábhar agus ní a thabharfar os mo chomhair faoi na hAchtanna sin, gan fabhar, dáimh ná mailís; agus nach nochtfaidh mé aon sonra a bheidh in aon Sceideal, ráiteas, tuairisceán nó doiciméad eile a seachadadh maidir le haon fhianaise nó freagra ó dhuine ar bith a scrúdófar, nó a dhéanfaidh mionnscríbhinn nó teistíocht, maidir leis an gcéanna, de bhun na nAchtanna sin, ach amháin do cibé daoine a bheidh ag gníomhú i bhforghníomhú na nAchtanna sin agus sin i gcás inar gá an céanna a nochtadh dóibh chun críocha na nAchtanna sin, nó do na Coimisinéirí Ioncaim, nó le haghaidh, nó i gcúrsa, inchúisimh i leith mionnú éithigh a rinneadh sa scrúdú, sa mhionnscríbhinn nó sa teistíocht sin.”

Foirm an Dearbhaithe a Dhéanfaidh Cigirí.

“Dearbhaímse, A.B., go sollúnta go ndéanfaidh mé, le linn na hAchtanna a bhaineann le cáin ioncaim a bheith á bhforghníomhú agam, gach ráiteas, tuairisceán, sceideal agus dearbhú a seachadadh i mo cheantar a scrúdú agus a athbhreithniú agus in aon agóid i gcoinne an chéanna go ngníomhóidh mé feadh m'fhaisnéise agus m'eolais; agus go n-iompróidh mé mé féin gan fabhar, dáimh, ná mailís, agus go ndéanfaidh mé na cumhachtaí a thugtar dom leis na hAchtanna sin a fheidhmiú i cibé slí a mheastar dom is gá chun an céanna a fhorghníomhú go cuí agus sa slí sin amháin, nó mar a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim dom; agus nach nochtfaidh mé aon sonra a bheidh in aon ráiteas, tuairisceán, sceideal nó doiciméad eile, maidir le haon cháin a muirearaíodh faoi na forálacha a bhaineann le Sceideal D de na hAchtanna sin, nó maidir le haon fhianaise nó freagra ó dhuine ar bith a bheifear tar éis a scrúdú, nó a dhéanfaidh mionnscríbhinn nó teistíocht, maidir leis an gcéanna, de bhun na nAchtanna sin, ach amháin do cibé daoine a bheidh ag gníomhú i bhforghníomhú na nAchtanna sin agus sin i gcás inar gá an céanna a nochtadh dóibh chun críocha na nAchtanna sin, nó do na Coimisinéirí Ioncaim, nó le haghaidh, nó i gcúrsa, inchúisimh i leith mionnú éithigh a rinneadh sa scrúdú, sa mhionnscríbhinn nó sa teistíocht sin.”

Foirm an Dearbhaithe a Dhéanfaidh Daoine a Cheapfar faoi Alt 158 nó Alt 159 mar Mheasúnóirí.

“Dearbhaímse, A.B., go sollúnta, go ndéanfaidh mé, le linn na nAchtanna a bhaineann le cáin ioncaim a bheith á bhforghníomhú agam, gníomhú i ngach slí go dícheallach agus go macánta gan fabhar ná dáimh de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim, agus nach nochtfaidh mé aon sonra a bheidh in aon ráiteas, tuairisceán, Sceideal nó doiciméad eile a seachadadh dom i bhforghníomhú na nAchtanna sin, maidir le haon cháin a muirearaíodh faoi na forálacha a bhaineann le Sceideal D de na hAchtanna sin, ach amháin do cibé daoine a bheidh ag gníomhú i bhforghníomhú na nAchtanna sin, agus sin i gcás inar gá an céanna a nochtadh dóibh chun críocha na nAchtanna sin, nó le haghaidh, nó i gcúrsa, inchúisimh i leith mionnú éithigh a rinneadh in aon ábhar maidir leis an ráiteas, leis an tuairisceán, leis an sceideal nó leis an doiciméad eile sin.”

Foirm an Dearbhaithe a Dhéanfaidh an tArd-Bhailitheoir agus Oifigigh Glactha Cánach.

“Dearbhaímse, A.B., go sollúnta nach nochtfaidh mé, le linn na hAchtanna a bhaineann le cáin ioncaim a bheith á bhforghníomhú agam, aon mheasúnacht, ná méid aon suime a d'íoc aon duine nó atá le híoc aige, faoi na hAchtanna sin, ná na leabhair mheasúnachta a sheachadfar dom i bhforghníomhú na nAchtanna sin, maidir le haon cháin a muirearaíodh faoi na forálacha a bhaineann le Sceideal D de na hAchtanna sin, ach amháin do cibé daoine a bheidh ag gníomhú i bhforghníomhú na nAchtanna sin agus sin i gcás inar gá an céanna a nochtadh dóibh chun críocha na nAchtanna sin, nó do na Coimisinéirí Ioncaim nó le haghaidh, nó i gcúrsa, inchúisimh i leith mionnú éithigh a rinneadh maidir leis an gcáin sin.”

Foirm an Dearbhaithe a Dhéanfaidh Cléireach na gCoimisinéirí Speisialta.

“Dearbhaímse, A.B., go sollúnta, go ndéanfaidh mé go dícheallach agus go fíreata oifig chléirigh a fhorghníomhú de réir na nAchtanna a bhaineann le cáin ioncaim, feadh m'eolais agus mo bhreithiúnais; agus nach nochtfaidh mé aon sonra atá in aon ráiteas, tuairisceán, dearbhú, sceideal nó doiciméad eile, maidir leis an gcáin a mhuirearaítear faoi na forálacha a bhaineann le Sceideal D de na hAchtanna sin, nó aon fhianaise nó freagra a thabharfaidh duine ar bith a bheifear tar éis a scrúdú, nó a dhéanfaidh mionnscríbhinn nó teistíocht, maidir leis an gcéanna, ach amháin do cibé daoine a bheidh ag gníomhú i bhforghníomhú na nAchtanna sin, agus i gcás ina mbeidh ordú agam sin a dhéanamh ó na hAchtanna sin, nó ó na coimisinéirí faoina mbeidh mé ag gníomhú, nó ó na Coimisinéirí Ioncaim, nó le haghaidh, nó i gcúrsa, inchúisimh i leith mionnú éithigh a rinneadh sa scrúdú, sa mhionnscríbhinn nó sa teistíocht sin.”

CUID II

Foirm an Dearbhaithe a Dhéanfaidh Coimisinéir d'Oifigí.

“Dearbhaímse, A.B., go sollúnta, go ndéanfaidh mé go fírinneach, go fíreata, go cothrom agus go macánta, feadh iomlán mo chumais agus m'eolais, na cumhachtaí agus na húdaráis a dhílsítear dom mar Choimisinéir d'Oifigí, leis na hAchtanna a bhaineann le cáin ioncaim, a fhorghníomhú agus go ndéanfaidh mé breithiúnas agus cinneadh gan fabhar dáimh ná mailís ar gach uile ábhar agus ní a thabharfar os mo chomhair faoi na hAchtanna sin.”