An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 15 Foralácha dá dTagraítear in Ailt 500, 501 agus 503) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 17 Dearbhuithe.)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 16

Forcháin ar Ioncam Neamhdháilte Chuideachtaí áirithe

Alt 530.

[1922, Sc. 1;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

1. Aon chuideachta arb éagóir léi aon ordachán faoi alt 530 féadfaidh sí achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta i gcoinne an ordacháin trí fhógra achomhairc a thabhairt do Chléireach na gCoimisinéirí laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra, agus déanfaidh na Coimisinéirí an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh, faoi réir a bhforáiltear anseo, agus chun críocha achomhairc faoin bhforáil seo beidh feidhm, le haon mhodhnú is gá, ag forálacha an Achta seo maidir le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí.

2. Má bhíonn an Chuideachta nó na Coimisinéirí Ioncaim míshásta le cinneadh na gCoimisinéirí Speisialta ar aon achomharc faoi na forálacha roimhe seo den Sceideal seo, féadfaidh siad, ar fhógra a thabhairt do Chléireach na gCoimisinéirí Speisialta laistigh de lá agus fiche tar éis an chinnidh, a iarraidh go ndéanfaidh an Bord Réiteoirí an t-achomharc a athéisteacht agus tarchuirfidh na Coimisinéirí Speisialta chun an Bhoird aon doiciméad ina seilbh a seachadadh dóibh chun críocha an achomhairc.

Déanfaidh an Bord an t-achomarc a athéisteacht agus a chinneadh agus beidh aige na cumhachtaí agus na húdaráis chéanna i ndáil leis an achomharc a bhféadfaidh na Coimisinéirí Speisialta iad a bheith acu agus a fheidhmiú, agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a bheidh i gcinneadh an Bhoird air sin:

Ar choinníoll go mbeidh feidhm, leis na modhnuithe is gá, ag alt 428 (a bhaineann le cás a shonrú ar phone dlí) i gcás aon athéisteacht agus cinneadh den sórt sin mar atá feidhm aige i gcás achomharc chun na gCoimisinéirí Speisialta faoin Acht sin.

3. D'fhonn ionadaíocht a bheith acu ar aon achomharc faoin Sceideal seo os comhair na gCoimisinéirí Speisialta, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim duine a ainmniú chuige sin agus beidh ag aon duine a ainmneofar amhlaidh na cumhachtaí céanna ag an achomharc, agus ar an achomharc a chinneadh, a bhíonn ag cigire ag aon achomharc, agus ar aon achomharc a chinneadh, maidir le cáin ioncaim.

4. Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn, a iarraidh ar aon chuideachta ar dóigh leo gur cuideachta í lena mbaineann alt 530, na nithe seo a leanas a thabhairt dóibh—

(a) ráiteas ar ioncam iarbhír na cuideachta ó gach bunadh, mar aon le cóip de chuntais na cuideachta in aghaidh aon bhliana nó tréimhse eile a mbeidh cuntais na cuideachta déanta suas ina haghaidh agus cibé sonraí a iarrfaidh na Coimisinéirí le réasún i dtaobh ioncam na cuideachta agus i dtaobh mar a déileáladh leis an ioncam sin; agus

(b) ráiteas in aghaidh na tréimhse céanna ar ainmneacha agus seoltaí agus sonraí ar leasanna faoi seach comhaltaí uile na cuideachta.

5. I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Speisialta tar éis fógra a eisiúint á iarraidh ar chuideachta sonraí a thabhairt dóibh faoi mhír 4 maidir le haon bhliain nó tréimhse eile agus gur comhalta de chumann cuntasóirí corpraithe iniúchóir cuntas na cuideachta, féadfaidh na stiúrthóirí, más cuí leo é, dearbhú reachtúil mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo a dhéanamh agus a chur faoi bhráid an iniúchóra, agus sa chás sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) Déanfaidh stiúrthóirí na cuideachta dearbhú reachtúil maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) An méid a mheasann siad, nó a mheas siad, ba cheart a choimeád sa ghnó as ioncam na bliana sin nó na tréimhse eile sin; agus

(ii) An méid (más aon mhéid é) a bheartaíonn siad a mholadh le himdháil, nó a imdháileadh;

agus na cúiseanna atá leis an gcoimeád sin a lua agus cibé eolas a thabhairt a chuirfidh ar chumas an iniúchóra tuairim a cheapadh ar cuid a bheadh réasúnach, nó ar chuid réasúnach, den ioncam do bhliain nó do thréimhse eile mar a dúradh an méid (más aon mhéid é) a beartaíodh a dháileadh, nó a dáileadh, ag féachaint do na ceanglais a luaitear sa choinníoll a ghabhann le halt 530 (1);

(b) Más rud é—

(i) go bhfuil an t-iniúchóir sásta gur leor an t-eolas a nochtadh sa dearbhú chun é a chur ar a chumas tuairim a cheapadh ar cuid a bheadh réasúnach, nó ar chuid réasúnach, den ioncam don bhliain sin nó don tréimhse eile sin mar a dúradh an dáil bheartaithe nó an dáil (más ann); agus

(ii) go bhfuil sé sásta go bhfuil cás prima facie déanta, de dhroim na gcúiseanna agus an eolais a tugadh sa dearbhú, go mbeadh nó go raibh an dáil bheartaithe nó an dáil (más ann) réasúnach;

féadfaidh sé deimhniú amhlaidh;

(c) Cuirfear an deimhniú, mar aon leis an dearbhú reachtúil, chun na gCoimisinéirí Speisialta, agus ní dhéanfaidh siad sin a thuilleadh i dtaobh an scéil mura bhfeictear dóibh go bhfuil cúis lena mhalairt.

6. Nuair a bheidh ioncam iarbhír chuideachta ó gach bunadh d'aon bhliain nó tréimhse á ríomh, déanfar an t-ioncam ó aon bhunadh a mheas de réir na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le ríomh ioncaim ón mbunadh sin; ach amháin go ndéanfar an t-ioncam a ríomh faoi threoir an ioncaim don bhliain nó don tréimhse sin mar a dúradh agus ní de réir mheán níos mó ná bliain amháin ná faoi threoir aon bhliana nó tréimhse seachas an bhliain nó an tréimhse sin a dúradh.

7. Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn aon chuideachta, nuair a iarrfar sin orthu de réir forálacha an Sceidil seo, ráiteas a thabhairt ar ioncam iarbhír ó gach bunadh nó má thugann sí ráiteas nach mbeidh na Coimisinéirí Speisialta sásta leis, féadfaidh na Coimisinéirí meastachán a dhéanamh ar an ioncam sin feadh iomlán a mbreithiúnais.

8. Déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta ioncam iarbhír na cuideachta ó gach bunadh a chionroinnt de réir leasanna faoi seach na gcomhaltaí agus, chun críocha cánach ioncaim measfar gurb ionann an t-ioncam arna chionroinnt amhlaidh ar gach comhalta agus a ioncam óna leas sa chuideachta don bhliain nó don tréimhse eile agus áireofar é sa ráiteas ar a ioncam iomlán nó i ráiteas leasaithe ar ioncam iomlán a údaraítear leis seo do na Coimisinéirí Speisialta a iarraidh agus measfar gurb é an chuid is airde den ioncam sin é.

9. An t-ioncam a chionroinnfear ar chomhalta cuideachta faoi alt 530 measfar, chun críocha cánach ioncaim, go mbeidh sé faighte aige ar an dáta ar go dtí é a rinneadh suas cuntais na cuideachta in aghaidh na bliana nó na tréimhse.

10. Tabharfar fógra ar aon chionroinnt a rinne na Coimisinéirí Speisialta trí ráiteas a sheirbheáil ar an gcuideachta ag taispeáint méid an ioncaim iarbhír ó gach bunadh lenar ghlac siad chun críocha alt 530 agus an méid a cionroinneadh ar gach comhalta nó an méid a cionroinneadh ar gach saghas scaireanna mar is cuí leo.

Aon chuideachta arb éagóir léi aon fhógra cionroinnte beidh teideal aici achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar fhógra a thabhairt dá gCléireach laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra, agus déanfaidh na Coimisinéirí an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh agus beidh feidhm, le haon mhodhnú is gá, chun críocha aon achomhairc den sórt sin ag na forálacha uile den Acht seo agus ag aon rialacháin fúthu maidir le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí agus maidir le cásanna a shonrófar le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte.

11. Aon duine a bhfuil aon scaireanna le cuideachta cláraithe ina ainm déarfaidh sé, má iarrann na Coimisinéirí Speisialta air é trí fhógra i scríbhinn, gurb é nó nach é is úinéir tairbhiúil ar na scaireanna sin, agus murab é is úinéir tairbhiúil ar na scaireanna sin nó ar aon cheann acu tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine nó na ndaoine ar thar a cheann nó a gceann atá na scaireanna cláraithe ina ainm.

12. Sa Sceideal seo ciallaíonn “Bord Réiteoirí” an Bord Réiteoirí chun críocha alt 241.