An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 13 Mianraí Sceidealta) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 15 Foralácha dá dTagraítear in Ailt 500, 501 agus 503)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 14

Foirmeacha d'Orduithe Forghníomhaithe

Alt 490

[1963, Sc. 5.]

Cuid I

AN ARD-CHúIRT

IONCAM

19

Uimh.

Idir

A.B.,

Gearánaí,

agus

C.D.,

Cosantóir.

Do na Sirriamacha agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach agus do Choimisinéir agus comhaltaí an Gharda Síochána, beatha agus sláinte.

DE BHRí gur breithníodh le déanaí san Ard-Chúirt go bhfuil an duine a ainmnítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo (dá ngairtear an Féichiúnaí san Ordú seo) i bhfiacha de réir ceartais ag an Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste sa tsuim a luaitear i gcolún (1) de Chuid II den Sceideal sin mar aon leis an tsuim a luaitear i gcolún (2) den Chuid sin i leith costas mar is léir ó thaifead san Ard-Chúirt:

Ordaítear leis seo daoibhse na Sirriamacha agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach earraí agus airnéisí an Fhéichiúnaí a thógáil i bhforghníomhú chun an chomhshuim a luaitear i gcolún (4) den Chuid sin II a shásamh, is é sin, comhshuim na suimeanna sin i dteannta na suime a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin II le haghaidh costais an Ordaithe seo.

AGUS, ach amháin nuair is comhlacht corpraithe an Féichiúnaí, i gcás nach leor earraí nó airnéisí an Fhéichiúnaí chun an chomhshuim sin a shásamh, nó i gcás gan aon earraí nó airnéisí a bheith ag an bhFéichiúnaí a d'fhéadfaí a thógáil i bhforghníomhú chun an chomhshuim sin a shásamh, ordaítear leis seo duitse an Siarriam nó an Cláraitheoir Contae a bhfuil an tOrdú seo á thabhairt i do láimh duit lena fhorghníomhú, deimhniú sa chéill sin a thabhairt i gceann de na foirmeacha atá formhuinithe air seo do Choimisinéir an Gharda Síochána.

AGUS ordaítear leis seo daoibhse, Coimisinéir agus comhaltaí an Gharda Síochána, ar an gCoimisinéir sin d'fháil an Ordaithe seo, mar aon leis an deimhniú atá formhuinithe air seo faoi shíniú an tSirriaim nó an Chláraitheora Contae sin, an Féichiúnaí a thógáil agus a thabhairt go dtí an príosún is gaire agus é a sheachadadh ansin do Rialtóir an phríosúin sin le go bhfanfaidh sé agus go mbeidh sé á choinneáil ansin ag an Rialtóir sin go dtí go dtabharfar sásamh sa chomhshuim sin, nó go ceann deireadh tréimhse sé mhí cibé acu is giorra.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Ainm an Fhéichiúnaí:

Cuid II

(1)

(2)

(3)

(4)

Fiach

Costais

Costais an Ordaithe seo

Comhshuim na suimeanna a luaitear i gcolúin (1), (2) agus (3).

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

1

10

0

LE hORDú

Príomh-Bhreitheamh na hÉireann,

an

lá de

, 19       .

Tá an tOrdú seo á eisiúint ag

Aturnae an Ghearánaí

as

Toibhigh an chomhshuim a luaitear i gcolún (4) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo istigh.

_______________________________

Sirriam/Cláraitheoir Contae

as

 DEIMHNIú

Do Choimisinéir an Gharda Síochána.

Deimhním leis seo nach leor earraí agus airnéisí an Fhéichiúnaí a ainmnítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo istigh chun an chomhshuim a luaitear i gcolún (4) de Chuid II den Sceideal sin a shásamh agus gurb é an méid a toibhíodh an méid a luaitear anseo thíos ionas go bhfuil fágtha lena shásamh iarmhéid is ionann agus an difear idir an tsuim sin agus an chomhshuim sin a dúradh.

£

s.

d.

AN MéID A TOIBHíODH:

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh an        lá seo de

19        .

Sirriam/Cláraitheoir Contae

_________________________________

 as

Do Choimisinéir an Gharda Síochána.

Deimhním leis seo nach bhfuil ag an bhFéichiúnaí a ainmnítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo istigh aon earraí ná airnéisí a d'fhéadfaí a thógáil i bhforghníomhú chun an chomhshuim a luaitear i gcolún (4) de Chuid II den Sceideal sin a shásamh.

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh an        lá seo de

19        .

________________________________

Sirriam/Cláraitheoir Contae

 as

Cuid II

AN CHúIRT CHUARDA

IONCAM

Cuaird ......................................................

Contae ................................................

Idir

A.B.,

Gearánaí,

agus

C.D.,

Cosantóir.

Do na Sirriamacha agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach agus do Choimisinéir agus comhaltaí an Gharda Síochána, beatha agus sláinte.

DE BHRí gur breithníodh le déanaí sa Chúirt Chuarda go bhfuil an duine a ainmnítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo (dá ngairtear an Féichiúnaí san Ordú seo) i bhfiacha de réir ceartais ag an Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste sa tsuim a luaitear i gcolún (1) de Chuid II den Sceideal sin mar aon leis an tsuim a luaitear i gcolún (2) den Chuid sin i leith costas mar is léir ó thaifead sa Chúirt Chuarda:

Ordaítear leis seo daoibhse na Sirriamacha agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach earraí agus airnéisí an Fhéichiúnaí a thógáil i bhforghníomhú chun an chomhshuim a luaitear i gcolún (4) den Chuid sin II a shásamh, is é sin, comhshuim na suimeanna sin i dteannta na suime a luaitear í gcolún (3) den Chuid sin II le haghaidh costais an Ordaithe seo.

AGUS, ach amháin nuair is comhlacht corpraithe an Féichiúnaí, i gcás nach leor earraí nó airnéisí an Fhéichiúnaí chun an chomhshuim sin a shásamh, nó i gcás gan aon earraí nó airnéisí a bheith ag an bhFéichiúnaí a d'fhéadfaí a thógáil i bhforghníomhú chun an chomhshuim sin a shásamh, ordaítear leis seo duitse, an Sirriam nó an Cláraitheoir Contae a bhfuil an tOrdú seo á thabhairt i do láimh duit lena fhorghníomhú, deimhniú sa chéill sin a thabhairt i gceann de na foirmeacha atá formhuinithe air seo do Choimisinéir an Gharda Síochána.

AGUS ordaítear leis seo daoibhse, Coimisinéir agus comhaltaí an Gharda Síochána, ar an gCoimisinéir sin d'fháil an Ordaithe seo, mar aon leis an deimhniú atá formhuinithe air seo faoi shíniú an tSirriaim nó an Chláraitheora Contae sin, an Féichiniúnaí a thógáil agus a thabhairt go dtí an príosún is gaire agus é a sheachadadh ansin do Rialtóir an phriosúin sin le go bhfanfaidh sé agus go mbeidh sé á choinneáil ansin ag an Rialtóir sin go dtí go dtabharfar sásamh sa chomhshuim sin, nó go ceann deireadh tréimhse sé mhí, cibé acu is giorra.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Ainm an Fhéichiúnaí:

Cuid II

(1)

(2)

(3)

(4)

Fiach

Costais

Costais an Ordaithe seo

Comhshuim na suimeanna a luaitear i gcolúin (1), (2) agus (3).

£

s.

d.

£

s.

d.

s.

d.

£

s.

d.

16

6

Arna dhátú an

lá seo de

, 19   .

Ag an gCúirt.

Cláraitheoir Contae.

Tá an tOrdú seo á eisiúint ag

Aturnae an Ghearánaí

as

Toibhigh an chomhshuim a luaitear i gcolún (4) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo istigh.

_________________________________

Sirriam/Cláraitheoir Contae

as

DEIMHNIú

Do Choimisinéir an Gharda Síochána.

Deimhním leis seo nach leor earraí agus airnéisí an Fhéichiúnaí a ainmnítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo istigh chun an chomhshuim a luaitear i gcolún (4) de Chuid II den Sceideal sin a shásamh agus gurb é an méid a toibhíodh an méid a luaitear anseo thíos ionas go bhfuil fágtha lena shásamh iarmhéid is ionann agus an difear idir an tsuim sin agus an chomhshuim sin a dúradh.

£

s.

d.

AN MéID A TOIBHíODH:

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh an              lá seo de

, 19        .

_____________________________

Sirriam/Cláraitheoir Contae

as

Do Choimisinéir an Gharda Síochána.

Deimhním leis seo nach bhfuil ag an bhFéichiúnaí a ainmnítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo istigh aon earraí ná airnéisí a d'fhéadfaí a thógáil i bhforghníomhú chun an chomhshuim a luaitear i gcolún (4) de Chuid II den Sceideal sin a shásamh.

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh an                 lá seo de

, 19        .

________________________________

Sirriam/Cláraitheoir Contae

as