An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXXVII Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Sásra chun Cáin a Mheasúnú, a Mhuirearú agus a íoc faoi Sceideal C agus, i gCásanna áirithe, faoi Sceideal D)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXXVIII

Tosach Feidhme, Aisghairm, Cosaint, Forálacha Sealadacha agus Forálacha Eatramhacha agus Gearrtheideal

Tosach feidhme agus aisghairm.

[Iarmartach.]

1919, c. 32.

1922, c. 17.

554. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, tiocfaidh an tAcht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1967, agus déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i Sceideal 19 (achtacháin dá ngairtear na hachtacháin aisghairthe san Acht seo), a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin amhail ón lá sin:

Ar choinníoll, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCuid seo, nach mbeidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le cáin ioncaim nó forcháin don bhliain 1966-67 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin, agus go leanfaidh forálacha na n-achtachán aisghairthe d'fheidhm a bheidh acu maidir le cáin ioncaim agus forcháin d'aon bhliain den sórt sin an méid céanna a bheadh feidhm acu maidir leo dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

(2) Beidh éifeacht ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1), maidir leis na forálacha i leith cáin bhrabús corparáide atá sna forálacha den Acht seo a bhaineann de réir téarmaí leis an gcáin sin, ionann agus dá mba é a bhí sna tagairtí do cháin ioncaim agus d'fhorcháin don bhliain 1966-67 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin tagairtí do cháin bhrabús corparáide do thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1967.

(3) Nuair a bheidh ioncam á ríomh chun aon chríche de chríocha an Achta seo ní chuirfear san áireamh ioncam a áireofaí mura mbeadh fo-alt (1), mar ioncam atá díolmhaithe ó cháin faoi alt 16 den Finance Act, 1919, nó faoi alt 27 den Finance Act, 1922.

(4) Tá éifeacht ag an alt seo faoi réir fhorálacha alt 552 (a bhaineann le tosach feidhme forálacha áirithe den Acht seo maidir le hús ar mheasúnachtaí i leith cánach ioncaim agus forchánach).

A mhéid a bheidh feidhm ag an Acht i gcás blianta roimh 1967-68.

[Iarmartach.]

555. —(1) I gcás na bhforálacha seo a leanas den Acht seo, is é sin le rá—

(a) Codanna VII, VIII, XXXIII agus XXXV, agus Sceidil 17 agus 18;

(b) ailt 536, 537, 539, 541 agus 542;

(c) maidir le hioncam is inmhuirir i leith cánach ioncaim nó forchánach don bhliain 1967-68 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ailt 358 (1), 360 (1) agus 361 (2) agus Sceideal 10;

(d) cibé méid d'aon fhoráil eile den Acht seo a údaraíonn déanamh, athrú nó aisghairm aon ordaithe nó rialacháin; agus

(e) ach amháin i gcás inarb í an cháin atá i gceist cáin go huile do bhlianta measúnachta roimh an mbliain 1967-68 nó, maidir le cáin bhrabús corparáide, do thréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1967, cibé méid d'aon fhoráil eile san Acht seo a thugann aon chumhacht nó a fhorchuireann aon dualgas a n-oibríonn a fheidhmiú nó a chomhlíonadh maidir le cáin ar feadh níos faide ná bliain mheasúnachta amháin nó tréimhse chuntasaíochta amháin,

ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le halt 554 (1), agus tiocfaidh na forálacha sin i ngníomh chun gach críche an 6ú lá d'Aibreán, 1967, d'eisiamh forálacha comhréire na n-achtachán aisghairthe:

Ar choinníoll, i gcás aon fhoráil sna hachtacháin sin a fhorchuireann pionós nó forghéilleadh i leith aon ghnímh nó neamhghnímh, go leanfaidh sí, maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a tharla nó a thosaigh roimh an 6ú lá sin d'Aibreán a dúradh, d'éifeacht a bheith aici d'eisiamh na forála den Acht seo a bhfuil sí i gcomhréir léi.

(2) Má oibríonn agus a mhéid go n-oibríonn foráil den Acht seo amhail ón 6ú lá d'Aibreán, 1967, de bhua fho-alt (1), d'eisiamh forála sna hachtacháin aisghairthe, déanfar aon ordú nó rialachán nó ní a rinneadh nó ag a mbeidh éifeacht ionann agus dá mba go ndearnadh é faoin bhforáil eisiata roimh an dáta sin a áireamh amhail ón dáta sin ionann agus dá mba ordú nó rialachán nó ní é a rinneadh faoin bhforáil sin den Acht seo.

(3) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo—

(a) ní bheidh feidhm ag alt 186 (2), 211 (1) nó 526 (6) maidir le cáin d'aon bhliain roimh an mbliain 1922-23, agus

(b) ní mheasfar go bhfolaíonn na tagairtí in ailt 124, 125, 126 agus 127 do dhíolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V tagairtí d'aon díolaíochtaí is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E agus ab iníoctha roimh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1960, agus beidh éifeacht dá réir sin ag aon rialacháin a rinneadh nó a mheasfar a rinneadh faoi alt 127.

Cosaint d'achtacháin nach n-aisghairtear.

[Iarmartach.]

556. —Beidh éifeacht ag na forálacha den Acht seo (seachas na forálacha d'alt 559 a bhaineann le forléiriú tagairtí) faoi réir an méid sin d'aon Acht ina bhfuil forálacha a bhaineann le, nó a dhéanann difear maidir le, cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide is méid—

(a) nach n-aisghairtear leis an Acht seo; agus

(b) a d'oibreodh i ndáil leis na cánacha sin faoi seach dá mba nár cuireadh an tAcht seo in ionad na n-achtachán aisghairthe.

An bhrí atá le “Bailitheoir” in ailt 187, 188, 478, 480 go 482, 484 go 489, 494, 519, 542 agus 550 agus i Sceideal 2, Riail 6.

1934, Uimh. 31 .

557. —Déanfar gach tagairt don Bhailitheoir in aon fhoráil acu seo a leanas, eadhon, ailt 187, 188, 478, 480 go 482, 484 go 489, 494, 519, 542 agus 550 agus Riail 6 de Sceideal 2, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bhailitheoir arna cheapadh faoi alt 7 den Acht Airgid, 1934 .

Daoine a bhí fostaithe tráth ag cuideachta iarnróid.

[1929, a. 17 (8).]

1918, c. 40.

558. —I gcás inar scoir duine ar bith de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta faoi chuideachta iarnróid, nó inar scoir sé de bheith i dteideal aon phinsin a d'íoc cuideachta iarnróid, déanfar cibé méid nach bhféadfaí a bhaint as díolaíochtaí d'aon cháin a measúnaíodh agus a muirearaíodh ar an gcuideachta faoi Riail 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Sceideal E den Income Tax Act, 1918, i leith na hoifige, na fostaíochta nó an phinsin sin a bhailiú agus a thobhach ón duine sin nó óna sheiceadóirí nó a riarthóirí, de réir mar a bheidh, ionann agus dá mbeadh an cháin sin inmhuirir agus gur muirearaíodh í airsean nó orthusan.

Forléiriú tagairtí.

[Iarmartach.]

559. —(1) Ní dhéanfaidh sé difear do leanúntas oibrithe an dlí a bhaineann le cáin ioncaim, forcháin agus cáin bhrabús corparáide an tAcht seo a chur in ionad na n-achtachán aisghairthe agus—

(a) cibé méid d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin atá san Acht seo) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil, nó do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi aon fhoráil, nó chun críocha aon fhorála, de chuid an Achta seo forléireofar é, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn cineál ábhair an actacháin nó an doiciméid sin, mar ní ina bhfuil, i ndáil leis na tráthanna nó na blianta nó na tréimhsí nó na himthosca nó na críocha a bhfuil nó a raibh éifeacht ina leith ag an bhforáil chomhréire sna hachtacháin aisghairthe, tagairt don fhoráil chomhréire sin nó, de réir mar a bheidh, do rudaí a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoin bhforáil chomhréire sin nó chun críocha na forála comhréire sin;

(b) an méid sin d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin aisghairthe agus achtacháin agus doiciméid a ritheadh nó a rinneadh tar éis dáta an Achta seo a rith) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil nó do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi aon fhoráil nó chun críocha aon fhorála, de chuid na n-achtachán aisghairthe forléireofar é, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn cineál ábhair an achtacháin nó an doiciméid sin, mar ní ina bhfuil, i ndáil leis na tráthanna nó na blianta nó na tréimhsí nó na himthosca nó na críocha a bhfuil nó a raibh éifeacht ina leith ag foráil chomhréire an Achta seo tagairt don fhoráil chomhréire sin nó, de réir mar a bheidh, do rudaí a rinneadh nó a mheasfar a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoin bhforáil chomhréire sin nó chun críocha na forála comhréire sin.

(2) Airítear go sonrach sna tagairtí atá i bhfo-alt (1) do rudaí a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi aon fhoráil áirithe, agus sin gan dochar do ghinearáltacht na dtagairtí, tagairtí do mhuirir i leith cánach agus d'fhaoisimh ó cháin a rinneadh nó a deonaíodh nó a bheidh le déanamh nó le deonú faoin bhforáil sin:

Ar choinníoll, i gcás na méideanna is féidir faoi ailt 241, 244, 245, 248, 252, 254, 295, 305, 309 nó 310 a thabhairt anonn ó bhlianta measúnachta roimh an mbliain 1967-8, go ndéanfar, a mhéid a bheidh difear idir éifeacht na n-achtachán aisghairthe agus éifeacht na n-achtachán comhréire san Acht seo, iad a chinneadh de réir na n-achtachán aisghairthe.

Buanú oifigeach; ionstraimí agus doiciméid.

[Iarmartach.]

560. —(1) Na hoifigigh go léir a ceapadh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bheidh i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh siad de bheith i seilbh oifige ionann agus dá mba faoin Acht seo a ceapadh iad.

(2) Gach ionstraim agus doiciméad a rinneadh nó a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh sé i bhfeidhm ionann agus dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a eisíodh é.

Gearrtheideal.

561. —Féadfar an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , a ghairm den Acht seo.