An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Socraíochtaí ar Leanaí i gCoitinne) Ar Aghaidh (CUID XXIX Cáin Ioncaim Maidir le Riaradh Eastát)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil III

Ioncam ó Urrúis a Aistriú

Ceart chun ús a fháil a aistriú.

[1938, a. 6;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

449. —Má dhíolann nó má aistríonn úinéir aon urrús (dá ngairtear an t-úinéir san alt seo), aon bhliain mheasúnachta, an ceart chun aon ús áirithe a fháil is iníoctha (roimh an díol nó roimh an aistriú sin nó dá éis sin) i leith na n-urrús sin gan na hurrúis sin a dhíol nó a aistriú, ansin agus i ngach cás den sórt sin beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) chun críocha uile an Achta seo, measfar, maidir leis an ús sin (cibé acu bheadh nó nach mbeadh sé inmhuirir i leith cánach dá mba nár achtaíodh an t-alt seo)—

(i) gur ioncam leis an úinéir é nó, murab é úinéir tairbhiúil na n-urrúis sin an t-úinéir agus go mbeidh duine éigin eile (dá ngairtear an tairbhí san alt seo) i dteideal tairbhiúil an ioncaim ó na hurrúis sin, gur ioncam leis an tairbhí é, agus

(ii) gur ioncam leis an úinéir nó leis an tairbhí é (de réir mar a bheidh) in aghaidh na bliana measúnachta sin, agus

(iii) nach ioncam le duine ar bith eile é, agus

(iv) má bhíonn toradh an díola nó an aistrithe sin inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal C nó faoi Chuid XXXI, gur comhionann méid dó agus méid na sochar sin;

(b) má dhéantar ina dhiaidh sin ceart faighte an úis áirithe sin a dhíol, a aistriú, nó a réadú ar shlí eile, ní mheasfar, chun aon chríche de chríocha an Achta seo, gur ioncam leis an duine a dhéanfaidh nó a ndéanfar thar a cheann an díol nó an t-aistriú nó an réadú sin a dhéanfar ina dhiaidh sin toradh an díola, an aistrithe, nó an réadaithe eile sin a dhéanfar ina dhiaidh sin;

(c) más de chineál na hurrúis sin go bhféadfar an t-ús is iníoctha ina leith a íoc gan cáin a asbhaint beidh an t-úinéir nó an tairbhí (de réir mar a bheidh) inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D i leith aon úis is iníoctha i leith na n-urrús sin a meastar de bhua an ailt seo gur ioncam leis an duine sin é, mura suífidh sé gur thug an cháin sin ús nó go ndearnadh cáin a mhuirearú faoi Sceideal C nó faoi Chuid XXXI ar an toradh a tháinig ó cheart faighte an úis sin a dhíol, a aistriú nó a réadú ar shlí eile;

(d) más rud é, in aon chás lena mbainfidh mír (c), gur faoi threoir an méid a fuarthas sa Stát a dhéanfaí an cháin i leith an úis is inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D de dhroim na míre sin, a ríomh dá mba laoi Chás III de Sceideal D ab inmhuirir an t-ús sin, is ar mhéid iomlán na suimeanna a gheofar sa Stát an bhliain mheasúnachta sin nó aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin a leanfaidh an t-úinéir de bheith ina úinéir ar na hurrúis sin a ríomhfar an cháin sin is inmhuirir de bhun na míre sin (c);

(e) ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear d'aon fhoráil den Acht seo lena n-údaraítear nó lena gceanglaítear cáin a asbhaint as aon ús a measfar de bhua an fho-ailt seo a bheith ina ioncam leis an úinéir nó leis an tairbhí nó as toradh aon díola nó aistrithe nó réadaithe eile den sórt a luaitear anseo roimhe seo a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an gceart chun an t-ús áirithe sin a fháil.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a cheangal ar dhuine ar bith go dtabharfaidh sé dóibh, laistigh de cibé am (nach giorra ná ocht lá is fiche ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a luafar san fhógra sin, cibé sonraí maidir leis na hurrúis sin uile ba leis an duine sin tráth ar bith i gcaitheamh na tréimhse a luafar san fhógra sin is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun críocha an ailt seo nó chun a fháil amach ar íocadh cáin ar an ús ab iníoctha i leith na n-urrús sin nó ar muirearaíodh i leith cánach faoi Sceideal C nó faoi Chuid XXXI an toradh ar cheart faighte an úis i leith na n-urrús sin a dhíol nó a aistriú nó a réadú.

(3) San alt seo—

folaíonn “ús” díbhinní, blianachtaí, agus scaireanna blianachtaí;

folaíonn “urrúis” stoic agus scaireanna de gach cineál.