An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXVII Íocaiochtaí Bliantúla) Ar Aghaidh (Caibidil II Socraíochtaí ar Leanaí i gCoitinne)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXVIII

Forálacha Speisialta la hAghaidh Cánachais Socraitheoiri, etc., i leith Ioncaim Shocraithe nó Aistrithe

Caibidil I

Diúscairtí Inchúlghairthe, Diúscairtí le haghaidh Gearrthréimhsí agus Diúscairtí Áirithe i bhfabhar Leanaí

Ioncam faoi dhiúscairtí inaisghairthe.

[1922, a. 20 (1) cuid.]

438. —(1) Aon ioncam a bhfuil nó a raibh ar chumas aon duine, tráth ar bith ón 5ú lá d'Aibreán, 1922, gan toiliú ó aon duine eile, trí fheidhmiú a dhéanamh ar aon chumhacht cheapacháin, cumh acht aisghairthe nó ar aon slí eile de bhua nó de dhroim diúscartha arna déanamh go díreach nó go neamhdhíreach aige féin, an sealúchas tairbhiúil a fháil dó féin, measfar chun críocha an Achta seo gurb ioncam de chuid an duine é a bhfuil nó a raibh ar a chumas a sealúchas tairbhiúil a fháil, agus nach ioncam de chuid aon duine eile é.

(2) I gcas ina bhféadfaidh duine le toiliú banchéile nó fearchéile an duine sin aon chumhacht den sórt a dúradh a fheidhmiú ansin, chun críocha fho-alt (1), measfar an chumhacht a bheith infheidhmithe gan toiliú duine eile, ach amháin i gcás ina gcónaíonn an fearchéile agus an banchéile ar leithligh ó chéile trí chomhaontú nó faoi ordú ó chúirt dlínse inniúla.

(3) I gcás ina mbeidh aon chumhacht mar a dúradh infheidhmithe ag banchéile nó ag fearchéile an duine a rinne an diúscairt ansin, chun críocha fho-alt (1), measfar an chumhacht a bheith infheidhmithe ag an duine a rinne an diúscairt.

Ioncam faoi dhiúscairtí ar feadh gearrthréimhsí.

[1922, a. 20 (1) (b);

1940, a. 3; 1957, a. 3; 1959, a. 5.]

439. —(1) Aon ioncam atá, de bhua nó de dhroim aon diúscartha a rinne duine ar bith go díreach nó go neamhdhíreach (seachas diúscairt a rinneadh i leith leorchomaoine luachmhaire), iníoctha le haon duine eile nó infheidhmithe chun sochair aon duine eile, ach gan aon ioncam a áireamh—

(i) ó chaipiteal a ndearna an diúscróir leis an diúscairt é a chur uaidh féin go hiomlán i bhfabhar nó chun tairbhe an duine eile sin, nó

(ii) is iníoctha le haon ollscoil nó coláiste, is ollscoil nó coláiste sa Stát, d'fhonn a chumasú don ollscoil nó don choláiste sin taighde a dhéanamh, agus a bheidh iníoctha amhlaidh go ceann tréimhse a bheidh nó a d'fhéadfadh a bheith trí bliana nó níos faide, nó

(iii) is iníoctha le duine is pearsa aonair le haghaidh a úsáide féin, agus is iníoctha amhlaidh go ceann tréimhse is faide nó a d'fhéadfadh a bheith níos faide ná sé bliana, nó

(iv) is infheidhmithe chun sochair duine ainmnithe is pearsa aonair, agus is infheidhmithe amhlaidh go ceann tréimhse is faide nó a d'fhéadfadh a bheith níos faide ná sé bliana,

measfar chun críocha an Achta seo gur ioncam é leis an duine, más beo dó, a rinne an diúscairt agus nach ioncam é le haon duine eile.

(2)   (a) An tagairt atá i bhfo-alt (1) d'ioncam is iníoctha le haon ollscoil nó coláiste sa Stát, d'fhonn a chumasú don ollscoil nó don choláiste sin taighde a dhéanamh folóidh sí tagairtí d'ioncam is iníoctha—

(i) le haon ollscoil, coláiste nó scoil, is ollscoil, coláiste nó scoil sa Stát chun cabhrú leis an ollscoil, an coláiste nó an scoil sin na heolaíochtaí aiceanta nó aon cheann díobh a mhúineadh, nó

(ii) le ciste, is ciste de réir brí an ailt seo.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo ciallaíonn “ciste” ciste—

(i) atá á theachtadh ar iontaobhais neamhinaisghairthe faoi dhlí an Stáit,

(ii) atá á riaradh sa Stát, agus

(iii) arb é a aon-chuspóir cúnamh airgid nó cúnamh eile a dheonú d'ollscoileanna, coláistí nó scoileanna sa Stát chun cabhrú leis na hollscoileanna, na coláistí nó na scoileanna sin na heolaíochtaí aiceanta nó aon cheann díobh a mhúineadh.

Ioncam o dhiúscairtí i bhfabhar naíon.

[1922, a. 20 (1) (c) an 2ú coinníoll; 1937, a. 2 (8).]

440. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás aon ioncam atá, de bhua nó de dhroim aon diúscartha a rinne duine ar bith, go díreach nó go neamhdhíreach, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1914 iníoctha le leanbh, nó infheidhmithe chun sochair linbh, de chuid an duine sin go ceann tréimhse éigin is giorra ná saol an linbh, measfar chun críocha an Achta seo, más naíon agus an fad is naíon an leanbh agus é gan phósadh, gur ioncam é leis an duine a rinne an diúscairt, más beo dó, agus nach ioncam é le haon duine eile.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon socraíocht lena mbaineann Caibidil II.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ioncam ó chaipiteal a gceanglaítear leis an diúscairt é a theachtadh ar iontaobhas go hiomlán don leanbh nó é a aistriú chun an linbh ag deireadh na tréimhse arb iníoctha an t-ioncam sin leis an leanbh nó arb infheidhmithe é chun sochair an linbh ar a feadh, ná maidir le haon ioncam is iníoctha le leanbh nó is infheidhmithe chun sochair linbh i gcaitheamh iomlán tréimhse saoil an duine a rinne an diúscairt.

(4) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar ioncam a bheith iníoctha le leanbh nó infheidhmithe chun sochair linbh go ceann tréimhse éigin is giorra ná a shaol de bhíthin amháin go bhfuil sa diúscairt foráil go n-íocfar an t-ioncam le duine éigin eile i gcás féimheachta an linbh, nó sannadh a dhéanamh ar an ioncam sin aige, nó an leanbh a fhorghníomhú muirir air.

Cáin a ghnóthú ó iontaobhaí agus cáin iomarcach a baineadh amach a íoc le hiontaobhaí.

[1922, a. 20 (2) (3) (4).]

441. —(1) Más rud é de bhua alt 439 nó 440 go dtiocfaidh aon cháin ioncaim nó forcháin chun bheith inmhuirir ar an duine a rinne an diúscairt agus go n-íocfaidh sé í, beidh teideal ag an duine sin méid na cánach a íocfar amhlaidh a ghnóthú ó aon iontaobhaí nó ó aon duine eile arb iníoctha an t-ioncam leis de bhua nó de dhroim na diúscartha, agus chuige sin a éileamh ar na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú a thabhairt dó ina sonrófar méid an ioncaim ar ina leith a d'íoc sé cáin amhlaidh agus méid na cánach a íocadh amhlaidh, agus beidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh ina fhianaise dhochloíte ar na fíorais a inseofar ann.

(2) I gcás ina bhfaighidh aon duine i leith aon liúntais nó faoisimh aisíoc cánach ioncaim de bhreis ar mhéid an aisíoca a mbeadh teideal aige chuige, mura mbeadh forálacha alt 439 nó 440, íocfaidh sé méid ar cóimhéid leis an mbreis leis an iontaobhaí nó leis an duine eile lenarb iníoctha an t-ioncam de bhua nó de dhroim na diúscartha, nó má bhíonn beirt nó níos mó de na daoine sin ann cionnroinnfear é i measc a ndaoine sin de réir mar is gá sa chás.

Má éiríonn aon cheist i dtaobh méid aon íocaíochta nó i dtaobh aon chionroinnte a bheidh le déanamh faoin bhfo-alt seo, cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta an cheist sin agus is cinneadh críochnaitheach a gcinneadh sin uirthi.

(3) Ioncam ar bith a meastar de bhua na Caibidle seo gur ioncam le haon duine áirithe é measfar gurb é an chuid is airde dá ioncam é.

Mínithe.

[1922, a. 20 (5).]

442. —Sa Chaibidil seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “leanbh” leasleanbh nó leanbh neamhdhlisteanach;

folaíonn “diúscairt” aon iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht.