An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Blianachtaí Saoil Ceannaithe) Ar Aghaidh (CUID XIV Faoisimh do Chaiteachas áirithe ar Thaighde Eolaíochta, ar Fhorbairt Mhianaigh agus ar Cheannach Longa Nua)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XIII

Caitheamh agus Cuimilt agus Seandacht

Caitheamh agus cuimilt innealra, ghléasra, etc.

[1918, Sc. D, Csa. I agus II, r. 6;

1944, a. 2;

1949, a. 3;

1956, F.I., a. 3;

1956, a. 24, 26;

1957, a. 2 (1) (3) (5);

1959, a. 43 (2).]

241. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, nuair a bheidh brabúis nó gnóchain trádála, gairme, fostaíochta nó oifige á muirearú, féadfar asbhaint a lamháil arb é a bheidh inti suim ar cóimhéid le cúig cheathrú den méid a mheasfaidh na Coimisinéirí Speisialta a bheith cóir réasúnach, is ionann an laghdú luacha a tháinig in imeacht na bliana, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt, ar aon innealra nó gléasra a bhí á úsáid chun críocha na trádála, na gairme, na fostaíochta nó na hoifige agus is leis an duine a sheolann nó a shealbhaíonn í:

Ar choinníoll, i gcás ina seolann duine trádáil arb é atá inti nó ar a n-áirítear oibriú mianach nó cairéal nó bruithniú méine, gurb é a bheidh sa laghdú a lamhálfar faoin bhfo-alt seo, má roghnaíonn an duine amhlaidh, maidir le hinnealra nó gléasra dá chuid agus a úsáidtear i ndáil le hoibriú an mhianaigh nó an chairéil nó bruithniú na méine cibé suim a mheastar a bheith cóir réasúnach ag féachaint don tréimhse ar dóigh go scoirfear, ar dheireadh a bheith léi, den mhianach nó den chairéal a oibriú nó den mhian a bhruithniú agus ag féachaint don mhéid ar dóigh is fiú an t-innealra nó an gléasra ar deireadh a bheith leis an tréimhse sin don duine ag a mbeidh an trádáil á seoladh:

Ar choinníoll freisin go ndéanfar an asbhaint a bheidh le lamháil faoin bhfo-alt seo—

(a) i leith feithicil atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar ar bóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar, nó

(b) de bhua rogha faoin gcéad choinníoll den fho-alt seo, a ríomh ionann agus dá mbeifí tar éis “cúig cheathrú den” san fho-alt seo a scriosadh.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis innealra nó gléasra a ligean chun an duine a mbeidh an trádáil, an ghairm, an fhostaíocht nó an oifig á seoladh nó ar seilbh aige, ar na téarmaí é a bheith de cheangal air an céanna a chothabháil agus a sheachadadh ar ais i mbail mhaith i ndeireadh an léasa, measfar gur leis an duine sin an t-innealra nó an gléasra chun críocha an ailt seo, ar choinníoll nach díreach airsean a thitfidh ualach caithimh agus cuimilte an innealra nó an ghléasra.

(3) I gcás nach féidir lán-éifeacht a thabhairt d'aon asbhaint den sórt sin aon bhliain áirithe toisc gan aon bhrabúis ná gnóchain a bheith inmhuirir in aghaidh na bliana sin, nó toisc gur lú ná a asbhaint na brabúis nó na gnóchain is inmhuirir, ansin, le haghaidh an mheasúnacht a dhéanamh don bhliain ina dhiaidh sin, déanfar an asbhaint nó an chuid den asbhaint nár tugadh éifeacht di, de réir mar a bheidh, a chur le méid na hasbhainte i leith caithimh agus cuimilte don bhliain sin, agus measfar gur cuid den asbhaint sin í, nó, i gcás gan aon asbhaint den sórt sin a bheith ann don bhliain sin, measfar gurb í an asbhaint don bhliain sin í agus mar sin de i gcás blianta ina dhiaidh sin.

(4) Déanfar aon éileamh i leith na hasbhainte a dúradh a chur sa ráiteas bliantúil is gá a sheachadadh faoin Acht seo ar bhrabúis nó gnóchain na trádála, na gairme, na fostaíochta nó na hoifige a n-úsáidtear an t-innealra nó an gléasra lena haghaidh, agus nuair a bheidh an cigire ag measúnú na mbrabús nó na ngnóchan sin, tabharfaidh sé cibé liúntas ina leith a bheidh dlite.

(5) I gcás ina mbeidh innealra nó gléasra ligthe ar na téarmaí gur díreach ar an léasóir a thitfidh ualach a chaithimh agus a chuimilte, bheidh sé i dteideal, ar éileamh a dhéanamh chun an chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, liúntas a fháil mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra ar cóimhéid leis an méid a lamhálfaí dá mbeadh an t-innealra nó an gléasra á úsáid, i gcaitheamh tréimhse an ligin, chun críocha trádála, gairme, fostaíochta nó oifige a bhí á seoladh nó ar seilbh aige.

(6) Ní dhéanfar aon asbhaint i leith caithimh agus cuimilte, ná aon aisíocaíocht mar gheall ar aon asbhaint den sórt sin, a lamháil in aghaidh aon bhliana áirithe más rud é go dtabharfaidh an asbhaint, ar í a bheidh curtha leo seo a leanas—

(a) na hasbhaintí mar gheall air sin, agus

(b) aon liúntais maidir leis an innealra nó an gléasra faoi Chaibidil I de Chuid XV,

a lamháladh in aghaidh aon bhlianta roimhe sin don duine ag a raibh an trádáil, an ghairm, an fhostaíocht nó an oifig á seoladh nó ar seilbh go mbeidh méid comhiomlán na n-ashbhaintí agus na liúntas níos mó ná costas iarbhír an innealra nó an ghléasra ar an duine sin, agus aon chaiteachas a áireamh ar an gcostas iarbhír sin is caiteachas de ghné chaiteachais chaipitiúil ar an innealra nó ar an ngléasra ar mhodh athnuachana, feabhsaithe nó athshuímh.

(7) Más rud é, nuair a bheidh brabúis nó gnóchain thrádála nó ghairme á muirearú, go mbeidh asbhaint le lamháil do dhuine ar bith faoi fho-alt (1) mar ní is ionann agus an laghdú luacha de bharr caitheamh agus cuimilt in imeacht na bliana measúnachta ar aon innealra nó gléasra, measfar gurbh é luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na bliana costas iarbhír an innealra nó an ghléasra sin ar an duine sin lúide iomlán aon asbhaint a lamháiltear mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt agus aon liúntais tosaigh faoi Chaibidil I de Chuid XV do bhlianta measúnachta roimhe sin.

(8) I gcás iarratas a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim ag lorg athrú ar mhéid aon asbhainte i leith caithimh agus cuimilte, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, mura dóigh leo gur iarratas suaibhreosach nó cráiteach é, an cás a tharchur chun an Bhoird Réiteoirí agus, más deimhin sin leis an mBord sin go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ag aon mhórlíon nó thar ceann aon mhórlíon daoine a bhfuil aon chineál aicme trádála, gnó, gairme, fostaíochta nó oifige á seoladh nó ar seilbh acu, breithneoidh sé an t-iarratas sin, agus cinnfidh sé an asbhaint a lamhálfar.

San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “Bord Réiteoirí” Bord Réiteoirí a cheapfaidh an tAire Airgeadais chun críche an fho-ailt seo.

Innealra a bheidh as úsáid i gcaitheamh éigeandála náisiúnta.

[1943, a. 3.]

242. —Na forálacha den Acht seo a bhaineann leis an asbhaint atá le lamháil in aghaidh laghdú luacha mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt beidh éifeacht acu ionann is dá mbeadh ar na tagairtí atá iontu do laghdú luacha mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra i rith na bliana tagairtí do laghdú luacha mar gheall ar aon innealra nó gléasra a bheith as úsáid go sealadach aon tráth i rith na bliana de dhroim imthosca is inchurtha, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith na héigeandála náisiúnta lenar bhain an rún a rith gach Teach den Oireachtas an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939 (lena n-áirítear imthosca a lean tar éis deireadh na héigeandála sin).

Seandacht.

[1918, Sc. D, Csa. I agus II, r. 7;

1949, a. 3;

1956, a. 24 (2);

1959, a. 35 (2) (3), 45.]

243. —(1) Nuair a bheidh brabúis nó gnóchain aon trádála, gairme, fostaíochta nó oifige á meas, lamhálfar, má dhéanann an duine a mbeidh an céanna á seoladh nó ar seilbh aige a roghnú amhlaidh trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, go n-asbhainfear mar chostas a tabhaíodh aon bhliain áirithe an oiread sin d'aon mhéid a caitheadh an bhliain sin le gléasra nó innealra a chur in ionad aon ghléasra nó innealra a soláthraíodh roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1959, agus a chuaigh i seandacht, agus is comhionann leis an méid a chosain an gléasra nó an t-innealra ar cuireadh gléasra nó innealra ina ionad tar éis suim a asbhaint as an gcostas sin is ionann agus méid iomlán aon liúntais a tugadh tráth ar bith agus cuimilt an ghléasra agus an innealra sin, aon liúntais tosaigh agus cumailt an ghléasra agus an innealra sin, aon liúntais tosaigh a tugadh i leith an ghléasra agus an innealra sin faoi Chaibidil I de Chuid XV agus aon suim a fuarthas de thoradh an t-innealra nó an gléasra sin a dhíol.

(2) Beidh feidhm ag forálacha alt 279 agus 280 chun an méid a chinneadh a bheidh le lamháil faoi fho-alt (1) a asbhaint mar chostas agus brabúis nó gnóchain na trádála, na gairme, na fostaíochta nó na hoifige á meas amhail mar atá feidhm acu chun méid liúntais chothromaíochta faoi Chaibidil II de Chuid XVI a chinneadh.

(3) D'ainneoin aon ní in alt 34 nó 36, ní bheidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le háitiú tailte (lena n-áirítear talamh coille) agus, nuair a bheidh meas á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain ó áitiú tailte (lena n-áirítear talamh coille) chun críocha alt 34 nó 36, lamhálfar go n-asbhainfear mar chostais a tabhaíodh aon bhliain an oiread d'aon mhéid a caitheadh sa bhliain sin chun gléasra nó innealra a chur in ionad aon ghléasra nó innealra a chuaigh i seandacht agus is comhionann leis an gcostas a bhain le gléasra nó innealra a chur in ionad an ghléasra nó an innealra sin tar éis na suimeanna seo a leanas a asbhaint ón gcostas sin—

(a) méid iomlán aon liúntais a thugadh tráth ar bith, agus brabúis nó gnóchain á meas mar a dúradh, mar gheall ar—

(i) caitheamh agus cuimilt an ghléasra agus an innealra, agus

(ii) i gcás talamh coille, aon liúntais tosaigh i ndáil leis an ngléasra agus an innealra sin faoi Chaibidil I de Chuid XV, agus

(b) aon suim a fuarthas de thoradh an t-innealra nó an gléasra sin a dhíol.