10 1966


Uimhir 10 de 1966.


AN tACHT UM THITHE AN OIREACHTAIS (DOICIMÉID A LEAGAN FAOINA mBRAID), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE DOICIMÉID A LEAGAN FAOI BHRÁID THITHE AN OIREACHTAIS AGUS MAIDIR LE hORDUITHE ÁIRITHE IS GÁ A LEAGAN FAOI BHRÁID NA dTITHE SIN. [15 Márta, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht seo, ach amháin i bhfomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 3, ciallaíonn “reacht”—

(a) Acht ón Oireachtas,

(b) Acht ó Oireachtas Shaorstát Éireann,

(c) Acht ó Pharlaimint Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí, nó

(d) Acht ó Pharlaimint a shuigh in Éirinn aon tráth roimh theacht i bhfeidhm don Union with Ireland Act, 1800.

An nós imeachta chun doiciméad a leagan faoi bhráid Tí.

2. —Déanfar tagairt in aon reacht do dhoiciméad a leagan faoi bhráid Tí den Oireachtas a fhorléiriú—

(a) má shonraíonn na buan-orduithe don Teach a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire an gníomh atá le déanamh chun gurb é leagan an doiciméid faoi bhráid an Tí é, mar thagairt don ghníomh sin a dhéanamh, agus

(b) mura sonraítear amhlaidh sna buan-orduithe sin, mar thagairt do cibé gníomh a dhéanamh a nglactar, de bhua an chleachtais a leanann an Teach de thuras na huaire, gurb é leagan an doiciméid faoi bhráid an Tí é.

Tréimhse íosta maidir le doiciméid áirithe a leagan faoi bhráid Tí.

3. —(1) I gcás ina dtarlaíonn, de réir forála in aon reacht a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith—

(a) nach bhféadfaidh ionstraim lena mbaineann an t-alt seo teacht i bhfeidhm nó nach bhféadfaidh sí éifeacht a ghlacadh laistigh de thréimhse tar éis an ionstraim a leagan faoi bhráid Tí den Oireachtas, ar tréimhse í nach sonraítear ina laethanta suite,

(b) nach bhféadfar ionstraim bheartaithe lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh, a eisiúint, a dheonú ná a thabhairt laistigh de thréimhse tar éis dréacht den ionstraim a leagan faoi bhráid Tí den Oireachtas, ar tréimhse í nach sonraítear ina laethanta suite, nó

(c) go bhféadfar ionstraim lena mbaineann an t-alt seo, nó dréacht d'ionstraim bheartaithe den sórt sin, a neamhniú nó a dhícheadú, nó go bhféadfar neamhaontú léi nó déileáil léi ar dhóigh nach mbeidh aon fheidhm aici nó ar dhóigh nach mbeidh aon imeachtaí eile le déanamh ina leith, go hiomlán nó go páirteach trí ghníomh, nó de dhroim gníomh, ag Teach den Oireachtas laistigh de thréimhse tar éis an ionstraim nó an dréacht a leagan faoi bhráid an Tí, ar tréimhse í nach sonraítear ina laethanta suite,

ansin, in aon chás ar tar éis dáta an Achta seo a rith a dhéanfar an leagan faoi bhráid an Tí den Oireachtas, measfar, dá mba rud é, murach an fo-alt seo, go rachadh sí in éag níos luaithe, an tréimhse a bheith gan dul in éag sula mbeidh na seachtainí iomchuí dulta in éag.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) ciallaíonn “ionstraim lena mbaineann an t-alt seo”—

(i) aon ordú, rialachán, riail, scéim, fodhlí, barántas, ceadúnas, cead, deimhniú nó ordachán, nó aon doiciméad eile dá samhail, nó

(ii) aon reacht chun ollscoil nó comhcholáiste d'ollscoil a rialú,

ar le reacht nó faoi reacht a thugtar ina leith an chumhacht nó an t-údarás faoina bhféadfar an céanna a dhéanamh, a eisiúint, a dheonú nó a thabhairt;

(b) ciallaíonn “na seachtainí iomchuí” na seachtainí seo a leanas:

(i    (I) i gcás ina dtarlóidh, sa tseachtain ina ndéanfar an leagan faoi bhráid an Tí den Oireachtas, go suífidh an Teach aon lá níos déanaí ná an lá a dhéanfar an leagan faoina bhráid—an tseachtain ina ndéanfar an leagan faoi bhráid an Tí, nó

(II) in aon chás eile—an chéad seachtain, tar éis na seachtaine ina ndéanfar an leagan faoi bhráid an Tí den Oireachtas, ina suífidh an Teach,

(ii) an chéad seachtain, tar éis na seachtaine a shonraítear i bhfomhír (i) den mhír seo, ina suífidh an Teach den Oireachtas,

(iii) an chéad seachtain, tar éis na seachtaine a shonraítear i bhfomhír (ii) den mhír seo, ina suífidh an Teach den Oireachtas,

(iv) an chéad seachtain, tar éis na seachtaine a shonraítear i bhfomhír (iii) den mhír seo, ina suífidh an Teach den Oireachtas.

Orduithe a bhaineann le táillí a leagan faoi bhráid Tí de bhun an Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832.

1832, c. 87.

1848, c. 120.

1875, c. 5.

4. —(1) Baineann an t-alt seo le haon ordú faoi alt 35 den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832, nó faoin alt sin agus faoi alt 9 den Land Transfer (Ireland) Act, 1848, nach bhfuil baint aige ach le táillí.

(2) D'ainneoin alt 1 den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1875, ach faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, tiocfaidh ordú lena mbaineann an t-alt seo i bhfeidhm cibé lá, nach luaithe ná trí mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, a shonrófar chuige sin san ordú.

(3) Ní dhéanfaidh na fo-ailt sin roimhe seo dochar d'oibriú aon rúin a rithfear maidir le hordú lena mbaineann an t-alt seo de bhun alt 1, den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1875, agus, más tar éis an t-ordú a theacht i bhfeidhm a rithfear an rún, ní dhéanfaidh oibriú an rúin difear d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht um Thithe an Oireachtais (Doiciméid a Leagan faoina mBráid), 1966 , a ghairm den Acht seo.